.
D O I R S E
.
D É
.
L E
.
.
.
PEADAR BAIRÉAD
.
.
.
Cuid a Dó.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Caibidil 15
.
.
Roghnú Gairme sna Daichidí
Thaitin idir scoil agus scolaíocht liomsa, chuile lá riamh, agus dá chomhartha sin, d’éiríodh liom cibé ceacht nó cleachtadh a thugtaí dom ar scoil, a dhéanamh gan stró. Am ar bith ar theastaigh teachtaireacht ó dhuine de na múinteoirí, bí cinnte gur ormsa a thitfeadh sé an gnó sin a dhéanamh dó. Thug sin deis domsa tréimhsí a chaitheamh amuigh ar bhóithre Iorrais, ag rothaiocht liom ar mo sháimhín só ar rothar breá rásaíochta an Mháistir. Théinn go dtí Oifig an Phoist, le haghaidh na litreacha, chuile mhaidin, geall leis, agus théinn go dtí an baile mór le teachtaireachtaí don bPríomhoide, nó bhí a leannán ina cónaí i mBéal an Mhuirthead, agus minic a theastaíodh uaidh scéal eicínt a chur chuici i rith an lae. I gcás dá leithéid, ní raibh le déanamh aige ach glaoch ormsa, agus a rothar rásaíochta a thabhairt dom, agus d’fhéadfadh sé a bheith cinnte ansin go sroichfeadh a theachtaireacht a ceann scríbe, ar an dá luathas. Is cuimhin liom freisin, nuair a thosaigh an Cogadh Mór, sa bhliain 1939, go gcuireadh an tArdmháistir, an tUas. Seán Ó Cróinín, mé fhéin agus Proinsias Mac Eoin, go dtí teach Mhic Eoin ar an nGeata Mór, le héisteacht leis an nuacht ar an Raidió, agus scéala an chogaidh a thabhairt ar ais linn chuige. Anois, cé go mbínn amuigh ar theachtaireachtaí, leath na gcuarta, níor chuir an ealaín chéanna sin isteach puinn ar mo chuid scolaíochta, nó bhí ar mo chumas, cibé a bhíodh á dhéanamh acu agus mise ar fán ón seomra ranga, d’éiríodh liom an méid sin a phiocach suas, gan stró, agus cibé obair bhaile a bhí le déanamh againn, a dhéanamh gan teip, chuile oíche. Ní hé sin amháin é ach d’éiríodh liom corr scilling a shaothrú as mo scileanna léinn, nó thagadh scoláirí áirithe chugam, leis an obair bhaile chéanna sin a dhéanamh dóibh, agus iad breá sásta na pingneacha a bhronnadh ormsa, mar chúiteamh. Minic a d’éirigh liomsa fáil isteach chuig na scannáin tostacha, tríd an gcleas céanna sin.
Thart ar an am sin, agus náisiúin mhóra an domhain ag pleanncadh agus ag leadradh a chéile, agus rudaí á gciondáil anseo i dtír na hÉireann, thosaigh an Máistir Ó Cróinín ag iarraidh treoir ghairme eicínt a chur ormsa. D’iarr sé mé a stiúradh an bealach seo, agus d’iarr sé mé a stiúradh an bealach úd eile, ach i ndeireadh na dála, ba í an tsagartacht a roghnaigh mise. Anois, caithfear a thuiscint, nach raibh puinn gustail ag mo mhuintir, agus dá thairbhe sin, ní bheadh sé indéanta acu, mé a chur go Mánuat, nó chuig ceann ar bith de na Cliarscoileanna ardnósacha, ach, níorbh fhál go haer é! nó bhí “Cumann Misinéirí chun na hAifrice”, nó an SMA, mar a thugtar orthu, breá sásta gasúir de mo leithéidse a ghlacadh isteach ina scoileanna-san, ar tháille an-íseal, ag súil go leanfadh uimhir áirithe de na daltaí sin leo go ndéanfaí sagairt do na Misin díobh, i ndeireadh na dála. Tuigeadh dóibh, dár ndóigh, go gcaillfeadh siad roinnt mhaith acu, san aon bhliain déag idir thús an chúrsa agus lá an oirnithe. B’fhéidir go dtógfadh siad isteach thart ar chúig dhuine is fiche in aghaidh na bliana, ach chuile sheans nach ndéanfaí ach cúigear, nó seisear, díobh sin a oirniú, ar deireadh thiar. Ach bhí siad lán-tsásta leis na huimhreacha sin, mar tuigeadh dóibh, go raibh siad ag leathadh an bhriathair i measc an phobail, ina mbealach fhéin. Ach ba bheag a thuig mise faoi na cúrsaí sin, agus mé fhéin agus an Máistir ag cur cúrsaí creidimh agus sagartachta trí chéile, i Scoil Náisúnta na Cille Móire Iorrais, i ndeireadh thriochaidí agus i dtús dhaichidí na haoise seo caite. Ar aon chuma, bheartaigh mé fhéin dul chun na hAifrice im’ mhisinéir. Bhí grá im chroí agam, an t-am sin, do ghormaigh na hAifrice. Ní ón gcnoc nó ón ngaoth a bhailigh mé fhéin an chráifeacht, nó ba dhuine í mo Mham, a raibh creideamh aici a chuirfeadh an cnoc thall ar an gcnoc abhus, agus chomh maith le sin, tógadh mé i bpobal ina raibh céad faoin gcéad acu ag cleachtadh a gcreidimh, agus ag glacadh le fíricí na Críostaíochta. Sea, agus “fair play” don Mháistir, bhí seisean sásta an cupla punt a chur sa chiste, a bheadh riachtanach, le gasúr dem leithéidse a chur chun an Choláiste úd i mBéal an Átha Fhada, i ngiorracht roinnt mílte do Bhall Álainn, i gContae Mhaigh Eo.
Ba ghearr go raibh an scéal i mbéal gach éinne.
“Ar chuala tú an nuacht?” adéarfadh duine.
“Cén nuacht atá i gceist agat?”
“Cén nuacht, an ea? Go bhfuil Peadar Mhichael Mhicí ag dul sna sagairt!”
“Ag magadh fúm atá tú? mar nach bhfuil a fhios ag an saol mór go bhfuil níos mó ná a phaidreacha ar a aire ag an bPeadar céanna, bail ó Dhia air!”.
“B’fhéidir go bhfuil, agus b’fhéidir nach bhfuil, ach sin an scéal a chuala mé fhéin, anois díreach, ó Tom an Phosta, agus nach bhfuil an Tom céanna sin an-mhór le Bairéadaigh na Druime?”
“Ó, bhuel! má bhí an scéal ag Tom an Phosta, caithfidh go bhfuil bunús eicínt leis. Bhuel anois! cé chreidfeadh go raghadh an diabhailín céanna sin le sagartacht?” B’in mar a bhí i measc na gcomharsan, na laethe úd, i lár na bliana úd 1940, agus mise ag fáil réidh le hiomaire nua a bhaslú dom fhéin, nó níor ghnáth-rud é, an t-am sin, buachaill óg dem leithéidse, Cliarscoil a thabhairt air fhéin.
Chuaigh chuile shórt ar aghaidh go seoigh, ar feadh scathaimh. Ach de réir mar a bhí an lá spriocáilte ag druidim linn, bhí ag dul ina luí ormsa, méid na céime a bhí á tógáil agam. Ach dá fhaid an lá, tagann tráthnóna, agus ba é an dála céanna agamsa é. Ar deireadh thiar thall, tháinig an lá mór. An oíche roimh ré, bhailigh na comharsanna uilig isteach sa teach s’againne, le slán agus beannacht a chur liomsa, nó ba é sin nós na muintire thiar, ag an am sin.
Faoi’n am sin freisin, bhí chuile short, a bheadh ag teastáil uaim sa Choláiste, ceannaithe agus pacáilte, i gcás breá, nua, taistil. Mo Mham agus mo dheirfiúracha ba mhó a rinne an gnó sin, nó ba bheag scil a bhí agamsa i gcúrsaí pacála, ag an am, murab ionann is anois.
Ar maidin, bhuaileamar bóthar. Ní gá a rá, nach raibh carr, nó cairt, le síob a thabhairt dom go Béal an Mhuirthead, mar ní théadh an bus thar an mbaile mór sin siar, ag an am sin. Deiridís go raibh an droichead ró-chúng, ró-lag, nó nó-rud-eicínt-eile, agus sa tslí sin, fágadh muintir na Leithinse lena mbealach fhéin a dhéanamh go Béal an Mhuirthead, dá mbuailfeadh an fonn taistil iad. Mar sin, ar rothar is ea chuaigh mé fhéin go Béal an Mhuirthead, an mhaidin spriocáilte sin. Chuaigh mo dheartháir Seán, Grásta ó Dhia air, in éineacht liom, leis an gcás breá, donn, nua sin, a iompar, nó bhí Seán níos sine agus níos foirfe na mé. B’eisean an duine ba shine den ál, agus meas dá réir againne air. Chuir Seán ar an mbus mé, thug mo chás don tiománaí, do “Láchaí Clarke”, agus d’fhág slán liom.
Bhí mé liom fhéin ar deireadh, agus geallaimse dhuit é, go ndeachaigh an cumha agus an t-uaigneas go smior na gcnámh isteach ionam. D’fhág mé Béal an Mhuirthead faoi ghradam, mé gléasta in éide ábhar sagairt, agus níos mó airgid i mo phóca, ná mar a bhí feicthe agam riamh roimhe sin. “Láchaí Clarke” ag tiomáint agus “George Ormsby” ina stiúrthóir againn. Ba nuacht chuile shórt domsa, nó ní raibh mé fhéin níos faide ó bhaile ná Béal an Mhuirthead, riamh roimhe sin. Nach orm a bhí an t-ionadh, nuair a chonaic mé crainn den chéad uair riamh, ba bheag nár bhain a n-uaisleacht agus a n-airde radharc na súl díom! Ar deireadh thiar, shroicheamar Béal an Átha, ach ní raibh ar mo chumas dul níos fuide, an lá sin, nó ní raibh ach traein amháin ag fágáil Béal an Átha, in aghaidh an lae, an tráth sin, agus d’imíodh sin ar maidin. Éinne ar theastaigh uaidh dul níos faide ná Béal an Átha, d’fhéadfah sé fanacht go dtí an lá arna mhárach. Chuir mé fhéin fúm, an oíche sin, in “Óstán an Néfin”, agus bhí mé ar mo chois go breá luath an mhaidin dár gcionn. Ar ball, rinne mé mo shlí go Stáisiún na Treanach. Ó, a Thiarcais! nár mhór idir é agus tada dá bhfaca mé fhéin riamh roimhe sin! Cheannaigh mé mo thicéad agus isteach liom ar an ardán, le fanacht leis an traein. Ní raibh mé im aonar ansin, ach oiread, nó bhí slua mór daoine bailithe ansin, agus iad ag fanacht ar thraein úd na maidine. Chaith mé fhéin an t-am ag siúl liom síos suas ar an ardán, agus mo thicéad greamaithe go teann im ghlaic agam, go dtí go raibh an traein socraithe síos sa stáisiún, ach ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán abhaile ón tobar, agus ba é an dála céanna agamsa é agus an ticéad draíochta sin, nó cibé útamáil a bhí ar siúl agam, thit an ticéad síos uaim, idir an traein agus an ardán. Ó, a Thiarcais! conas a gheobhainn greim ar mo thicéad draíochta arís? Agus mura bhfaighinn, is dócha nach ligfí ar bord na traenach chor ar bith mé. Bhuel, ar ámharaí an tsaoil mhóir, bhí fear breá, scafánta, óg, ó Bheannchor Iorrais, duine de mhuintir Uí Mhurchú, ar an bhfód, agus d’fhág seisean a mhála taistil ar leataobh, agus síos leis de léim, idir an traein agus an ardán, agus i bpreab na súl, bhí mo thicéad caillte slán sábháilte ina ghlac aige. Thug sé ar ais dom é. Ghabh mé mo bhuíochas ó chroí leis, agus sa chomhrá a lean an eachtra sin, d’inis sé dom, go mba bhall de Aerfhórsa Shasana é, agus go raibh sé tar éis saoire a chaitheamh sa bhaile, i mBeannchor Iorrais. “Agus ar ghlac tú aon pháirt fós sa Chogadh Mór” arsa mé fhéin leis. “Abair é,” ar seisean, “nó is beag lá nach dtéim fhéin, is mo bhuíon trodairí, ar aer-ruathair, thar chríocha na Gearmáine isteach, ag buamáil, ag troid, ag spiaireacht.”
“Agus an bhfuil sé contúirteach bheith i mbun na hoibre sin?”
“Bhuel,” ar seisean, “is beag lá nach gcailleann muid comrádaí amháin, ar a laghad, agus níl ann ach cluiche gill, mar adéarfá. Bhí an t-ádh i mo chaipínse, go nuige seo, agus tá súil le Dia agam, go dtiocfaidh mé slán abhaile ón gcogadh millteach, uafásach, seo.”
Bhuel, ag an bpointe sin, chualamar fead caol, ard, cluasphléascach, na traenach, agus í réidh chun bóthair. Chuamar ar bord. D’fhágas fhéin slán le mo chara nua, an fear breá, ard, rua, dathúil sin, ó Bheannchor Iorrais, agus muid ag súil go gcasfaí ar a chéile sinn arís, ach tá faitíos orm, nár casadh Mac úd Uí Mhurchú arís orm, ó shoin i leith, agus níl fhios agam ó thalamh an domhain, ar tháinig sé slán ón mbearna bhaoil, nó ar cailleadh é ar mhisean, nó ar ruathar eicínt, thar theorainn na Gearmáine isteach. Cibé faoi sin, ba é an Mac Uí Mhurchú úd mo chéad laoch, agus bronnaim anois an curadhmhír air, bíodh sé beo, nó bíodh sé marbh.
Ar ball, d’ardaigh an traein a seolta, agus as go brách lei, go torannach, ardghlórach, agus mise á sciobadh aici léi, ó dhúthaí mo mhuintire, agus ó nead teolaí na hóige. Nach orm a bhí an t-ionadh, agus an traein sin ag réabadh lei trí ghoirt is trí mhóinéir, trí bhailte is trí choillte, go dtí gur stop si sa deireadh i mBall Álainn, agus nár cuireadh fainic na bhfainic ormsa, tuirlingt ag an stáisiún sin? Bhailigh mé mo chip is mo mheanaithe, agus amach liom de rúid as an traein úd, an chéad traein dár leag mise súil riamh uirthi, agus chomh luath is a bhí mise bailithe liom amach aisti, lig sí fead mhagúil, aisti, agus as go brách lei arís, go torannach, gaileach, rothach, amach as stáisiún úd Bhall Álainn. Bhreathnaigh mé timpeall orm fhéin, nó dúradh liom go mbeadh duine eicínt ansin romham, le treoir a dhéanamh dom. Tháinig fear bunaosta im threo i leith.
“An tusa an Bairéadach?” ar seisean liom.
“Is mé,” arsa mé fhéin á fhreagairt.
“Tar liomsa, má sea,” ar seisean, “tá cóir iompair anseo amuigh agam, le tú a thabhairt go dtí Coláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada.”
Lean mé amach as an stáisiún é, agus do bharúil, cén gléas iompair a bhí aige ansin faoi mo chomhair? Céard eile a bheadh aige ann, ach carr cliathánach?
Go breá ar fad, arsa mise liom fhéin, beidh “jaunt “ breá agam ón stáisiún traenach seo go dtí an Coláiste.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Ceann Scríbe Sroichte
Caibidil 16.
.
Tar éis dúinn roinnt ama a chaitheamh ar an gcarr cliathánach úd, shroicheamar Coláiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, i lár Chontae Mhaigh Eo, agus mura raibh ionadh ormsa ar fheiceáil an Fhoirgnimh ríoga sin dom, ní lá go maidin é! Foirgneamh mór, ard, galánta, ba ea é, a raibh cuma an airgid agus an tsaibhris air, ó bhun go barr. Ní call dom a rá, nach bhfaca mise tada dá leithéid riamh cheana. Bhí gáirdíní glan-bhearrtha os a chomhair amach, agus oifigí agus seantáin, de chuile shaghas, timpeall an Tí Mhóir. Níor tógadh an foirgneamh céanna sin le bheith ina Choláiste Sagartachta, ach is amhlaidh a bhí an Teach céanna sin mar Árus cónaithe ag Críostaí díograiseach, ar theastaigh uaidh a chion fhéin a dhéanamh do na misin choigríocha, agus céard a rinne sé ach idir Theach agus fheilm a bhronnadh, scun scan, ar an SMA. Blácach ba ea an fear sin, agus caithfidh go raibh sparán maith teann aige, le fáltas chomh fial, flaithiúil, a chur ar fáil do na misin choigríocha sin. Is dócha gur de bharr na flaithiúlachta céanna sin a deineadh Cunta den Eaglais Chaitliceach Romhánach de.
Nuair a shroicheamar ár gceann scríbe. Bhí sagart ansin romhainn, le fáilte a chur romham agus le mé a stiúradh chun an tSuainleasa. Tugadh leaba dhom istigh sa suanlios sin. Seantán ollmhór ba ea an Suanlios céanna, a raibh leapacha do, thart ar thriocha duine ann. Bhí seantán eile taobh leis, a raibh an fhairsinge chéanna ann. Ní raibh mórán spáis le spáráil istigh sa Suanlios sin, nó bhí na leapacha cóngarach go maith dá chéile ann. Bhí scaraoid bhán ar chuile leaba acu sin, agus ciumhais scothógach ar chuile scaraoid acu. Ar na ballaí, bhí pictiúir bheannaithe agus cros ollmhór chéasta, agus ar chuile bhinn, bhí fógra ollmhór scríofa i litreacha móra.. S i l e n c e …. a bhéic na fógraí sin orainn. Tugadh deis dom cibé éadaigh a bhí im chás taistil agam, a chur i dtaisce i gcórfa speisialta dom fhéin, agus cuireadh an cás fhéin i dtaisce freisin. In áit pitseámaí, bhí léine fhada oíche agam! Nach mór idir inné agus inniu, nó b’in a bhí leagtha amach ar an liosta d’éadaí riachtanacha, a cuireadh chuig chuile dhalta, roimh theacht go Coláiste an Chroí Ró-Naofa dó, an bhliain sin. Cuir mé an léine chéanna sin i dtaisce faoi mo philiúr. Teaspáineadh an seormra níocháin dom, seomra a bhí in aice láimhe, idir an dá sheantán mhóra, áit a raibh báisín níocháin curtha in áirithe do chuile ghasúr againn. Teaspáineadh mo bháisín fhéin domsa. Ní raibh aon uisce reatha ag dul leis na báisíní sin, ach mura raibh, bhí sconna ag bun an tseomra, agus chuile oíche, tar éis do dhuine é fhéin a ní, agus a fhiacla a ghlanach, líonadh sé an báisín sin don mhaidin dár gcionn. Bhí gá leis an nós céanna sin, nó go minic, i gcroí an Gheimhridh, ní bheadh uisce le fáil sa sconna céanna sin dá dtarlódh go mbeadh na píopaí reoite. Ba mhinic a bhíodh leac oighre ar an uisce fhéin sna bháisíní freisin, agus bheadh ort an leac oighre a bhriseadh agus a bhearnadh, sár a bhféadfá d’aghaidh agus do lámha a ní! Thagadh an soláthar uisce ar fad don Choláiste, ó thobar mór domhain, a bhí suite in aice an Choláiste, agus caidéal láimhe os a chionn. Bhíodh ar chuile ghasúr, ar a sheal, tamall a chaitheamh chuile lá, ag oibriú an chaidéil chéanna sin, le huisce a chur ar fáil don Choláiste.
Nuair a bhí an méid sin déanta ag an sagart, d’iarr sé ar ghasúr, a raibh bliain caite aige sa Choláiste cheana, an chuid eile den Choláiste a theaspáint dom. Ní raibh aon soláthar aibhléise ag an gColáiste an t-am sin, agus ba é an bhí acu ina áit, nó lampaí ola pharaifín. Níor chuir sin aon ionadh ormsa, nó ní raibh againne sa bhaile, an t-am sin, ach an cineál céanna solais. Ba é an gléas téite a bí acu nó soirn mhalldóite, sna hallai móra, agus tine ghuail, sna gnáthsheomraí ranga. Chuamar isteach sa Halla Staidéir, agus ba bheag nár bhain sin an chaint díom, nó ní fhaca mise aon rud cosúil leis, ar a mhéad, nó ar a fhairsinge, riamh cheana. Arís, bhi an fógra ollmhór céanna ar an mbinn inairde acu, ag fógairt orainn bheith ciúin……S i l e n c e ……a bhéic an fógra, ach dúirt mo threoraí liom, go raibh cead cainte againn an lá sin, agus nach mbíodh an “Silence” sin i bhfeidhm, ach amháin nuair a bhíodh na mic léinn uilig bailithe ansin, sa tráthnóna, i mbun a staidéir. Bhí na binsí uilig ansin leagtha amach ina ranganna, ó cheann ceann an Halla, faoi mar ba shaighdiúirí iad, agus crochta ina líne dhíreach os a gcionn, síos lár an Halla, bhí rang lampaí ola phairifín ar sileadh ón tsíleáil anuas, le solas a chur ar fáil, nuair a bheadh gá lena leithéid, le linn séasur an dorchadais. Ar ‘chaon taobh den Halla mór sin, bhí rang de shoirn mhalldóite, agus iad ina seasamh ansin, faoi mar a bheadh siad ag fanacht ar laethe fuara, feannaideacha, an Gheimhridh, le teas agus compórd a chur ar fáil dá gcairde óga. D’fhágamar an Halla sin ar ball, agus thugamar aghaidh ar an bProinnteach. A leithéid de sheomra! é mór, fada, leathan, fairsing, boird leathana fhada ag bun an tseomra, agus bord breá leathan, galánta, ag ceann an tseomra, agus é socraithe in airde ar ardán.
“Na sagairt a itheann at an mbord galánta sin” adúirt mo threoraí liom, “agus sinne a bheidh ag ithe ag na boird thíos ansin.”
Chuir an radharc úd in iúl dom, go raibh ocras ag teacht orm, agus dá mbeinn sa bhaile, go bhfaighinn canta aráin agus braon bainne dom fhéin, le cúl a chur air, ach ní raibh mé sa bhaile a thuilleadh, agus ní raibh mo Mham, nó mo chlann ansin, le haire a thabhairt dom feasta. Ba bheag nár thosaigh mé ag caoineadh, nuair a smaoinigh mé go raibh an nead tréigthe agam, agus go mbeadh orm maireachtáil i measc strainséirí feasta. Níor chuir mé na smaointe sin in iúl dom threoraí. Ar aghaidh linn ansin, go dtí an Séipéal. Ba chosúil le Neamh ar thalamh é, an tAireagal céanna sin. An altóir, na fuinneoga, na suíocháin, na pictiúir. Nárbh álainn go deo an radharc iad, i gcomparáid leis an tsean-séipéal a bhí againne sa bhaile, ach níor dhóigh liom, go raibh sé chomh cairdiúil le Séipéal na Cille Móire Iorrais! Ach, is dócha go bhféadfadh duine dul ina chleachtadh, le himeacht aimsire. Chuamar ar ár nglúine, agus chuir mé fhéin paidir lem’ mhuintir sa bhaile, agus lem’ chairde, ach go háirithe, d’iarr mé ar an bhfear thuas, súil a choinneáil orm fhéin, fad is a bhí mé ag iarraidh mo bhealach a dhéanamh trí dheacrachtaí an tsaoil nua seo a bhí tofa agam.
Ar ball, chuamar ar chuairt timpeall, ag iarraidh chuile shórt a thabhairt faoi deara, ach chuir mé suim, agus dhá shuim, sna cúirteanna breátha liathróid láimhe, a bhí suite cóngarach go maith don scoil. Faoin am seo, bhí na mic léinn ag teacht isteach ina sluaite, agus ba ghearr go raibh siad go léir bailithe le chéile ansin. Bhí sé ina thráthnóna, faoin am sin, agus ar deireadh thiar thall, dúradh linn aghaidh a thabhairt ar an bProinnteach. Bhí cinnirí tofa ansin, agus ba ghearr go raibh chuile dhalta againn seolta acu chuig a ionad fhéin. Nuair a bhí sin déanta, tháinig na sagairt isteach. Sheasadar ag an bpríomhbhord. Dúirt Uachtarán an Choláiste an t-altú roimh bhia, agus ansin, shuigh chuile dhuine ina áit fhéin. Ba ghearr gur leag na cinnirí ár mbéile os ár gcomhair amach. D’itheamar ár gcuid go buíoch, beannachtach, nó, déanta na fírinne, bhí mé fhéin stiúctha leis an ocras, faoin am sin. I ndiaidh ár mbéile, thugamar aghaidh ar an Séipéal arís, le paidir a rá, agus ansin, chuamar amach ar fud na bhfud arís, agus cead againn rud ar bith ba mhaith linn a dhéanamh, ar feadh tamaill. Chuaigh cuid againn ag siúlóid, cuid eile ag imirt liathróid láimhe, agus tuilleadh fós ag imirt peile. Bhí ulloird bhreátha, mhóra, torthúla ag an gColáiste, agus dá bharr sin, cuireadh ár ndóthain úlla ar fáil dúinn, agus gheallaimse dhuit é, go raibh fáilte is fiche againn roimh na húlla céanna sin.
Ar deireadh, buaileadh clog, agus thugamar aghaidh ar an bProinnteach arís, le béile na hoíche a chaitheamh. D’éirigh linn teacht isteach ar chleachtas na scoile, go tapaidh, nó bhí bliain amháin caite ansin, cheana féin, ag lucht an dara bliain, agus bhí siadsan mar threoraithe againne, lucht na chéad bhliana. I ndiaidh an tsuipéir, agus tar éis dúinn seal a chaitheamh san Aireagal, ag rá ár bpaidreacha oíche, thugamar aghaidh ar an Suanlios, áit ar tugadh treoracha dúinn faoi dhea-iompar, agus rialacha éagsúla na háite sin. Bhí sollúntacht faoi leith ag baint le Tost Mór na hoíche, nó an “Grand Silence” faoi mar a thugadh na sagairt air. Ní raibh cead cainte ag duine ar bith againn sa suanlios. Bhí aird chuile dhuine againn ar a ghnó fhéin, agus thug an tost fada sin deis dúinn smaoineamh ar Dhia, agus ar chúrsaí spioradálta. Nach gceapfá go ndéanfadh saol dá leithéid naomh de dhuine ar bith? ach caithfear a smaoineamh freisin, nach raibh ionainne, ag an am, ach gasúir, agus gasúir a bhí tugtha do dhiabhlaíocht, agus do mhioscais de chuile shórt. Ní dóigh liom áfach, gur mar sin a bhreathnaigh na sagairt a bhí inár mbun ar an scéal, nó dár leosan, ba chóir go mbeadh chuile dhuine againn chomh deaiomprach le manach! Bhí breall orthu sa mhéid sin, áfach!
Dúradh linn nach mbeadh orainn éirí ag a sé, an mhaidin dár gcionn, agus ó tharla gurbh í sin an chéad oíche ag cuid againn sa Choláiste, ligfí dúinn codladh go dtí a seacht ar maidin! Mhothaigh mé fhéin go raibh an leaba an-mhíchompórdach, ach dá ainneoin sin, ba ghearr go raibh mé im’ chnap codlata, agus ba é an chead rud eile a mhothaigh mé, nó an clog diabhalta sin ag insint dúinn uilig, go raibh sé in am againn éirí. “Vox Dei”, nó guth Dé, a thugadh siad ar an gclog úd, sa Choláiste, ach ba mhinic a cheapamarna go mba gharbh, géar, gránna, an guth a bhí an an gclog céanna sin!
“Benidicamus Domino”, sílim, adeireadh fear an chloig, mar bheannacht dúinn, ar maidin.
D’fhreagraímis, d’aon guth slóchtach amháin, “Deo gratias!”
Nuair a smaoiním siar ar na cúrsaí sin, tuigtear dom, amanta, gur ag brionglóidigh atá mé, ach b’in é díreach mar a bhí cúrsaí againn, i gColáiste an Chroí Ró-Noafa, i mBéal an Átha Fhada, an tráth úd fadó, i dtús dhaichidí na haoise seo caite.
D’éirímis as na leapacha amach. Bhainimis ár léinte fada oíche dínn, agus chuirimis roinnt éadaí orainn fhéin, agus amach linn chun an tseomra níocháin. Dhéanaimis a raibh le déanamh againn ansin, agus nuair a bhímis nite, gléasta, pioctha, thugaimis aghaidh ar an Aireaagal, nó ar an Séipéal, agus bhíodh orainn seal a chaitheamh ag paidreoireacht, agus seal ag machtnamh. Nuair a bhíodh sin déanta againn, léití an tAifreann dúinn. Ina dhiaidh sin, agus roimh ár mbricfeasta, chuirtí i mbun oibre sinn, ag ní, agus ag glanadh an tí, nó ní raibh éinne eile ansin leis an gcineál sin oibre a dhéanamh, ach sinne. Thuig na cinnirí, a raibh le déanamh i rith na tréimhse sin, agus chuiridís sinne i mbun oibre láithreach, agus thugaidís a ghnó fhéin le déanamh do chuile dhuine againn. Tar éis leathuair a chloig a chaitheamh i mbun na hoibre sin, bhíodh an áit chomh glan le biorán nua, agus ansin, sheoltaí isteach sa mBialann arís sinn. Thugtaí pláta bracháin do chuile dhuine againn, agus ina dhiaidh sin, bhíodh cupán tae, arán, agus ruainne margairín againn, le cúl a chur ar an ocras, go ham dinneir. Ní raibh aon ranganna, nó tada dá leithéid, againn an lá sin, nó tugadh lá saoire dúinn, le deis a thabhairt dúinn, dul i gcleachtadh ar an áit, agus le haithne a chur ar a chéile. Rinneamar sin, agus cuireadh comórtas liathróid láimhe sa tsiúl freisin, agus geallaimse dhuit é, gur bhaineamar toit agus sásamh as an lá sin, agus léirigh sé dúinn, nach gcaitear an t-am ar fad ag guí, is ag paidreoireacht, i gCliarscoil, ach go mbíonn deis ag gasúir seal a chaitheamh ag spraoi dóibh fhéin freisin. Chuireamar aithne ar na sagairt a bhí i mbun an Choláiste sin, ach dúirt na sinsir linn, nach mairfeadh na laethe saoire sin i bhfad, agus go mbeadh muid gafa in úim na hoibre, an lá dár gcionn, agus nach mbeadh lá saoire dá leithéid againn arís go ceann scathaimh fhada. Bhaineamar sásamh as an lá sin, agus bhí an cearat ag na sinsir, nó an lá dár gcionn, bhéic an clog orainn ag a sé ar maidin, agus b’éigean dúinne an bhéic sin a fhreagairt, ar an toirt, agus buíochas a ghabháil le Dia dá bharr!
