polláirí, nostrils; éacht, a feat; oidhreacht ársa, an ancient heritage; sa diallait, in charge; tráchtaireacht, commentary; goile, appetite; tacaíocht, support.

.

Daonscoil Osraí

Agus Féile Cheilteach Chill Chainnigh.

Deireadh Fómhair 2005

.

Peadar Bairéad

An Exciting Daonscoil

.

Nuair a fhaighim Clár Dhaonscoil Osraí, an tráth seo chuile bhliain, bíonn a fhios agam láithreach, nach fada uainn an Geimhreadh gáifeach, nó tionóltar an Daonscoil s’againne i Mí Dheireadh Fómhair, agus faoin am sin, is féidir boladh na Samhna, agus tús an Gheimhridh, a fháil id pholláirí cheana féin, agus dá chomhartha sin, ní go hannamh a thagann céadsioc an Gheimhrid chugainn i bhfochair na Daonscoile. Ach ní chuige sin atá mé, an babhta seo, ach chuige seo, agus sin, go bhfuil thart ar sheacht lá le Gaeilge, geallta dúinn, ag tús Dheireadh Fómhair na bliana seo, agus ní éacht beag ná suarach é sin.

In the Parade Tower

Daonscoil Osraí 2005 a thiocfaidh le chéile i dtosach, agus cuirfear tús leis an scoil, oíche Aoine, an 7ú Deireadh Fómhair, ’05, nuair a chuirfear Fáilte roimh scoláirí na bliana seo i dTúr na Paráide, i gCaisleán Chill Chainnigh, ag a hocht a chlog. Tabharfaidh sin deis do scoláirí na bliana seo bualadh le chéile, agus a gcomhrá a dhéanamh, roimh an Oscailt Oifigiúil, nuair a chuirfear tús le himeachtaí Dhaonscoil na bliana seo. Ag a ceathrú chun a naoi, tiocfaidh ár seanchara, An Dochtúir Daithí Ó hÓgáin, U.C.D. ar an bhfód, le céad léacht na bliana seo a thabhairt. “Na Ceiltigh – Oidhreacht Ársa”, an téad ar a sheinnfidh Daithí a phort, an babhta seo. Ní gá a rá go mbeidh tarraingt faoi leith ar an léacht seo, nó tá sé deacair an Dochtúir céanna seo a bhualadh, mar is duine é a bhfuil idir fios agus leigheas aige nuair a thugann sé faoi ábhar a bhfuil baint aige le béaloideas nó seanchas, nó tada dá leithéid sin. Beifear ag súil le héacht uaidh agus an léacht seo idir chamáin aige. I ndiaidh na léachta sin beidh Ceiliúradh na hOíche a chomóradh sa Robertson Suite in Óstán Chill Chainnigh.

The Celtic Languages

Ar an Satharn ansin, tiocfaidh scoláirí na Daonscoile le chéile arís, i dTúr na Paráide, sa Chaisleán, mar a dtabharfaidh an Dochtúir Proinsias Ó Drisceoil léacht uaidh ar “The Celtic Languages”. Ní gá a rá go mbeidh fonn ar chuile scoláire éisteacht leis an léacht seo, agus ó tharla gurb é Proinsias s’againne a bheidh sa diallait, an babhta seo, bí cinnte go dtabharfar éisteacht aireach, dúthrachtach do.

Níos déanaí, an Satharn sin, tabharfar lucht na Daonscoile ar Thuras Bus, agus faoi mar is gnách, beidh Pat Nolan S.E.R.T.O. sa diallait don turas céanna sin. Tá mé cinnte, go mbainfear an-taitneamh as idir thuras agus thráchtaireacht, nó tá Pat molta mar thráchtaire agus mise i mo thost. Fágfaidh an Bus Clós an Mhargaidh ag a 2.00 i.n. Ní call dom a rá, go mbeidh goile ag na scoláirí don bhFéasta Cheilteach, a leagfar os a gcomhair, ag a 7.00 an tráthnóna sin, agus nuair a chuirfidh tú le sin, go dtabharfaidh Éamon Ó Catháin léacht léirithe uaidh, níos déanaí, is féidir a bheith cinnte, go mbeidh tuirse ar lucht na Daonscoile an oíche sin, agus go gcodlóidh siad go sámh go maidin arna mhárach.

The Daonscoil Mass

Ceiliúrfar Aifreann na Féile, sa bhFriary, Maidin Domhnaigh, ag a 11.00 r.n. Craolfar an tAifreann sin beo ar Raidió na Gaeltachta, an mhaidin sin.

Tá mé cinnte go mbainfear taitneamh agus tairbhe as Clár na Daonscoile seo ’05.

Ach beidh tuilleadh ar fáil do lucht na Gaeilge agus an Ghaelachais i rith na seachtaine dár gcionn, nó seolfar Féile Cheilteach Chill Chainnigh ar Chéadaoin na seachtaine céanna sin, an 12ú Deireadh Fómhair ’05, nuair a léireoidh Siamsa Tíre, (The National Folk Theatre of Ireland) CLANN LIR , thíos in Amharclann an Watergate, ag tosú ag a 8.00 an oíche sin. Chomh fada agus is eol dom, léireoidh siad an Dráma céanna sin arís ar oíche Déardaoin, an 13ú de Dheireadh Fómhair, ag an am gcéanna. Chomh maith le sin, beidh Craft Fair ar siúl i dTeach an Bhuitléirigh, ó Chéadaoin go Satharn na seachtaine sin. Tá mé cinnte, go mbeidh an-tarraingt ar an Aonach céanna sin.

Storytelling Time

Ní dhéanfar dearmad ar an aos óg, ach oiread, le linn na Féile Ceiltí, nó beidh deis acusan teacht le chéile thíos i dTeach an Bhuitléirigh, ar an Satharn, ag a 3.00 i.n. nuair a chuirfidh Liz Weir clár scéalaíochta ar fáil dóibh.

Má tá tuilleadh eolais uait, níl le déanamh agat ach glaoch ar Sheán Breathnach, ag (056) 7722744, nó ar Dhonnchadh Ó Raghailligh, ag (056) 7765821. Cuirfidh siadsan ar an eolas thú.

Bhuel, sin agat anois clár na bliana seo, don Daonscoil, agus don bhFéile Cheilteach freisin, agus tá mé cinnte go n-aontóidh tú liom, go bhfuil clár ar dóigh leagtha amach ag an dá Choiste sin dúinn, agus gan le déanamh againne ach ár dtacaíocht a thabhairt dóibh. Bí cinnte, go bhfuil na dátai sin curtha isteach id Dhialann agat, nó mar is eol duit fhéin, ní mhairfidh féilte dá leithéid seo, gan tacaíocht an phobail.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish