I mBéal an Phobail

Planning! is it?

Peadar Bairéad

.

“Deirimse pleanáil leat!”

B’in mar a chuir mo sheanchara, Séimí an Droichid é, an oíche cheana. Thuig mé láithreach, go raibh rud eicínt neamhghnách ag dó na geirbe ag an bhfear bocht, nó b’annamh leis tús obann dá leithéid a chur lena chomhrá.

“Ní hamhlaidh atá tú ag maíomh nach bhfuil ár gcóras pleanála thar mholadh beirte!” arsa mé fhéin, go deas, réidh, neamhurchóideach.

“Sin é díreach atá á mhaíomh agam.”

“Ach a Shéimí, cá bhfaighfeá forbairt chomh hilghnéitheach, chomh healaíonta, chomh dea-dheartha, leis an bhforbairt iontach atá á dhéanamh thart ar an gcathair s’againne, i ngach treo baill, i láthair na huaire seo”

Is it blind you are?

“In ainm Chroim! ach cá raibh tusa aimsir na súl? nó an dall, amach is amuigh atá tú? Ar bhreathnaigh tú ar a bhfuil ag tarlú thart ar Thimpealláin Chuarbhóthair Chill Chainnigh? Tithe ilstóracha á gcaitheamh suas, – faoi mar ba chaisleáin ghainimhe iad -, róchóngarach don bhóthar, agus b’fhéidir go bhféadfá glacadh le sin, dá mba fhoirgnimh ealaíonta, spreagúla, a bhí iontu, agus iad fada go leor siar ón mbóthar, le go bhféadfá taitneamh a bhaint as a ndearadh, agus as a ndéanamh.”

“Ach a Shéimí, a chroí, nach dtuigeann tusa go maith anois, go gcosnaíonn suíomh fan na mbóithre céanna sin, go gcosnaíonn siad pingin mhaith”.

“Tuigim sin go maith, ach ní cosc ar bith é sin ar dhea-dhearadh, nó ar dhea-dhéanamh. Sílim fhéin go bhfuil an scéal ar fad imithe isteach sa mhuileann orainn, sa chaoi nach gcuirfeadh sé lá iontais orm, dá dtarlódh, mar a deir mo sheanchara, Mártan a’ Tairbh, an lá cheana.”

Round Towers on Roundabouts!

“ Agus céard dúirt Mártan bocht s’againne faoi na cúrsaí seo?”

“Ní chuirfeadh sé ionadh ar bith orm, adeir sé, dá dtabharfaí cead pleanála do dhuine eicínt, ceann de na laethe seo, Túr Cruinn ollmhór, a thógáil ar cheann de na timpealláin bhreátha, mhóra, atá chomh flúirseach sin, timpeall na cathrach seo.”

An i ndáiríre a bhí sé, meas tú?”

“Lom dáiríre, geallaimse dhuit é, agus an bhfuil fhios agat, b’fhéidir go raibh sláimín den cheart aige sa mhéid sin freisin.”

“Ag magadh atá tú, a Shéimí.” arsa mé fhéin, nó tuigeadh dom, go raibh mo Shéimí breá ag dul thar fóir ar fad lena thuairimí buile, an babhta seo.

“Diabhal magadh nó mugadh atá ar siúl agamsa.”

Excellent Planning, All told!

“Ach nach bhfuil an-jab á dhéanamh ag an lucht pleanála sin, nuair a smaoiníonn tú ar an méid tógála atá ar siúl timpeall na Cathrach Áille seo?”

“Is dócha go gceapfadh lucht pleanála go bhfuil a gcuid oibre ag cur le háilleacht na timpeallachta in ár measc, ach táid ann adeir, nach bhfuil cuma nó crot ar an bhforbairt atá ar siúl sa dúiche seo, le tamall de bhlianta anuas. Sea, agus breathnaigh freisin ar na sráideanna, agus ar na bóithre, ar a ndéanann muid taisteal, ó ló go ló!”

“Céard tá cearr leis na bóithre, nó leis na sráideanna? Nach den scoth chuile cheann acu?”

“Caithfidh go bhfuil sé an-éasca tú a shásamh! An bhfaca tú na timpealláin atá ag méadú, faoi mar ba fhás aon oíche iad, agus cuid áirithe acu beagnach chomh beag le miosarún! Agus ar thug tú faoi deara, an chaoi a bhfuil bacainní á dtógáil ar shráideanna is ar bhóithre, na laethe seo. Blianta ó shoin, chaitheadh oibrithe a ndúthracht ar fad, ag iarraidh na bealaí móra dhéanamh deas leibhéalta, ach anois, caitheann siad a ndúthracht, ag iarraidh uchtóga a thógáil ar na bóithre leibhéalta céanna sin. Nós eile a thug mé faoi deara, le tamall, nó an fonn atá ar na húdaráis bóithre a chúngú, bíodh gur caitheadh airgead fadó ag iarraidh iad a leathnú! Ach, an bhfeiceann tú an t-am? Beidh Naipí bhocht s’againne ag súil liom, an créatúr! agus níor mhaith liom buairt ar bith a chur uirthi. Slán go fóill, mar sin”

Agus le sin, bhí sé glanta as mo radharc, faoi mar ba chat scólta é. Ní call dom a rá, gur bhain a thuairimí an chaint díom fhéin, nó ar chuala éinne riamh a leithéid de ráiméis?

Ach, ní lia duine nó barúil! faoi mar adeireadh an tseandream fadó.

en_USEnglish