“Deo gratias”, a bhéic sinne, agus muid imithe i gcleachtadh ar rithim na naofachta, cheana féin, ach níorbh ionann sin is a rá, go mba naoimh fós sinn!
.
.
.
.
Caibidil 17.
.
Chun Oibre Feasta
.
An tríú lá sa Choláiste dúinn, fuaireamar amach gan aon ró-mhoill, go raibh deireadh leis an tsaoire feasta, agus go raibh an t-am tagtha le luí isteach ar an obair, i ndáiríre. Mar a dúirt mé cheana, nuair a bhuailtí an clog dúinn ag a sé ar maidin! b’fhéidir gur fhreagraíomar an “Benidicamus Domino” lenar “Deo Gratias” slóchtach, codlatach, leisciúil, ach ní ón gcroí istigh a tháinig an “Deo Gratias” céanna sin uainne, geallaimse dhuit é. De réir mar a chuaigh caitheamh sna laethe, áfach, tháinig muid isteach ar nós an mhochóirí, ach bíodh sin mar atá, ní dóigh liom gur thaitin an mochóirí céanna sin liom fhéin riamh, ach tuige nach dtabharfadh duine buíochas do Dhia, chuile mhaidin, as sinn a choinneail slán i rith na hoíche a bhí thart? Bhí sé greannmhar, ar bhealach, breathnú thart ort, ar uair antráthach sin na maidine, le súil a chaitheamh ar na gasúir óga eile thart ort id’ shuanlios. Dheineadh cuid acu chuile iarracht fad a bhaint as a seal sa leaba, trí chupla noiméad eile a chaitheamh faoin bpluid, ach bhí fear amháin, ach go háirithe, fear a bhí sa leaba taobh liom fhéin, agus chuirfeadh seisean na cait fhéin ag gáire leis na cluichí aite a d’imríodh seisean, chuile mhaidin, le fad a chur lena thréimhse faoin bpluid. Thógadh sé a spléacaí i dtosach, agus dheineadh iad a ghlanadh agus a shnasadh, ansin, thógadh sé chuile bhall éadaigh leis, agus dhéanadh sé iad a scuabadh lena scuab éadaigh, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh sin uilig críochnaithe aige, thógadh sé a stocaí fiú, agus dhéanadh an cleas céanna leosan freisin. Ar deireadh thiar áfach, ní bhíodh an dara rogha aige ach éirí, agus dheineadh sé sin chomh mall, gearánach, cneadach, agus a d’fhéadfadh sé.
Tháinig mé fhéin isteach ar chleachtas an Choláiste tapaidh go leor, nó i ndáiríre, ní raibh le déanamh ag duine ach léimt as a leaba amach, chomh luath is a chloiseadh sé an clog, agus ansin, d’fhéadfadh sé an chuid eile de ghraithí beaga na maidine a dhéanamh, gan aon ró-stró. Agus bíodh nach raibh aon uisce reatha, nó leictreachas, acu sa Choláiste, nárbh é an scéal céanna againn fhéin é sa bhaile, in Iorras, ag an am sin, freisin.
.
Ní gá dhom a rá, go raibh dath dubh ar ár gcuid éadaigh uilig, taobh amuigh de na léinte! Nárbh ábhar sagairt a bhí i ngach aon duine riamh againn, bíodh nach raibh ionainn ach gasúir. Ach b’in nós na haimsire sin. Sea, mh’anam, cultacha dubha, léinte bána, agus carabhait dubha, ar chuile dhuine riamh againn, agus dá bhfeicfeá muid amuigh ag siúlóid, chuile Dhomhnach, agus muid gléasta inár gcultacha Domhnaigh, agus ceann de na caipíní áiféiseacha, pice, sin, a chaití ag an am sin i gColáistí ardnósacha, buailte anuas ar cheann chuile dhuine againn, cheapfá nach bhféadfadh gasúir dá leithéid, smaoineamh fiú, ar dhiabhlaíocht dhe shaghas ar bith, gan trácht ar í a dhéanamh. Ach mh’anam, go mbeadh breall ort, geallaimse dhuit é!
.
Ach, fillimis ar chleachtas na maidine. Chomh luath is bheadh duine nite, pioctha, cíortha, agus gléasta, thabharfadh sé an tAireagal air fhéin, nó bhí orainn teacht le chéile ansin, ag a leath uair tar éis a sé, ar maidin. Líonadh idir ghasúir agus shagairt, nó ba shagairt iad na múinteoirí uilig, geall leis, líonaidís isteach ina suíocháin, agus arís, bhíodh a ionad fhéin, ina shuíochán fhein, ag chuile dhuine againn. Chuirfeadh sagart ceann ar na paidreacha, agus nuair a bhíodh paidreacha na maidine ráite, bhíodh thart ar leathuair a chloig le caitheamh againn, ag machtnamh, nó ag “meditate-áil”, dúinn fhéin. Ó, a Thiarna, nár dheacair fanacht i do dhúiseacht le linn an mhachtnaimh fhada, chéanna sin? Ach, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, dhéanadh muid an cleachtas sin, agus ansin, ag a seacht a chlog, bhíodh an tAifreann againn, ní gá a rá go mbíodh an tAifreann á léamh sa Laidin, ag an am sin, agus ba ghearr go raibh ar ár gcumas chuile phaidir, agus léamh, acu sin, a léamh agus a rá sa teanga ársa sin. I ndiaidh an Aifrinn, bhíodh tamall gearr againn, le cupla paidir buíochais a rá dúinn fhéin, agus ansin, ag a leath i ndiaidh a seacht, d’fhágadh muid an tAireagal, agus ag an bpointe sin, bhíodh obair tí le déanamh againn, a ghnó fhéin ag chuile dhuine againn. Fear ag scuabadh, agus fear ag snasú, fear ag ní agus fear ag glanadh, fear eile fós ag sciúradh, agus mar sin dúinn, go dtí a hocht, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh tuirse ár ndóthain orainn ag deireadh an ama sin, sea, agus muid stiúctha leis an ocras freisin. Leite, arán agus im, maraon le cupán tae a bhíodh againn don bhricfeasta, chuile mhaidin. Leamh go maith! déarfa, ach geallaimse dhuit é, nach bhfuair muidinne aon blas den bhia céanna sin tur, agus gur chaitheamar chuile ghreim de go buíoch, beannachtach, nó is maith an t-anlann an t-ocras.
.
I ndiaidh an bhricfeasta, bhíodh seal leathuaire againn, le bheith ag spraoi nó ag súgradh. Ba thráth é do chaitheamh aimsire, agus chaitheadh an chuid ba mhó de na gasúir an t-am sin ag siúlóid timpeall, ag caint, is ag comhrá. Ag a naoi, thosaíodh an obair scoile. Mhaireadh na ranganna thart ar chúig nóimead is daichead, agus bhíodh na gnáth ábhair scoile againn. Gaeilge, Béarla, Mata, Stair, Tíreolaíocht, Teagasc Críostaí, Laidin, Fraincis, agus Eolaíocht. Ní raibh rogha ar bith againn, nó bhí ar chuile dhalta na hábhair sin uilig a dhéanamh. B’in an gnáth chlár oibre a bhí leagtha amach dúinn, agus arís, caithfidh mé a rá, gur tháinig mé fhéin isteach ar an obair chéanna sin, tapaidh go leor, agus ba ghearr go raibh mé ag baint taitnimh as chuile rang acu, agus bíodh go dtugtaí an-chuid obair thinteáin dúinn, nó ní raibh ach dhá bhliain againn le cúrsa na Meanteistiméireachta a chríochnú, níor chuir an taobh sin den obair isteach ormsa, a bheag nó a mhór. Agus nach orm a bhí an t-ionadh, agus an mórtas, ag deireadh an chéad téarma sin, nuair a tháinig mé fhéin sa chéad áit, i scrúduithe na Nollag. Uaidh sin amach, bhíos im scolaire cruthanta, agus im mhac díograiseach léinn, chuile bhabhta.
Thart ar leath i ndiaidh a dódheag, bhíodh ar lón againn, ní lón a bhí ann, i ndáiríre, ach dinnéar! Bhíodh anraith againn i dtosach, anraith agus arán, agus bhaineadh sin an faobhar dár ngoile! Ansin bhíodh an príomhchúrsa againn.
Céard a hhíodh againn don phríomhchúrsa, an ea?
Bhuel, bhraitheadh sé ar céard a bhí flúirseach acu sa chistin ag an am, ach de ghnáth, gheobhaimis fataí bruite, giota feola, agus ní gá a rá, nár den scoth í an fheoil chéanna sin, agus nár chuala si trácht riamh ar “cordon bleu”, ach oiread, ach b’fhearr ann nó as di, agus chomh fada is a bhain sé linne, ba é a locht a laghad, go minic. Chomh maith le sin, bheadh glasraí de chineál éigin againn, turnapa, gabáiste, biatas dearg, cainneann, nó a leithéid, agus arís, ba mhaith an t-anlann an t-ocras, agus ba bheag den ghlasra sin a bheadh fágtha im’ dhiaidh ar mo phlátasa, ach go háirithe. Dá mbeadh an t-ádh orainn, bheadh anlann eicínt ar an bpláta freisin. Beirt de na mic léinn a dhéanadh an freastal orainn. Ó! sea, agus bhíodh gloine uisce le dul leis an ndinnéar sin, ag chuile dhuine againn. Dár ndóigh, nuair a bhíodh ceann de na Féilte móra á cheiliúradh againn, bhuel, ansin bhíodh buidéal de shú líomóide fágtha ar an mbord do chuile mhac a’ pheata againn! Ní gá dhom a rá, go mbíodh fáilte agus fiche againn roimh shólaistí dá leithéid. Ansin, bhíodh milseog de chineál eicínt againn, le críoch a chur leis an mbéile. Lá amháin bheadh úlla bruite againn, lá eile, glóthach agus custard, ach thar aon rud eile, ba é ba mhinicí mar mhilseog againn nó maróg ríse. Anois bhí cuid de na gasúir thart orm, ag an mbord, roinnt beadaí, agus cleachtadh acu ar chuile shórt beadaíochta sa mbaile, b’fhéidir, agus dá bharr sin, ní leagaidís smut ar na gnáthmhilseoga sin. Anois, níor dhuine beadaí mé fhéin, ag an am, agus bhíodh an oiread milseog le fáil agamsa is a theastíodh uaim, nó shíneadh na buachaillí beadaí sin a milseoga chugamsa. I ndiaidh an dinnéir, théadh muid ar chuairt chuig an Aireagal, agus an salm, De Profundis, á rá againn, fan an bhealaigh. Ar ball, tar éis scathaimh eile ag spraoi dúinn fhéin, thosaíodh na ranganna arís, agus leanaidís go dtí a trí, nó mar sin.
I ndiaidh na ranganna sin, bhíodh obair de chineál eicínt, nó cluiche, b’fhéidir, leagtha amach dúinn, ar a seal. Lá amháin, bheadh muid ag leagan crainn, agus á ghearradh suas le toireasc beirte, sa chaoi go mbeadh connadh againn do thinte an Choláiste. Lá eile, bheadh muid amuigh ag cur bail’ eicínt ar na bóithríní timpeall na scoile, agus lá eile fós, bheadh muid amuigh ag imirt peile, nó iománaíochta, i bpáirc an bháire. Thugadh an tréimhse sin seans dúinn aclú coirp a fháil, agus chuireadh sé bealach ar fáil dúinn le fáil réidh leis an mbreis teaspaigh a bhí ionainn, ag an aois sin. Ar aon chuma, bhíodh goile againn don tae a thagadh ar ball. Arís, ní bhíodh bianna beadaí le caitheamh againn, don tráth sin, ach bhíodh, b’fhéidir, brúitín, maraon le h-arán, margairín agus braon tae. Dheamhan locht ar bith a bhí le fáil agamsa ar an mbia céanna sin, nó nach raibh cogadh mór ag réabadh leis ar fud na hEorpa, ag an am, agus bhí rudaí ag éirí gann, ó ló go ló.
Tamall againn ansin le spraoi a dhéanamh roimh dhul ag staidéar dúinn fhéin. Tháinig muid le chéile sa Halla Staidéir, áit a raibh a bhinse fhéin ag chuile dhuine den trí scór againn. Shuíodh an Cinnire ag cúl an staidéir, agus choinníodh sé súil ar chuile dhuine, nó bhí de dhualgas airsean féachaint chuige nach dtógfadh duine ar bith rí-rá, nó raic, le linn an staidéir, agus dá dtarlódh go dteastódh rud ar bith ó mhac léinn ar bith, théadh sé chuig an Cinnire sin, le cead a fháil uaidhsean dul ar a lorg. Duine dínn fhéin ba ea an Cinnire, dár ndóigh, a roghnaigh na húdaráis don phost sin, toisc go raibh sé staidéartha, intaofa. Bhíodh a dhóthain le déanamh ag chuile dhuine againn lena choinneáil gnóthach go ham suipéir. Bhíodh an obair thinteáin, maraon le cibé léitheoireacht, nó athscrúdú, a bhí le déanamh againn, le críochnú i rith an ama a bhíodh againn sa Halla Staidéir. Gheofá an corrdhalta ag iarraidh úrscéal, nó scéal lorgaireachta, a léamh, os íseal, le linn an staidéir, ach ní bheadh duine ar bith ag iarraidh nuachtán a léamh, nó ní raibh cead againn nuachtán a cheannacht, nó a léamh, fiú na nuachtáin Chaitliceacha!
I ndiaidh an staidéir sin uilig, bhíodh muid tuirseach go maith ag a naoi a chlog, agus bhíodh fáilte againn roimh chupán tae agus canta aráin, agus níos fearr fós, i ndiaidh an tsuipéir sin, bhíodh tamall eile againn amuigh faoin aer, ag siúl, nó ag cleasaíocht. Ag deireadh thiar, thart ar a leath i ndiaidh a naoi, thugaimis an tAireagal orainn fhéin, uair amháin eile, lenár bpaidreacha oíche a rá. Ba í an phaidir a bhíodh againn an tráth sin, nó an Paidrín Páirteach fhéin, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, ba sa Laidin a deirimis é.
Ar ais linn i ndiaidh na bpaidreacha sin go dtí an Suanlios, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh ár sáith tuirse orainn, tar éis an lae ghnóthaigh a bhí caite againn óna sé a chlog ar maidin. An searmanas céanna arís. Bhí fiacla le scuabadh agus le glanadh, aghaidh le ní, agus báisín le líonadh le huisce i gcóir na maidine. Ansin, an léine oíche sin arís, agus sin uilig gan focal as duine ar bith againn, mar nárbh é sin tréimhse an “Grand Silence”. Nach raibh a leithéid mínádúrtha go maith do ghasúir thart ar cheithre bliana déag d’aois? Ní bhíodh gá le duine ar bith a insint dúinn go raibh sé in am luí, nó thugadh chuile dhuine againn an sop air fhéin, chomh luath géar is a bhí sé réidh chuige, agus minic go leor bhíodh cuid againn inár gcodlach roimh mhúchadh na soilse ag a deich.
Bhuel b’sin clár an ghnáthlae i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, Contae Mhaigh Eo, i Meán Fómhair na bliana sin 1940, agus cheap mé gurbh fhiú mo chuimhní ar an ábhar sin a chur ar phár, nó tá mé cinnte nach mbeidh a leithéid arís ann.
.
.
.
.
.
.
Ola agus Adhmad
Caibidil 18
B’fhéidir, ag an bpointe seom, nárbh aon dochar é, cur síos a dhéanamh ar tharlúintí, agus ar eachtraí, a bhain dom, fad is a bhí mé i mbun staidéir i mBéal an Átha Fhada. Caithfidh tú a chur san áireamh anois, nach raibh ionnamsa ach gasúr óg tuaithe, nach raibh tada den domhan mór feicthe aige roimhe sin, nó níor thaistil mé níos faide ná cúig mhíle slí ó mo bhaile dhúchais, baile na Druime, riamh roimhe sin. Bhí orm anois, aithne a chur ar thart ar leathchéad stócach, dem’ chomhaois, ó áiteacha éagsúla, ó cheann ceann na tíre seo, agus go fiú, nach raibh Gearmáineach amháin in ár measc, freisin. Bhí orm tosú ar pheil, iománaíocht, sacar, agus liathróid láimhe, a fhoghlaim agus a imirt. Agus gan sa mhéid sin, ach a raibh le déanamh agam mar chaitheamh aimsire! Ba é an príomhghnó a bhí idir chamáin againn i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, nó staidear a dhéanamh agus ceird na sagartóireachta a fhoghlaim, le sinn a ullmhú mar mhisinéirí chun na hAfraice.
Ag breathnú siar ar na cúrsaí sin uilig anois, feictear dom go rabhthas ag súil leis an iomarca ar fad uainn. Ní raibh ionainn ach gasúir neamhurchóideacha, ach gasúir a bhí tugtha don diabhlaíocht, agus don chleasaíocht, go minic, agus bhíothas ag súil gur chóir dúinn a bheith chomh dea-iompair le manaigh oilte, dhiaganta, foirfe. Sea, caithfidh mé a admháil anois, go rabhthas ró-dhian ar fad orainn.
Céard a tharlódh dá ndéanfadh duine rud ar bith as an mbealach, an ea?
Bhuel, bí cinnte nach n-éalódh sé gan pionós a ghearradh air. Dá ndéanfadh sé rud as an mbealach ar fad, bhuel, chuirfí an ruaig abhaile air. Mura mbeadh a choir chomh holc sin ar fad, ansin, b’fhéidir go gcuirfí ag obair amuigh ar na bóithre, os comhair an Choláiste é, le linn an bhricfeasta, chuile lá ar feadh seachtaine, sin, nó chuirfí iachall air, dul ar a glúna, le hais an dorais, le linn an dinnéir, sa chaoi go ndéanfaí é a náiriú, agus ag an am gcéanna, go bhfágfaí gan a bhéile é!
Dá dteipfeadh ar dhalta freagra a thabhairt ar cheist a chuirfí air, le linn ranga, gheobhadh sé leadóg ag bun na cluaise, a bhainfeadh dá chosa é go minic, agus gan le déanamh aige ansin, ach ceirín cen dearmad a chuimilt leis an gcruatan agus leis an náire sin, iarracht a dhéanamh ar sheasamh suas arís, agus tabhairt faoin bhfreagra athuair. Sea, agus caithfidh mé a rá, nár rud annamh nó iontach é leadóg dá leithéid a fháil, le linn ranga, an tráth úd. Caithfidh mé a admháil freisin, nach ndeachaigh éinne de na múinteoirí a bhí agam, an tráth úd, i bhfeidhm go ró-mhór orm, ach ní hionann sin is a rá, nach raibh meas agam orthu, agus urraim agam dóibh, nó ní hionann sin is a rá, ach oireadh, nár fhoghlaim mé le fonn agus le fuadar uathu, nó rinne.
Bhí cúrsaí seanársa go maith sa Choláiste céanna, an t-am sin. Ní raibh cúrsaí séarachais thar mholadh beirte, d’fhéadfá a rá, agus ní raibh leictreachas, ná soláthar uisce, ar fáil ann, ach oiread. I gcás an uisce, is amhlaidh a bhí tobar fíoruisce, in aice an Choláiste, agus bhí caidéal os a chionn sin, agus bhíodh orainne, gasúir, chuile dhuine againn, ar a sheal, tamall a chaitheamh i mbun an chaidéil láimhe, a bhí socraithe acu os cionn an tobair sin, a chasadh. Sa tslí sin, líontaí an t-umar ollmhór a bhí socraithe ar dhíon an tí acu, agus chuirfeadh sin uisce ar fáil, ar feadh scathaimh eile, agus ansin, ar ball, bheadh beirt eile ainmnithe dá seal siúd ar dhualgas pumpála. Sa tslí sin, ní fhágtaí sinn riamh gan dóthain uisce ar fáil do cibé gnó a bhí idir lámha againn.
I gcás an leictreachais, bhuel, ní bhíodh againn nuair a chuaigh mise ansin a chéaduair, sa bhliain 1940, ní bhíodh againn, mar fhoinse solais, ach na lampaí pairifín, agus arís, ba air na gasúir a thit an crann iad sin a lasadh, chuile thráthnóna, agus iad a mhúchadh, ar ball, nuair a bhíodh a ngnó déanta acu. An dara bliain a chaith mé ansin, bhíothas i mbun athruithe, nó bhí údaráis an Choláiste tar éis socruithe a dhéanamh, le muileann gaoithe a thógáil ar dhíon an Choláiste, agus chuireadh an muileann sin soláthar leictreachais ar fáil, don scoil ar fad. Ach céard a tharlaíodh, nuair nach mbíodh an ghaoth ag séideadh? Bhuel, bhí rang cadhnraí feistithe thuas in áiléar, agus dhéantaí an leichtreachas a stóráil iontu siúd, le linn stoirme agus gaoithe móire, nuair a bhíodh an iomaraca leictreachais a ghiniúint, le haghaidh lá na coise tinne. Chuir na hathruithe sin go mór le háiseanna na scoile, agus rinne cúrsaí solais i bhfad Éireann níos simplí, níos gile, agus níos fearr, dúinne.
Bhí feirm mhór ag an gColáiste, nó fuair siad sin le huacht ón gCunta de Bláca, a bhronn an t-árus agus an fheirm ar an SMA, i dtosach báire. Bhí stíobhard acu i gceannas ar an bhfeirm sin, agus tráth ar bith a thiocfadh sé crua ar mo dhuine, agus é ag titim ar gcúl leis an obair, nach raibh leathchéad ógánach scafánta ansin i mbun léinn, agus nach raibh sé éasca go maith iad a mhealladh ó na leabhair, le lá, nó dhó, a chaitheamh amuigh faoin aer, ag cur na bhfataí san Earrach, nó á bpiocadh sa bhFómhar, nó fiú nuair a bhíodh an t-arbhar á bhualadh san iothlainn, ag deireadh an Fhómhair, nach raibh sé an-áisiúil glaoch ar na spailpíní cráifeacha, leis an sclábhaíocht uilig sin a dhéanamh, agus nárbh é an bua ba mhó a bhain leis an ngnó sin uilig, nó nach gcosnódh sé pingin rua, leis an obair sin uilig a dhéanamh! Mo chuidse de, b’fhuath liom an obair sin i gcónaí. Ba rud amháin é an cineál sin oibre a dhéanamh sa bhaile, nó ní bhíodh an oiread sin le déanamh againn, tharla nach raibh againn ach feirm bheag, agus d’fhéadfainn sos a thógáil, am ar bith ba mhaith liom, ach sa Choláiste, ba scéal eile ar fad é, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, bhíodh múchadh ag gabháil dom go minic ag an am sin. Ní raibh cead ag gasúr ar bith seal a chaitheamh ag tomhas tairní, geallaimse dhuit é. Dá ndéanfadh sé a leithéid, bí cinnte go mbeadh air cuntas a thabhairt do dhuine dá shaoistí, ar ball, agus bí cinnte freisin, go ngearrfaí pionós cuí air, in am tráth. Céard faoi na gasúir eile, an ea? Ar thaitin an cineál sin oibre leosan? Bhuel, chomh fada agus is cuimhin liomsa é, ní raibh duine ar bith in ár measc a bhain taitneamh, nó toit, as na laethe fada sin, a chaitheamar inár spailpíní feirme, ach ag an am gcéanna, bheadh duine sásta cur suas lena leithéid, toisc gur thug sé sos ó na leabhair, agus ó na leadóga diabhalta sin dúinn, agus lena chois sin, thug sé deis dúinn aithne níos fearr a chur ar a chéile. Agus, fiú amháin, mura dtaitneodh an cineál sin oibre linn, ní raibh leigheas againn ar an scéal, nó bhíomar scoite amach ónár muintir, agus tuigeadh dúinn go mba chuid de thraenáil an tsagairt é, obair dá leithéid a chleachtadh, agus cur suas le beagáinín den chruatan, agus den anró, le sinn a thuaradh le hobair chrua na misinéireachta, agus caithfear a admháil go raibh a gciall fhéin ag údaráis an Choláiste, ag an am, nó ba shaol eile ar fad a bhí ann na laethe úd.
Adhmad a d’úsáidtí mar chonnadh i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, an tráth úd, agus tuigfidh tú fhéin, go dtógfadh sé roinnt mhaith adhmaid le tinte na hinstitiúide sin a choinneáil ar siúil, ó cheann ceann an lae, agus ó sheachtain go seachtain, fad is a bhíodh na hábhair sagairt sin uilig ag cur fúthu ann.
Cá bhfaigheadh siad an t-adhmad sin uilig, an ea?
Cé chuirfeadh an oiread sin adhmaid ar fáil dóibh?
An ceart ar fad agat! Na spailpíní diaganta céanna sin, ar baineadh úsáid astu leis na scoilteáin a chur, leis na fataí a phiocadh, agus leis an arbhar a bhualadh dóibh freisin, sea, agus leis an obair ghlantacháin uilig go léir a dhéanamh, istigh agus amuigh, saor in aisce, gan chlamhsán, gan sciolladh.
Ach conas a d’fhéadfaidís an t-adhmad sin a chur ar fáil don scoil ar fad?
Le stró, agus le hanró, geallaimse dhuit é. Bhíodh seal oibre againne san iarnóin, trí nó ceithre lá sa tseachtain, agus in áit bheith ag deisiú bóithre, agus bóithríní, agus ag tabhairt aire do na bláthanna, agus do na torthaí, thógtaí sinn amach chun na coille, agus bhí coillte fairsing go maith ar thailte an Choláiste. Thógtaí amach freisin, chuile ghléas a bheadh riachtanach le crainn a leagan, agus a ghearradh suas, agus a scoilteadh, ansin. Bhíodh oird, tuanna, toirisc beirte, agus dingeanna, againn. Bhíodh sagart inár mbun, agus bhíodh fios a cheirde ag an bhfear sin, gan aon agó, nó b’fhear é, a raibh na blianta fada caite aige ar na misin san Aifric, áit ar foilsíodh dó, go mb’fhearr lán doirn de cheird, ná lán mála d’ór, agus dá thairbhe sin, b’fhear é, a raibh chuile cheird ar a dheis aige, nó b’in mar a b’fhacthas dúinne é, ar aon nós. Thógadh sé dream againn leis chun na coille, áit a raibh cupla crann pioctha amach aige, roimh ré. Bhíodh chuile ghléas a bhí riaachtanach, á iompar ag na spailpíní. Dheineadh an “taoiseach” an crann a scrúdú, i dtosach báire, féachaint cén áit a thitfeadh sé. Chuireadh sé fear in airde ansin le rópaí a cheangal le craobhacha áirithe, agus shíneadh sé na rópaí, píosa fada amach ó bhun an chrainn, sa tslí nár bhaol do na gasúir a bheadh ag tarraingt ar na rópaí sin, nuair a bheadh an crann ar tí titime. Agus an méid sin déanta, thosaíodh sé ag oibriú na tua, go mbeadh eang dhoimhin gearrtha aige ar bhun an chrainn, thart ar throigh os cionn na talún. Thugadh sé seal dúinne, corruair, ag foghlaim ceird sin na tua, bíodh is nach raibh cuid againn ábalta fós ceol a bhaint as an ngléas céanna sin. Nuair a bhíodh an eang sin doimhin go leor, chuireadh se beirt againn ag obair le toireasc beirte, agus muid ag gearradh linn, san áit a raibh an eang gearrtha ag mo dhuine. Ní fhágtaí aon bheirt ró-fhada ar an dtoireasc beirte sin, nó ba dhiabhalta crua an obair í, bheith i mbun an ghnó sin. Tar éis cupla nóimead, chuirtí beirt eile isteach ina n-áit siúd, agus mar sin dóibh. Ar ball, nuair a bheadh an gearradh sách doimhin, dhingtí na gingeanna isteach sa ghearradh, agus dhéantaí iad a bhrú isteach sa ghearradh leis an ord, agus sa tslí sin, choinnítí an gearradh sách leathan leis an dtoireasc a oibriú ann. Ar ball, nuair nach mbíodh fágtha le gearradh ach píosa beag eile, ansin bhaintí úsáid arís as an dtua, le heang eile a ghearradh sa phíosa a bhí fós gan gearradh, nó sa tslí sin, dhéantaí deimhin de, go dtitfeadh an crann sa tslí a bhí ceaptha dó, ó thús. Ansin, an toireasc arís, ach ag an bpointe seo, thógadh fir na rópaí páirt sa ghnó, nó dhéanadís siúd na rópaí a theannadh, agus a tharraingt. Ba ghearr ansin go gcloistí giúnaíl agus scréachaíl ón gcrann, agus b’in an t-am leis an dtoireasc a sciobadh as an ngearradh, agus imeacht as an mbearna baoil chomh tapaidh is a bhí inár gcosa. Bhaineadh an crann mór searradh agus craitheadh aisti fhéin, agus ansin, go mall réidh, i dtosach, agus ansin, níos tapúla, agus níos tapúla fós, thiteadh sí anuas, agus le torann cluasphléascach thuairteálfadh sé anuas ar an talamh. Bhristí agus réabtaí na géaga a bhí in íochtar, agus thionáintí roinnt mhaith acu síos tríd an talamh, rud a léiríodh dúinne chomh contúirteach is a bheadh sé, bheith san áit mhícheart ag nóiméad úd na titime.
