Déanfaidh an Cúlu Eacnamaíochta reatha seo maitheas don Tír.

.

Tugann muid faoi deara freisin, agus an Cúlú Eacnamaíochta seo ag réabadh tríd an tír ina loscadh sléibhe, go bhfuil praghas an Pheitril imithe tríd an díon, cheana féin. Anois, mar adeir an seanfhocal… an rud is measa le duine ná a bhás, ní fheadar sé nach é lár a leasa é…Mar an gceanna le ardú praghas seo an Pheitril, mar cuirfidh an ganntanas seo srian leis an bhfás ollmhór atá tagtha ar uimhir na ngluaisteán ar ár mbóithre, agus dá bharr sin, ní bheidh an tír seo ag caitheamh an oiread céanna airgid ag ceannacht gluaisteán, agus tharlóidh sé freisin, nach mbeidh an oiread céanna á chaitheamh againn ag ceannacht peitril, agus dá bharr sin, in ionad na milliúin, agus na milliúin, a chaitheamh ag íoc as na hearraí sin, fanfaidh an t-airgead sin anseo in Éirinn agus spreagfar ár muintir fhéin le tionscail nua a bhunú anseo sa tír s’againne, sea, agus cuirfidh sé iachall orainn freisin, teacht i dtír ar uimhir níos lú gluaisteán, rud a thabharfaidh deis dúinn ár gcóras iompair a fheabhsú, agus ár mbóithre a chur in oiriúint do thrácht na haoise nua seo.

Fadhb ollmhór i sláinte an náisiúin seo isea an raimhre, nó an bheathaíocht, agus sa lá atá inniu ann, caitear na milliúin Euro in aghaidh na bliana, ag iarraidh leigheas a fháil ar an ngalar contúirteach seo. Ach céard is cúis leis an ngalar seo? Is é a thuigann gach éinne, nó gurb é an fhlúirse bia, atá le fáil gan stró, ag daoine, is cúis leis. Bhuel! cuirfidh an Cúlú Eacnamaíochta reatha seo srian ar an méid beatha a bheidh le fáil ag daoine, agus cuirfidh sin smacht ar an mbeathaíocht seo, atá ag éirí chomh coitianta sin i measc daoine, na laethe seo. Sea, agus ní bréag ar bith a rá, go mbeidh ár muintir i bhfad níos sláintiúla dá bharr.

Toradh eile a bheidh ar an gCúlú seo nó, ní bheidh an oiread céanna airgid ag daoine, le caitheamh ar bhréagáin do pháistí, agus bíodh gur maith linn uilig na daoine beaga sin a mhilleadh le bréagáin, ag an am gcéanna, ní dhéanfaidh ganntanas bréagán dochar ar bith dóibh, nó in áit na mbréagan, beidh ar ár bpáistí ansin dul i muinín a samhlaíochta fhéin, agus rudaí a chumadh, is a cheapadh, a chuirfidh caitheamh aimsire saor, cliste, ar fáil dóibh.

Feictear, mar sin, nach é deireadh an tsaoil é an Cúlú Eacnamaíochta reatha seo, atá le tabhairt faoi deara sa tír seo, i láthair na huaire seo, agus ní hé sin amháin é, ach cuirfidh sé iachall orainn, bealaí úra a cheapadh lena mhíbhuntáistí a chur ar gcúl, agus bealaí eile a cheapadh, le sinn a thabhairt slán, amach as an ngéirchéim seo ina bhfuilimid sáinnithe i láthair na huaire seo. Sea, mair a chapaill is gheobhair féar, agus nach fíor an ráiteas sin, má mhaireann an capall sách fada! Ach i gcás an duine, nach cuma nó asal duine gan seift, agus bíonn na seifteanna ann ach smaoineamh orthu. Bhuel, sin an cleas! Má éiríonn linn a bheith seifteach, tiocfaidh muid slán as an gCúlú Eacnamaíochta reatha seo.

………………………Críoch…………………………

.

.

.

en_USEnglish