.

D a o n s c o i l C o r r a i t h e a c h . 2 0 0 1 .

.

**********************

.

Thíos i dTeach na mBuitléireach a bhí an mart á róstadh, Oíche Aoine, 12 Deireadh Fómhair, 2001, nó ba ansin a cuireadh tús le Daonscoil Osraí na bliana seo. Tháinig an Scoil sin le chéile, thart ar a hocht a chlog, agus tugadh deis do dhaltaí na bliana seo seal a chaitheamh i dtosach ag seanchas agus ag comhrá. Thuig Coiste na Daonscoile gur túisce deoch ná scéal, agus bhí braoinín fíona le n-ól, agus sólaistí beadaí le n-ithe, leagtha amach ar chlár acu dúinn, le hatmosféar cairdiúil a chruthú, agus le fonn cainte a a chur ar dhaoine, sular cuireadh tús, in aon chor, le himeachtaí na bliana seo.

.

Tarraingt ar a naoi a chlog, chuir Donncha Ó Raghallaigh tús le hobair na bliana seo, agus mhínigh gurb é a bhí idir chamáin againn i mbliana nó ceiliúradh cúig bliana is seachtó de Raidió Éireann. Luaigh sé na himeachtaí a bheadh ar siúl acu don deireadh seachtaine, agus ansin, d’iarr sé ar Phádraigín Ní Dhubhluachra, Eibhlín Ní Mhaingnéir, ó RTÉ, an t-é a bhí le Daonscoil na bliana seo a oscailt go hoifigiúil, a chur in aithne don lucht éisteachta. Rinneadh sin, cé nár ghá, i ndáiríre, a leithéid a dhéanamh, tharla gur de bhunadh na háite í, agus ansin labhair Eibhlín linn. Rinne sí a gnó, cuid mhaith, trí mheán na Ghaeilge, agus léirigh dúinn, go mba chumhacht táite a bhí in RTÉ, ó thús. Chabhraígh sé le meon aontaithe a chothú sa phobal. Chuir na Stáisiúin Áitiúla go mór leis an obair chéanna sin, nuair a thainig ann dóibh siúd. Chabhraigh Raidió na Gaeltachta le pobail na Gaeltachta a tháthú le chéile freisin, ach ag an am gcéanna, rinne sé an Ghaeilge a scoitheadh amach ó thionhar an Stáisiúin Náisiúnta. Níl dabht, ar sise, ach gur thuig daoine, cúig bliana is seachtó ó shoin, go ndéanfadh an Raidió éacht, amach is amuigh, don Ghaeilge, ach ní mar sin a bhí, bíodh gur dhein an Stáisiún an-obair leis an teanga a chothú agus a fhorbairt, ach ní raibh riamh, nó níl anois, ár ndóthain Gaeilge ar RTÉ, agus anois, is dócha go bhfuil sé ró-dhéanach tada a dhéanamh faoi, go háirithe, nuair a chuireann tú san áireamh na fadhbanna éagsúla atá ag cur as don Stáisiún, i láthair na huaire seo, agus i measc na bhfadhbanna sin uilig, tá fadhb an airgeadais. Mar bhuille scoir, d’fhógair Eibhlín Daonscoil na bliana 2001, oscailte go hoifigiúil.

Roibeárd Ó Ceallaigh a bhí mar chathaoirleach don chuid eile den chlár, agus b’eisean a chuir Léachtaí na hoíche, Ian Ó Laoi, Cartlannaí le RTÉ, in aithne don lucht éisteachta. Dúirt Roibeárd linn, go mba mhúinteoir é Ian, ar feadh scathaimh, go raibh sé pósta, agus go raibh sé bliana déag caite aige mar chartlannaí leis an Stáisiún Naisiúnta, agus chomh maith le sin, go raibh sé ina léiritheoir cláracha freisin.

.

Tháinig Ian Ó Laoi fhéin ar an bhfód ansin, agus labhair faoi bhunú Raidió Éireann, a chéaduair, ar Lá Coille, sa bhliain 1926. Dubhglas de hÍde a rinne an oscailt. Dúirt Dubhglas go mba náisiún ar leith i Éire, agus go gcloisfeadh an domhan mór faoi sin, feasta, tríd an stáisiún nua raidió a bhí á oscailte aige, dár ndóigh. Tuigeadh dó, go mbeadh an-chuid Gaeilge le clos feasta ar an Raidió céanna sin, toisc gurbh í an Ghaeilge leathchois an náisiúin, agus gurbh iad na cluichí, an ceol, agus na nósanna, an chos eile. Tuigeadh dó go dtiocfadh an lá, nuair a bheadh an tír agus an Raidió, Gaelaithe agus Gaelach, nó chonacthas dó, go mba spota mí-shláintiúil é an Galldachas, agus go gcaithfí í a ghearradh amach, faoi mar a dhéanfaí le galar contúirteach ar bith.