Ba ansin a thosaíodh an obair i ndáiríre, nó bhí na mionghéaga le baint den chrann, agus na géaga troma le glanadh, agus ansin le gearradh. Ag an bpointe sin thosaítí ar stoc an chrainn a ghearradh leis an dtoireasc beirte, agus geallaimse dhuit é, go mba chrua, maslaitheach an obair í sin, do ghasúir nach raibh cleachtadh acu riamh ar a leithéid d’obair. Ach, nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith, agus ba é an scéal céanna againne é, nó ní raibh an dara rogha againn, ach déanamh mar adúradh linn. Ní chaití tada ar leataobh. Choinnítí na cipíní le húsáid mar bhrosna, agus bhaintí úsáid as chuile phíosa eile den chrann, mar chonnadh don Choláiste, le tinte agus soirn a choinneáil sa tsiúl, ó cheann ceann na bliana. Nuair a bhíodh an chéad fháinne de stoc an chrainn gearrtha, chuirtí ar leataobh é, agus dhéantaí é a scoilteadh ina phíosaí, sách beag, le cur isteach i sorn, nó le húsáid ar thine. Leis an dtua a dhéantaí an gnó sin, agus chomh luath is a bhíodh na smutáin sin réidh, bhí gnó eile le déanamh againne spailpíní, go háirithe acu siúd, nach raibh ró-oilte i mbun an toirisc, agus b’in na smutáin sin a iompar, ina ngabhálacha, isteach chun na cistineach, áit a ndéantaí iad a chruachadh, sa tslí go mbíodh carn mór den adhmad scoilte sin i dtaisce acu i gcónaí, le connadh a choinneáil leis na soirn ollmhóra a bhí á n-úsáid acu ansin.
Ar deireadh, shéidtí feadóg, agus b’in comhartha do na spailpíní go raibh sé in am dóibh filleadh ar an gColáiste arís, le dul ag déanamh léinn. Ach geallaimse dhuit é, go mbíodh muid tinn tuirseach, go minic, tar éis ár saothair amuigh i lár na coille craobhaí. Ach nuair a bhreathnaím siar ar an ngnó anois, feictear dom go mba chontúirteach, amach is amuigh, an gnó a bhíodh idir lámha againn, na laethe úd fadó, agus ní dóigh liom, go mbeadh ar ábhair shagairt an lae inniu déanamh mar a rinneamarna, agus b’fhéidir gurbh fhearrde amhlaidh iad.
.
Hormóin ag léimneach
Caibidil 19
.
Is beag nach bhfuil mé críochnaithe anois le mo chuimhní ar Choláiste an Chroí Ró-Naofa, i gContae Mhaigh Eo. Ach caithfidh mé a admháil dhuit, a léitheoir, go bhfuil leisce áirithe orm fós, an tseanáit sin a fhágáil taobh thiar díom, nó ba ansin a chaith mé dhá bhliain órga de laethe geala m’óige, agus bíodh go raibh mé scartha ó mo chine, agus ó mo mhuintir, agus bíodh nach raibh aon arán saor le fáil agam san áit chéanna sin, mar sin fhéin, is geal lem’ chroí fós na cuimhní a ritheann chugam, aniar as an tréimhse sin de laethe m’óige.
Ba é an chéad rud a chuaigh i gcionn orm nó an scoil fhéin. B’fhathach de theach, amach is amuigh, é, agus é galánta, dea-dheartha, dea-dhéanta, ó bhun go barr. Ní raibh tada dá leithéid feicthe agamsa, ar mo shúile cinn, le mo bheo roimhe sin. Is amhlaidh a d’fhás an t-áras taibhseach sin suas as an mbán glanbhearrtha, a bhí leagtha amach os a chomhair amach, agus faiche a bhí bearrtha go bun na dúide, thart air. B’in mar a bhi sé an chéad lá ar leag mise súil air, i Meán Fómhair na bliana, 1940. Ach níor sheó go dtí é san Earrach, nuair a bhíodh an fhaiche sin ar fad ina brat órga ag lusa lasracha, luascacha, an chromchinn, agus iad leagtha amach ina mbuíonta, agus ina gcipí, faoi mar a bhí na saighdiúirí socruithe, ullmhaithe. do chath Waterloo. Is dócha go ndéarfadh duine gur bheag a bhí le déanamh ag daoine sna laethe úd fadó, faoi rá is go gcaithfidís a ndúthracht ag plandáil na lusa cromchinn ar an dóigh neamhghnách sin, ach beatha dhuine a thoil, mar adeireadh an seandream fadó, agus nach acu a bhí an ceart. Agus lena chois sin, nár bhoc mór, amach is amuigh, é an t-únaeir, an Cunta Llewellyn De Bláca fhéin, oidhre na mBlácach i Cloghballymore House, i gContae na Gaillimhe, a bhronn a thithe agus a thailte ar na Misin Choigríocha. Rinne mé cur síos cheana daoibh ar an leagan amach a bhí ar an gColáiste, ar an dtaobh istigh, ar na seomraí, an Bhialann, an Suanlios, an t-Aireagal, agus an Halla Mór Staidéir, agus níl fúm a thuilleadh a rá anseo fúthu sin, ach b’fhéidir nárbh aon dochar é, tagairt a dhéanamh, go sciobtha, do na faichí imeartha a bhí againn, i ngar don scoil. Chomh fada is a théann mo chuimhne anois, bhí péire páirceanna againn, mar pháirceanna imeartha, agus b’ansin a d’fhoghlaim mé fhéin, agus gasúir eile chomh maith liom, scileanna na gcluichí náisiúnta, mar cé go rabhthas dár dtraenáil do na misin choigríocha, bhí an náisiúnachas de dhlúth agus d’inneach i gcóras oideachais na tíre seo, ag an am sin. Agus, bíodh go raibh breac-eolas ag cuid againn ar na rialacha a bhain leis na cluichí sin, mar sin fhéin, bhí oiliúint agus traenáil sna scileanna cuí, ag teastáil go géar uainn. Níor imir mé fhéin mórán cluichí roimhe sin riamh, ach amháin na cluichí a d’imríomar cosnochtaithe, i gcoinne foirne Bhéal an Mhuirthead, nuair a bhain na “townies” na rúitíní agus na loirgne dínn, lena mbróga siopa, ach ba ghearr gur tháinig muid isteach ar na cluichí céanna sin, agus go raibh ar ár gcumas iad a imirt go seoigh.
Ba sa scoil sin an Chroí Ró-Naofa, a chuir mé aithne den chéad uair, freisin, ar na lámhainní dornála. Mar seo a tharla. Bhí sagart óg inár mbun, ag an am, agus is dócha go raibh suim faoi leith aige fhéin sa dornálaíocht. Bhuel, ní shásódh tada an fear céanna go raibh cró dornálaíochta leagtha amach aige dúinn, agus ansin, rinne sé chuile iarracht ar scileanna na ceirde sin a mhúineadh dúinn. Is dócha gur tuigeadh dó, go mbeadh gá ag sagairt leis an scil chéanna sin, sa todhchaí! Ar aon chuma, ba bheag mo spéis fhéin sa chluiche chéanna sin, ach corruair, ní raibh aon dul as agam. Caithfidh go raibh mé contráilte go maith, na laeathe úd, murab ionann is anois! go háirithe, nuair a bhínn ag imirt cluichí, nó a leithéid. Bhuel, nuair a d’éiríodh idir aon bheirt againn, agus nuair a thagadh an sagart óg sinn orainn, i mbun troda, – agus thagadh, – meas tú céard a dhéanadh sé, le deireadh a chur leis an argóint?
Tá an ceart agat. Shocraíodh sé am faoi leith, agus bhíodh ar an mbeirt trodairí bheith i láthair sa chró dornálaíochta, ag an am spriocáilte, agus iad ullamh ina lámhainní dornála, le troid a dhéanamh os comhair na scoile ar fad, agus an sagart óg úd ina réiteoir ar an mbabhta dornálaíochta sin. Fanann cuimhne na laethe úd liom go dtí an lá atá inniu ann, agus is féidir liom boladh leathair na lámhainní a fháil fós im pholláirí, agus é chomh bréan inniu is a bhí sé breis is trí scór bliain ó shoin anois. B’fhuath liom fhéin na troideanna céanna sin, nó ba rud amháin é, troid a thosú nuair a bheadh rabharta feirge ar dhuine, ach níorbh ionann sin in aon chor agus troid a dhéanamh le gasúr eile, agus gan fearg, nó tada dá leithéid ort leis, agus an scoil ar fad ag breathnú orainn, agus dár ngríosadh chun troda, ach mhaolaigh sé go mór ar aon fhonn troda a bhí beirthe sa chnámh ionnamsa, geallaimse dhuit é. Ba chosúil é sin, dár liomsa, agus an chaoi a gcuireadh muidinne gasúir na madraí ag troid fadó. Ba rud fuarchúiseach, amach is amuigh é, ach ag an am gcéanna, is dócha gur chabhraigh sé linn srian eicínt a chur ar ár bhfearg, sa chaoi gur mhúin sé dúinn, conas smacht agus guaim a choinneáil orainn fhéin, earraí a bhí chun ár leasa, sna blianta a bhí romhainn amach. Mar sin, maithim don sagart óg sin a dhúil mhallaithe sa dornálaíocht, agus sa bhfuil, dár linne, le linn m’óige-se. Chuireadh an sagart óg sin lá spóirt sa tsiúl dúinn, anois is arís, nuair a thógadh sé dornálaithe ó Chlub dornálaíochta i gCaisleán an Bharraigh isteach go Coláiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, le comórtas dornálaíochta a eagrú eatarthusan agus gasúir an Choláiste. B’in an áit a mbíodh an fhuil, geallaimse dhuit é, ach i ndeireadh na dála, ní dóigh liom go raibh gasúr ar bith inár measc-na a chloígh leis an dornálaíocht, mar spórt, nó mar chaitheamh aimsire, fiú, ina dhiaidh sin.
Sea, geallaimse dhuit é, go raibh bealaí acu sa Choláiste sin, le smacht a chur i bhfeidhm ar ghasúir cosúil linne. Is cuimhin liom, go mbíodh sé de nós againn, freastal ar na boird, le linn na mbéilí, ar ár seal. Bhí buntáistí ag gabháil leis na ngnó sin, nó nuair a bhíodh a mbéile críochnaithe ag na daltaí eile, agus ag na sagairt freisin, d’imíodh siadsan chun an Aireagail, le cupla paidir a rá, agus d’fhanadh na giollaí boird sa mbialann, lena mbéile fhéin a chaitheamh, ar a sástacht. Anois, thugadh sin deis dóibh im, earra a bhí gann go maith ag an am, agus sólaistí eile freisin, a thógáil ó bhord na sagart, agus ba gheall le hór buí an t-im céanna sin i measc na ndaltaí, nó ní bhíodh le fáil acusan ach an margairín, earra nár thaitin leis na daltaí a raibh aon bheadaíocht in aon chor ag baint leo. Bhuel, tharla lá amháin, gur rugadh ar roinnt áirithe againn i mbun na hoibre sin, agus geallaimse dhuit é nár ligeadh saor gan pionós sinn. Ba é a dheinidís linn, nó gan aon bhricfeasta a thabhairt dúinn ar feadh seachtaine, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, chuirtí iachall orainn, an t-am sin a chaitheamh, ag gíotáil, os comhair na Bialainne amach, sa chaoi go raibh radharc iomlán ag chuile dhuine sa scoil orainn, agus tuiscint mhaith acu freisin, ar an fáth a bhí leis an bpionós sin a gearradh orainn! Is dócha gur múineadh ceacht eicínt dúinn an tráth sin freisin, ach níl mé cinnte amach is amuigh cén ceacht é. Déarfadh duine, b’fhéidir, gur múineadh dúinn nár chóir baint le cuid na gcomharsan, agus déarfadh daoine eile, b’fhéidir, gurbh é an ceacht a múineadh dúinn nó a bheith níos cúramaí, an chéad bhabhta eile! Bíodh do rogha agatsa, ach mo chuidse de, ní dóigh liom gur mhúin sé tada dhom ach fuath don chur chuige sin mar mhodh múinte, nó níor thaitin sé riamh liom, ó shoin anuas, duine ar bith a fheiceáil á náiriú go poiblí.
B’fhéidir gur mhaith le duine eicínt ceist a chur orm faoi chúrsaí gnéis, agus a leithéid, áit a raibh thart ar thrí scór ógánach teanntaithe istigh le chéile, agus gan comhluadar ban ar an “menu”, mar adéarfá, olc maith nó dona, agus sin ag tarlú tráth a raibh a gcuid hormón ag tabhairt trí léim táilliúra as a gcorp agus as a gcabhail sa chroí istigh iontu, gach dara meandar?
Bhuel, ba ghnáth-ógánaigh iad i ngach uile shlí, agus bíodh go raibh siad teanntaithe istigh sa Choláiste ar feadh bhunús na bliana, bhídís ar saoire sa bhaile ar feadh thart ar cheithre mhí, i rith na bliana céanna sin, agus i rith an ama sin, bhíodh fáil acu ar chomhluadar agus ar chomhairle ban. Chomh maith le sin, bhíodh roinnt cailíní óga ag obair sa Cholaiste, rud a thugadh deis dóibh a ngairm chun na sagartachta a thástáil, agus dár ndóigh, bhí na ceathanna fuara ansin i gcónaí, leis an teaspach a bhaint as duine ar bith a bheadh ina ghátar sin! Ba dhéagóirí iad na hábhair óga sagairt sin, a raibh múineadh an tsagairt a chur orthu, gnó nach raibh, agus nach bhfuil, éasca, am ar bith, ach nuair a chuireann tú le sin óige na ngasúr, tuigfidh tú go raibh fonn níos mó orthusan, an tráth úd, éisteacht le dea-chomhairle ó dhaoine fásta, agus seans níos fearr ann, go ndéanfaidís dá réir. Ní gá dhom a rá, sna cúrsaí seo, nach dtabharfaí an dara seans do dhuine ar bith a gheofaí ciontach i mbreathnú thar chlaí na haontumhachta amach! Sea, ach tharlaíodh a leitheid corruair, agus ó tharla gur dhúisigh mé fhéin an giorrai sin, caithfidh mé a admháil, nár choinnigh mé fhéin mo shúile dírithe ar an talamh, chuile bhabhta, agus bhí radharcanna áirithe a chuirfeadh mo chuid hormón ag déanamh “Ballaí Luimní”, chomh maith le fireannach ar bith eile!!!
Cuimhne eile a fhanann glas liom, go dtí an lá atá inniu ann, agus déarfainn go gcuirfeá fhéin suim ann freisin.
Cén chuimhne atá i gceist agam anois, an ea?
An modh taistil a bhí againne, daltaí, agus muid ag dul i mbun na Meánteistiméireachta.
Agus cén modh taistil é fhéin?
“Jaunt”, mar a thugadh muintir Árann air, blianta fada ó shoin, agus b’fhéidir go bhfuil an focal céanna sin in úsáid ar Inis Mór, Árann, go dtí an lá atá inniu ann. Sea, Carr Cliathánach, b’in an modh taistil a bhí againn, le sinn a iompar ó Choláiste an Chroí Ró-Naofa go Caisleán an Bharraigh, turas de dheich míle slí, b’fhéidir, ó tharla nach raibh ionad scrúduithe dár gcuid fhéin againne, an tráth úd, agus bhí spás dúinn i St. Geralds College, i gCaisleán an Bharraigh. Is cuimhin liom fós, boladh an chapaill, agus torann an úim agus na gcrúb, agus muid ag bogadh linn, ar sodar, fan an bhóthair fhada sin. Thug an turas sin deis dúinn, ceisteanna a phlé agus a chur trí chéile, agus muid ag gluaiseacht ar ár sáimhín só chun an bhaile mhóir. Sea, b’in iad laethe geala na hóige, nuair a bhí ceol agus rithim aerach i ngach rud faoin speir, sea, agus taitneamh agus tairbhe le baint as gach aon cheo.
B’in iad na laethe, nuair a théadh muid ag siúlóid, chuile mhaidin, síos bóthar an Choláiste, go dtí dealbh Phádraig, ag bun an bhóthair sin, agus nuair a bhíodh an uain go breá, bhíodh radharc iontach, álainn, spreagúil, le fáil againn, ar Chruach fhíor-álainn Phádraig.
Ach anois, fágfaidh mé an tréimhse spreagúil, uaigneach, corraitheach sin, dem’ shaol taobh thiar díom, agus leanfaidh mé sruth na beatha, faoi mar a shil sé leis, ó laethe Choláiste an Chroí Ró-Naofa úd, ar aghaidh, agus déanfaidh mé iarracht, sa chéad chaibidil eile, cur síos ar Choláiste Sheosaimh Naofa, i Wilton, a bhí suite ar imeall Chathair Chorcaí an t-am sin, mar a raibh mé fhéin im’ mhac léinn sagartachta, ar feadh trí bliana corraitheacha eile.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Fálta á dtógáil
Caibidil 20
.
Chaith mé Samhradh na bliana 1942, sa bhaile, i mbaile na Druime, in Iorras, agus mé ag baint taitnimh as an saol sa bhaile. Ní bhíodh an oiread sin le déanamh agam na laethe úd, ach ghlacainn páirt ghníomhach i saol laethúil na feirme. Ní gá dhom a rá arís, nach raibh againn ach feirmín beag talaimh, ach dá laghad an feirmín, is ea ba mhó iad na graithí beaga a bhí le déanamh sa timpeall air, ag an aos óg. Bhíodh móin le sábháil, le cur amach, agus le tarlú abhaile, agus ní call dom a rá, gur ghlac mé fhéin páirt san obair sin uilig. Ní gá dhom a rá, ach oiread, nach mbíodh innealra ar bith in úsáid againn, leis an obair mhaslaitheach sin a dhéanamh. Ní bhíodh, mh’anam, sinn fhéin a dhéanadh an mhóin a shábháil, idir scaradh, iompó, agus ghróigeadh. Ní bhíodh de chabhair againn leis an mhóin a chur amach ar thaobh an bhóthair, ach Neidí fhéin, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh muidinne chomh cruógach leis na hasail bhochta fhéin, ar ócáidí dá leithéid.
Bhíodh buachailleacht le déanamh ar na ba freisin, agus geallaimse dhuit é, nach mbíodh an gnó sin ró-éasca, ach oiread, nó bhíodh chuile shórt bradaíl á dhéanamh ag na ba s’againne, an tráth sin bliana, nó bhíodh barraí agus féar ag fás leo go buacach, sea, agus na gais ar áilleacht, agus ar mhilseacht, an domhain freisin, rudaí a mheallfadh bó bhradach ar bith, le tamall a chaitheamh le haer an tsaoil. Cuir le sin, go mbíodh ba againn freisin ag iníor sna dumhcha, a bhí, an t-am sin, mar choimíneas ag dhá thionónta is triocha, as na bailte timpeall. An tráth sin bliana freisin, bhíodh fataí le spraeáil, fiailí le baint, féar le sábháil, arbhar le tógáil, agus súgáin le casadh. Sea, agus de ghnáth, bhíodh siad tosaithe ar bhaint na bhfataí, roimh dul ar ais ar scoil domsa, i Mí Mheán an Fhómhair. Ach taobh amuigh de na graithí sin uilig, ní call dom a rá go mbíodh neart ama agam, le dul ag snámh, ag cladóireacht, agus ag déanamh spraoi, lem sheanchairde. Sea, níor bhasctha de mar shaol! Agus cuir le sin, go mbíodh mé ar ais i measc mo mhuintire fhéin, thiar in Iorras na nIontas, tar éis dom téarma fada, crua, staidéir, a chaitheamh i gceann de na Coláistí sagartachta úd, ar a mbíodh mé ag freasatal, an tráth sin.
Is dócha gur cheart dom cuid de na míbhuntáistí a bhain leis an bhfreastal ar na Coláistí sagartachta úd a lua anseo. Ar an gcéad dul síos, bhris siad an snaidhm a bhí mar cheangal idir mise agus mo phhobal dílis fhéin i mbaile na Druime. Ba straisnéar feasta mé i measc mo mhuintire fhéin. Chreim léann úd an tsagairt an snas draíochta a bhain leis an gcultúr, agus leis an tsibhialtacht ársa, ar díobh mé. Ní raibh an meas céanna agam feasta ar thithe beaga bochta ceann tuí mo dhaoine fhéin, nach bhféadfaí a chur i gcomparáid leis na foirgnimh shnasta, dea-dheartha, fairsinge, a bhí thart orainn, le linn dúinn bheith ag freastal ar na tithe móra úd, a d’fhág an Cunta Llewellan Blake le huacht ag an SMA. Ní raibh an meas céanna agamsa feasta ar na díonta ceann tuí, ar na fallaí aoldaite, nó ar na tinte oscailte mar chóras cócaireachta.
Bhí sin uilig dona go leor, ach bhí rud níos measa fós ag baint leis an gcineál sin oideachais. Cuireadh ar ár súile dúinn, nach raibh canúint iargúlta ár muintire sa bhaile, inghlactha mar mheán cumarsáide, don sagart léannta, agus sa tslí sin, tógadh claí ard eile idir mé fhéin agus mo mhuintir thiar. Caithfidh mé a rá, nár dhein mé dearmad riamh, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, ar an éagóir neamhbheartaithe sin, a deineadh orainne, ábhair shagairt, i gcoláistí sagartachta na tíre seo, ag an am sin. Is dócha go bhféadfaí sin uilig a chur i gcrích, ar mhódh nach mbainfeadh den mheas, nó den urraim, a bhí againn dár muintir fhéin, nó dár gcultúr fhéin, ach baineadh úsáid as an searús, agus as an magadh, mar airm, le sinn a scaradh ón bpobal ba dhúchas dúinn. Ní call dom a rá, gur éirigh liom, ar ball, cúl a chur ar an bhfolcadh intinne sin, agus gur mó, go mór fada, mo mheas ar mo dhúchas inniu ná riamh, ach ag an am gcéanna, fanann cuimhne na héagóra úd, go glas, i gcistin na gcuimhní, sa tslí go mbíonn orm na cuimhní céanna sin a dhíbirt go rialta as croí m’anama.
Ach le filleadh ar an scéal…Am áirithe, i Mí Lúnasa na bliana sin, 1942, tháinig litir chugainn ó Choláiste an Chroí Ró-Naofa, ag cur in iúl dúinn gur éirigh thar barr liom i Scrúdú na Meánteistiméireachta, agus dá bharr sin, go rabhthas ag súil anois, go mbeinn ag dul go Coláiste Sheosaimh, i Wilton, ar imeall chathair Chorcaí, i dtús Mhí Mheán Fómhair. Ní gá a rá, go raibh áthas an domhain orm fhéin gur éirigh liom chomh maith sin sa Mheánteistiméireacht, agus bhí sceitimíní áthais orm freisin, go mbeinn ag dul go Coláiste Sheosaimh, i gceann achair ghearr. Ní cuimhin liom anois an gliondar céanna a bheith ar na daoine thart orm, nó is dócha nach mbíodh cleachtadh ró-mhor ag daoine thiar, an tráth úd, ar dhaoine ag déanamh scrúduithe poiblí, murab ionann is an lá atá inniu ann. Ach bhí mo mhuintir fhéin bródúil go maith asam, agus moladh go mór mé as an éacht a bhí déanta agam, an chéad duine de Bhairéadaigh na Druime ar éirigh leis an Mheánteistiméireacht chéanna sin a dhéanamh, gan trácht in aon chor ar marcanna arda a fháil inti. Ach sin scéal eile d’oíche eicínt eile.
In éineacht le toradh an scrúdaithe sin, dár ndóigh, fuaireamar chuile eolas faoi’n scoil nua úd i gCorcaigh, agus ar chuile shórt a bheadh ag teasatáil uaim, le linn dom bheith ag freasatal ar an gColáiste céanna sin. Bhuel, ceannaíodh a raibh le ceannacht, agus ullmhaíodh a raibh le hullmhú, agus ar an lá spriocáilte, bhí mo mhálaí pacáilte ullamh agam. Ní call dom a rá, gurbh iad mo dheirfiúracha agus mo Mham fhéin a rinne bunús na pacála céanna sin, nó cheana féin, bhí mo mhuintir thiar ina míle cuid thart orm, agus ómós an tsagairt á thabhairt dom acu, cé nach raibh ionnam fós ach sagairtín. Ar an mhaidin spriocáilte sin, bhuaileamar bóthar arís, mé fhéin is mo dheartháir Seán, grásta ó Dhia air, agus d’iompar seisean mo mhálaí taistil ar a rothar, agus ba ghearr an mhoill orainn Béal an Mhuirthead a bhaint amach, nó ní thagadh an bus thar dhroichead Bhéal an Mhuirthead, isteach sa Mhuirthead, an tráth úd. D’fhágamar slán ag a chéile agus isteach liom fhéin sa bhus, áit ar chuir Tom Cuffe, agus a stiurthoir, fáilte is fiche romham, agus thugadar aire dom’ mhálaí freisin dom. Ar ball, d’ardaigh siad a seolta, agus ba ghearr an mhoill orthu Béal an Átha a bhaint amach. Thart ar dhá uair a chloig a thógadh sé ar an mbus an dá scór míle sin a thaisteal, nó ní raibh na bóithre céanna thar mholadh beirte, an t-am sin.
Bhí go maith, is ní raibh go holc. Shroicheamar Béal an Átha, thart ar a haondhéag ar maidin, agus ar an droch uair, bhí traein na maidine sin glanta lei as an stáisiún, cheana féin, agus ní bheadh traein eile ag dul amach go dtí an mhaidin dár gcionn. Dona go leor, a tháilliúir! arsa mise liom fhéin, agus d’fhág sin nach raibh le déanamh agamsa ach an lá fada sin a chaitheamh, ag siúl timpeall ag tabhairt chuile sórt faoi deara, sea, agus béile a chaitheamh, nuair a bheadh gá lena leithéid. Chuir mé fúm, an oíche sin, in Óstán an Néifin, i Sráid Artúir, cóngarach don Scardán úd, a bhí suite, ag an am sin, mar a bhuaileann Bóthar Bhéal an Mhuirthead le Bóthar Bhéal Easa. Ní fhéadfainn a rá gur bhain mé taitneamh as an lá fada fuar sin, a chaith mé ansin i mBéal an Átha, ar bhruacha féarmhara méithe na Muaidhe, i dtús Mhí Mheán Fómhair, sa bhliain 1942, ach caithfear cur suas leis an rud nach bhfuil leigheas air, agus bhí mé ‘mo shuí go breá luath, an mhaidin dár gcionn, agus mé ar mo bhealach go dtí stáisiún na traenach, i mBéal an Átha. Ní call dom a rá, go raibh an cogadh faoi lán tseol, an tráth úd, agus ní call dom a rá, ach oiread, go raibh chuile shórt connaidh gann, sa tír seo, ag an am, agus dá bharr sin, bhí na traenacha mall, tuirsiúil, neamh-mhuiníneach. Ba mhall tuirsiúil an turas é ó Bhéal an Átha go Luimneach, nó ní raibh ar ár gcumas dul níos faide ná sin, an dara lá sin. Muid ag stopadh anseo is ansiúd, fan an bhealaigh, agus muid ag iarraidh chuile bhabhta, a fháil amach, tuige an mhoill ar fad. Bhíomar tuirseach go maith um thráthnóna, nuair a shroicheamar Luimneach na long. Ar thug tú faoi deara, go bhfuil mé ag baint úsáid’ as an uimhir iolra anseo, agus is é cúis atá le sin, nó go raibh cuid de na mic léinn óm’ rang i gColáiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada, in éineacht liom, faoin am sin, nó bhíodar siúd ar a mbealach go Coláiste Sheosaimh, i Wilton Chorcaigh, freisin, an lá céanna sin, agus tháinig siad ar bord na traenach, fan na slí. Mar a dúirt mé cheana, bhí an traein chéanna mall go leor, agus b’éigean di tréimhsí sách fada a chaitheamh ina seasamh ina staic i stáisiúin áirithe, le gual, nó móin, nó uisce, a thógail ar bord, de réir mar a theastaigh na hearraí sin uaithi. Ní cuimhin liom anois, cár chuireamar fúinn i gcathair Luimní, an oíche úd, nó ba é a tharla, nó go raibh fios a mbealaigh ag cuid de na mic léinn, agus ní raibh le déanamh agamsa ach iad siúd a leanúint, agus fuaireadar lóistín, agus chuile shórt eile a bhí uainn, dúinn. An tríú lá, chuamar ar bord traenach eile a bhí le sinn a thógáil go cathair álainn Chorcaí.
Ar deireadh thiar, bhaineamar ár gceann scríbe amach, agus tuirse bóthair is bealaigh orm fhéin, nó bhí trí lá fada caite agamsa ag déanamh an turais fhada, thuirsiúil, anacair sin, ach nár chuma faoi sin? Nach raibh ceann mo scríbe bainte amach agam? Agus nach raibh Coláiste breá Sheosaimh, i Wilton, bainte amach agam, an Coláiste sin, a bheadh mar bhaile agamsa, ar feadh trí bliana fada. Agus seo linn arís ag dul tríd an gcéapar céanna arís, faoi mar a tharla i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, dhá bhliain, díreach, roimhe sin. An babhta seo áfach, ní capall agus “jaunt” a bhí romhainn, le sinn a thabhairt ó stáisiún na traenach go dtí an Coláiste, ach carranna. Tugadh timpeall an Choláiste sinn, le chuile shórt a theaspáint dúinn. Tugadh a leaba fhéin sa suanlios do chuile dhuine againn, agus deasc sa halla staidéir, sea, agus fiú áit faoi leith sa tSéipéal, nó bhí séipéal breá dár gcuid fhéin againn i Wilton, nó ba chuid de pharáiste, an eaglais chéanna sin, agus thagadh pobal na dúiche sin isteach ansin, le hAifreann a éisteacht, Domhnach is Dálach, ach bhí Aireagal beag dár gcuid fhéin againne, mic leinn, i gcroslann sa séipéal sin.
Chuireamar ár n-earraí i dtaisce sna cófraí, agus sna cóifríní a tugadh dúinn, agus nuair a bhí chuile shórt a bhí le déanamh againn, déanta, tugadh isteach sa mbialann sinn, agus arís, teaspáineadh ár n-áit sa halla mór sin dúinn. Fuaireamar béile an tráthnóna, agus geallaimse dhuit é, go raibh goile againn chuige. Ach ní raibh mórán nua ag baint leis an leagan amach i gColáiste Sheosaimh, thar mar a bhí, i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, ach bhí orainn aithne a chur ar rang nua mic léinn, nó d’fhanadh na mic léinn trí bliana fada sa Choláiste sin. Ba é an leagan amach a bhí acu ansin nó go ndéanadh na mic léinn an Ard Teistiméireacht tar éis dhá bhliain staidéir, agus ansin, dhéanaidís an chéad bhliain Ollscoile, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Ba ghearr an mhoill orm aithne a chur ar na mic léinn Ollscoile, agus caithfidh mé a rá, gur chun mo leasa é, an aithne chéanna sin, nó d’fhan cuid de na daoine sin ina gcairde dílse agam ar feadh blianta fada ina diaidh sin.
