ithí Ó hÓgáin

Peadar Bairéad

(This week we remember, Dáithí Ó hÓgáin, a former Lecturer at Daonscoil Osraí)

Cloch ar a Charn

Laoch eile ar lár

.

Peadar Bairéad

An Drochscéal

Níorbh aon strainséar sna bólaí seo é, Daithí ciúinbhriathrach,séimh, Ó hÓgáin., nó ba bhreá leis i gcónaí freastal ar ár nDaonscoil fhéinig fadó, Daonscoil Osraí, Ba as Cill Chainnigh dá thuistí, ar gach taobh den teach, agus sílim gur tuigeadh to maith dó, agus é ag tabhairt léachta uaidh anseo ag Daonscoil Osraí, go raibh sé i measc a mhuintire fhéin, bíodh nár rugadh sa dúthaigh seo é. Ní gá dhom a rá anseo, go raibh Daithí ar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge. Bhí aithne mhaith ag scoláirí Dhaonscoil Osraí air, agus meas dá réir sin acu air, nó ba charraig ar chuile ghné den teanga é. Ba dhoimhin a chuaigh a spád i ngort tofa a spéise, le prátaí blasta eolais agus léinn, idir bheag agus mhór, a nochtach os ár gcomhair, agus é ag tabhairt deis dúinne, toradh a chuid rómhair a phiocadh suas go saoráideach, cruinn. Sea, agus rinne sé an gnó crúógach sin agus miongháire ar a bhéal, gan aon chur i gcéill.

Tugtha don Léann

I gContae an Chláir, a rugadh Daithí, sa bhliain 1949, rud a d’fhág nár mhórán thar na trí scór dó, nuair a cailleadh é. Bhí sé tugtha don léann ó thús, agus ba é deireadh an scéil sin é, nó gur bhain sé Céim Dochtúrachta amach sa bhliain 1976, ach i ndeireadh na dála, dhírigh sé a aire ar bhéaloideas, agus ar stair a chine, agus níor chríochnaigh sé go dtí gur shroich sé barr Dhréimire an Léinn, agus gur bhain sé amach aitheantas idirnáisiúnta dó fhéin sa ghort sin.

Ba fhile aitheanta é freisin, a chuir roinnt bhailiúchán dá shaothar ar fáil dúinn thar bhlianta a ré.

Chuir mé fhéin aithne ar Dhaithí, anseo i gCill Chainnigh, le linn blianta áirithe dár nDaonscoil áitiúil fhéin, Daonscoil Osraí. Mhothaigh mé i gcónaí go mba dhuine uasal, geanúil, cneasta, cúthail é, ach ba shoiléir a ghrá don léann agus don taighde agus é i mbun léachta, nuair a d’fheicfeá an lasair áthais ag soilsiú trína shúile beoga, agus an chaoi a dtagadh na focail amach as a bhéal ina gcaise do-stoptha, corraitheach, dáiríreach.

Cloch ar a Charn

Rinne mé iarracht ar chupla véarsa a shnadhmadh le chéile mar chloch ar a charn, agus le mo mheas ar ár Scoláire Gaelach fhéin a chur in iúl. Seo chugaibh anois é………………

.

Laoch eile ar lár

.

Trom anocht croí éigeas Osraí,

Millteach mór a chaill,

Fear dána eile sínte, caillte,

Fleasc a cheirde sciobtha ar fán.

.

Tobar eolais, Foinse eagna,

Crann taca Gael go hiomlán

Laoch sa bhearna in am an ghátair,

Ár gcosaint tréan ar scrios is ár.

.

Cé sheasfaidh feasta sa bhearna bhaoil dúinn,

Nuair a thiocfaidh géar ar chine Gael?

Cé dhéanfaidh taighde, lenar gcás a scaoileadh,

Nuair a dhéanfar ionsaí ar ár n-aos léinn.

.

Mothóidh muid uainn thú, a Dháithí oilte,

Ag léiriú is ag cíoradh dúinn ciste an Léinn,

Mar ghlac tú chugat saorántacht Osraí

Mar dhúthaigh ársa do chine ghil fhéin.

Solas na Soilse ag soilsiú na slí dhuit,

Is leaba gan chnaipe id chomhairse gach tráth,

Scoláireacht is taighde dod mhealladh le héifeacht,

Anois agus choíche, go bruinne an bhrátha.

.

Solas na soilse agus leaba i measc Naoimh Éireann go raibh ag a anam uasal, anocht, agus i dtólamh.

.

.

.

en_USEnglish