I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week we consider our Dáil difficulties)

il gan Cheann

An cúigiú lá déag d’Aibreán 2016.

Agus an píosa seo á scriobh agam, tá Dáil Éireann seacht seachtain ar an saol, agus gan Taoiseach tofa aice fós! Ní haon ionadh é go bhfuil daoine áirithe bréan den ghnó seo ar fad, nó ba é ba lú a raibh súil acu leis, nó go mbeadh Taoiseach tofa acu faoi’n am seo. Tar éis roinnt seachtainí toghchánaíochta, d’éirigh le toghlaigh na tíre seo céad caoga agus seacht dTeachta chun na Dála sin a thoghadh, agus bhíothas ag súil, go ndéanfadh an slua Teachta sin an beart, taobh istigh d’achar gearr. Ach níor dhein! agus tá daoine ann, adéarfadh, nár chóir lán-tuarastal a thabhairt dóibh go dtí go mbeadh an beart sin curtha i gcrích acu, Thogh na vótóirí na Teachtaí sin, ar an gcéad dul sios, leis an tír a ríalú, agus sa dara háit, le haire faoi leith a thabhairt do ghnóthaí an toghlaigh a thogh iad. Conas a d’fhéadfaidís na gnóthaí sin a dhéanamh, mura mbeadh Taoiseach agus Rialtas roghnaithe acu, agus a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil a leithéidí ag teastáil go géar ón dtír s’againne, i láthair na huaire seo. Nár mhinic a chualamar caint sna seanlaethe, faoi ghuth an phobail, nó faoi toil an phobail, i gcás dá leithéid seo? Agus ba é a bhí i gceist ag daoine an tráth sin, nó gur thogh an pobal na Teachtaí, agus b’in sin! Bhí a ngnósan déanta acu ansin, agus bhí ar na Teachtaí tofa scil a bhaint as toradh an toghcháin, agus Rialtas a roghnú, faoi mar ba thoil do na vótóirí. Bhuel! bhí sin éasca go maith, nuair nach raibh sa Dáil ar fad ach an dá pháirtí mhóra agus cupla mionpháirtí. Ach, de réir mar a chuaigh uimhir na bpáirtithe agus na neamhspleáigh i méad, chuaigh an cheist chéanna sin i gcastacht, go dtí gur tharla, faoi mar atá againn i thair na huaire seo, fadhb atá chomh do-réitithe le Caor’ Inis Gé, geall leis. agus leis an gceist a dhéanamh níos casta fós, tá coimheá na cumhachta, faoin am seo, ag buíon beag neamhspleáigh. Ach sin uilig ráite, caithfear a admháil, go bhfuil léaró beag solais, agus dóchais, dírithe ar chosán inmhianaithe os ár gcomhair amach, cosán a thabharfaidh thar bhogach choraí crua an tsaoil sinn, sa todhchaí.

Ré Nua tosaithe

Tá na seanlaethe thart. Deireadh feasta le bheith ag súil go mbainfeadh Páirtí ar bith móramh iomlán amach, nó ní hé sin toil an phobail. Tuigtear don phobal cliste s’againne, gurb é ár leas é dá mbeadh Rialtas cumtha as comhaontú páirtithe áirithe, a chumfadh Rialtas as na páirtithe sin, le toil na Dála, chomh fada is a leanfaidís polasaithe a shásódh móramh na Dála, agus a mbeadh páirtithe eile sásta gan chur ina choinne, ar feadh tréimhse áirithe. Nár dheacair leagan amach dá leithéid a bhualadh? nó bheadh deis feasta ag Neamhspleáigh páirt a ghlacadh i ríalú na tíre, agus bheadh seans acu freisin, páirt iomlán a ghlacadh i gcumadh, agus i leasú dlithe na Poblachta s’againne. Nó, tá a fhios ag fia is ag fiolar nach raibh an deis sin ag neamhspleáigh, nó ag roinnt mhaith cúlbhinseoirí, cheana. Ní raibh rompu, i ndáiríre, ach blianta fada ag freagairt rolla, ag scríobh litreacha, ag lorg fábhair, agus ag féachaint chuige go mbeadh vótóirí a dtoghlaigh sásta glacadh leo aris, sa chéad toghchán eile. Dár ndóigh, bhí cumhacht de chineál eile acu, an t-am ar fad, bhí cumhacht morálta acu, an cineál cumhachta a bhronn an pobal orthu, agus cumhacht a bhainfeadh stad as Rialtas, dá mbeadh siad ag iarraidh feidhmiú i gcoinne toil an phobail. Sea, tá mé ag ceapadh go bhfuil ceacht á mhúineadh ag an bpobal don lucht polaitíochta, ceacht a raghadh chun leas an Stáit, sna blianta atá romhainn amach. Tá súil agam, go dtoghfaí Taoiseeach i rith na seachtaine seo chugainn agus go roghnóidh seisean Airí cliste, eolgaiseacha, astu siúd a bheadh toilteanach, le cead a bPáirtí, – más ball de Pháirtí iad – , bheith ina mbaill dhílse de’n Rialtas nua, agus guímis uilig Rath Dé ar a gcuid oibre sa Dara Dáil Triochad.

.

en_USEnglish