Ach b’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo, agus sa chéad chaibidil eile, cuirfidh mé síos daoibh, ar chuid de na heachtraí agus de na himeachtaí a bhain dom, fad is a bhí mé im mhac léinn i gColáiste Sheosaimh, i Wilton, Corcaigh, le linn bhlianta deiridh an dara cogadh domhanda.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Capall ag an Sruthán
Caibidil 22
.
Nár bhreá go deo an suíomh a bhí ag Coláiste Sheosaimh, i Wilton, ar imeall chathair Chorcaí. Bhí Glaisín agus an Tóchair an-chóngarach dúinn, agus bhíodh muid á dtabhairt faoi deara, go minic. Os comhair an Choláiste amach, bhí talamh crochta, agus fan taobh an ardáin sin, shín an Bóthar Iarainn ó Chathair Chorcaí amach, agus bhíodh ar na traenacha a thug faoin ardán céanna sin, bhíodh orthu dreapadh ó bhun go barr an aird. Minic a sheasadh muid ag éisteacht leo agus iad ag puthaíl leo, ar a ndícheall, i gcoinne an aird. Ba é a cheapadh muidinne, nó go mbíodh chuile ”I think I can, I think I can, I think I can,” á rá acu, agus iad ar a ndícheall i gcoinne an aird sin, agus ansin, nuair a bhíodh barr an aird bainte amach acu, d’athraíodh siad a bport, agus ansin ba é a deiridís, dár linne, nó…”I knew I could, I knew I could, I knew I could.” Agus iad mar a bheadh gandail, ag maíomh as a ngaisce, nuair a chuiridís an ruaig orainne gasúir, fado. Díreach os comhair an Choláiste, freisin, bhí Páirc an Bháire, áit a d’imrímis ár gcluichí, agus ba iad sin na cluichí torannacha, trodacha, taghdacha, uaireanata, nó mar adúirt mé leat cheana, níor naoimh ar thalamh a bhí ionainne gasúir, an tráth úd, nó ó shoin i leith, ach oiread, dá ndéarfainn é!
Bhain mé fhéin taitneamh agus tairbhe as Coláiste Sheosaimh, nó ba sa Choláiste sin a chuireamar aithne orainn fhéin, agus ar an bpobal ar díobh sinn. Ba sa Choláiste sin freisin, a músclaíodh an Gaelachas agus an Náisiúnachas ionainn. Ní déarfainn gur d’aon ghnó é, ach ba rud é a tharla ag an am, agus b’in sin. I ndáiríre, ní raibh aon nuacht ag baint leis an saol i gColáiste Sheosaimh, nó ba mhar a chéile gnáthchúrsaí an lae i gColáiste Sheosaimh agus i gColáiste an Chroí RóNaofa i mBéal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo. Faoin am seo áfach, bhíothas ag súil go mbeadh na buachaillí ag éirí níos stuama, níos ciallmhaire, agus níos cráifí. Níor dhochar ar bith é sin, ach ní mar a shíltear a bhítear go minic, agus níorbh aon eisceacht sinne gasúir, ach oiread, nó dá mbeadh aon diabhlaíocht le déanamh, bí cinnte go raibh duine eicínt, sa timpeall, a bheadh sásta é a dhéanamh, nó ní raibh ionainne, i ndáiríe, ach gnáth-ghasúir a bhí ag iarraidh ualach an-trom a iompar, ualach a bhí i bhfad ró-throm do chuid againn, ach scaoilimis sin tharainn, ag an bpointe seo, agus fillimis ar Choláiste Sheosaimh.
Bhí an leagan-amach céanna sa scoil seo is a bhí i gColáiste an Chroí RóNaofa. Bhí seomraí ranga ann, agus dár ndóigh, ní raibh mórán seomraí dá leithéid ag teastáil uainn, an t-am sin, nó bhí na hábhair chéanna á ndéanamh ag chuile dhuine, sa bhliain chéanna, agus mar sin, ní raibh ag teastáil ó bhuíon ar bith ach seomra ranga amháin do na gnáth ábhair, agus seomra speisialta, nó saotharlann, don eolaíocht. Ní bhíodh deis ag daltaí a rogha ábhair a phiocadh, an tráth úd, murab ionann is inniu. Ní déarfaidh mé faic faoi na múinteoirí a bhíodh againn, nó ba é a cheap mé fhéin ag an am nó nach raibh cuid acu thar mholadh beirte mar mhúinteoirí, ach is dócha gur ghnáth-dhearcadh é sin i measc scoláirí, am ar bith.
D’éirigh go maith liom mar dhalta, ach ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil gur oibrigh mé go dian, le linn an ama a chaith mé ag ullmhú don Ard Teistiméireacht. Ag smaoineamh siar ar na laethe sin anois, samhlaítear dom, gur mhór an chabhair dúinn é, nó domsa ach go háirithe, dá mbeadh duine eicínt ansin le treoir cheart a chur orainn, agus leis na bealaí is fearr, agus is éifeachtaí, le staidéar a dhéanamh, a léiriú dúinn. Ní cuimhin liom anois aon iarracht dá leithéid á dhéanamh riamh ag údaráis na scoile sin. Ba é a cheap mé freisin, nó go raibh múinteoirí áirithe inár mbun nach raibh a gceird foghlamtha i gceart acu, faoin am sin. Nílim ag iarraidh locht a fháil orthu anois, nó ní raibh á dhéanamh acu ach faoi mar adúradh leo. Orduithe! an dtuigeann tú leat mé? Bhí múinteoir spéisiúil againn sa Ghaeilge, ar feadh bliana, nó b’fhear é, a raibh Dochtúireacht bainte amach aige, sa Ghaeilge, sílim, agus bíodh go mba thogha scoláire é, níl mé cinnte gur éirigh leis an oireadh sin dá chuid eolais a roinnt liomsa, ach go háirithe, b’fhéidir gur éirigh leis i bhfad Éireann níos fearr ná sin leis na daltaí eile.
An bhfuil fhios agat go bhfuil cuimhne na múinteoirí a bhí agam, an tráth úd, beagnach caillte ar fad agam, faoi seo. Fanann cuimhne “an Leoin” liom go dtí an lá atá inniu ann, áfach. Firín beag, tanaí, scrogallach, íseal, a bhí ann, ach firín a raibh miongháire ainglí ag roinnt leis, bíodh go mbíodh sé crosta go maith, nuair nach mbíodh a dhaltaí ag comhoibriú go huile agus go hiomlán leis. Chuirfeadh sé ceist ort. Thabharfá do fhreagra. Dá mbeadh an ceart agat, mholfadh sé thú, ach mura mbeadh, bhuel, ansin thabharfadh sé seans eile dhuit, agus dá dteipfeadh ort an dara huair, ansin, bhéarfadh sé greim ar ribí gruaige ar d’uisinn, agus tharraingíodh sé inairde iad, le lán neart, agus é ag rá, ag an am gcéanna… “This hurts me far more than it does you, Sonny”….. B’fhéidir é, adeireadh muidinne, á fhreagairt, os íseal, ach ní san áit chéanna é! Bíodh go raibh sé dian go maith orainne, ní raibh aon fhuath againn air, cé go mbainfinn fhéin mo dhíoltas amach, am ar bith a mbíodh sé ró-dhian orm, nó tuigeadh dom, agus cúis mhaith agam chuige, nach raibh mórán measa aige ormsa, mar scoláire, nó mar dhuine. Nach ait an rud é, go bhfanann cuimhne “an Leoin” chéanna sin glas, nuair a cailleadh cuimhne na múinteoirí eile a bhí agam thart ar an am sin? Fear maith a bhí ann, tá mé cinnte, agus é ag iarraidh mé a sheoladh ar bhealach mo leasa, ach is dócha go raibh dearmad déanta aige ar an sean nath cainte adeir, gur féidir le duine amháin an capall a thabhairt chun an tsrutháin, ach nach bhféadfadh deichniúr é a chur ag ól as, mura dteastódh uaidh fhéin sin a dhéanamh. Is dócha nach raibh aon ró-fhonn ormsa comhairle an Leoin a ghlacadh, agus b’in an fáth nár éirigh linn siúl cois ar chois trí ghort guaireach an léinn, an tráth úd. Is dócha go raibh leath an lochta, ar a laghad, ormsa, ach bíonn an dara sciathán ag teastáil ón éan le heitilt a dhéanamh! Agus is dócha freisin, gur chóir go mbeadh a fhios ag múinteoirí, gur fada buan í cuimhne an pháiste, agus i ndáiríre, ní raibh ionainne ach páistí an tráth úd, nó níor tugadh mórán seans dúinn ár sciatháin a leathadh, i gColáiste dá leithéid, ag an am sin.
Bhí fear eile i gColáiste Sheosaimh, ag an am, ar chuir muid an-aithne air. B’fhear uasal, cineálta, lách, a bhí ann, agus “Auntie” a thugaimis air, nó bhíodh colún aige, in Iris an SMA, faoin teideal sin, tráth raibh sé ina eagarthóir ar an Iris chéanna sin. Ba de mhuintir Uí Mhaolfhábhail é, agus sílim gur bh as Oileán Cliara, i gContae Mhaigh Eo, dó. Bhí sé ina Uachtarán ar an scoil, ag an am sin. Ní bhíodh mórán bainte aige linne, mic leinn, ach amháin go múineadh sé Teagasc Críostaí dúinn, ach ag an am gcéanna, bhí an-tionchar aige orainn. Ar an drochuair áfach, fuair an fear bocht sin bás, le linn dúinne bheith ag freastal ar an gColáiste sin, agus chuaigh a bhás siúd i gcionn go mór orainn. Bhí orainn cuairt a thabhairt ar a sheomra, áit a raibh sé leagtha amach os cionn cláir, agus é gléasta mar shagart in Éide an Aifrinn. Ní raibh aon ró-chleachtadh againne ar bheith i láthair an bháis, ag an am, agus ní dóigh liom gur thaitin sin linn, olc maith nó dona. Bhíomar i láthair freisin, ag an sochraid, i Reilg an SMA, taobh thiar de Shéipéal Naomh Sheosaimh, ansin i Wilton Chorcaí. Is cumhin liom fós, an fuacht a mhothaigh mé lá sin na lice, díreach faoi mar a leagadh an bás fhéin lámh ar bhaic mo mhuiníl. D’fhán cuimhne an lae úd liom go dtí an lá atá inniu fhéin ann.
Rud amháin eile, a tharla le linn dom bheith sa Choláiste sin, ba ea na ranganna garraíodóireachta, a cuireadh ar siúl sa Choláiste, ar mhaithe linne, ag an am. Thagadh fear isteach chugainn uair sa tseachtain, agus thugadh rang dúinn, faoi phlandaí, faoi ithir, faoi phlandáil agus a leithéid, agus lá eile, thógadh sé an rang ar fad, scór againn b’fhéidir, thógadh sé sinn amach leis, ar thuras na cathrach, le breathnú ar gharraithe áille, aoibhne, saothraithe, Chorcaí. Tharla go raibh grá na talún agus na cré de dhlúth agus d’inneach ionam fhéin, ní haon ionadh é gur chuir mé suim, agus dhá shuim, sa rang áirithe sin, agus cé go bhfuil dearmad déanta agam, le fada, ar an gcuid is mó de na rudaí a múineadh dom, agus mé ag freastal ar Choláiste Sheosaimh i Wilton, sna dachaidí, caithfidh mé a admháil dhuit anois, nár dhein mé dearmad riamh ar na rudaí a d’fhoghlaim mé sa rang garraíodóireachta sin, agus ní hé sin amháin é, ach músclaíodh spéis sa gharraíodóireacht sa chroí istigh ionam, an t-am sin, spéis a d’fhan liom, anuas go dtí an lá atá inniu ann, agus chuir ar fhoghlaim mé sa rang sin, ar mo chumas, aire a thabhairt dom gharraithe fhéin, thar na blianta idirlinneacha, sa chaoi gur bhain mé taitneamh agus pléisiúr as bheith ag plé le cúrsaí garraíodóireachta, anall thar na blianta. Ábhar eile a chabhraigh go mór liom, le linn mo shaoil, ba ea Deaslabhra, nó tríd an rang sin, rinneamar staidéar ar fhuaimeanna agus ar cheart úsáid an Bhéarla. Smaoinigh anois, go raibh siad ag ullmhú sagairt, a raghadh amach ar fud an domhain mhóir, agus a chasfadh ar Shasanaigh, ach go háirithe, i gcríocha ollmhóra na hAifrice, agus tuigfidh tú ansin, an chúis ar theastaigh uathu go mbeadh deis ár labhartha againne, i gcomhluadar dá leithéid. Bhí míbhuntáiste ag baint leis an scil sin freisin, nó bhí an baol ann, go gcaillfeá an meas a bhí agat, go dtí sin, ar do chanúint dúchais fhéin. Níor deineadh aon iarracht riamh an scéal iomlán a mhíniú dúinn, sé sin, nach raibh muid ag iarraidh cúl a thabhairt ar ár gcine fhéin, nó ar a canúint, ach go raibh muid ag ullmhú sinn fhéin le dul i dteangmháil le daoine nach dtuigfeadh, go ró-mhaith, an chanúint sin, agus dá thairbhe sin, go raibh sé feiliúnach go bhfoghlaimeodh muidinne a gcanúint siúd freisin, mar áis, leis an Dea-scéal a leathadh i gCríocha Imchiana an Domhain mhóir.
Leagadh an-bhéim ar chluichí agus aclaíocht coirp, fad is a bhí mé fhéin im mhac léinn, sa scoil chéanna sin. Bhíodh cluichí againn go rialta, sin agus bhíodh corpoideachas mar ábhar ar an gclár, chuile sheachtain. Níorbh é sin amháin é, ach bhíodh corpoiliúint á cleachtadh againn, ar feadh leathuair a chloig, chuile mhaidin, geall leis. Bhain mé fhéin an-taitneamh as an taobh sin dár scolaíocht, agus bíodh nach raibh mé ar an té ab fhearr chucu, ag an am gcéanna, geallaimse dhuit é nach raibh mé ar an duine ba mheasa, ach oiread.
Nach ait go deo na rudaí beaga atá fanta liom, tar éis imeacht na mblianta, nó tá breis is trí scór bliain seolta leo, trí mhuileann an ama, ó bhí mé fhéin im mhac léinn ansin, ach mar sin fhein, is glé, glinn, a fhanann cuimhne an lae úd ar chuir an fothach gath ionnam. Bhí nead ag na fothaigh chéanna sin, ar thaobh cheann de na bóithríní, mar a mbímisne ag siúlóid, le linn chaitheamh aimsire. Bhuel, an lá áirithe seo, chuaigh mé fhéin ró-chóngarach don nead sin, agus mé ag súil go gcuirfinn na fothaigh sa tóir ar mo chompánaigh, ach má sea, d’fhill an feall sin orm fhéin, ach, ansin nach raibh an nós fillte sin ag an bhfeall céanna ó thosach aimsire! agus chuir an fothach mór seo ga ionnam, díreach faoin tsrón, agus ba ghairid ina dhiaidh sin, go raibh ar mo chumas mo liobar uachtair a fheicsint go soiléir, bhí sé chomh hata sin. Mhúin na fothaigh sin ceacht domsa an lá sin, ceacht nár dhearmad mé san idirlinn, geallaimse dhuit é. Sea, ná bac le mac a’ bhacaigh, is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat!
Sea, agus is cuimhin liom an suíochán samhraidh sin a bhí againn os comhair na scoile amach, agus an chaoi a mbímis in ár suí ar ár socracht ar an suíochán sin, go háirithe, nuair a bhíodh am saor againn le linn na Scrúduithe Poiblí. Is cuimhin liom fós, sinn a bheith ansin ag comhrá faoi pheil agus faoi iomáint. Nach ait gur fhan na rudaí beaga sin liom, agus go bhfuil dearmad glan déanta agam ar a mbíodh ar siúl againn sna ranganna?
Cuimhne eile a shnámhann aniar chugam anois as loch na gcuimhní isea an lá a ndeachaigh muid uilig ar sheilg go Cóbh Chorcaí, sílim. Ar an traein is ea chuamar, agus tharla gur éirigh le diabhlánach eicínt in ár measc greim a fháil ar bhuidéal fíona. Thug mo dhuine an nod do dhream beag againn, agus d’éirigh linn éaló ón mbuíon, ar feadh scathaimh, agus i rith an ama sin, chuaigh an buidéal sin ó dhuine go duine againn, go dtí nach raibh deoir fágtha sa bhuidéal. Faoin am sin, bhí chuile dhuine againn maith go leor, agus don chuid eile den turas sin, bhíomar ag canadh, ag insint scéalta grinn, agus giotaí seanchais, do na leaids eile. Bhaineadar siúd an-taitneamh as an gcuideachta a chuireamarna ar fáil dóibh, saor in aisce, ach tá mé ag ceapadh, go raibh an sagart a bhí inár mbun, amhrasach go maith fúinn, níor dhúirt sé tada riamh linn faoi na cúrsaí sin, ina dhiaidh sin. Is dócha nach raibh sé ró-chinnte go raibh chuile mhac an pheata againn chomh hólta le breitheamh, ach ag an am gcéanna, bheadh roinnt eicínt dá mhilleán sin airsean, ó tharla gur cuireadh eisean inár bhfeighil! Bíodh sin mar atá, níor baineadh díoltas ar bith amach, nó níor gearradh pionós ar bith orainne as an diabhlaíocht sin a dheineamar, an lá úd, ar ár mbealach go Cóbh Chorcaí.
Ag breathnú siar anois, déarfainn gur mar sin a b’fhearr é, nó d’fhoghlamaíomar ár gceacht, geallaimse dhuit é, nó is maith a bhí a fhios againn, gur dheineamar rud a bhí crosta, amach agus amuigh, orainn, agus tuigeadh dúinn an tionchar a bhíonn ag alcóil ar dhuine. Sea, agus tuigeadh dúinn freisin, go raibh an t-ádh linn nár tugadh bata agus bóthar dúinn as Coláiste Sheosaimh amach, de bharr na meisce sin! Mo chuidse de, ní dheachaigh mé thar fóir leis an ól ón lá sin anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Sea, mh’anam, fanann cuimhne an lae úd go glas i gcistin mo chuimhne fós.
Cuimhní eile a fhilleann chugam anois, isea na cluichí uilig sin, ar ligeadh chucu sinn, le linn dom bheith i gCorcaigh na long. Nár mhór an taitneamh a bhaineamar as an gcorrchluiche Sacair, a chonaiceamar thíos ansin, le linn an chogaidh mhóir. Chuir mé fhéin suim, agus dhá shuim, sna cluichí sin, nó ba mhinic mé ag éistreacht le m’athair agus a chairde ag seanchas, cois na tine fadó, faoi na cluichí breátha Sacair a chonaic siadsan, tráth raibh siad ag sclábhaíocht, mar náibhithe, thall in Albain, le linn a n-óige siúd. Ligtí amach freisin sinn nuair a bhíodh cluichí móra sa pheil nó san iomáint á n-imirt sa chathair, agus caithfidh mé a admháil, gur chuir na cluichí céanna go mór leis an bpleisiúr, agus leis an spraoi, a bhí á mbaint agam as an saol, faoin am sin. Chonaic mé fathaigh mhóra na peile agus na hiomána ag cleachtadh a scileanna i gCorcaigh na na gCuan, an tráth úd. Chonaic mé laochra ar nós na deartháireacha Mhic Aoidh, ó Luimneach, Criostóir Ó Rinn, Corcaíoch cleasach an chamáin, sea, agus cá bhfágfainn Seosamh Ó Ceocháin, an fathach sin a sciobadh an chaid as spéartha nimhe anuas, sea, agus na scórtha eile, a bhfuil a n-ainmneacha dearmadtha agam faoin am seo, ach a bhfuil a lorg fágtha go soileir ar urlár m’anama acu, anuas go dtí an lá atá inniu ann.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Beatha an Scoláire
Caibidil 23
.
Sa chaibidil deiridh, labhair mé faoi na laethe a chaith mé i gColáiste Sheosaimh, i Wilton Chorcaí, agus mé ag ullmhú don Ard Teistiméireacht, i ndaichidí na haoise seo caite, agus faoi na heachtraí a bhain dom, le linn na mblianta sin ó Mheán Fómhair 1942 go Meitheamh na bliana 1944. Ní gá a rá nár chaith muid ag ullmhú don Scrúdú céanna sin ach dhá bhliain, agus ní gá a rá, ach oiread, go raibh an-chuid oibre le déanamh againn, agus sinn ag fáil réidh don scrúdú poiblí sin, go háiraithe nuair a chuireann tú san áireamh, nár chaitheamar ach dhá bhliain freisin, ag ullmhú don Mheán Teistiméireacht, agus cuir le sin, go raibh muid ag ullmhú don Mháithreánach freisin sa tréimhse chéanna sin idir 1942 agus 1944, agus tuigfidh tú ansin cé chomh gnóthach is a bhíomar, le linn na mblianta sin.
Ach b’fhiú an tairbhe an trioblóid, nó nuair a bhí an dá bhliain sin caite againn sa Mheánscoil, agus an Ardteistiméireacht, agus an Máithreánach, gnóite againn, nár mhór ansin an chéim suas sa tsaol é dúinne, an Mheánscolaíocht a fhágáil inár ndiaidh, agus aghaidh á thabhairt againn ar an Ollscoil, mar, ar bhealach, dár linne, ba chosúil le príosún í an Mheánscoil. Bhíomar gafa istigh ansin agus gan cead againn an áit a fhágáil, Domhnach nó Dálach, nó tada a dhéanamh nach dtoileodh na máistrí a bhí orainn chuige. Sea, agus an chathair mhór, álainn, ansin inár n-aice, agus gan cead againne blaiseadh de, olc, maith nó dona! Ach, ag freastal ar an Ollscoil! Bhuel, b’in scéal eile ar fad Bhí saoirse ag na mic léinn Ollscoile. D’fhéadfadh siadsan Coláiste Sheosaimh a fhágail ar maidin, agus bunús an lae a chaitheamh istigh san Ollscoil, sea, agus chomh maith le sin, bheadh cead acu siúl amach trí shráideanna na Cathrach, nó dul ar bhus, ó gheata an Choláiste i Wilton, agus a mbealach a dhéanamh síos chomh fada leis an gColáiste Ollscoile. Nár mhéanar go deo dúinn, dár linne! Nó anois, bhí an Útóipe sin sroichte againne, agus bhíomar cinnte, go mbainfeadh muid toit agus spórt as. B’fhéidir gur chóir a lua go raibh cónaí orainn i gColáiste Sheosaimh, i rith na bliana Ollscoile sin, ach má bhí fhéin, bhíomar saor ó smacht na scoile, bunús an ama, d’fhéadfá a rá!
Nár mhór an spórt é bheith ag roghnú ábhar don bhliain a bhí le caitheamh againn i gColáiste na hOllcoile, Corcaigh? Roghnaigh mé fhéin Loighic, Gaeilge, Béarla, Laidin, agus Tíreolaíocht, don chéad bhliain Ollscoile sin. Cláraíodh sinn mar mhic léinn, agus bheadh orainn cineál éide faoi leith, éide an mhic léinn, a chaitheamh, chuile bhabhta a bheadh muid ag freastal ar léacht, san Ollscoil sin. Nár mhór idir sin agus nósmhaireacht na meánscoile? Sea, mh’anam, bhí an bhuaic sroichte againn, i ndeireadh na dála!
Thaitin an staidéar agus na léachtaí go mór liom. Nár mhór an pléisiúr é bheith ag gabháil don léann?
“Aoibhinn beatha an scoláire
A bhíos ag déanamh léinn,
Is follas daoibh a dhaoine
Gur dó is aoibhne in Éirinn.”
Nár bhreá go deo an áit í an Ollscoil? Ba bheag nár bhain méad agus uimhir na Hallaí, agus na seomrai a bhí sa timpeall, radharc na súl díom. Ó, sea, agus an oiread sin mic léinn ag brostú leo thall agus abhus. Nár bhreá an radharc iad an hOllúna gona róbaí breátha, fairsinge, gradamacha, a fheiceáil ag seoladh leo chuig a seomraí. Sea, bhí an oiread sin léinn sa timpeall, go mbeadh sé éasca ag duine ar bith a dhóthain den earra céanna sin a phiocadh suas, ar a sháimhín só, cheapfá!
Chuir mé spéis ar leith sna hOllúna agus sna léachtóirí a bhí agam fhéin. Cé d’fhéadfadh dearmadh a dhéanamh ar an Ollamh Daniel Corkery, scoláire agus scríbhneoir. Bíodh go raibh bunaois mhaith aige faoin am sin, mar sin fhéin, ní raibh cuma na haoise air, ach é éirimiúil, spleodrach, óigeanta. B’annamh a shuíodh sé síos, ach é ag bacadaíl thart, an t-am ar fad, nó bhí coiscéim bhacaí ann, an fear bocht. Fear tanaí, íseal, liath, beoshúileach, a bhí ann, agus feicim anois fhéin é, trí shúile na cuimhne, agus é ag aisteoireacht leis, trí ghníomh corraitheach eicínt de Mhacbeth, nó de dhráma eile le Shakespeare. Nár mhinic a thóg sé mo chroí, lena scileanna, lena gháire ainglí, lena Ghaelachas, agus an chaoi ansin a chuirfeadh sé in iúl dúinn gur bhain Shakespeare úsáid as focal áirithe, abair “Rome” an oiread sin uaireannta, sa ghníomh áirithe sin, a bhí idir chamáin againn an lá airithe sin. Lá eile, théadh sé ar thóir fhocail áirithe, focal Eibhlíseach, b’fhéidir, féachaint an raibh an focal sin beo fós, inár ndúthaigh fhéin, sa mbaile. Is cuimhin liom gur chaitheamar tamall ag tagairt don bhfocal Béarla sin, “mearing”, nó fainic nach meering a bhí aige, an focal a d’úsáidtí thiar, fadó, ar theorainn, go háirithe an teorainn idir dhá fheirm, agus ansin sílim gur cheangail sé an focal sin leis an bhfocal “Mír” sa Ghaeilge. Ó ba scoláire ildánach é Dan s’againne, gan aon agó. Bhí meas agus cion againn uilig air, agus lenár n-ómós dó a léiriú, ba bheag duine againn nach raibh leabhair Dan léite aige, leabhair ar nós The Hidden Ireland, The Hounds of Banba, The Threshold of Quiet, agus tuilleadh. Níl dabht ar bith ach go raibh Daniel Corkery ar dhuine d’údair mhóra a linne. Rud eile a chuireadh ionadh orainne, nó chomh cúramach agus a mharcáileadh sé ár n-aistí, nó cibé cleachtadh eile a leagfadh muid os a chomhair.
I gcás na Gaeilge, ba é an léachtóir a bhí againn nó Eamonn Ó Donnchú, deartháir do Thadhg Ó Donnchú (Tórna) file, agus arís, ba dhuine é a mhúsclódh grá don Ghaeilge i mac léinn ar bith, a shuíodh tamall ag a ghlúin. Cormac Ó Cadhlaigh a bhí ina Ollamh le Gaeilge, i gCorcaigh ag an am. Duine de scoláirí móra Gaeilge a linne, ba ea é, é ard scafánta, lán dínit, ach b’fhearr linne Eamonn. Ba náisiúnaí é Eamonn, agus b’fhurasta sin a thabhairt faoi deara ina chuid léachtaí. Nárbh é a chuireadh dánta a dhearthár, Tadhg, ina seasamh, ina steille bheatha, os ár gcomhair amach. Mar chuid den obair a bhí le déanamh againn, i rith an bhliain Ollscoile sin, bhí orainn freastal ar oiread áirithe seisiúin le Pádraic Ó Nuatáin, a d’fheidhmigh mar sheanchaí do Roinn na Gaeilge san Ollscoil Náisiúnta sin. Nár chiallmhar, fadcheannach, an nós ag Ollscoil ar bith é, a leithéid de leagan amach a bheith acu an tráth úd? Caithfidh mé a admháil gur bhain mé fhéin an-taitneamh go deo as scéalta Phádraic, nó ba dhuine é, a raibh seanchas agus stair a dhúthaigh fhéin de dhlúth agus d’inneach ann. Nárbh é a d’fhéadfadh scéal an Athar Peadar a ríomh go binn agus go blasta? Agus nárbh aige a bhí an Ghaeilge líofa, chruinn, bhlasta? Nach aige a bhí stair agus seanchas na gCárrthach go cruinn, ceart, ó thús deireadh? B’iomaí uair a chloig a chaith mé i seomra na ndaltaí, ag éisteacht le Pádraic ag eachtraíocht dúinn ar a mhíle dhícheall, agus bíodh go mbíodh sé ag dul siar ar stair na muintire, go cruinn, cúramach, thuigfeá, ag an am gcéanna, go raibh súil eile aige i gcónaí ar stíl agus ar chruinneas a chuid cainte.
Bhí Ollamh iontach againn don Loighic, an Dochtúir Séamas, nó “Dr. James,” mar a thugtaí de ghnáth air, agus tuigeadh dúinne, nach raibh déchosach beo ar thalamh na cruinne, a bhí inchurtha leis. Ba é a mhúin dúinn castacht agus cinnteacht an réasúin daonna. Ba é a leag síos dúinn na bealaí le siollóg a thógáil, nó nárbh ’in an bealach ba chinnte le cur lenár stór eolais. Agus léirigh sé dúinn an chaoi ar luigh sé le réasún, dul ón dteoiric ghinearálta go dtí an argóint aonair, mar shampla, luíonn sé le réasún a dhearbhú go bhfaighidh Seán bás, má dhearbhaím, i dtosach, go bhfaighidh chuile dhuine bás, agus gur duine é Seán. Caithfidh mé a admháil anois, nár chaill mé mo shuim riamh sa Loighic chéanna sin, agus a bhuíochas sin don Sagart oilte, eolgaiseach, ildánach sin, an Dochtúir James.
Fear eile a chuaigh i gcionn go mór orm, le linn na bliana sin a chaith mé in Ollscoil Chorcaí, ba ea Dan Treston, an tOllamh le Laidin a bhí inár mbun, an bhliain sin. Claisicíoch, agus scoláire den scoth ba ea é, agus é foighdeach, cineálta, leis. Cuma cé chomh holc is a bheadh do phíosa Laidine, ba é adeireadh an tOllamh ildánach sin nó nach mbainfeadh Cicero úsáid as tógáil dá leithéid, ach go raibh chuile sheans ann, go ndéarfadh tuathánach eicínt a leithéid, áit eicínt san Impireacht Rómhánach, fadó! Nár charthannach, fial, an dearcadh é sin? Ach, ag an am gcéanna, d’fhéadfadh duine eile a rá, go mba ghéar, binbeach, an teanga a bhí ag an bhfear céanna sin, nó go raibh an chloch sa mhainchille aige, agus é ag cur do chuid Laidine-se i gcomparáid leis an Laidin ba thuataí a labhradh riamh. Sea mh’anam, bíonn an dá thaobh ar chuile scéal, nach mbíonn?
Agus anois, cé a bhí againn mar Ollamh Tíreolaiochta? Sílim gur O’Connell a bhí air, agus arís, ba dhuine é, a chuaigh i gcionn go mór orainn uilig. Rinne sé ábhar spéisiúil, spreagúil, den tíreolaíocht. Suas go dtí an pointe sin, b’ábhar tur, tuirsiúil, tirim, é an tíreolaíocht chéanna sin, ach d’oscail an tOllamh Ó Conaill fuinneoga fairsinge ar iontaisí an ábhair sin dúinn. Bhíodh grianghrafanna, scannáin, agus téipeanna, aige á léiriú dúinn, ina halla, agus ba mhór a chuaigh siad sin i gcionn ar chuile dhuine againn, agus in éineacht le sin, thóg an tOllamh O Connell amach faoin dtuaith sinn, le hiontaisí na tíre seo a léiriú dúinn, chomh fada is a bhain siad lena ábhar fhéin. Thug sé sinn amach le bruacha abhann na Laoi a iniúchadh. Lá eile, bhíodh ár gcuairt ar Ghleann na Laoi, agus mar sin dó, go dtí go raibh tuiscint mhaith againn ar na cúrsaí éagsúla a bhí idir chamáin aige, ina léachtaí. Mhúscail an tOllamh céanna sin ár spéis sa mheitéareolaíocht, agus sna prionsabail atá taobh thiar de chúrsaí aimsire, freisin. D’fhéadfá a rá, gur éirigh leis an bhfear céanna sin muid a chur faoi gheasa lena scileanna, lena chur chuige, agus lena léann. Sea, agus chomh maith le sin, b’fhear deas, cineálta, lách, carthannach é, agus fear a chuaigh i gcionn go mór ar a mhic léinn. Ba dhuine uasail den scoth é dár linne, mic léinn.
Tar éis dom an oiread sin dem chuimhní ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a thabhairt chun cruinnis anois, feictear dom, go ndeachaigh an bhliain sin i gcionn go mór orm, nó bhí mé ábalta ainmneacha na nOllamh, agus na léachtóirí, a bhí inár mbun, a thabhairt chun cuimhne, agus chomh maith le sin, bhí ar mo chumas, dul ar ais ar chuairt chuig na hallaí inar oileadh sinn, agus ar chuid áirithe de na rudaí breise a cuireadh ar siúl, ar mhaithe linne, mic léinn.
Rud eile inar chuir mé fhéin an-spéis ar fad, ba ea na léachtaí speisialta a chuirtí ar siúl dúinn, taobh amuigh ar fad den obair acadúil a bhíodh idir lámha againn ag an am. Is cuimhin liom Liam Ó Briain, ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, ag teacht ar chuairt chugainn, le léacht a thabhairt, ar an bpáirt a ghlac sé fhéin i mbunú an Stáit s’againne. Chuaigh a Ghaeilge agus a smaointe i gcionn go mór ormsa. Ba chosúil le gála aniar é, ag glanadh smionagar agus truiféis na meán as béal an phobail. Sea, ba dhuine ar leith é Liam Ó Briain.
Fear eile a chuaigh i gcionn go mór orm ba Alfred O’Rahilly, Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ag an am. Thugadh an tOllamh Ó Rathaille sraith léachtaí uaidh, sa Charghas, chuile bhliain, faoi chéasadh ár Slánaitheora ar an gCrois, agus an chaoi nach bhféadfadh na tairní a bheith díreach mar a bhíonn siad de ghnáth sa chrois chéasta. Níor chuir sé ionadh ar bith orainne, nuair a chuaigh Alfie sna sagairt, i ndeireadh na dála, agus gur chríochnaigh sé a shaol, agus a ré, mar shagart.
Nár mhór go deo an difear a bhí idir na ranganna a bhíodh againn sa Mheánscoil agus na léachtaí ar ar fhreastail muid, san Ollscoil, agus ceann de na difríochtaí ba mhó a bhí eatarthu, nó go raibh cailíní, agus mná óga, ar an bhfód, ag na léachtaí Ollscoile, sa bhliain acadúil sin 1944-’45. B’in an chéad uair againne bheith i láthair ban óg, agus sinn i mbun staidéir agus oibre, agus ba mhór ar fad a thiochar sin orainn. Cuimhnigh freisin go raibh an chuid ba mhó againn ag tarraingt ar naoi mbliana déag, ag an am, ach gan chleachtadh dá laghad againn ar an saol mór a bhí thart orainn. Ní raibh gliceas sráide, nó tada dá leithéid foghlamtha fós againn, agus ní haon ionadh mar sin, is dócha, go bhféadfá a rá, gur thit roinnt mhaith againn i ngrá leis na mná óga, áille, céanna sin, bíodh nach raibh sa titim chéanna sin ach cur i gcéill, ó tharla go raibh muid ag treabhadh linn i dtreo na haontumhachta, ag an am gcéanna sin, ach cibé ar thit, nó nár thit, níor tharla tada dá bharr, nó b’úlla na haithne dúinne iad na cailíní óga, áille, céanna sin, úlla nach raibh cead againne dul ina ngar, nó blaiseadh díobh, olc maith nó dona. Bhuel, nach raibh na cithfholcthaí fuara againne le teocht na hormón buile úd a ísliú dúinn, sa tráthnóna thiar, dá mbeadh aon ghá lena leithéid! Mo chuidse de, maireann cuimhne na laethe úd glas liom go fóill, sea, agus maireann cuimhne na mban óg, álainn, úd, liom freisin, agus ar ócáidí áirithe, is beag nach bhféadfainn a n-aghaidheanna dathúla a fheiceáil ar scáileán na gcuimhní, fiú!
Fad is a bhí mé ag freastal ar an Ollscoil sin Chorcaí, bhí deis agam, aithne a chur ar chluichí áirithe freisin, cluichí nach bhfaca mé fhéin á n-imirt riamh roimhe sin, cluichí ar nós rugbaí, agus haca, maraon le camógaíocht, agus ní call dom a rá, gur bhain mé taitneamh agus spraoi as bheith ag féachaint ar na cluichí céanna sin á n-imirt, ar fhaichí na hOllscoile.
Sea, d’fhoscail Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, na súile dom, agus thug dom freisin mo chéad radharc ar an saol comhaimseartha, nó ní raibh aon chleachtadh agamsa ar an gcineál sin saoil, roimhe sin. Tógadh mise mar bhall de shochaí mheánaoiseach, agus fuair mé mo chuid meánscolaíochta i gCliarscoileanna, a raibh beatha na mainistreacha meánaoiseacha á gcleachtadh iontu. Nár mhór an oscailt súl é, mar sin, don ghasúr Iorrasach, seal a chaitheamh, ag an aois sin, i bhflaitheas léinn dá leithéid? Bhí a rian orm, nó ón am sin i leith, samhlaíodh domsa, go mba shaoránach den chathair cheannairceach sin mé.
Thug mé cuairt ar Chorcaigh, blianta fada ina dhiaidh sin, agus bhain an chuairt sin dán beag i mBéarla asam. B’fhéidir nárbh olc an tseift í, cupla véarsa as a shníomh isteach anseo…
Lusty Lee.
.
Lusty Lee of yester-year,
I pace your banks once more,
To see if you can thrill me still,
With curve and nook and shore.
.
You toss up with abandon,
Memories long long dead,
Like tresses of a past year,
Around my aching head.
.
My God, you never lost it,
My heart still jumps for joy,
To see your plunging smoothness,
Through the clear eyes of a boy.
.
The thoughts you rouse are painful,
The heart you stir, now sad,
Be gentle Lee, be kindly,
For I loved you as a lad.
.
Leor sin do thuras na huaire seo, ach beidh tuilleadh le rá agam sa chéad chaibidil eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar na blianta a chaith mé im nóibhíseach, i “Cloughballymore”, Cill Cholgáin, i gContae na Gaillimhe, mar ar chaith mé dhá bhliain im’ nóibhíseach ag foghlaim ceird na cráifeachta agus na naofachta!
.
.
.
.
.
.
Miotal sna Cnámha
Caibidil 24
.
Ag an bpointe seo, b’fhéidir nárbh aon dochar é breathnú siar ar na blianta sin go léir a chaitheamar i mbun na Scrúduithe Teistiméireachta, féachaint arbh am amú iad, chomh fada is a bain sé le traenáil don tsagartacht. Tá mé cinnte, go ndéarfadh daoine áirithe nach raibh maitheas ar bith ag baint leo mar ullmhúchán don ghairm bheatha sin, nó ar an gcéad dul síos, bhí na daltaí i bhfad ró-óg le dul i gcionn bheartas dá leithéid, agus sa dara háit, bheadh sé i bhfad níos fearr, sinn a fhágáil ag foghlaim na críostaíochta, mar bhaill de chlann chaitliceach, inár mbailte fhéin, sa bhaile. Agus ar bhealach, ba dheacair cur i gcoinne na tuairime sin, ach, is dócha go raibh taobh eile ar an scéal freisin. Ar an gcéad ásc, tuigeadh do na sagairt a bhí i mbun an SMA, gur chóir dóibh oideachas den dara leibhéal a chur ar fáil dár muintir, chomh fada is d’fhéadfaidís, agus ní gá dhom a rá anseo, nach raibh á dhéanamh acu ach an rud a bhí á dhéanamh ag Easpaig Éireann, tráth bhunaigh siad a gColáistí Deoiseacha fhéin, tar éis mhaolú a theacht ar na péindlithe, san ochtú agus sa naoú haois déag. Bhunaigh siadsan Coláistí Deoiseacha, ar ar thug siad Cliarscoileanna sóisiaracha. Ba í an chuspóir a bhí ag an Coláistí sin nó oideachas Caitliceach a leathadh i measc an phobail chaitlicigh, agus ag an am gcéanna, mic léinn a ullmhú don Chliarscoil Sinsearach, i Má Nuat. Is dócha go bhféadfá a rá, go raibh an dá chuspóir chéanna sin ag na Meánscoileanna úd a bhunaigh Cumann Misinéirí chun na hAfraice, Coláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada, agus Coláiste Sheosaimh, i Wilton, sé sin, le hoideachas caitliceach a chur ar fáil, agus ag an am gcéanna, bheadh súil acu, go raghadh uimhir áirithe de na mac léinn sin ar aghaidh lena nóivíseacht a dhéanamh i gCill Cholgain, Contae na Gaillimhe, agus le Diacht a dhéanamh ina dhiaidh sin ina gCliarscoil, i nDroim an tSín, i gContae an Dúin. Dá dtógfadh siad thart ar thriocha mac léinn isteach i mBéal an Átha Fhada, bheadh an t-ádh ina gcaipín, dá ndéanfaí cúigear fiú, as an dtriocha sin a oirniú ina sagairt, in Ardeaglais Iúir Chinn Trá, tar éis dóibh deich mbliana a chaitheamh ag cur léinn an tsagairt orthu.
Ach, ní chuige sin atá mé, go díreach, an babhta seo, ach chuige seo…
Cad é go díreach a bhí á múineadh acu sna Coláistí sin, thar mar a bheadh á múineadh dá ndaltaí i ngnáthmheánscoileanna na tréimhse sin?
Bhuel, ó tharla go mba leo fhéin na scoileanna, is dócha go bhféadfá a rá, go mba mheánscoileanna príobháideacha iad, ach amháin, go raibh cláracha na Roinne Oideachais á múineadh iontu, agus cibé deontas a bhí ar fáil, ag an am, ag dul dóibhsean freisin. Thug sin deis dóibh múinteoirí oiriúnacha a chur i mbun oibre iontu, agus thug sé cead dóibh freisin, béim a leagan ar seo nó ar siúd, de réir mar a thogair siad, fad is a bhí clár na Roinne á mhúineadh acu. Bhí ar a gcumas freisin, saol an mhic léinn a leagan amach ar mhodh a chuirfeadh ar a gcumas, dearcadh spioradálta a shníomh isteach trí shaol na ndaltaí, ó éirí ar maidin dóibh, go dtí múchadh na soilse dóibh, i ndeireadh an lae thiar. B’in an fáth a raibh orainne éirí ar a sé a chlog chuile mhaidin, ó cheann ceann na bliana! B’in an fáth freisin, a raibh orainn freastal ar phaidreaacha na maidine, seal a chaitheamh ag machtnamh, agus ansin an tAifreann a éisteacht, chuile mhaidin. Ina dhiaidh sin, agus roimh an mbricfeasta, bhíodh orainn seal a chaitheamh ag glanadh an tí, duine ag scuabadh, duine ag snasadh, duine ag glanadh deannaigh, agus duine eile fós ag ní tíleanna, b’fhéidir. Sa tslí sin, mhúintí do na daltaí, conas obair tís a dhéanamh, nó bheadh a leithéid riachtanach ar na misin choigríche, ar ball.
Níos déanaí sa lá, nuair a bheadh na ranganna faoi lán tseol, leagtaí an-bhéim ar dhearcadh spioradálta, agus ar chleachtadh Críostaí. Ba chuma cén t-ábhar a bheadh idir chamáin againn, bheadh an dearcadh Críostaí sin ag lonnradh trí chuile ábhar, Cuma cé acu eolaíocht nó stair, teanga nó creideamh, a bheadh idir chamáin againn, ba é an scéal céanna é. Deineadh chuile iarracht ar suáilcí na Críostaíochta a mhúineadh dúinn, trí chleachtadh, trí mhúineadh, agus trí shampla. Ní gá dhom a rá, go mbíodh cúrsaí spioradálta againn, uair sa bhliain, ar a laghadh, agus chomh maith le sin, bhíodh faoistin choitianta molta dúinn, agus thugadh an fhaoistin chéanna sin deis don anamchara comhairle a leasa a chur ar an mac léinn. Mar sin, ní chailltí deis ar bith leis an ógánach a chur ar bhóthar a leasa, agus b’in obair a dhéanadh a anamchara dó, i dtráth agus in antráth.
Dhéantaí sinn a chosaint ar chathuithe an tsaoil mhóir seo freisin. Ní ligtí dúinn irisí de chineál ar bith, taobh amuigh d’iris an Chumainn, The African Missionary, a bheith inár seilbh, nó a úsáid. Ní bhíodh cead againn éisteacht le cláracha raidió, nó ní raibh an teilifís tagtha go hÉirinn fós, an t-am sin! Ó, geallaimse dhuit é, go dtabharfaí cead dúinn éisteacht le tráchtaireacht ar chluichí Gaelacha, nuair a bhíodh a leithéid ar siúl, rud a bhí annamh go maith, an tráth úd Ó, sea, chuirtí na treoracha sin i bhfeidhm go dian, na laethe úd. Is cuimhin liom fhéin, tráth raibh mé ag freasatal ar an gCliarscoil, i nDroim an tSín, gur chuir mo dheirfiúr gearrthóga as nuachtán Caitliceach chugam, ó Shasana. Osclaíodh an litir. Fuarthas na gearrthóga, agus níor fágadh agam iad, agus bhí mé trí nó ceithre bliana is fiche, ag an am! Ach b’in iad na rialacha, agus bhíomar ina gcleachtadh. Ach le filleadh ar na meánscoileanna arís…
Ní call dom a rá, go mbíodh cleachtaí faoi leith againn don Domhnach, chuile sheachtain. Chaithimis an mhaidin ar fad, suas go dtí am dinnéir, ag gabháil do chúrsaí creidimh, idir staidéar agus ranganna. Bhíodh deis ag údaráis na scoileanna béim faoi leith a leagan ar ár bhforbairt spioradálta, i rith an ama sin. Chomh maith le sin, chuirtí comhairle faoi leith orainn, go rialta, agus leagtaí os ár gcomhair amach, tréithe an mhic léinn fhoirfe, chríochnaithe, le bheith mar mhúnla againne, ag súil go ndéanfadh muid mar a dhéanfadh an múnla sin!
Theastaigh uathu freisin, go mbeadh miotal sna cnámha againn, agus chuige sin, bhídís dian go maith orainn, agus bí cinnte nach ligfidís duine ar bith saor ó phionós, dá mbeadh a leithéid tuillte aige, trí rialacha na scoile a bhriseadh, nó tri thada eile dá leithéid a dhéanamh. B’in an fáth ar baineadh úsáid asainn mar spailpíní fánacha, le seo agus le siúd a dhéanamh. Am ar bith a raibh obair chrua, mhaslaitheach, le déanamh, bí cinnte go mbainfí úsáid as na hábhair sagairt le sin a dhéanamh. Thógtaí amach ar shiúlóid sinn, chuile Dhomhnach, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh muid tuirseach, traochta, sáraithe, i ndiaidh na siúlóide céanna sin. Níorbh aon dóichín in aonchor é, idir ocht agus deich mile slí a shiúl, tráthnóna Domhnaigh. Ag an am gcéanna, bhíodh fáilte againn roimh na siúlóidí céanna sin, nó, dá mbeadh sagart cineálta inár mbun, thabharfadh sé cead dúinn dul isteach i siopa eicínt, fan na slí, le milseáin agus seacláid, agus torthaí, b’fhéidir, a cheannacht, nó cosúil le déagóirí an tsaoil mhóir, bhíodh ocras tar éis altaithe orainne, chuile lá! Dá chruthú sin, nach minic a léimfheadh duine againn thar chlaí isteach i ngort turnapaí le turnapa a ardú leis, lena a ithe, fan an bhealaigh abhaile!
Bhí nós againn i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, dul ar thruas fada, uair amháin sa bhliain. Bhí cnoc ard píosa maith ón gColáiste, Cnoc Spolgadáin a thugtaí air, agus b’in ár sprioc, ar an lá áirithe sin. Níl mé cinnte anois cé chomh fada ó bhaile is a bhí sé, ach cheapfainn go raibh sé deich míle ó bhaile, ar a laghad. Ba í cuspóir na siúlóide sin, nó leis an miotal úd a chur sna cnámha againn, ach geallaimse dhuit é, gur bheag dalta inár measc, a bhain taitneamh, nó tairbhe, as an aeraíocht chéanna sin. Ní bhíodh againn dá bharr, go hiondúil, ach cloig agus spuaiceanna! Ní bhíodh muid tagtha chugainn fhéin arís, go ceann seachtaine ina dhiaidh sin. Bí ag caint ar mhiotal sna cnámha! Cuimhnigh freisin ar an obair go léir sin a dhéanaimis, chuile thráthnóna, geall leis, ag glanadh fiailí, agus ag gíotáil bóithre na scoile, ag leagan crann, agus ag scoilteadh adhmaid. Ní bhíodh ar dhaltaí sna gnáth-mheánscoileanna obair dá leithéid a dhéanamh, geallaimse dhuit é! Ach smaoinigh ansin, go rabhthas dár n-ullmhú don tsagartacht, agus tuigfidh tú cén fáth a rabhthas chomh dian sin orainn.
Ach bog nó dian, ní raibh ionainne ach gnáthógánaigh, agus an daonnacht chéanna ionainne, is a bhí i ngach ógánach eile dár gcomhaois. Bhí a shliocht orainn, nó bíodh gur deineadh chuile iarracht ar mhanaigh fhoirfe a dheanamh dinn, bí cinnte, go raibh fonn diabhlaíochta orainne, rud a d’fhág na hiarrachtaí céanna sin gan éifeacht, minic go leor. Breathnaigh ar an gcaoi ar thug fear againn buidéal fíona leis, ar aeraíocht a bhí againn go Cóbh Chorcaí, agus ar an gcaoi ar bhlais dream beag againn de, agus gurbh é toradh a bhí ar an eachtra sin, nó go raibh seisear, nó mar sin dínn, maith go leor, tar éis an óil. Ní raibh cead againn toitíní a chaitheamh, ach bíodh nach raibh fhéin, bí cinnte go mbíodh an corrphuth againn, os íseal, am ar bith a dtugtaí an deis dúinn. Féach freisin, an chaoi a ndéanaimis úrscealta, agus a leithéid, a léamh, i ngan fhios, le linn am staidéir, nó faoin bpluid, san oíche, le cabhair ó sholas tóirse. Sea, agus corruair, d’fhanadh fear againn sa leaba ar maidin, ag ligint air go raibh sé go dona tinn, nuair nach mbíodh faic na fríde air, ach easba codlata. Ach tríd is tríd, bheadh sé níos deacra rud dá leithéid a dhéanamh inár meascna, ná mar a bheadh sé a leithéid a dhéanamh sa ghnáthmheánscoil, ag an am. Nó bhí slí iompair faoi leith inár measc-na. Ní raibh teach sábháilte inár measc, le coimirce a chur ar fáil don lucht mí-ghníomha, agus sa tslí sin, bhí seans i bhfad níos fearr ag údráis ár scoileanna teacht suas leis an té a bhí ag dul ar strae, agus freisin, leis an té a bheadh ag iarraidh a chomhscoláirí a mhealladh síos bóthar a n-aimhleasa. Is dócha, mar sin, go gcaithfidh mé a admháil, ar deireadh thiar, gur éirigh, tríd is tríd, leis an gcóras smachta, agus traenála, a bhí in úsáid sna scoileanna s’againne, agus ar an mórgóir, gur cuireadh an smacht sin i bhfeidhm go ceart, cóir, carthannach, cé gur fíor, go ndeachaigh an corrdhuine, anseo is ansiúd, thar fóir, ina dhúthracht le sinn a chur ar chasán ár leasa. Ag breathnú siar ar na laethe sin, agus ar na daoine sin, anois, ní féidir liom a rá go bhfuil fearg nó fuath fanta sa chroí istigh ionnam do dhuine ar bith, a bhí i mo bhunsa, nó de bharr tada ar bith a deineadh dom, le linn dom bheith ag freastal ar na meánscoileanna sin. Ach ar an dtaobh eile den scéal, ba mhaith liom anois mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl do na múinteoirí uilig, a raibh baint ar bith acu liomsa, le linn dom bheith faoina gcúram. Ba ghnáthdhhaoine iad siúd freisin, agus tá mé cinnte, gur chuireamar le báiní, agus le buile iad, minic go leor, na laethe úd, nó níorbh aon aingil ar thalamh sinne, geallaimse dhuit é.
Ach, fágaimis é siúd mar atá sé, do thuras na huaire seo
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
An Síol a Cuireadh
Caibidil 25
.
Le cupla caibidil anois, bhí an téarma SMA á úsáid agam go rialta, agus i ndáiríre, níor dhein mé aon ró-iarracht ar an téarma sin a mhíniú daoibh, agus tuigtear dom anois, nárbh olc an tseift í, tamall a chaitheamh ag cur síos ar an Eagraíocht Mhiseanach sin, a raibh mé fhéin ag iarraidh fáil isteach inti, an tráth úd. Anois, ní hOrd Crábhaidh atá i gceist againn anseo, ach Cumann Crábhaidh, nó cé nach mbíonn flúirse airgid ag duine ar bith den Chumann céanna sin, go bhfios domsa ach go háirithe, ag an am gcéanna, ní bhíonn orthu Móid Bhochtaineachta a thabhairt. Bíonn orthu Móid Umhlaíochta a thabhairt, ní dá n-easpag, ach dá n-uachtaráin fhéin, agus do cibé duine a chuirfeadh na huachtaráin chéanna sin ina mbun. Chomh fada is bhaineann sé leis an SMA sin, tagann sin ó ainm an Chumainn sa Laidin. “Societas Missionum ad Afros”, a thugtar orthu sa teanga ársa sin, agus b’iad cinnlitreacha na bhfocal sin a d’fhág SMA mar ainm orthu. Bhí ceangal idr an Cúige Éireannach den Chumann sin leis an bhFrainc, dár ndóigh, nó ba Easpag Francach a bhunaigh an Cumann, sa bhliain 1856. Joseph Marion de Bresillac, a bhí ar an easpag sin. B’fhear é, a raibh blianta caite san India aige, agus ó tharla gur éirigh sé as a chuid oibre ansin, nuair a tháinig sé ar ais chun na Fraince, theastaigh uaidh misean chun na hAifrice a bhunú. Thug sé cuairt ar an Vatacáin, le cead chuige sin a lorg, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur thug an Pápa an cead sin dó, agus thug “Sierra Leone” mar Chríoch Mhisineach dó. Bhailigh sé na pingneacha, agus cheannaigh teach i Lyons na Fraince, agus i gcionn cupla bliain, bhí triúr sagart agus beirt bhráithre, maraon leis an Easpag fhéin, amuigh i Sierra Leone, i mbun oibre, ach ar an drochuair, bhí an Fiabhras Buí ag réabadh roimhe sa tír sin, ag an am, agus taobh istigh d’achar gearr, cailleadh chuile dhuine den Chumann a bhí i Sierra Leone ag an am. Ní raibh fágtha ansin, i gceanncheathrú na Misean, i Lyons, ach Pere Planque, a fágadh i mbun cúrsaí ansin, agus beirt shagart, beirt bhráithre agus ceathrar ábhar sagairt. Thug an tAthair Planque aghaidh ar an Róimh, agus leag a chás os comhair an Phápa fhéin, agus dúirt leis, gur mhaith leis leanúint le fís an Easpaig de Bresillac a chur i gcrích. Thug an Pápa a bheannacht fhéin dó, agus mhol dó casán an easpaig a leanacht. Ba dhian an misean é, ag an am sin, nó ba é ainm a bhí ar an gcríoch mhiseanach sin acusan, ag an am, nó Reilg na bhFhear Geal, agus cúis mhaith chuige sin, nó ní mhaireadh na fir gheala chéanna ann, ar an meán, ach thart ar dhá bhliain. Caithfidh go raibh creideamh thar na bearta ag na misinéirí sin!
Bheannaigh Dia a saothar, nó taobh istigh de dheich mbliana, bhí triocha sagart den Chumann ag saothrú leo sa mhisean sin, agus faoin mbliain 1907 bhí breis agus dhá chéad misinéir amuigh ansin san Aifric acu. Bí ag caint ar fhás aon oíche!
Ach caithfimid dul siar beagáinín, go dtí seachtóidí an naoú haois déag, nuair a tharla go raibh dhá chríoch mhiseanacha thábhachtacha ag an SMA ina raibh Béarla á úsáid go hoifigiúil iontu, agus b’in iad an Nigéir, ar choilíneacht Shasanach í, ón mbliain 1862, agus An Aifric Theas, mar a raibh Béarla riachtanach do na misineirí. Mar sin, theastaigh misinéirí le Béarla go géar uathu, agus b’in a tharraing a n-aird ar Éirinn, a chéaduair. Sa bhliain 1876, d’oscail an SMA misean san Airfic Theas, agus tharla gur chuir siad aithne ar shagart Éireannach, dárb ainm James O Haire sa Chríoch sin, agus b’eisean a mhol dóibh dul go hÉirinn, le misinéirí a earcú ansin, le teacht i gcabhair orthu. Ba é deireadh an scéil sin é, nó gur chuireadar an tAthair O Haire fhéin go hÉirinn thar a gceann. Thug sé a aghaidh ar Chorcaigh na Long, agus fuair cead ó Easpag Chorcaí dá thionscadal. An bhliain dár gcionn, chuir sé cearthrar mac léinn ó Chorcaigh go dtí an Chliarscoil i Lyons na Fraince, le dul i mbun staidéir don tsagartacht ansin. Níor fhan an tAthair O Haire i bhfad i gCorcaigh, nó níor bhall den SMA riamh é, agus chuaigh sé arais chun na hAfraice Theas arís, chomh luath agus a d’fhéadfadh sé. Cuireadh sagart Francach, “Pere Francois Devoucoux” go hÉirinn, sa bhliain 1878, lena áit a líonadh ansin. Tháinig Sasanach saibhir, a d’iompaigh ina Chaitliceach tamall roimhe sin, i gcabhair ar an sagart Francach sin, agus trína chabhair siúd, cheannaigh sé sealúchas breá ar Bhóthar na Carraige Duibhe, i gCorcaigh, agus ba ar an suíomh sin a tógadh scoil sa bhliain 1880, agus séipéal, an bhliain dár gcionn, agus is ar an suíomh sin atá croí agus ceanncheathrú an SMA sa tír seo, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Ba é a theastaigh ó na Francaigh áfach, nó an scoil sin a úsáid, le mic léinn a ullmhú dá gCliarscoil fhéin i Lyons, ach ar an gcéad dul síos, ní raibh an oiread sin mic léinn á n-earcú acu, agus níos measa fós, d’éirigh roinnt mhaith díobh sin as an staidéar, sular oirníodh ina sagairt thall iad. Ansin, tuigeadh dóibh, sa bhFrainc, go mba mhaith an smaoineamh é, úsáid a bhaint as an scoil sin i gCorcaigh, le deis a thabhairt do mhic léinn Francacha, seal a chaitheamh ansin ag foghlaim Béarla.
Sa mbliain 1883, cuireadh ball eile den Chumann go hÉirinn, in áit “Phere Devoucoux”. Eilbhéiseach ba ea an tAthair Joseph Zimmerman, agus chaith seisean ocht mbliana is fiche i gCorcaigh, agus b’eisean, thar éinne eile, a mhúnlaigh an Cúige Éireannach den SMA. D’éirigh leis an sagart iontach seo dul i gcionn ar easpaig, ar shagairt agus ar thuataí Éireann, agus fuair cabhair agus cúnamh fial flaithiúil uathu. Ach ba chóir a lua anseo, go ndeachaigh sé i gcionn, ar bhealach speisialta, ar Llewellyn Blake, ball de cheann de na clanna caitliceacha ba cháiliúla san Iarthar ó tháinig muintir De Burgo chun na dúiche sin, sa dara haois déag, agus ba in ómós dá shinsir Bhreatnacha a baisteadh Llewellyn air. B’iarshaighdiúir é, a chaith seal ag saighdiúireacht san India, mar bhall de na Connaught Rangers, mar ar bhain sé céim Leifteanantchornéal amach dó fhéin. B’fhear saibhir é, a raibh teach breá mór aige i Cloughballymore, láimh le Cill Cholgain, i gContae na Gaillimhe. Bhuel, ba é deireadh an scéil é, gur bhronn sé an teach sin ar an SMA, ach mhair sé fhéin sa teach sin in éindigh leo, go deireadh a laethe. Ar ball, fuair sé teach mór a athar, Ballinafad House, le hoidhreacht óna athair, agus bhfuil fhios agat céard a rinne sé leis an teach sin freisin? Sea, thug sé an teach sin freisin don SMA, sa bhliain 1908, agus b’in an áit a raibh Coláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada, mar ar chaith mé fhéin dhá bhliain, ag freastal air, i dtús na ndachaidí. Níorbh é amháin gur bhronn Llewellyn an dá áras álainn sin ar an SMA, ach bhí dhá eastát fhairsinge ag gabháil leis na hárais chéanna sin, agus bronnadh iadsan freisin orthu, agus chomh maith leo sin uilig, thug sé airgead dóibh go fial fairsing flaithiuil freisin, sa chaoi gur ghearr go raibh an tAthair Zimmerman ag iarraidh Cúige neamhspleách de Chumann an SMA a bhunú anseo in Éirinn, nó cheana féin, sa bhlain 1888, d’éirigh leo sealúchas breá fairsing eile a cheannacht i Wilton, ar imeall chathair Chorcaí áit ar tógadh Coláiste Sheosaimh, agus sa bhliain 1897, thóg an tAthair Zimmerman séipéal breá ansin, i Wilton. Tá an séipéal ansin go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus bheadh fhios agat láithreach, go raibh baint eicínt ag an seipéal sin leis an Eilbhéis, nó tá crochadh an dín níos géire i bhfad ná mar a gheofá, coitianta, sa tír seo.
Pé’r bith scéal é, d’éirigh leis an Athair Zimmerman an comhar a íoc le Llewellyn nuair a d’éirigh leis, a chur ina luí ar an bPápa, an teideal, Cunta, a bhronnadh air sa bhliain 1907, agus chomh maith le sin, deineadh ball onórach den SMA de. Níor bheag sin, lena meas air, agus lena n-urraim dó, a léiriú.
Fad is a bhí na rudaí sin uilig ag tarlú, bhí an sagart Eilbhéiseach sin, ar a mhíle dhícheall, ag iarraidh Cúige Éireannach den SMA a bhunú anseo, nó, go dtí an pointe sin, ní raibh acu anseo in Éirinn ach cuid den Mhisean Francach, gan Ionad Fealsúnachta nó Cliarascoil dá gcuid fhéin acu, le misinéirí Éireannacha a ullmhú don tsagartacht iontu, ach ní raibh na Francaigh sásta géilleadh puinn don Athair Zimmerman, nó dá lucht tacaíochta, agus bhí ina chogadh neamhaí eatarthu. I ndáiríre, rinne siad a míle dhícheall le féachaint chuige, nach dtarlódh a leithéid, ach i ndeireadh na dála, bhí an brú ón Eilbhéiseach, agus ó Easpaig Éireannacha sách láidir, le cur ina luí ar an Vatacáin, gur chóir dóibhsean géilleadh, agus sa bhliain 1909, tugadh an cead pápúil do na hÉireannaigh, le scoil Fealsúnachta, agus scoil Diagachta, dá gcuid fhéin, a bhunú ina gceanncheathrú, ar Bhóthar na Carraige Duibhe, i gCorcaigh. Osclaíodh na hionaid sin, ar an 20 Meán Fómhair, 1909, agus b’in an chéad Mhór-Chliarscoil, dírithe ar na misin choigríocha amháin, a osclaíodh riamh sa tír seo.
Bhí ceataí sa scéal áfach, nó ag an bpointe seo, dhearbhaigh na Francaigh don Vatacáin, go mbeadh siad sásta Cúige Éireannach den SMA a cheadú, ar choinníoll go ndéanfaí an tAthair Zimmerman a aisghairm chun na Fraince, agus an tAthair Stephen Kyne, arbh leasainm a thugaimis air nó an “Skipper”, a chur go hÉirinn ina áit. Glacadh leis an gcomhghéilleadh sin sa Róimh, bíodh nach raibh na hEaspaig abhus, nó an Cunta Blake, sásta leis an socrú sin, olc, maith, nó dona, agus bíodh go ndearna siad chuile dhícheall a chur ina luí ar an Vatacáin nár chóir an tAthair Zimmerman a aisghairm, níor tugadh orthu áfach, ach an chluas bhodhar. D’imigh an sagart sin ar ais chun na Fraince, agus sa bhliain 1910 seoladh chun na Stát Aontaithe é, agus bíodh gur chaill roinnt mhaith de na hEaspaig agus de na tuataí Éireannacha, suim sa Chumann dá bharr, ag an am gcéanna, fuair na misinéirí Éireannacha cead a gCúige neamhspleách fhéin a bhunú, sa bhliain 1912. Go gairid ina dhiaidh sin, sa bhliain 1916, dhírigh na hEaspaig Éireannacha a ndúthracht ar Mhisean Mhá Nuat chun na Síne, agus ar ball arís, sa bhliain 1932, bunaíodh buíon eile, The Kiltegan Fathers, le dúil na nEaspag sna misin a léiriú, dúil a dhúisigh an tAthair Zimmerman iontu, blianta fada roimhe sin. Ag an am gcéanna, agus tráthúil go leor, bhí an-dul chun cinn déanta ag an SMA Éireannach, agus bhí an tAthair Stephen Kyne chomh díograiseach sin, gur éirigh leo, ní amháin teacht i dtír, ach d’éirigh leo fás agus forbairt, sa tslí go raibh an Cúige Éireannach den Chumann neamhspleách ar fad ar an Máthair-Chumann sa bhFrainc. Ach, chaithfeadh duine smaoineamh gur mhór an trua é, gur tharla an t-easaontas sin idir an Athair Zimmerman agus an Mháthair-Chumann céanna sin sa bhFrainc, nó níl dabht ar domhan, ach gur bhain an t-easaontas céanna sin siar go mór as a ndul chun cinn, agus as an tacaíocht, agus as an gcúnamh, a bhí curtha ar fáil dóibh, roimhe sin, ag Easpaig, ag sagairt, agus ag tuataí Éireann. Ach nach ’in an saol agat, a mhiceo!
Faoin mbliain 1922, bhí trí scór misinéir ag saothrú leo, ar na misin choigríocha, ag Cúige Éireann den SMA, agus ag an am gcéanna, bhí céad triocha ábhar sagairt á n-ullmhú don tsagartacht acu ina gcúig Choláiste, anseo i dtír na hÉireann. Osclaíodh Cliarscoil bhrea, nua, fairsing, don Chumann, in ”Dromantine”, i gContae an Dúin, sa bhliain 1926, nuair a d’éirigh leis an gCumann “Dromantine House” a cheannach, rud a tuigeadh a bheith dodhéanta sa taobh sin tíre, ag an am. Ach beidh tuilleadh le rá agam faoi Cloughballymore House agus faoi Dromantine House, amach anseo.
D’imigh sin áfach, agus tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, tá an Cumann céanna sin beo beathaíoch fós, agus faoin am seo, tá naoi gCúige den Chumann ann, agus ceanncheathrú acu sa Róimh fhéin. Tá breis mhaith is míle sagart acu ar mhisin, ó cheann ceann na cruinne, agus ní gá a rá, gurb é an Cúige Éireannach, an Cúige is mó orthu uilig, nó tá thart ar cheithre chéad sagart acusan ar na misin. Tá tarraingt ar chéad milliún daoine ina gcónaí sna críocha a ndéanann siad freastal orthu, áit a bhfuil thart ar 4%, nó 5%, díobh ina gCaitlicigh.
Bhuel, sin agat anois roinnt éigin eolais faoin “outfit” a raibh mé fhéin bainteach leo, ar feadh breis is naoi mbliana, nó bhí mé i ngiorracht scread asail do bheith oirnithe, nuair a d’fhág mé Cliarscoil Dromantine, sa bhliain 1950. Ach, b’fhéidir go bhfuil mo sháith ráite agam faoin SMA, an babhta seo, ach tuigeadh dom, nach bhféadfaí mo scéal a thuiscint i gceart, mura líonfainn isteach cuid den mhioneolas céanna sin.
.
.
.
.
.
Im’ Nóibhíseach dom
Caibidil 26
.
I Meán Fómhair na bliana 1945, thug mé aghaidh ar Nóibhíseacht an SMA, i Cloughballymore House, láimh le Cill Cholgáin, i gContae na Gaillimhe. Mhínigh mé cheana, go mba leis an gCunta Llewellyn Blake an Teach Mór céanna sin, fear a d’éirigh as an tsaighdiúireacht san India agus é na Leifteanantchoirnéal sna Connaught Rangers, reisimint de chuid Arm na Breataine, ag an am. Ar ball, tar éis dá bhean bás d’fháil, agus é fágtha gan chlann, gan oidhre, shocraigh sé ar a Theach Mór a bhronnadh ar an SMA, mar Nóibhíseacht, rud a bhí ag teastáil go géar uathusan, ag an am, tharla go raibh siad ar an míle dícheall, ag iarraidh Cúige neamhspleách den Chumann sin, a bhunú anseo in Éirinn. D’fhan an Cunta fhéin, ar deineadh ball onórach den SMA de, ina chónaí sa Teach Mór sin go dtí gur dáileadh an chré leis. Ní call dom a rá, go raibh chuile eolas againne faoin gCunta céanna sin, nó bhíodh se inár bpaidreacha chuile lá. Ach le filleadh ar mo scéal féin…
Ba bheag feabhas a bhí tagtha ar chúrsaí taistil sa tír seo, ó chéadthaistil mé go Wilton, Chorcaí, trí bliana roimhe sin, agus dá bhrí sin, b’éigean dom dhá lá a chaitheamh ag taisteal ó bhaile na Druime, go Teach Cloughballymore. Ní call dom a rá, go mba mhall, tuirsiúil, leadránach, an turas é, ach i ndeireadh na feide, shroich mé cathair na Gaillimhe, agus ceart go leor, bhí duine ansin, ag fanacht orm, le mo thabhairt ó stáisiún na traenach ansin, go dtí an Nóibhíseacht. Ni capall agus jaunt, nó carr cliathánach, a bhí aige seo, faoi mar a bhíodh i mBéal an Átha Fhada, i gContae Mhaigh Eo. Níorbh ea mh’anam, ach carr breá galánta. Tharla go raibh beirt, nó triúr eile, ag dul ar an aistear céanna liom, agus bhailigh an tAthair Harrington muid leis ina charr breá, galánta. Fear íseal, tanaí, greannmhar, ba an sagart seo, a raibh stad ann, ach taobh amuigh de sin, b’fhear lách, geanúil, cairdiúil, é, agus ollamh cliste, léannta, eolgaiseach, freisin.
Ní call dom a rá, nach raibh seomraí dár gcuid fhéin le fáil againn sa Nóibhíseacht sin, ní raibh, muis! Ní raibh againn ach suainliosanna móra, fuara, folamha. Tugadh a leaba fhéin do chuile dhuine againn, agus chuireamar pe acairí, agus éadaí, a bhí againn, isteach i gcóifrín a bhí ag taobh na leapan, ag chuile dhuine againn. Nuair a bhí an gnó sin déanta againn, tugadh ar chuairt na Nóibhíseachta sinn. Bhí ansin, in éineacht leis na suanliosanna, bhí Aireagal breá, fairsing, galánta; agus seomraí ranga, maraon le halla ollmhór staidéir. Teaspáineadh an Bhialann mhór, fhairsing, dúinn freisin, agus diabhal locht ar bith a fuaireamar ar an Halla mór céanna sin! Ní lampaí pearaifín a bhí á n-úsáid sa bhfoirgneamh seo, níorbh ea mh’anam, ach soilse gléigeala leictreacha. Tugadh spléachadh dúinn freisin, ar chuid den Teach Mór fhéin, mar a raibh parlúis, seomraí feithimh, agus seomraí na sagart, suite. Samhlaíodh domsa, ach go háirithe, go mba neamhaí an t-ionad é an Nóibhíseacht álainn seo, i Cloughballymore House.
B’álainn go deo an suíomh a bhí ag an bhfoirgneamh álainn seo. Sea, agus nárbh iad na boic mhóra a bhí in ann suíomh feiliúnach, feiceálach, a fháil dá dtithe? Páircaeanna agus bóithríní spéisiúla tríothu, a bhí thart ar an gColáiste seo. Coláiste a bhí againn anseo, cinnte, ach ag an am gcéanna, ba Nóibhíseacht é, agus b’in é príomhghnó an ionaid seo. Dhéanfaí chuile iarracht ar bhealach an Spioraid a léiriú, agus a mhúineadh, do chuile Nóibhíseach, le linn an ama a chaitheadh sé ansin. Cinnte, mar adúirt mé, ba Choláiste é, agus mhúinfí Fealsúnacht dúinn freisin, agus dár ndóigh, nach breá a raghadh an péire sin, an Fhealsúnacht, agus an Nóibhíseacht, le chéile, i múnlú spioradálta na Mac Léinn, san institiúid sin.
Bhí rainse mór ag dul leis an bhfoirgneamh sin, ach i ndáiríre, níor thalamh maith é an chuid ba mhó de, nó ba chosúil le tírdhreach boireannach é. Ag an am gcéanna, bhí páirceanna breátha, goirt mhéithe, agus cimíní mealltacha, le fáil anseo is ansiúd sa rainse sin. Bhí an chosúlacht air, go raibh na céadta agus na céadta acra sa rainse céanna sin, agus anois is arís, nuair a bhíodh lá saoire nó a leithéid d’ócáid againn, théimis ag fánaíocht tríd an rainse céanna sin, agus nach orainn a bhíodh an t-áthas, agus an t-ionadh, nuair a thagaimis ar fhoireann bhreá mhór de chapaillíní Chonamara, ag réabadh leo thar na carraigreacha, nó bhí seansagart ag cur faoi sa Nóibhíseacht sin, Sparánaí na hinstitiúide, a raibh spéis an domhain aige sna capaillíní céanna sin, agus dhéanadh seisean iad a phórú agus a thógáil ar fheirm an Choláiste. Nach minic a chuireamar ceist orainn fhéin faoin chaoi ar éirigh leis na beithigh sin teacht i dtír ar thalamh chomh bocht, neamhthorthúil, nó ba bheag fásra a bhí le fáil acu sa timpeallacht fhiáin sin, ní raibh le fáil acu, ach cibé a bhí ag fás idir, agus i measc, na gcarraigreacha.
Ach, ní raibh na cúrsaí sin ag cur as dúinne, an lá breá sin i bhFómhar na bliana 1945, an lá úd ar chéadleag muid spág ar thalamh Cloughballymore, in aice le Cill Cholgain, i gContae na Gaillimhe.
Ní raibh an oiread sin difríochta idir an Nóibhíseacht seo, agus na Coláistí úd, ar dhein mé freastal orthu, sna blianta roimhe sin. Ba é an leagan amach céanna a bhí ar chúrsaí ansin. D’éirímis ar a sé a chlog ar maidin, chuile mhaidin, ach amháin, nuair a bhíodh saoire de chineál eicínt againn, nuair a d’fhágtaí sa leabha sinn, go dtí an seacht! Ansin, bhíodh paidreacha, Aifreann, glanadh, snasadh, agus a leithéid, ar chlár na maidine dúinn, roimh an mbricfeasta. Seal gairid ansin ag siúl timpeall, ag déanamh caitheamh aimsire dúinn fhéin, agus ina dhiaidh sin, bhíodh ranganna, agus cúrsaí spioradálta idir chamáin againn go ham lóin. Ba chosúla le léachtaí Ollscoile ár ranganna, faoin am seo áfach, nó bhí cead faighte againn ó Ollscoil na Gaillimhe, cuid mhaith dár léachtaí a fhreastal, istigh ansin sa Nóibhíseacht s’againne, ar choiníoll go ndéanfaimis freastal ar léacht, nó dhó, sa tseachtain, istigh san Ollscoil fhéin. Ba é an sárscoláire, agus an fealsamh aithnidiúil, ildánach, an tAthair Félim Ó Briain, a bhí mar Ollamh, agus mar threoir, againn, istigh san Ollscoil. I ngluaisteáin a théimis chun na hOllscoile, i nGaillimh, ar na hócáidí sin, chuile sheachtain, agus bhainimis toit agus spraoi as na hócáidí céanna, nó bhíodh deis againn cuairt a thabhairt ar shiopaí, le rudaí ar nós milseán agus brioscaí a cheannacht, agus geallaimse dhuit é, gur géar a bhí na hearraí céanna sin ag teastáil uainn, ag an am, nó bíodh go raibh muid thart ar scór bliain d’aois, ag an am, ní raibh muid chomh haibí, glic, is a bheadh daoine dár gcomhaois, a mbeadh cónaí orthu, amuigh sa saol mór. Ar an dtaobh eile den scéal, thaitin an staidéar agus na léachtaí thar barr liom fhéin, agus ní call dom a rá, gur ar Onóracha sa Chéim a bhí m’aire fhéin dírithe. Is dócha go bhféadfá a rá freisin, gur chuir mé suim, agus dhá shuim, i gcúrsaí spioradálta na Nóibhíseachta. Níorbh aon ionadh sin, ar bhealach, nó nár fáisceadh mé fhéin as pobal spioradálta? Agus nach raibh an creideamh go beo, láidir, i measc na muintire ar díobh me?
Bhí rud amháin áfach, nach raibh ró-éasca a dhéanamh, agus b’in comhairle na n-uachtarán a leanúint, gan cheist, i gcónaí, gan eisceacht ar bith, cuma cé acu cheap tú fhéin go mba amadán críochnaithe é an t-uachtarán céanna sin! Is cuimhin liom go mbíodh leabhar faoi chúrsaí spioradálta ar an gcúrsa againn, leabhar le fear, dárb ainm Rodriguez, ba ea é, mura bhfuil dul amú orm, agus bhí samplaí den umhlaíocht ghaisciúil sin le fáil ann. Seo mar a bhí i gceann acu… Tharla uair amháin, gur tháinig fear óg isteach i mainistir, le bheith ina mhanach. Glacadh leis, agus choinnigh an tAbb súil ghéar air, ar feadh roinnt laethanta. Anois, ba fheirmeoir an fear óg, sular thainig sé chun na mainistreach, agus le humhlaíocht chróga a mhúineadh dó, ba é an cleachtadh a thug an tAbb dó, nó plandaí cabaiste a chur sa cheap cabáiste, ach in ionad iad a chur mar a chuirfeadh feirmeoir iad, dúirt an tAbb leis, iad a phlandail bun os cionn, sa chaoi go mbeadh na fréamhacha in airde san aer aige. Mura mbeadh sé sásta sin a dhéanamh, thabharfaí bata agus bóthar dó, nó ní bheadh sé umhal dá uachtarán, agus sin bunchloch, agus cloch phreachain, shaol na mainistreach. Bhí scéal eile le léamh sa chuid chéanna den leabhar sin, faoi Abb eile, a raibh cleas difriúil aige, le humhlaíocht a mhúineadh dá nóibhísigh. Bhíodh manach óg eile ag obair sa gharraí arís, ach an babhta seo, is amhlaidh a thug an tAbb a mhaide siúil dó, agus d’iarr air, é a phlandáil sa chré, agus ansin, teacht ar ais, chuile lá, á uisciú, faoi mar ba phlada beo é. Bhuel, i gcás an nóibhísigh óig seo, rinne sé mar adúradh leis, agus thagadh sé, chuile lá, leis an mbata siúil a uisciú, agus tar éis míosa, nó mar sin, i mbun na ceirde sin, is amhlaidh a chuir an bata siúil fréamhacha uaidh agus d’fhás ina phlanda álainn sa gharraí dó. Ba chomhartha é sin, go raibh Dia sásta le leibhéal umhlaíochta an nóibhísigh sin. Anois, ní raibh sna samplaí sin ach scéalta, ach múineadh dúinne go naomhódh umhlaíocht dá leithéid sinn, agus moladh dúinn, aithris a dhéanamh ar an gcineál sin iompair. Ag an am, tá mé cinnte, gur ghlac mé fhéin leis, chomh maith le duine, gur chóir dom an chonair sin a leanúint. Agus tá mé cinnte freisin, go mba ghnáth mhúineadh é sin, i gCliarscoileanna na tíre, ag an am. Ní hé mo thuairim áfach, go leanfadh nóibhísigh an lae inniu an chonair chéanna sin, agus b’fhéidir nár mhiste dóibh sin.
Anois, bíodh go mbíodh an-chuid ama le caitheamh againn, ag guí, ag staidéar, agus ag obair, ní hionann sin is a rá gur deineadh dearmad ar chluichí, nó ar chaitheamh aimsire. Níor deineadh, muis! agus bhíodh cluichí againn cupla uair sa tseachtain. Bhíodh peil, iomáint, sacar, agus rugar corr uair, againn. Déarfainn go raibh caighdeán réasúnta ard sroichte againn sna cluichí céanna sin, go háirithe sna cluichí Gaelacha, nó bhí beirt dár nóibhísigh ag imirt ar fhoireann Mhaigh Eo, ag an am sin. Sea, mh’anam, beirt Iorrasach, agus beirt dearthár de mhuintir Mhic Aindriú, agus nach bhfuil fhios ag an saol mór, go mba Bhairéadaigh iad muintir Mhic Aindriú, leis na cianta! Ach nár chuma faoin gcaighdeán. Bhainimis spórt agus spraoi as na cluichí céanna sin, agus bíodh gur chrua a d’imríomar chuile chluiche, ba chrua i bhfad Éireann fós, a d’imríomar na Cluichí Cúige a bhíodh againn ar chuile Lá ‘le Pádraig. Mar a mhínigh mé cheana, bhíodh mic léinn againn ó chuile chearn den tír, agus ó chuile chúige de chúigí Éireann, agus ansin, uair amháin sa bhliain, d’imrímis cluichí idirchúigíocha, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh fuil agus feannadh ag gabháil leis na cluichí céanna sin, chuile bhliain! Ach, bíodh gur mar sin a bhí, níor chuir na húdaráis ina gcoinne riamh, is dócha gur cheap siad, nárbh olc an rud é, uair amháin sa bhliain, deis a thabhairt dúinne, ár racht a ligean amach, leis na spéartha a ghlanadh, faoi mar adéarfadh duine!
Níl fhios agam, conas a dheintear Nóibhíseachtaí a stiúradh, na laethe seo, ach nuair a smaoiníonn tú air, nárbh ait an traenáil a thugtaí d’fhir óga, an tráth úd, le saol an tsagairt a chaitheamh. Thógtaí isteach san institiúid sin é, ar feadh dhá bhliain, geall leis, agus i rith an ama sin uilig, choinnítí glan scartha é ón saol mór thart air. Ní ligtí dó nuachtáin a léamh, nó eisteacht leis an raidió. Choinnítí uaidh amach chuile thionchar ón dtaobh amuigh, sa chaoi go bhféadfadh sé a anam a mhúnlú ar bhealach spioradálta, ar bhealach a bheadh neamhspleách ar fhórsaí truaillitheacha an tsaoil truaillithe seo. Anois nílim ag maíomh anseo, go bhfuil bealach níos fearr ná sin le moladh agamsa, nó níl, ach, ag an am gcéanna, nach gcuirfeadh a leithéid de leagan amach duine ag smaoineamh? B’fhéidir go gcuirfeadh, ach, níor chuir sé sinne ag smaoineamh fan an bhealaigh sin, an tráth úd. Ghlacamar go huile is go hiomlán leis an gcóras sin, faoi mar a bhí. Mholamar an t-áth mar a fuaireamar. Tuige nach ndéanfadh? Nár mhínigh mé dhuit thuas, faoin umhlaíocht úd a dhéanfadh bata siúil a uisciú, chuile lá, go dtí go bhfásfadh sé! Nuair a bhreathnaím ar na cúrsaí sin anois, feictear dom go raibh a gciall fhéin acu siúd a dhréacht na bealaí sin le léann an tsagairt a chur ar dhuine, ach ag an am gcéanna, ní féidir liom éaló ó na laigí a bhí de dhlúth agus d’inneach, sa chóras céanna sin. Cuimhnigh anois, go ndeachaigh mise isteach i Cloughballymore House, i Meán Fómhair na bliana, 1945, agus an scór sáraithe agam ag an am, agus coinníodh istigh ansin mé, go dtí Meitheamh na bliana 1947. I rith an ama sin go léir, níor ligeadh abhaile ar saoire nó tada dá leithéid mé. Geallaimse dhuit é, go mba fhada an t-achar é sin, d’fhear óg ar bith, a bheith scartha óna phobal, agus óna mhuintir. Ag breathnú siar arís, feictear dhom anois, go n-oirfeadh an cineál sin oiliúna don té a mbeifí á ullmhú lena shaol a chaitheamh i mainistir, mar bhall dOrd Crábhaidh, ach ar ullmhaigh sé duine lena shaol a chaitheamh ar na misin choigríche? Bhuel, sin sceal eile ar fad, agus b’fhéidir gur chóir dul siar arís go fréamhacha an Chúige Éireannaigh den SMA, agus an tionchar a bhí ag baill na Fraince den Chumann sin, ar bhunú an SMA anseo in Éirinn, agus ar a gcur chuige siúd, i gcúrsaí oiliúna, agus traenála dá misinéirí. Ach tá faitíos orm, go bhfuil scéal mhadra na n-ocht gcos déanta agam de scéal seo na nóibhíseachta, ach b’fhéidir, ar an dtaobh eile den scéal, gur thug sé deis dom, cuid de mo smaointe ar an ábhar seo a léiriú anseo dhuit! Ach arís, sin scéal eile, do lá eicínt eile. Bí liom arís sa chéad chaibidil eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar chuid de na heachtraí a bhain dom, le linn dom bheith im nóibhíseach i Cloughballymore House, i gContae na Gaillimhe. Ach ar chraiceann do chluaise, ná déan dearmad ar sin a dhéanamh , nó tá ualach asail de scéalta agam, faoin dá bhliain sin, a chaith mé san institiúid chéanna sin.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Mór idir Inné agus Inniu
Caibidil 27
.
Tá roinnt seachtainí caite, ó scríobh mé an chaibidil deiridh, agus i rith an ama sin, bhí mé ag iarraidh roinnt áirithe cuimhní agus eachtraí a ardú ó ghrinneall loch na gcuimhní, áit ar fhan siad go ciúin, réidh, socair, ó mhaireas iad, thart ar thrí scór bliain ó shoin anois. Labhair mé cheana, faoin rainse mór talún a bhí mar fheirm ag an gColáiste úd “Cloughballymore”, taobh le hArd Rathain, i gContae na Gaillimhe. Níor den scoth é, mar rainse, mar a mhínigh mé cheana dhaoibh, nó ba thalamh, cosúil le Boireann an Chláir é, den chuid is mó, a bhí ann, ach anseo is ansiúd, bhí páirceanna breátha féarmhara, agus goirt torthúla, mhéithe, tugtha chun míntíreachais ag lucht an Choláiste, trí spreacadh a gcnámh agus trí hallas a malaí. Minic freisin, a mbaintí úsáid as ár gcúnamhna, ag cur scoilteán, agus ag baint an fhómhair sna páiraceanna agus sna goirt chéanna sin, sea, agus thugaimis cúnamh freisin, nuair a thagadh tráth buailte an arbhair ba thoradh ar na goirt chéanna sin. Ach, tá na céapair sin mínithe agam daoibh cheana, agus bíodh nár thaitin an cineál sin oibre liom fhéin, olc, maith, nó dona, tharla go raibh múchadh ag cur orm, an tráth sin, níorbh ionann sin is a rá, nach raibh orm déanamh mar adúradh liom, nó má théann tú le saighdiúireacht, caithfidh tú na bróga a chaitheamh, agus an raidhfil a iompar.
Anois, ba Nóibhíseacht é Coláiste Cloughballymore, agus bhí ar chuile dhuine againn dhá bhliain, as a chéile, gan gnáthlaethe saoire, a chaitheamh ansin, le linn dúinn bheith ag foghlaim cheird na sagartachta. Ní hionann sin is a rá, nach mbíodh aon laethe saoire, in aon chor, againn, nó bhíodh, ach bhíodh orainn na laethe saoire céanna sin a chaitheamh sa Choláiste! Bhíomar inár bhfir óga, ag an am, thart ar an scór bliana d’aois, agus caithfidh mé a admháil, go mbíodh cumha ár ndóthain orainn, um Nollaig, go háirithe, agus cuimhnigh go mbíodh orainn dhá Nollaig a chaitheamh ar deoraíocht ansin i gCloughballymore na Gaillimhe. Chaitheadh muid roinnt mhaith ama ag déanamh mhaisiúcháin Nollag do na Hallaí Móra loma, agus don Aireagal freisin. Chaitheadh muid laethe fada ag cur duilleoga agus caora cuillinn ar shnáitheanna, len iad a chrochadh mar mhaisiúcháin, thall is abhus. Bhíodh orainn dul amach ar an iargúl, leis na toir áirithe Nollaigiúla sin, a fháil, is a bhaint. Fad is a bheadh sin ar siúl ag buíon amháin, bheadh dream eile ag déanamh maisiúchán áille as páipéar daite. Nuair a bhíodh chuile shórt crochta, ceangailte, feistithe, againn, geallaimse dhuit é, go mbeadh sé deacair an áit s’againne a shárú, chomh fada is a bhain sé le maisiúcháin, agus le hornáidachas. Ba mhór an chabhair an obair sin uilig dúinne, le cúl a chur ar an gcumha ollmhór a bhíodh orainn, nó i ndáiríre, níor tugadh mórán deise dúinn teacht in inmhe, nó aipiú, mar adéarfá, riamh, nó ba bheag cead a tugadh dúinn ár mbreith fhéin a thabhairt ar ábhar ar bith faoin spéir, ach muid de shíor ag brath ar uachtaráin, leis an ngnó sin a dhéanamh dúinn. Ní call a rá, ach oireadh, go gcaitheadh muid roinnt mhaith ama freisin, ag ullmhú liotúirge, agus ceoil, le Féile na Nollag a cheiliúradh, mar ba cheart agus mar ba chóir.
