C u r a d h a r l á r
( I gcuimhne Phroinsias Mhic Aonghusa.)
.
******************
.
Crann eile i gcoill Gael ‘nois sínte,
Crann taca ár muintir’ ar lár,
Crann díreach gan chaime, ’na bhrúscar,
Cé seasann na camchrainn faoi bhláth.
.
Ba ghlinn, glé, a radharc ar chúrsaí,
Abhus, is i gcéin, agus thall,
An rud adúirt, bhí sé ráite,
Is an bhreith a thug sé, níor dhall.
.
Mo shlán leat ó chroi ‘nois, a Phroinsias,
Ar do bhealach go Dún Rí na Reann,
Mothóimid uainn thú, in Osraí.
I Ríocht seo na nGael is na nGall.
.
Luafaimid t’ainm ag ár nDaonscoil,
Mar ar labhair tú linne go binn,
Nó ba bhlasta uait labhairt na Gaeilge,
Ach ba luachmhaire fós linne do chiall.
.
Gura sómhar do chúinne sna Flaithis,
Gan chrá ar bith feasta, go deo,
Ach suaimhneas gan chríoch do do chumhdach,
I nDún Dé faoi shíocháin is só.
.
.
***************************************
.