Ní raibh an dearcadh sin réadúil, agus bíodh go raibh a lán a d’aontódh leis, ag an am gcéanna, bhí roinnt mhaith eile a bhí frithghaelach go maith, agus bhíodh sruth litreaha uathu-san le léamh go rialta ar na nuachtáin.

.

Labhair Ian freisin, faoi na cainteanna breátha a craoladh i nGaeilge, ag daoine cosúil le Leon Ó Broin, An Seabhac, Máire, agus tuilleadh, ar liosta le háireamh iad anois, ach taobh le sin, bhí daoine a thuig go mba ghléas Galldaithe, agus Seoinínteachta, é an stáisiún, 2RN, mar a thugtaí ar ár stáisiún náisiúnta, an t-am sin. Rinne Andrias Ó Muimhneacháin a chion fhéin, trí chláracha agus drámaí i nGaeilge a chur ar fáil don stáisiún. Craoladh freisin, sna triochaidí, cláracha, trí Ghaeilge, do pháistí, agus bhíodh an nuacht i nGaeilge ceithre huaire sa tseachtain. Ach faraoir géar! ní raibh aon taifead de na cláracha sin ag an léachtaí le casadh dúinn, toisc nach raibh aon ghléas taifeadtha ag an Staisiún go deireadh na dtriochaidí.

.

Dhéanaidís Drámaí freisin, agus chraolaidís beo iad, agus sheinn sé sampla as “Brian agus an Claíomh Solais”, Geamaiareacht ón Abbey, a craoladh sa bhliain 1949, agus tuigeadh dúinn uilig go raibh sé thar cinn, agus an láithriú an-ghairmiúil.

Thart faoi aimsir an chogaidh, d’éirigh an Stáisiún tinn tuirseach den tsíorchlamhsán ón gConnradh, agus ó Ghlún na Bua. Thart faoin am sin, mhol Proinsias Mac an Bheatha, go ndéanfaí ceachtanna Gaeilge a chur i láthair an phobail, trí úsáid a bhaint as na nuachtáin, agus as an raidió, ag obair i gcomhar le chéile. Is dócha gurbh iad cláracha Aindriais Uí Muimhneacháin “Listen and Learn” an toradh a bhí ar an gcineál sin argóna, ar ball. Moladh, thart ar an am sin, go mbunófaí stáisiún Gaeilge, ach níor tháinig aon toradh ar an moladh céanna sin, ag an am.

.

Sna dachaidí, thosaigh an stáisiún ag cur craoltóirí amach ar fud na tíre, ag bailiú oidhreacht Gael, ó cheann ceann na tíre. Rinneadar idir amhráin, cheol agus scéalta, a thaifeadadh, agus sa tslí sin, rinneadar an-chuid dár n-oidhreacht, agus dár ndúchas a shábháil, agus a chur in áirithe do na glúnta a bhí le teacht. B’in mar a tharla go ndeachaigh na hAonaid Taistil síos faoin tír, ach go háirithe ar fud na nGaeltachtaí uilig, ag bailiú agus ag bailiú leo, ó cheann ceann na bliana. Is cinnte gur tuigeadh dóibh, go raibh tábhacht ag baint leis an obair a bhí ar siúl ag na hAonaid chéanna sin. Cuireadh craoltólirí díograiseacha i mbun na hoibre céanna sin, daoine ar nós, Séamas Ennis, Seán Mac Réamainn, P. Ó Conluain, agus a leithéidí. Ní haon ionadh, mar sin, gur éirigh go seoigh leis an ngnó a bhí idir lámha ag na daoine céanna sin, nó bheadh sé deacair a gcomh-mhaith de chraoltóirí a fháil, áit ar bith i dtír seo na hÉireann.

.

Le tábhacht na hoibre sin uilig a rinne an stáisiún s’againne a léiriú, chas an léachtaí sleachta as seacht dtaifeadadh, a rinneadh ag deireadh na gcaogaidí dúinn. Cainteoirí ó dhúchas, den chuid ba mhó, a bhí i gceist sna taifeadtaí céanna sin, ach sa lá atá inniu ann, tá na Gaeltachtaí beaga sin uilig caillte, agus murach na dtaifeadtaí sin, bheadh muid dall ar fad ar fhuaimeanna, ar leagnacha, agus ar bhlas, na nGaeltachtaí sin.