Bhíodh saoire againn freisin um Cháisc, agus arís, chaitheadh muid an-chuid ama, ag ullmhú do na searmanais uilig, a ghabh le ceiliúradh na Cásca, faoi mar a dheintí í a cheiliúradh, faoin tseanreacht, roimh an Dara Comhairle Vatacáineach. Mór go deo idir na searmanais sin, agus na searmanais faoi mar atá againn, sa lá atá inniu ann. Leor dom a rá, go maireadh cuid de na searmanais sin thart ar thrí huaire a choig, maidin is tráthnóna. Thógadh sé an-chuid ama leis na searmanais sin a chleachtadh, agus leis an gceol a ghabh leo, a ullmhú, sa chaoi nach mbeadh bun cleite amach, nó barr cleite isteach, nuair a thagadh an crú ar an tairne. Bhíodh deiseanna againn le linn na laethe saoire úd, ceol a chleachtadh, scileanna úsáideacha a fhoghlaim, agus cruinnithe a sheoladh freisin.
Ar deireadh thiar, thagadh Saoire an tSamhraidh, agus arís, chuireadh sé sinne ag smaoineamh ar ár muintir fhéin sa bhaile, ach faoin am sin, ní bhíodh an cumha chomh dian sin ar fad, nó bhíodh muid bainte den chíoch, d’fhéadfá a rá, agus muid ag iarraidh ár slí fhéin a dhéanamh sa saol corraitheach a bhí thart orainn. I dtús an tSamhraidh, bhíodh Cúrsa Spioradálta le déanamh againn, agus ní gnáth chúrsa spioradálta atá i gceist agam anseo, ach cúrsa spioradálta a mhair ar feadh triocha lá, ag déanamh aithrise ar an tráth a chaith ár Slánaitheoir ag troscadh sa bhfásach. Cheapfadh duine go mbeadh cúrsa dá leithéid an-dian ar fhear óg, ach, tar éis roinnt laethe, thiocfá isteach air, agus bhainfeá idir thairbhe agus thaitheamh as, uaidh sin amach. Ba é an príomhrud a bhí idir chamáin againn, le linn an chúrsa chéanna sin, nó rogha a dhéanamh, idir an mhaith agus an t-olc. Tá dhá arm ansin, agus caithfidh tú dul le taobh amháin, nó leis an dtaobh eile, nó “an té nach bhfuil Liom, tá sé sin im’ choinne”. Tá dhá mheirge amuigh ansin, agus caithfidh tú slógadh faoi mheirge amháin, nó faoi’n meirge eile. Sea, mh’anam, caithfidh tú taobhú le Dia, nó le diabhal. Tar éis do dhuine, thart ar mhí a chaitheamh ag smaoineamh, agus ag machtnamh, ar na hábhair dhoimhne, bhunúsacha, sin, agus tar éis dó an seal sin a chaitheamh ag guí, ag paidreoireacht, agus ag déanamh a anama, thiocfadh sé amach, ag deireadh an chúrsa spioradálta sin, agus a aigne socraithe, a rogha déanta, agus é meáite ar bhealach a leasa a leanúint feasta, go deireadh a ré. Deireadh feasta, le Tadhg an dá thaobhachas! Chuirfeadh sé i gcuimhne do dhuine, miotal ag teacht amach as an bhfoirnéis, agus é ag spréacharnaigh le gile, ach ní bheifeá ag súil go bhfanfadh an snas sin air go deo, nó bíonn air dul i gcoimhlint leis an saol mór amuigh, agus diaidh ar ndiaidh, cailleann sé a loinnir, agus tagann meirg air. Ba é an scéal céanna againne é, nó ar a laghad, ba é an scéal céanna agamsa é. Ach nach ’in an saol agat, a mhiceo!
Nuair a bhí an cúrsa spioradálta sin críochnaithe, bhí seal saoire againn, agus cead againn dul ag déanamh spóirt agus spraoi dúinn fhéin. Théimis ag snámh go minic, nó bhí an fharraige an-chóngarach dúinn, agus bhí céibh bheag ansin, agus roinnt bheag bád ceangailte lei, de ghnáth. Ar ár mbealach abhaile, tráthnóna amháin, chualamar torann eitleáin chugainn isteach thar farraige, isteach thar Chuan na Gaillimhe. Bhí sí ag eitilt an-íseal, agus na rothaí thíos aici. Rinne sí orainn ar lán-luas, nó b’in mar a chonacthas dúinne é, agus an chéad rud eile, bhí sí ag réabadh a slí trí fallaí cloiche agus páircíní, trí ghoirt agus trí mhóinéir. Ar deireadh thiar, stop sí, tar éis do na fallaí cloiche sin na hinnill a stróiceadh aisti, agus tar éis dóibh a bolg a réabadh, faoi mar a theasódh uathu na putóga a ligint lei. Chuamar de ruaig reatha chun an eitleáin sin, agus b’uafásach an radharc a chonaiceamar, Triúr ar fad a bhí de chriú ar an eitleán sin. Piolóta, a chúntóir, agus fear an raidió. Ceart go leor, ní raibh éinne acu marbh, ach mura raibh fhéin, b’olc an crot a bhí ar chuile dhuine acu. Bhí siad gortaithe go holc, agus iad clúdaithe le fuil, ach bíodh go raibh siad lag, lúbach, tar éis na tionóisce sin, rinneadar cinnte de, nach ligfí éinne dínne isteach i gcábán an phiolóta, cibé ciste a bhí á iompar acu, sa chábán céanna sin. D’iarradar orainne cabhair a fháil dóibh, rud a rinneamar, chomh tapaidh agus a d’fhéadfaimis. Tháinig na gardaí, gan mórán moille, agus rinneadarsan a raibh le déanamh acu, agus thugamarna an Coláiste orainn fhéin, ach ní gan chuimhneachán a d’imíomar. Thógamar lann liáin an eitlleáin abhaile linn, go Cloughballymore, agus roinnt laethe ina dhiaidh sin, d’éirigh linn an lann chéanna sin a shocrú i gcoincréit, in aice an Choláiste, mar chuimhneachán ar an eitleán úd, a thuairt in aice le cuan na Gaillimhe, sa bhliain sin 1946. Mhínigh na heitleoirí dúinn, nach raibh siad ar mhisin troda, nó tada dá leithéid, tharla go raibh an cogadh thart ag an am, ach gurbh amhlaidh a raibh an t-eitleán a seoladh thar an Atlantach acu, mar chuid de shocrú idir na Stáit agus Sasana. Ar aon nós, d’éirigh leis na heitleoirí céanna sin na cosa a thabhairt slán leo, an babhta sin, agus cuireadh thar teorainn ó thuaidh iad, áit a raibh ar a gcumas, eitilt ar ais abhaile chuig na Stáit Aontaithe arís. Bhí an t-ádh leo, nó b’olc an taobh tíre a roghnaigh siad le tuirlingt éigeandála a dhéanamh, ach thug an eachtra chéanna sin ábhar cainte dúinne, ar feadh an tSamhraidh sin uilig, agus nach ait mar a fhanann a chuimhne chomh glas sin liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann?
Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh d’eachtra amháin eile, a tharla domsa, an Samhradh sámh sin, nuair a bhí sú na hóige ag éirí fós sna cnámha istigh ionnam. Mhínigh mé dhaoibh cheana, go raibh de nós againn an fharraige thíos a thabhairt orainn fhéin, bunús chuile lá, i rith an tSamhraidh. Bhuel, bhí duine de na sagairt, a bhíodh inár mbun, ag an am, a bhí an-tugtha don bhfarraige agus do bháid, agus do scór rudaí eile, freisin. Ba shagart breá, groí, Gaelach é, agus ba mhinic a chaitheadh sé an filleadh beag, faoina shútán, ach b’ar na báid agus ar an bhfarraige, a tharraing mé an scéal anseo. Bhuel, bhíodh bád aige thíos ag an gcéibh, in áit ar a dtugaidís “Tarrea”, i mBéarla, agus ba mhinic a bhíodh an seantsagart seo ag iarraidh nósanna agus scileanna na farraige a mhúineadh dúinn. Thógadh sé dream dínn amach sa bhád leis, agus chuireadh sé rialacha na bádóireaachta i bhfeidhm orainn. ‘Ná seas suas i mbád riamh,’ adeireadh sé linn, agus am eile, chuireadh sé iachall orainn na maidí rámha a ligean le ceathrú, agus céad ordú eile, atá dearmadta agamsa anois leis na blianta, ach ba throm na clocha ar mo phaidrín iad, ag an am. Bhuel, tharla lá amháin, nach raibh an tAthair Billy ar an bhfód, agus nuair a chuaigh ár gcomrádaithe arais chun an Choláiste, i ndiaidh doibh seal a chaitheamh ag snámh, d’fhan mé fhéin agus triúr eile ina ndiaidh, ag an gcéibh, nó bhí fúinn babhta bádóireachta a dhéanamh, linn fhéin, le cleachtadh a fháil amuigh ar an ndomhain. Bhí socraithe againn freisin, seal a chaitheamh ag iascaireacht sa bhá, nó bhí na ronnaigh chomh flúirseach, an t-am sin, gur bheag nach léimfeadh siad isteach sa bhád chugat. Bhí ceataí bheag sa scéal áfach, nó ní raibh leapacha iomartha nó cnogaí ar bith againn, leis na céaslaí a choinneáil socair, le linn dúinn bheith ag iomramh. Ach b’fhear cúramach, údarásach, éifeachtach é an tAthair Billy, agus bí cinnte de, nach bhfágfadh seisean na leapacha iomartha ina bhád, ar eagla go ndéanfaí iarracht ar a bhád a thógáil gan chead. Céard a bhí le déanamh againne áfach? Theastaigh tréimhse bádóireachta uainne, agus nach cuma nó muc fear gan seift. Bhuel, ba é a shocraigh muid, nó na maidí rámha a cheangal le piosa de rópa, ar ár mbealach trasna, agus ansin, tuigeadh dúinn, go dtabharfadh na hiascairí thall ar an dtaobh eile den chuan, go dtabharfadh siad leapacha iomartha dúinn, don turas ar ais. Bhí go maith. Bhí an bá chomh ciúin le pána gloine, agus chuamar trasna gan aon ró-dheacracht. Ach, ní mar a shíltear a bhítear, i gcónaí, agus ba é an dála céanna sin againne é, nó nuair a chuamar i dtír thall, agus nuair a thosaíomar ag cuardach leapacha iomartha, nó cnogaí, ba scéal eile ar fad é, nó thíos nó thuas, thall nó abhus, ní raibh fáil ar leapacha iomartha nó cnogaí. Ní raibh fáil orthu ar ór, nó ar airgead. Is dócha nár tugadh mórán airde orainne, mic léinn, nó ar ár scéal. Bhí an tráthnóna ag dul i ndéanaí, agus tuigeadh dúinn, gur chóir dúinn aghaidh a thabhairt ar “Tarrea” arís, agus ár ndícheall a dhéanamh an trá thall sin a bhaint amach, ar ais nó ar éigean. Is dócha gur tuigeadh dúinn, ag an am, nach raibh an dara rogha againn, ach tabhairt faoin turas céanna sin. Rinneamar amhlaidh, ach mo bhrón is mo mhilleadh, mar adeireadh na scéalaithe fadó, ba ghearr gur éirigh an ghaoth, agus gur tóigeadh an fharraige, dá bharr. Geallaimse dhuit é, go raibh sé an-deacair coimeád ciúin, agus leanúint den rámhaíocht, nó bhí báidín bocht Bhilly ag éirí is ag titim ar ucht na dtonn. Caitheadh na rópaí, leis an síor-iomramh, agus b’éigean dúinn ansin, na maidí rámha a úsáid, mar a dhéanadh na hIndiaigh lena gcurracha siúd a iomramh, má b’fhíor do na scannáin! Ach, i ndeireadh na feide, bhaineamar an ché amach, agus muid scanraithe, sáraithe, suncaithe, go maith. Rinneamar an bád a fheistiú, mar ba chóir, agus thugamar an bóthar go dtí an Coláiste orainn fhéin. Bhíothas díreach réidh ansin, le scéala a chur chuig na gardaí, sul a raghaidís fhéin amach dár gcuardach. Ní call dom a rá gur tugadh íde na muc is na madraí dúinn, ach tuigeadh do chuile dhuine againne, go raibh an sciolladóireacht sin tuillte, agus tuillte go maith againn, agus dá bhrí sin, níor dhúirt muid cat dubh, nó cat bán, leis na huraráis, a thug an léasadh teanga sin dúinn. Ar aon nós, níor cuireadh an ruaig as an gColáiste orainn, láithreach bonn, ach dúradh linn, bualadh le hUachtarán an Choláiste, an tráthnóna dár gcionn, lena bhreith siúd a chlos. Ní call dom a rá, gur bheag lá a bhí chomh fada leis an lá ar na mhárach sin, ach ar deireadh, tháinig an t-am spriocáilte, agus bhíomarna ag creathadh linn ag doras an Uachtaráin. Ligeadh isteach sinn, agus tar éis don Uachtarán an scéal ar fad, faoi chomh hamaidí, agus chomh contúirteach, is a bhí an beart a rinneamar, dúirt sé linn, gurbh é a thuairim fhéin, go raibh ár sáith fulaingthe againn cheana féin, agus chomh maith le sin, tuigeadh dó, go raibh chuile chosúlacht ar an scéal, go raibh ár gceacht foghlamtha againn, agus nach ndéanfadh muid beart chomh hamadánta sin go deo arís, lig sé ár gcosa linn, ar choinníoll go bhfanfadh muid glan amach ó na báid, fad is a bhíomar ag freastal ar Choláiste Chloughballymore. Gheallamar dó go bhfanfadh, agus b’in deireadh leis an eachtra mhí-ámharach sin. Agus caithfidh mé a admháil anseo anois, go raibh ár gceacht foghlamtha againn, nó ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, ní dhearna mise, nó éinne eile den bhuíon, chomh fada is is feasach mé, iarracht ar bith ar bhád gan leapacha iomartha, nó cnogaí, a thógáil ar iasacht, le cuan nó le bá a thrasnú!! Agus tá chuile chosúlacht ar an scéal anois, nach bhfuil baol ar bith ann, go ndéanfaidh mé a leithéid, sna blianta atá romhainn amach, ach oiread.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Nóibhísigh ar Stailc!
Caibidil 28
.
Sa chaibidil deiridh bhí mé ag cur síos ar na laethe, nó na blianta, a chaith mé im’ nóibhíseach i gCloughballymore House, Cill Cholgain, i gContae na Gaillimhe, ach sul má fhágaim Cloughballymore House taobh thiar díom, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do chupla rud eile, le pictiúr níos iomláine den áit sin a thabhairt don léitheoir. B’fhéidir nárbh olc an rud é, tuairim eicínt a thabhairt, faoin gcineál beatha a chleachtaímis, agus muid inár nóibhísigh ansin, díreach i ndiaidh an dara cogadh domhanda. Ba é a bhíodh againn don bhricfeasta, ar maidin, nó brachán i dtosach, agus ansin, cupán tae agus arán, ní call dom a rá, nach mbíodh im againn le cur ar an arán sin, ní bhíodh againne ach margairín. Dár ndóigh choinnítí an t-im do na sagairt a bhí inár mbun! Diabhal locht ar bith ar an gcineál sin beatha, adéarfadh duine, b’fhéidir, agus bheadh an ceart aige, ach amháin inár gcásna, bhí ceataí sa scéal, nó i gcás an aráin sin de, d’fhéadfá a rá, nach raibh sé inite in aon chor. Ba é an rud a tharla, nó gur dhein údaráis an Choláiste a gcuid cruithneachta fhéin a mheilt ina plúr, agus b’as an bplúr sin a dhéanaidís ár n-arán laethúil a fhuint. Anois, bhí an iomarca taise sa chruithneacht sin tar éis drochfhómhar na bliana úd 1947 , agus dá bharr sin, ní bhíodh inite de na builíní a dhéanaidís aisti, ach an screamh, agus b’in díreach an méid de a d’ithimis, nó bhí an chuid eile ina thaos, gan chuma an aráin chor ar bith air. Bhí go maith. Leanamar linn ag iarraidh maireachtáil ar an bpraiseach sin, ar feadh tamaill, ach ansin chuireamar stailc suas, agus chuireamar in iúl do na húdaráis, nach gcuirfeadh muid suas lena leithéid de bhia, a thuilleadh. Bhuel, a stór mo chroí thú! ba bheag nach ndeachaigh siad le báiní ar chlos an méid sin dóibh. Ba bheag nach gceapfá gur orainne a bhí an locht ar fad, nó dár leosan, ba cheart, agus ba chóir, do nóibhísigh, bheith sásta cur suas lena leithéid, agus gan scéal mhadra na n-ocht gcos a dhéanamh de! Chaitheadar seal ar a marana. Bhíomarna ag ceapadh go dtabharfaí bata agus bóthar do chuid againn, ach ar deireadh thiar, tuigeadh dóibh, nach raibh dhá cheann ar dhuine ar bith againn, agus nach raibh á dhéanamh againn, ach an rud a dhéanfadh siad fhéin, dá mbeadh siadsan inár gcásna, rud nach raibh, nó fuaireadarsan a gcuid aráin fhéin ó bhácús i gCathair mhór na Gaillimhe. Bhuel, ba é deireadh an scéil sin é, nó gur stop siad dá gcruithneacht fhéin a mheilt, agus gur thosaigh siad ag ceannacht aráin isteach ón mbácús sin i gCathair na Gaillimhe. Ní call dom a rá, go mba mhór an faoiseamh dúinne, an socrú sin.
Bhíodh an dinnéar againn, thart ar mheánlae, agus ba é a bhíodh againn don bhéile sin nó anraith, de chineal eicínt, i dtosach, agus ansin, bhíodh feoil, fataí, agus glasra eicínt á dtionlacan, agus bíodh nach mbíodh ceann ar bith acu thar mholadh beirte, de réir chaighdeán an lae inniu, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil go gcuirfeadh siad cúl ar an ocras, agus go sásódh siad sinn, go ceann scathaimh, ach go háirithe. Anois, caithfidh mé a admháil, go raibh cupla glasra nár thaitin in aon chor liom fhéin, agus b’iad sin, cainneann, agus biatas dearg. Bhíodh milseog de chineal eicínt againn freisin, le críoch a chur le chuile dhinnéar acu. Lá amháin bheadh rís ar bhainne againn, lá eile, bheadh úlla bruite agus custard, agus lá eile fós, bheadh maróg aráin mar mhilseog againn. Ní call dom a rá, go dtaitnaíodh an milseoga céanna liomsa, ach go háirithe. Dár ndóigh, i gcás cuid de na buachaillí, a bhí níos beadaí ná mise, ní bhíodh meas an mhadra acu ar na milseoga céanna sin, agus b’in an fáth go mbíodh thar mo dhóthain le n-ithe agamsa, chuile lá, geall leis! Níor luaigh mé nach mbíodh cead cainte againn le linn ár ndinnéir! Bhuel, ní bhíodh, nó is amhlaidh a bhíodh leabhar eicínt á léamh, i rith an bhéile, leabhar a mbíodh blas spioradálta air, de ghnáth.
Don tae, ansin, bhíodh, b’fhéidir, brúitín, maraon le harán agus margairín, agus cupán tae, nó caifé, mar bhí tae gann go leor, an t-am sin.
Nuair a chuimhníonn tú air, is dócha go mbeadh ort a rá, nach raibh basctha de mar bheatha, ach d’ógánaigh, a raibh goile na seacht bhfathach acu, ag an am sin, b’é a locht a laghad, chuile bhabhta. Ag breathnú siar air anois, is iad na smaointe a thagann thar nais chugamsa faoi na béilí sin, nó an chaoi ar leagadh os ár gcomhair iad, d’fhéadfaí iad a chur i láthair ar bhealach i bhfad níos taitneamhaí, agus níos mealltaí, b’fhéidir, ach taobh amuigh den arán úd, bhíodh a mbunús inite, agus chomh maith le sin, is dócha go raibh sé an-deacair srian a chur ar an gcaiteachas ar bhianna dúinne, nó i ndáiríre, d’iosfadh muid an diabhal fhéin, gan salann, gan anlann, dá bhfaigheadh muid bruite é, ag an am sin. Is dócha gur leor sin mar chuntas ar an gcineál beatha a thugtaí dúinne, nóibhísigh, i gCloughballymore House, idir Mheán Fómhair 1945, agus Meitheamh 1947.
Bhí úllord ollmhór ag an gColáiste, agus b’orainne a thit sé, aire a thabhairt don úllord céanna sin. Bhíodh orainn é a choinneáil deas, néata, i rith na bliana, agus sa bhFómhar ach go háirithe, bhíodh orainne na torthaí a d’fhás san úllord céanna sin a bhaint, a chnuasach, agus a chur ar stór, ionnas go mbeadh raidhse úlla agus torthaí eile againn, a choinneodh torthaí linn, go dtí an tráth sin bliana arís. Nár bhreá go deo an obair dúinne sa bhFómhar é, bheith amuigh san úllord sin ag baint úll. Ní gá dhom a rá, go mbíodh lán-chead againn ár ndóthain úll a ithe, le linn na hoibre sin. B’fhéidir nach bhfuil sé sin fíor, amach is amuigh, ach cuirfidh mé mar seo é, d’ithimis ár ndóthain úll agus sinn ag cnuasach na n-úll sin! Ní hé sin amháin é, ach thógaimis roinnt úll linn, i ngan fhios, agus choinnímis sa Suanlios iad, le cúl a chur ar an ocras, dá mbeadh gá lena leithéid, nó bhainimis úsáid astu freisin, nuair a thagadh fonn beadaíochta orainn, i rith an lae, nó d’fhéadfaimis dul isteach sa Suanlios, i ngan fhios, agus úll breá, aibidh, dearg, a thabhairt linn, le bheith ag baint sclaimheanna as, nuair nach mbeadh duine ar bith de na sagairt sa timpeall!
Bhíodh gnó eile le déanamh againn san úllord céanna sin freisin, nó istigh ansin, bhíodh bláthcheapacha ina scórtha againn, le bláthanna a choinneáil leis an altóir, ó cheann ceann na bliana. Chuir mé fhéin sár-aithne ar na bláthcheapacha sin, nó chaith mé seal im shacraisteoir, agus dá bharr sin, b’ormsa a thit sé, bláthanna deasa úra a choinneáil ar na haltóirí, chuile lá, agus ó cheann ceann na bliana sin. Thaitin an post sin go mór liom, nó ba san ionad sin a chaithinnse m’am, nuair a bhíodh na nóibhísigh eile amuigh ag obair go dian ar na bóithríní, nó ag scuabadh, ag glanadh, ag snasadh, is ag déanamh cibé cineál oibre, a bheadh leagtha amach dóibh le linn ár sealanna oibre, ó lá go lá. Bhíodh de dhualgas ormsa, an tAireagal a choinneáil glan, néata, snasta. Sea, agus bhíodh orm freisin, aire a thabhairt do na soithigh coisricthe, agus éide an Aifrinn a leagan amach do na sagairt, chuile thráthnóna, sa chaoi go mbeadh siad ullamh ansin dóibh ar maidin.
Níor luaigh mé, go nuige seo, gur chaith mé bliain im chinnire ar nóibhísigh an Choláiste. Ba bhreá taitneamhach an gnó é sin, agus i ndáiríre, bhí sé éasca go maith dualgaisí an phoist sin a choimhlíonadh. Ba é an gnó ba mhó a bhí le déanamh ag an gcinnire, nó fanúint i dteangmháil leis na nóibhísigh, sa chaoi go dtuigfeadh sé díreach céard a bheadh ag dó na geirbe acu, ó am go chéile. Ansin, bheadh ar a chumas, leagan áirithe de sin a chur in iúil do na húdaráis, agus ar an dtaobh eile den scéal sin, bheadh an cinnire i dteangmháil leis na húdaráis, agus thuigfeadh sé céard a bheadh ag dó na geirbe acusan freisin, agus ansin, d’fhéadfadh sé leagan áirithe de sin a chur in iúl do na nóibhísigh. Níl dabht ar domhan, nó gur bhraith toradh a chinnireachta ar chomh maith is a d’éirigh leis an dá thrá sin a fhreastal. Bhí graithí beaga eile le déanamh ag an gcinnire freisin. B’eisean a bheadh i gceannas nuair a bhíodh na mic léinn ag déanamh a gcuid staidéir sa Halla Mór, chuile thráthnóna, agus i ndáiríre, bhí seisean i bhfeighil cúrsaí, am ar bith nach mbeadh sagart ansin le súil a choinneáil ar chúrsaí. Caithfidh mé a admháil, gur thaitin an post sin go mór liom, agus ag breathnú siar anois ar chúrsaí na bliana sin, déarfainn, nár éirigh go ró-dhona liom dualgaisí na hoifige sin a chur i gcrích, le linn dom bheith in úim don ghnó sin. Thug an post sin deis dom freisin, teacht i gcabhair ar nóibhíseach ar bith a bheadh i dtrioblóid, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile. Ar bhealach, bhí gnó an chinnire an-chosúil le gnó an phóilín. Bhí sé ansin le rialacha an Choláiste a chur i bhfeidhm, agus dá dteipfeadh air sin a dhéanamh i gcás mhic léinn ar bith, ansin bheadh de dhualgas air, sin a chur in iúl do na húdaráis, agus cead acusan ansin cibé rud ba mhaith leo a dhéanamh, le cúrsaí a chur ina gceart arís. Ach, chomh fada is is cuimhin liom anois, ní bhíodh orm dul chuig na húdaráis ach go fíor-annamh, nó bhíodh na mic léinn fhéin breá, toilteanach, do chomhairle a ghlacadh, agus rud a dhéanamh ort, agus b’in an bealach ab’ fhearr le dualgaisí an phoist sin a chur i gcrích.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Ar thóir na Cráifeachta
Caibidil 29
.
Is dócha go gcuirfeadh an saol a bhí againn i gCloughballymore House an véarsa úd, a chum an file anaithnid, fadó, i gcuimhne do dhuine…
.
Aoibhinn beatha an scoláire
Bhíos ag déanamh léinn;
Is follas daoibh a dhaoine,
Gur dó is aoibhne in Éirinn.
.
Níl dabht ar domhan, ach go raibh saol aoibhinn againn sa Choláiste sin. Chaitheamar ár laethe ag déanamh staidéir ar fhealsúnacht, agus ar oideachas, ar chráifeacht agus ar naofacht. Bí cinnte, go mbíodh ár dtrioblóidí fhéin againn, i rith an achair a chaitheamar ansin, ach, ag breathnú siar anois ar na laethe a chaitheamar ann, Dheamhan dabht ar domhan, ach go raibh saol an mhadaidh bháin againn, an tráth úd. Rinne mé tagairt don staidéar a dheineamar ar fhéinsmacht, agus ar an leabhar úd leis an scríbhneoir spioradálta sin, Rodriguez, agus mar a chuaigh an leabhar sin i bhfeidhm orainn. Is cuimhin liom an chaoi a mbíodh na mic léinn ag iarraidh smacht a fháil ar ainmhianta na colainne, trí throscadh, trí phionós, agus trí stíl bheatha shláintiúil a chleachtadh. Is cuimhin liom nóibhísigh a fheiceáil amuigh ag siúl, maidin seaca, agus iad ag coinneáil a lámha as a bpócaí, ar mhaithe le pionós a ghearradh orthu fhéin, sea, agus d’fheicfeá iad b’fhéidir, ar a nglúna ag Uaimh Mhaisithe na Maighdine, mar a gcaithfheadh siad seal ag guí, agus iad préachta leis an bhfuacht. D’fheicfeá fear acu freisin, agus é ag fágáil leath a dhinnéir ina dhiaidh ar an bpláta, cé go mbeadh sé stiúctha leis an ocras, ag an am gcéanna sin! Fear eile, a chuirfeadh litir a fuair sé tríd an bpost, isteach ina phóca, le smacht a fháil ar a fhiosracht fhéin. Sea, agus choinneodh sé an litir sin sa phóca, go ceann uair a’ chloig, nó níos faide, b’fhéidir. Bhíodh a bhealach fhéin chun na cráifeachta le fionnadh ag chuile nóibhíseach, as a stuaim fhéin, nó b’eisean amháin a thuig cérbh iad na mianta, ar ghá iad a smachtú, b’in iad na mianta a bhí á sheoladh ar bhealach a aimhleasa. Cheapfá nach mbeadh fir óga sásta a leithéid de phionós a ghearradh orthu fhéin, agus b’fhéidir nach mbeadh, sa lá atá inniu ann, ach ag an am áirithe sin, tuigeadh dúinne, go mba nádúrtha go maith an gnó a bhí idir chamáin againn, agus muid ag fáil smachta ar mhianta agus ar ainmhianta ár gcolainne. Tuigeadh do na Nóibhísigh, go raibh tábhacht ag baint lena raibh á dhéanamh acu agus iad i mbun an ghnó sin, nó tuigeadh dóibh, gurbh é sin a neartódh an cnámh droma iontu, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas dul i ngleic leis na fórsaí a thiocfadh ina gcoinne, i gcathanna agus i gcomhlainn iomadúla an tsaoil a bhí rompu amach.
Ar dhein mé tagairt ar bith fós do Gheimhreadh crua gáifeach na bliana 1947? Bhuel, bhíos fhéin sa Nóibhíseacht i gCloughballymore an bhliain sin, agus geallaimse dhuit é, go mba chrua an tréimhse againne é, ó thaobh aimsire dhe. Thosaigh an sneachta i Mi Feabhra, agus d’fhan ar an talamh go dtí an 19ú de Mhárta na bliana sin. Is dócha go gcaithfear a rá go raibh teas lárnach aibhléise againn, ach má bhí fhéin, is cinnte nach raibh an córas céanna sin thar mholadh beirte, agus is féidir liom fós fuacht na mbráillíní bána, stalctha, oíche sheaca, a thabhairt chun cuimhne, go glé, glinn, soiléir, fós. Tá mé ag ceapadh, go mbíodh thart ar chúig, nó sé cinn, de bhlaincéid os ár gcionn againn, na hoícheannta sin, ach má bhí fhéin, bheadh ort tamall a chaitheamh fúthu, i dtosach, sula bhféadfá aon teas ar fónamh a fháil uathu. Ní bhíodh aon ró-fhonn orainn ansin ár spága a leagan ar an urlár, nuair a chloisimis an clog dúisithe á bhualadh ar a sé a chlog ar maidin, agus fear an chloig ag beannú dúinn lena “ Benedicamus Domino”! agus muidinne ag iarraidh “Deo Gratias” a thabhairt mar fhreagra ar an mbeannacht sin, le moiche na maidine fuaire, feanntaí. Nár chrua an gnó é ansin, sinn fhéin a ní, agus a bhearradh, le huisce fuar. Deirimse fuar, feanntach, leat! Bhainfeadh sé an craiceann anuas díot, bhíodh sé chomh fuar sin.
