I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week I mBéal an Phobail takes a look at Zero Tolerance)

“Zero Tolerance”

Tá sé éasca go maith dlí a dhréachtadh, agus dlí a achtú, ach scéal eile ar fad é nuair a dhírítear ar an ndlí sin a chur i bhfeidhm. Tá daoine ann adeir, gur chóir dlí a chur i bhfeidhm go huile, agus go hiomlán, gan eisceacht, gan leithscéal. Fuarthas amach i gcathair Nua Eabhrac gur oibrigh an polasaí céanna sin go seoigh dóibhsean. An té a bhris an dlí tugadh blas na dlí sin dó, láithreach bonn, agus gearradh cibé pionós a bhí dlite faoin ndlí sin air, gan aon Aindriú Martins, nó tada dá leithéid. Caithfidh mé a rá, gur thaitin an dearcadh sin liom a chéaduair, ach tar éis dom dul ar mo mharana, caithfidh mé a admháil, nach ró-chinnte a bhí mé faoin leagan amach céanna sin. Agus i rith na seachtaine seo caite, tháinig mé ar alt le Vincent Ryan, ar an Kilkenny People, agus gan dabht ar domhan, thaitin dearcadh agus leagan amach an ailt liom go seoigh.

Cén t-alt atá i gceist agam, an ea?

Tá, alt faoi dhiospóireacht a bhí ar siúl ag baill Comhairle Bhuirg Chill Chainnigh faoi chúrsaí páirceála ar shráideanna agus ar bhóithre na Cathrach seo ‘gainne. Theastaigh ó bhaill áirithe den Chomhairle sin go gcuirfí na dlíthe páirceála i bhfeidhm ar an bpointe, gan eisceacht, gan trua, gan mhoill, ar ghluaisteánaí ar bith a dhéanfadh a charr a pháirceáil in áit a raibh a leithéid sin crosta air. Féach mar a chuir ball amháin den Chomhairle é, an ball a chuir tús leis an ndiospóireacht, a chéaduair, nuair a labhair sé faoi thiománaithe a dhéanann a gcarr a pháirceáil i Lána na Rothaithe. Tar éis do bhall eile a mholadh, gur chóir breathnú ar chúrsaí páirceála thart ar Ospidéal Naomh Lúcáis, agus ó tharla go raibh an baol ann go gcuirfeadh an cineál sin páirceála isteach ar Otharchairr, mhol sé go m’bhféidir go raibh an tam tagtha le “Zero Tolerance” a chur i bhfeidhm.

“Maybe we should adopt the Zero Tolerance approach” adeir se.

Ag an bpointe sin, tháinig an té a thóg an cheist i dtosach, ar an bhfód arís, agus seo mar a chuir seisean é, de réir an ailt a luaigh mé thuas…..

“The carrot hasn’t worked and now the stick needs to be used to wake people up.”

Is trua ar bhealach, gur úsáid sé an nath cainte sin, nó nuair is daoine atá idir chamáin againn, ní dóigh liom go n-oibreodh ceachtar den dá earra sin, an bata nó an meacan, ar thiománaithe macánta, céasta, na cathrach seo. Anois ní féidir a shéanadh ach go raibh cuid mhaith den cheart ag an mbeirt Chomhairleoir sin, nó tá páirceáil agus páirceáil ann, agus bíodh gur féidir deighleáil go foighdeach, ciallmhar, le cineálacha áirithe páirceála, tá cineál eile ann agus is dócha nach n-oirfeadh tada eile dóibh ach an Zero Tolerance.

Ach, bhí tuilleadh san alt sin a luaigh mé thuas, agus b’in a raibh le rá ag Ceannfort na nGardaí i gCill Chainnigh, an Ceannfort Micheál Nevin, nó thug a raibh le rá aigesean misneach agus dóchas dom.

Céard a bhí le rá aige, má sea?

De réir an ailt le Vincent Ryan, dúirt an Ceannfort go bhféadfadh seisean dul síos an baile agus ticéid a dháileadh ar chairr faoi mar ba chonfetti iad, ach níor ró-mhaith an polasaí é sin, dár leis, agus chomh maith le sin, níorbh é sin an “modus operandi” a chleacht Gardaí ciallmhara Chill Chainnigh, le blianta anuas. Chuir na Gardaí sin chun oibre go ciallmhar, foighdeach, agus nuair a chonthas dóibh nach raibh i gceist ach tamall gearr páirceála, nó nuair a bhí cúis faoi leith don pháirceáil sin, faoi mar a tharlódh agus daoine ag freastal ar Aifreann, nó ar Chluichí, agus nárbh é nós na ndaoine sin, páirceáil dá leithéid a chleachtadh, ó lá go lá, agus lena chois sin nár bhaol an pháirceáil chéanna do shábháilteacht ár mbóithre, bhuel, i gcás dá leithéid ní bhacaidís leis an mbata úd a úsáid !

Caithfidh mé a rá go bhfuil dearcadh an Cheannfoirt ciallmhar, nó thuigfeadh duine ar bith láithreach, gur chóir am, agus ionad, na páirceála a chur san aireamh i gcás dá leithéid, agus gur chóir a chur san áireamh freisin, gur dhaoine iad ár dtionánaithe atá géilliúil don dlí, bunús an ama.

                                                                               

en_USEnglish