Nuair a tuigeadh go raibh cos amháin le Peig Sayers san uaigh, tuigeadh sa stáisiún, go raibh sé in am acu dul síos chuici, agus roinnt áirithe dá seanchas, agus dá scéalta, a thaifeadadh. Chuaigh Seán Mac Réamainn síos ansin, sa bhliain 1947, agus rinne an beart, ach ar ámharaí an tsaoil, mhair Peig bhocht dhá bhliain déag eile ina dhiaidh sin!

.

Fear eile ar dhein an léachtaí tagairt dó ba ea Ciarán Mac Mathúna. Ba sa teanga a chéadchuir Ciarán suim, agus bhí an-luí aige leis an seanchas. D’éirigh leis caint agus seanchas Mhichíl Uí Chorrdhuibh a thaifeadadh, agus bhí ar ár gcumas, cuid bheag dá chuid cainte siúd a chlos.

.

Fear eile a chaith a dhúthracht, le Gaeilge a chur in oiriúint don raidió, ba ea Peadar Ó Dubhda as Dun Dealgan. Rinne seisean roinnt mhaith cláracha Gaeilge, agus chraol sé iad freisin, agus caithfidh mé a rá, gur bhain mé fhéin an-taineamh as na cláracha céanna sin, ina lá. Thart ar an am sin freisin, craoladh cláracha nuachta, ar nós, “Nuacht anall, Nuacht abhus”, agus bhí foireann taistil ag gabháil don chlár sin, agus iad ag dul ó cheann ceann na tíre, ag iarraidh nuacht an lae a bhailiú agus a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Rinne an stáisiún a chion fhéin freisin, le canadh ar an sean-nós a chur i mbéal an phobail, trí chuireadh a thabhairt do chantairí sean-nóis teacht, agus a scileanna a thabhairt leo, go lár an aonaigh, le go gcloisfeadh an pobal uilig iad.

.

Anuas go dtí bunú Raidió na Gaeltachta sna seachtóidí, bhí an-obair déanta ag Raidió Éireann i ngort na Gaeilge, bíodh go nglactar leis anois, nár leor é, ach, nuair a bunaíodh an Stáisiún Gaeltachta, tháinig cúlú ar shaothrú na Gaeilge ar Raidió Éireann, uaidh sin amach. Is dócha gur tuigeadh don lucht bainistíochta, go nglacfadh Raidió na Gaeltachta an gnó sin idir lámha feasta, agus caithfear a admháil, go bhfuil an-obair déanta ag Raidió na Gaeltachta, i measc phobail na Gaeilge, in Éirinn, agus thar lear, san idirlinn. D’éirigh leo na pobail le Gaeilge a tháthú ina bpobal aontaithe amháin, agus d’éirigh leo freisin, dul amach chuig na dúichí iargúlta, scoite, agus iad a cheangal agus a shnaidhmeadh le chéile, trí mheán na teanga.

.

Bíodh go raibh sé roinnt déanach nuair a bhí an focal deiridh ráite ag an léachtaí, ag an am gcéanna, cheadaigh an cathaoirleach roinnt áirithe ceisteanna ón urlár, agus nuair a bhí sin críochnaithe, chas an cathaoirleach fhéin téip dúinn de chlár a chuir Raidió Chill Chainnigh amach, roinnt blianta ó shoin, clár ina raibh Micheál Ó Bolguidhir á chur faoi agallamh, agus é ag cur síos ar bhunú an Chonartha anseo sa Chathair Álainn, agus chuir sé síos freisin, ar obair na Craoibhe áitiúla anseo, ó bunaíodh í, anuas go dtí a lá fhéin. Cuireadh an-suim sa taifeadadh sin.

.

Fógraiodh deireadh an chláir don oíche sin, ach moladh do na scoláirí a bheith réidh agus ullamh don Turas Bus, an lá dár gcionn, nuair a thabharfaí ar thuras, faoi stiúir an treoraí cháiliúil, Pat Nolan, S.E.R.T.O., iad, agus cuireadh fainic orthu bheith thíos ag Teach an Rútaigh ag a dó a chlog, nó ní fhanfadh an bus ró-fhada ag an ionad sin dóibh. Cuireadh fainic na bhfainic orthu freisin, bheith i láthair in Óstán Chill Chainnigh, Oíche Shathairn, nuair a bheadh ceol agus amhránaíocht acu, agus nuair a sheolfaí leabhar nua filíochta an Bhairéadaigh, “Fataí Rómhair”, i láthair a phobail anseo in Osraí, agus gan dabht, dhéanfadh sé roinnt dá dhánta a aithris don slua a bheadh i láthair an oíche sin.

.

Chaitheamar seal ag caint agus ag seanchas ansin sular thugamar an bóthar abhaile orainn fhéin. Togha oíche, togha léachta, agus togha chomhluadair.

*********************

Peadar Bairéad.

*********************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish