I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Todhchaí na Gaeilge?

.

Deirtear go bhfuil thart ar 6,000 teanga á labhairt ag daoine, ó cheann ceann na cruinne, ach má tá fhéin, deir na saineolaithe linn, go gcailltear ceann de na teangacha sin chuile choicíos. Anois, ó tharla nach gcumtar teangacha nua, ach go hannamh, tá sé soiléir go bhfuil uimhir na dteangacha ag dul i laghad ó bhliain go bliain. Tuige, adéarfadh duine, a gcailltear na teangacha sin? Bhuel, iompaíonn pobal ó theanga amháin go teanga eile ar chúiseanna áirithe.

Concas

 Uaireannta cuireann tír amháin isteach ar thír eile trína gabháil, agus a chur faoi chois, agus is é an bealach is éifeachtaí le tír a smachtú nó a teanga a bhaint di, agus do theanga fhéin a chur á labhairt ina háit. Nuair a chailleann tír a teanga, cailleann si a córas smaointe agus a bealach le breathnú ar an saol mór amuigh. Cailleann sí freisin, a misneach agus a spiorad, nó faoi mar adeireadh siad fadó….Tír gan teanga, tír gan anam….

Dul chun cinn!

 Uaireannta eile, tar éis blianta fada a bheith caite ag tír faoi shál agus faoi bhráca lucht concais, is amhlaidh a thuigtear do phobal na tíre sin, go bhféadfadh siad dul chun cinn níos mó a dhéanamh trí theanga eile, teanga a máistrí, a úsáid feasta, nó tuigtear dóibh, go bhfuil a dteanga fhéin as dáta, agus iargúlta. “Ní líonfaidh do theanga dhúchais do bholg”, a chloisfeá ó dhaoine dá leithéid.

An Teanga nach bhfuil Láidir…..

 Níl dabht ar bith, ach oireadh, ach go mbíonn tionchar nach beag ag na teangacha móra idirnáisiúnta ar chúlú na dteangacha laga. Níl le déanamh againn ach breathnú timpeall orainn, agus tabharfaidh muid faoi deara, go mbíonn tionchar an-mhór ag teangacha, ar nós, an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus an Eadáilis, i gComhairle an Aontais Eorpaigh, agus cé go n-aithnítear mionteangacha áirithe freisin, tugtar le fios, nach bhfuil iontu ach mionteangacha. Le himeacht na mblianta, tá sé soiléir, go dtiocfaidh laghdú ar uimhir na dteangacha labhartha, má leantar den chleachtadh sin. Más uainn na mionteangacha a shábháil, caithfear úsáid a bhaint as cumas nua-aoiseach cumarsáide, le deis a thabhairt do chuile phobal, an idirphlé a chloisint ina dteanga dhúchais fhéin.

AthEarrach

Is féidir le chuile dhuine a fheiceáil, go bhfuil neart nua le tabhairt faoi deara i gcúrsaí na Gaeilge faoi láthair, agus cuid mhaith dá bhuíochas sin ag dul do Chóras na nGaelscoileanna. Ba iad na tuismitheoirí fhéin a chuir tús leis an gCóras sin, nó chonacthas dóibh, nach dtiocfadh an Ghaeilge slán mura ndéanfadh siadsan a ndícheall, le scoileanna lánGhaeilge a bhunú, le deis a thabhairt dá bpáistí, an teanga a shealbhú agus a fhoghlaim go nádúrtha, trína labhairt. Ní gá dhomsa a rá, gur éirigh go seoigh leis an bhfiontar sin, agus anois, dá bharr, tá Meánscoileanna lánGhailge á mbunú, le hobair na nGaelscoileanna a tharraingt isteach sa Chóras Meánoideachais, agus ar ball, beidh éileamh ar na hOllscoileanna oideachas iomlán Ollscoile a chur ar fáil trí Ghaeilge, freisin. Nuair a tharlóidh a leithéid, beidh a fhios againn ansin, go bhfuil fás nua, agus forbairt, tagtha faoin dteanga s’againne, agus go bhfuil an dara hEarrach ina rás chugainn, beidh dóchas ansin againn, nach mbeidh sí ar cheann de na teangacha sin a chailltear chuile choicíos. Nára fada uainn an lá sin.

.

Peadar Bairéad

.

.

.

en_USEnglish