Ní bhíodh ar ár gcumas cluichí a imirt, na laethe úd, nó bhíodh Páirc an Bháire faoi bhrat sneachta, ach mar sin fhéin, bhíodh fonn orainn bheith amuigh. Chuireadh muid ár n-éide peile orainn fhéin, agus théadh muid amach ar fud na bhfud. Chaithimis seal ag sleamhnú ar leac oighre , agus seal eile ag troid le liathróidí sneachta. Bhíodh muid fuar feannta, i dtosach, ach ba ghearr an mhoill orainn sinn fhéin a théamh, agus ag deireadh thiar thall, bhíodh muid rósta te, tar eis na haclaíochta uilig, agus b’in a choinnigh breá sláintiúil muid, le linn na seachtainí fada uilig, a raibh greim docht daingean,do-scaoilte, ag an sneachta, ar thalamh agus ar uisce. Geallaimse dhuit é, gur chuireamar fáilte agus fiche roimh an choscairt, nuair a tháinig sí, ar deireadh thiar, mar nach mínádúrtha an saol é nuair a bhíonn clocha ceangailte agus madraí scaoilte!
Bhí ar ár gcumas filleadh ar ghnáthshaol na Nóibhíseachta arís, agus dul go Cathair na dTreabh, chuig an Ollscoil ansin, uair sa tseachtain, le freastal ar léachtaí ón nDochtúir Félim Ó Briain, O.F.M. B’iontach go deo an fháilte a bhíodh againn roimh na cuairteanna sin a thugaimis ar an Ollscoil. Thug sé deis dúinn, dul i dteangmháil leis an saol mór amuigh, ar feadh tamaillín, fiú. Bhíodh deis againn ár gcomhrá a dhéanamh le gnáthdhaoine, leis an ollamh, agus lenár gcomhdhaltaí, freisin. Thugadh an Dochtúir Ó Briain corrléacht dúinn trí Ghaeilge, rud a chabhraigh linn spéis sa teanga sin, a chothú agus a neartú. Is cuimhin liom léacht amháin a thug an Dochtúir dúinn faoi bhaill ghiniúna an daonnaí, agus bhí sé ag iarraidh chuile shórt a mhíniú, trí phictiúir a tharraingt ar an gclár dubh dúinn. Ach má bhí fhéin, ní déarfainn go raibh a chuid líníochta thar mholadh beirte, agus bhí muidinne ag iarraidh smacht eicínt a choinneáil ar an bhfonn diabhalta gáire, a mhúscail na pictiúir ar an gclár dubh ionainn. Anois, tharla go raibh cupla Proinsiascánach óga sa rang freisin, agus theip ar fhear acu sin srian a choinneáil ar an bhfonn gáire a bhí á chéasadhsan, agus phléasc an fear bocht amach ag gáirí. Bhuel! Stop an tOllamh. Bhreathnaigh thart. Thug faoi deara gur dhuine dá ál fhéin a bhí sna tríthí. Leag sé uaidh an chailc, agus tar éis na súl a chur trí mo dhuine, thug sé faoi, agus níor stop sé go raibh an mac léinn Proinsiascánach bocht sin feannta go cnámh aige. Ansin, thóg suas an chailc arís, agus lean air, faoi mar nár tharla a dhath le fearg a chur air. B’oscailt súl dúinne é, nó go dtí an pointe sin, cheapamar nach raibh an dara duine ar an saol chomh séimh, lách, cineálta, leis an nDochtúir Féilim Ó Briain. Bhí trua againn uilig don bProinsiascánach óg, nó thuigeamar dó!
Anois, ó tharla go raibh Céim Onóracha idir chamáin agam fhéin, ní dhearna mé aon scrúdú i Meitheamh na bliana sin 1947, ach is amhlaidh a thóg mé mo leabhair, is mo nótaí, abhaile liom le staidéar a dhéanamh sa bhaile, i rith an tSamhraidh bhuí, álainn, sin 1947. D’fhill mé ar chathair na Gaillimhe ansin, i Meán Fómhair na bliana sin, le scrúdú na Céime Onóraí sin a dhéanamh. Bhíomar ag cur fúinn, mé fhéin agus mo chomhleacaithe, a bhí ar thóir Onóracha freisin, i dteach aoichta i mBóthar na Trá, agus muid ag dul isteach chun na hOllscoile, le haghaidh na scrúduithe. Nár bhreá an saol a bhí againn. Sea. Mh’anam!
Aoibhinn beatha an scoláire
Bhíos ag déanamh léinn;
Is follas daoibh a dhaoine,
Gur dó is aoibhne in Éirinn.
.
Bhuel, tá súil agam, gur thug mé pictiúr eicínt daoibh, den chineál saoil a bhí againne, agus muid ag freastal ar an Nóibhíseacht úd, i gCloughballymore House, thart ar thrí scór bliain ó shoin anois.
Ach sa chéad chaibidil eile, bheidh mé ag cur síos ar m’eachtraí agus ar m’imeachtaí, inár gCliarscoil fhéin, i nDroim an tSín, nó i Dromantine, mar a thugtaí uirthi i dteanga na Banríona, mar ar chaith mé fhéin seal de bhlianta, idir 1947 agus 1950, nuair a thréig mé fhéin an Chliarscoil, le dul le múinteoireacht.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Cliarscoil Dhroim an tSín
Caibidil 30
.
I Meán Fómhair na bliana 1947, chaith mé deich lá, nó mar sin, i gCathair na Gaillimhe, ag déanamh na Scrúduithe Céime. Bhí an aimsir go hálainn, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, ní raibh aon ró-dheacracht ag baint leis na scrúduithe céanna sin. Bhí an t-ullmhúchán uilig déanta agam i rith an tSamhraidh bhreá, bhrothallaigh sin, thiar in Iorras na nIontas, agus níor bhain aon cheann de na Páipéir Onóracha, sa scrúdú sin, aon stangadh asamsa. Bhí a shliocht orm, nó nuair a tháinig na torthaí chugam ar ball, fuair mé amach, gur éirigh liom go seoigh, sa Scrúdú Céime sin, agus bronnadh an Chéim sin orm, ar ball, an chéad duine de Bhairéadaigh Iorrais a bhain céim amach in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann riamh. Ach, bíodh a fhios agat anois, nár tuigeadh domsa, nó dom mhuintir thiar, go raibh aon éacht speisialta déanta agamsa, nó ní raibh ann i ndáiríre, ach an rud a mbeifeá ag súil leis ó dhuine a chaith a shaol uilig, suas go dtí an pointe sin, d’fhéadfá a rá, ag gabháil do na leabhair. Dá dteipfeadh orm, bhuel, ansin, chuirfí nath ann, gan aon agó.
.
I ndiaidh scrúduithe na Céime a chríochnú, thugamar, mé fhéin agus mo chomhleacaithe, a bhí ag déanamh a Scrúduithe Céime, i nGaillimh, in éineacht liom, thugamar aghaidh ar Dhromantine, an Chliarscoil s’againne, a bhí suite taobh amuigh de bhaile an Iúir, nó bhí na mic léinn eile ónár rangna, nach raibh ag gabháil don Chéim Onórach, bhí siadsan imithe thar nais go dtí Droim an tSín, cheana féin..
.
Bhí an dara cogadh domhanda thart faoin am sin, agus ní raibh cúrsaí taistil chomh holc sin ar fad. Ar an traein is ea chuamar ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath, agus bhaineamar sult is taitneamh as an turas sin. Chaitheamar seal maith ag imirt cartaí, b’fhéidir nach é sin an ealaín a mbeifeá ag súil lei ó ábhair shagairt, an t-am sin, ach, ag an am gcéanna, bhaineamarna toit agus spraoi as, agus nár bhreá an t-athrú é, ó bheith ag gabháil don staidéar agus do na scrúduithe. Shroicheamar an Ardchathair, ar deireadh thiar, agus bíodh go raibh bailte móra agus cathracha eile feicthe agam fhéin, roimhe sin, caithfidh mé a admháil gur bhain Áth Cliath radharc na súl díom. Ní raibh tada cosúil le Sráid Uí Chonaill feicthe agamsa riamh roimhe sin. Nár dheacair domsa sráid chomh fada lei, fiú a shamhlú, ach nuair a chuir tú le sin, leitheid na sráide, airde na bhfoirgneamh breá, a bhí suite ar chaon taobh den tsráid chéanna sin, agus furú agus fuirseadh na ndaoine, ní hamháin ar na taobhchasáin ach iad ag rith is ag sodar leo trasna na sráide sin, faoi mar a bheadh Dia á rá leo, agus iad beag beann ar mhéad, nó ar luas, an tráchta, a bhí ag greadadh leis, síos suas na sráide céanna sin, nár leor an radharc céanna sin, le duine mar mise a mhearú scun scan, sea, agus an t-anam a scanrú ann, go ceann roinnt mhaith blianta ina dhiaidh sin freisin. Is féidir liom an radharc sin a fheiceáil trí shúile na cuimhne anois fhéin, agus mé suite ag mo ríomhaire anseo, ag iarraidh athchuairt a thabhairt ar na laethe glórmhara úd.
Bhí an t-ádh orainn, ar bhealach, nó bhí cupla gasúr as an Ardchathair inár measc, agus rinne siadsan a ndícheall bealaí na cathrach a mhúineadh dúinn, ach tá faitíos orm, go raibh sé fánach acu bheith ag iarraidh a leithéid a dhéanamh domsa ach go háirithe, nó bhí bealaí na tuaithe ró-fhréamhaithe sa chroí istigh ionnamsa, faoin am sin. Ach chuamar isteach leo go Caffola’s agus chaitheamar uachtar reoite a raibh ainm glórmhar samhlaíoch air, ainm cosúil le, Knickerbocker Glory, nó rud eicínt dá leithéid, agus blas chomh hálainn, is a bhlais mé riamh, air.
.
Ar deireadh, thugamar uilig aghaidh ar Stáisiún na Traenach ag Sráid Amiens, agus ár málaí taistil á n-iompar againn, agus chuamar ar bord traenach ansin, tar éis dúinn na ticéid chuí a cheannacht. Ar ball, ghluais an traein sin amach as an stáisiún, agus thug a haghaidh ó thuaidh. Bhuel, ar bhealach eicínt nár thuigeas-sa fhéin in aon chor, ba ghearr gur thugas faoi deara, go raibh atmosféar na traenach athraithe, go huile is go hiomlán, agus bíodh go rabhamar fós ag taisteal i dtír na hÉireann, agus sa Stát s’againne, thugamar faoi deara, nach raibh sin le tabhairt faoi deara sa traein sin istigh. Bhí athrú tagtha ar chuile shórt. Ní raibh fonn grinn nó spóirt orainn, a thuilleadh. Níor ardaigh daoine a nguth agus iad i mbun cainte nó comhrá, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, bheadh tuairim ag duine, go mbfhéidir go mba dhú-oráisteach, an fear, nó an bhean, a bhí suite os do chomhair amach ansin. Níor bhain mé fhéin aon toit nó spraoi as an turas sin ó thuaidh. Thugamar suntas don Bhóinn agus muid ar ár mbealach thairsti, agus dhúisigh sí smaointe ionainn, ar chathanna a troideadh, agus a briseadh orainn, siar tríd an stair, rud nár chuir lenár ngiúmar, ar ár mbealach go Droim an tSín.
.
Ag stáisiún an Iúir, thuirlingíomar, agus nach orainn a bhí an t-áthas, go rabhthas romhainn ansin le gluaisteáin, le sinn fhéin agus ár málaí taistil, a tharlú leo abhaile go Cliarscoil Dhroim an tSín.
.
Níor thóg sé i bhfad orainn, an turas a dhéanamh, ón stáisiún traenach go dtí an Coláiste Sagartachta sin, a bhí suite i lár dhúiche na bhfear buí, faoi mar a tuigeadh dúinne, ach go háirithe. Nuair a shroicheamar an Coláiste, bhí roinnt mhaith dár gcairde ansin, le fáilte a chur romhainn, nó bhí ansin na fir a raibh aithne againn orthu onár mblianta ag staidéar leo, i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, i gColáiste Sheosaimh, Corcaigh, agus i gCloughballymore House, i gContae na Gaillimhe. Bhí sagairt ansin freisin, le chuile eolas a chur ar fáil dúinn, agus lenár gceisteanna a fhreagairt. Níor thóg sé i bhfad orthu uilig ár seomraí a theaspáint dúinn, agus b’in difir mhór idir an Choláiste seo Dhrom an tSín agus na Coláistí ar dhein muid freastal orthu roimhe sin, nó bhí seomra dá chuid fhéin ag chuile dhuine againn anois, agus ba mhór go deo an chéim chun tosaigh é sin ar an gcineál saoil a chaitheamar, mar mhic léinn, go nuige sin. Nuair a bhí na socruithe sin uilig déanta againn, tógadh ar chuairt sinn, thart ar an bhfoirgneamh ar fad. Ní call dom a rá, gur chuireamar spéis faoi leith sa Phroinnteach, nó bheadh tábhacht thar na bearta ag an teach céanna sin, i gcúrsaí ár saoil, chuile lá, uaidh sin amach, ar feadh na gceithre bliana a bhí os ár gcomhair amach, mar mhic léinn Diagachta, i gColáiste Dhrom an tSín, ansin i gContae an Dúin.
Bhí béile breá leagtha amach dúinn ansin sa Phroinnteach céanna sin, agus caithfidh mé a rá leat, gur bhaineamar toit agus cnagarnach as, nó bhíomar stiúctha leis an ocras, faoin am sin. Nuair a bhí an béile sin ite againn, tógadh ar chuairt chun an Aireagail sinn. Ó, a Thiarna, nár mhór idir an Aireagal seo agus na hAireagail a bhí againn sna Coláistí eile. Bhí an tAireagal seo leagtha amach go hálainn, ealaíonta, sciliiúil, agus é maisithe ornáidithe, snasta, ó bhun go barr. B’Aireagal faoi leith é seo, nó b’Aireagal do Chliarscoil Sinsearach é, agus ní hé amháin go raibh Príomhaltóir álainn, snoite, neamhaí ann, ach bhí thart ar scór altóir eile, thart le falla, san Aireagal céanna sin, nó caithfear cuimhneamh, go mbíodh foireann mhór sagart ag cur fúthu ansin, agus go mbíodh nós an Aifrinn aonair faoi lán-tseol, an tam sin, murab ionann is anois, nuair a deintear Aifreann a chomhcheiliúradh, i gcúinsí dá leithéid. Chuaigh an tAireagal céanna sin i bhfeidhm go mór orainn uilig, agus bíodh go bhfuil mám maith blianta imithe isteach i muileann an ama, san idirlinn, tagann cuimhne an Aireagail álainn sin ar ais go seoigh chugam, anois fhéin, agus mé ag iarraidh pictiúr na laethe sin a athdhathú, i ndathanna beoga, bríomhara, glinne, dhachaidí déanacha na haoise seo caite.
Ba ghearr gur tháinig muid isteach ar chlár ár laethe sa Choláiste Sagartachta sin, nó i ndáiríre, bhí seanchleachtadh faighte againne, cheana féin, ar an gcineál sin saoil. Ní seomraí ranga a bhí againn anois áfach, ach hallaí léachta, agus in áit ranganna, is amhlaidh a thugtaí léachtaí dúinn. Bhíomar ag staidéar anois ar an tríú leibhéal, cé go raibh céim bainte amach ag ár mbunús, cheana féin, agus diaidh ar ndiaidh thángamar isteach ar bhealaí na hInstitiúide sin. Nuair a bhí chuile rud feicthe, scrúdaithe, againn, bhí sé in am soip, agus tar eis dúinn paidreacha na hoíche a rá, thugamar ár seomraí orainn fhéin. Saol eile ar fad a bhí againn anois, i gcomparáid leis an saol a bhí againn sna Coláistí eile, agus b’iontach go deo an bhuntáiste é, do sheomra fhéin a bheith agat. D’fhéadfá seal a chaitheamh ag léamh, nó ag staidéar, nó ag gabháil do cheird ar bith a bheadh idir lámha agat, ag an am. Chomh fada anois agus is cuimhin liom, ní bhíodh aon chlúdach ar bith ar na hurláir againn, sna seomraí chéad bhliana sin, ach bhí cófra éadaigh, leabhragán, báisín lámh, leaba, agus bord, nó crinlín, le do chuid staidéar a dhéanamh air, agus chomh maith leo sin uilig, bhí scuab urláir agus méisín deannaigh ansin, le leide thabhairt duit, go rabhthas ag súil go gcoinneofá an áit deas, glan, néata. Bhíomarna thuas ag barr an tí, ar an gceathrú hurlár, sílim anois, ach nár chuma faoi sin, nó thart orainn, bhí na daltaí a rinne a gcuid saighdiúireachta linn, le mám blianta roimhe sin, cuid acu mar chomrádaithe againn, ó laethe Bhéal an Átha Fhada, anuas.
.
Bhí an áit an-mhór go deo, nó cé gur cheannaigh an SMA, Dromantine House, thart ar lár na bhfichidí, níor osclaíodh é mar Choláiste Diagachta an SMA, go dtí an bhliain 1926. Ba é an tAthair Slattery, a bhí taobh thiar den tionscnamh sin uilig. Anois, ba é an scéal a chuala mise nó, gur cuireadh an Teach agus an fheirm mhór a bhí ag gabháil leis, ar an margadh, agus cé gur chuir lucht an SMA suim agus dhá shuim sa sealúchas céanna sin, nó d’oirfeadh siad go seoigh dá riachtanais, agus biodh go raibh an t-airgead acu chuige, ag an am gcéanna, tuigeadh dóibh nach mbeadh seans ar domhan go ndíolfaí d’eagraíocht Chaitliceach, cosúil leis an SMA, iad, agus ba é dhein siad, nó é a cheannacht trí dhlíodóir. Ní raibh na dúchasaigh ró-shásta, nuair a chuala siad faoi na húnéirí nua, agus arís, bhí sé ina scéal scéil inár measc, gur deineadh cupla iarracht nimh a chur ina soláthar uisce, ach, ní raibh aon chruthú riamh againne, gur mar sin a tharla. Faoi mar adúirt mé, ní raibh ann ach, “dúirt bean liom, go ndúirt bean lei, gur chuala sise bean eile á rá”. Nó ar chóir dom an focal, “bean”, a fhágáil ar lár ansin, agus focal ar nós, “duine,” a chur isteach ina áit? Ní dóigh liom go mbeadh an dúchas céanna sa leagan athraithe!! Ag an am gcéanna, níor mhothaigh mé fhéin riamh, go raibh na comharsana, a bhí againn i nDroim an tSín, ró-chairdiúil linn, agus tharlaíodh corr rud, anois is arís, a chuireadh sin ar ár súile dúinn.
.
Mo chuidse de, tharla am eicínt, le linn mo laethe sa Choláiste Diagachta sin Dhroim an tSín, go raibh orm seal a chaitheamh in Ospidéal an Mhater, i mBéal Feirste. Bhí cupla gearán ag cur as dom, ag an am, agus b’éigean dom seal a chaitheamh istigh. Tráth raibh mé istigh ansin, chuir mé aithne ar roinnt mhaith daoine, agus caithfidh mé a admháil go raibh a mbunús cairdiúil, carthannach, lách, ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo.
Nuair a bhí mo sheal san ospidéal sin caite, bhí orm mo bhealach a dhéanamh ar ais go dtí an Coláiste, ach nuair a thuirling mé den bhus, ag an mbus-stad ba chóngaraí do Dhrom an tSín, bhí rothar fágtha ansin dom. Cead agam mo bhealach a dhéanamh abhaile dom fhéin. Bhuel, níor luaithe suite ar mo rothar mé, agus mé ag tosú ar mo thuras abhaile, nó chonaic mé beirt fhear ag léimt ar rothair, taobh thiar díom, agus thuig mé láithreach, go raibh siad sa tóir orm. Agus bíodh go raibh mé fhéin lagaithe go maith, tar éis mo sheal san ospidéal, ag an am gcéanna, thuig mé brí an tseanfhocail “nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith”, agus geallaimse dhuit é, go mbeadh sé deacair go maith teacht suas liom, ar an rás sin go dtí geata mór tosaigh an Choláiste. Ar aon chuma, d’éirigh liom geata an Choláiste a bhaint amach rompu, agus níor lean an bheirt ghaiscíoch isteach thar an ngeata céanna sin mé. Dúradh liom, ar ball, go mba bhaill de na “B Specials” a bhí iontu, agus chuile sheans, dá mbéarfaidís orm, go dtógfaí chun na beairice mé, le mo cheistiú, cibé cén saghas ceisteanna a bheadh i gceist acu? Ar aon nós, tuigeadh domsa, nach gcuirfí aon ró-fháilte romham sa mbeairic chéanna sin, nó tuigeadh dom, nach maith an nós é bheith ag brú ar an ndoicheall, agus bí cinnte dhe, go mothófá an doicheall oscailte, céanna sin, romhat, sa dúiche sin.
Comhartha eile nach raibh aon ró-fháilte romhainne, sna bailte in aice láimhe linn, nó,
teacht an tSamhraidh, go hiondúil, nuair a thosaíodh na fir bhuí ag cleachtadh drumadóireachta, don “Twalfth”, níor neamhchoitianta in aon chor an rud é, go dtiocfadh díograiseoir oráisteach eicínt suas go geata tosaigh an Choláiste s’againne, agus é ag leadradh a Dhruma Mór, faoi mar a bheadh Dia á rá leis, nó b’fhéidir gur ón dtaobh eile a fuair sé a inspreagadh! Chuirfeadh an torann millteanach, cluasphléascach, aduain sin, an croí trasna ionat, nuair a chloisfeá é i lár na hoíche ciúine, agus gan a fhios agat, i ndáiríre, cén fuadar a bhí faoi na fir bhuí a bhí timpeall ort, ag an am. Ar aon nós, thangamar slán ó na hionsaithe sin uilig, ach má tháinig fhéin, fanann cuimhne na n-oícheannta sin, go glas fós i gcroí mo chuimhne, agus fanfaidh go leagfar na hordóga orm, nó tuigeadh domsa, ach go háirithe, gur le drochrún agus le drochchroí, a buaileadh chuile buille dár chualamar uathusan. Bhíodh faitíos orm fhéin i gcónaí, go gcuirfidís an áit trí thine, ach bhíodh an t-ádh orainn go mbíodh an Coláiste dúnta thart faoin “Twalfth”, agus bhínn fhéin ar mo sháimhín só, thiar in Iorras na nIontas, agus gan spéis dá laghad agam sna fir bhuí, nó ina gcuid máirseála. Ach ó tharla gur luaigh mé Dromantine House, sa chomhrá sin, is dócha gur chóir dom a lua, gur thréigh an SMA an t-ionad sin, sa bhliain 1973, nuair a shocraigh siad ar a gcuid staidéar Diagachta a dhéanamh feasta, i Má Nuat.
.
Bheadh sé deacair teach níos áille, níos dea-dheartha, níos dea-thógtha, ná Teach Dhroim an tSín a fháil i do shiúl lae. Is dócha go ndéarfadh duine, go raibh cuma claisiceach air, mar fhoirgneamh, agus é mór, maisiúil, téagartha, agus cuma air, go mba chuid den dúiche timpeall é, ach ní call dom a rá, gur deineadh an t-uafás tógála timpeall ar an dteach bunaidh, ach fiú sa chás sin fhéin, níor chaill an seanteach a dhínit, nó a uaisleacht, nó a shnas, riamh. Ó! sea, agus bí ag caint ar gharraithe! Bhí siad sin ann, nó timpeall an Tí Mhóir ar fad, bhí garraithe de chuile shórt. Bhí toir agus bláthanna den scoth, ina mílte sa timpeall, agus chuile cheann acu níos áille agus níos maisiúla ná an ceann eile. Bhí ansin freisin, crainn ina gcéadta, agus iad ag baint barr áille dá chéile trí éagsúlacht a ndatha, agus a gcuma. Leagadh amach na garraithe, agus cuireadh na crainn, go healaíonta, cliste, sciliúil, sa tslí go dtógfadh siad croí an té a chaithfeadh seal ina measc.
.
Bhí ann freisin, fuaráin, agus linnte uisce thart orthu, agus i gclúideanna cúlráideacha, i measc na gcrann is na dtor, bhí tigíní cluthara agus suíocháin fhoscúla, le deis a thabhairt do dhuine, seal a chaitheamh ar a sháimhín só ansin, agus é i dteangmháil leis an dúlra. Sea, b’álainn an Teach a bhí acu ansin, agus b’álainn na garraithe a bhí timpeall ar an dTeach Mór céanna sin, agus timpeall ar an áitreabh sin ar fad, bhí, dár ndóigh, feirm an-mhór, agus ní athraíonn cúrsaí chomh mór sin riamh, nó tomhas, céard a tharlaíodh nuair a bhíodh cruóg ar lucht na feirme, tráth mbídís ag cur na bhfataí san Earrach, nó á bpiocadh sa bhFómhar, nó ag bualadh an arbhair b’fhéidir? Sea, tá an ceart agat! Chuireadh siad fios ar na spailpíní fánacha leis an sclábhaíocht a dhéanamh. Ní gá dhom a rá, go mba fhuath liom fhéin an cineál sin oibre, chuile lá riamh, ach amháin ar ár bhfeirmín fhéin sa bhaile fadó, ach sin scéal eile ar fad. Ba í cúis nár thaitin an cineál sin oibre sin liom, ag an am, nó go mbíodh an t-asma ag cur as dom, i gcúinsí dá leithéid. Ach, b’fhéidir gur chóir dom an scéal a fhágáil mar sin, don bhabhta seo, agus fillfidh mé ar an ábhar sin, sa chéad chaibidil eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar an gcineál saoil a bhí againn, agus muid ag treabhadh linn trí na Cúrsaí Diagachta agus Fealsúnachta, thuas ansin, i nDroim álainn an tSín, i gContae daingean an Dúin, faoi scáth Shléibhte míorúilteacha Mughdhorna.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Campaí na bPuncán
Caibidil 31
.
Ba ghearr go raibh mé socruithe síos i gColáiste Dhroim an tSín, agus bíodh go raibh cuid de mo chomhleacaithe tosaithe sa Chliarscoil sin le tamall romham, ba ghearr go raibh mé tagtha isteach ar na hábhair nua, a bhí idir chamáin againn sa Choláiste Diagachta sin, Dromantine. Ba mhór idir na hábhair sin agus a mbíodh ar siúl againn sna Coláistí eile, ach ag an am gcéanna, ba chuid den tsruth céanna staidéir iad. Bhí Diagacht Dogmach, Diagacht Mhorálta, Dlí Canónta, na Scrioptúir, Caitisceasmaic, Rúibricí, agus an Reiligiún fhéin. Don chéad uair anois, bhí bunús na dtéacsleabhar i Laidin, ach i ndáiríre, níor chuir sé sin as go ró-mhór dúinn, agus ba ghearr gur tháinig muid isteach ar an Laidin chéanna sin. Ná ceap anois go raibh ar ár gcumas, ár gcomhrá a dhéanamh go héasca sa teanga sin, nó ní raibh, ach, ag an am gcéanna, bhí ar ár gcumas í a léamh go réasúnta réidh. Tar éis dúinn téarma, nó mar sin, a chur isteach ag gabháil do na hábhair sin, tuigeadh dom fhéin, go raibh siad chomh héasca le haon bhrainse eile léinn, agus bíodh gur éirigh liom fhéin go maith sna hábhair sin, frí cheile, d’éirigh thar barr liom sa Dlí Canónta, agus b’in mo rogha ábhair, fad is a d’fhan mé i nDroim an tSín. Ná síltear anois, go bhfuilim thar a bheith maíteach anseo, faoi’n chaoi ar éirigh liom sna staidéir chéanna sin, ach “an fhírinne i gcónaí”, mar adúirt an fear fadó, go háirithe, nuair nach mbaineann sí sclaimh asat!
I gcás na hoibre tí a bhíodh á déanamh againn sna Coláistí eile, geallaimse dhuit é, nár tháinig aon athrú sna cúrsaí sin, agus bhíothas ag brath orainne, mic léinn, leis an áit ar fad a choinneáil glan, ó bhun go barr. Bhí foireann mhór ollúna againn sa Choláiste sin, agus bhíodh de dhualgas ar chuid againn bheith inár ngiollaí seomra acu, le haire a thabhairt do na seomraí céanna sin. Bhí mé fhéin im ghiolla seomra, agus bíodh go raibh orm an seomra sin a choinneáil glan, néata, tine a fhadú ann, chuile mhaidin, agus leabhair agus nótaí a chur in ord agus in eagar, agus bíodh go raibh an obair sin dian go maith, b’fhearr liom fhéin an cineál sin oibre ná bheith amuigh ar fud an Choláiste, ag scuabadh, ag snasú, ag ní, is ag glanadh, idir hallaí is sheomraí, idir phóirsí agus staighrí, chuile mhaidin. Ach san iarnóin áfach, bhíodh ar chuile dhuine againn, tamall a chaitheamh arís i mbun oibre, nó nach raibh bóithre agus bóithríní le glanadh is le cóiriú, agus gortghlanah le dhéanamh ar na bláthcheapacha, agus chomh maith le sin, nach raibh bláthanna le cur, sea, agus am ar bith a mbeadh gá leis, nach raibh obair feirme le déanamh? Mura mbeadh an obair uilig sin a rinne na mic léinn, is dócha nach mbeadh ar chumas údaráis an Choláiste íoc as chuile shórt, nó bhí an áit chomh huafásach mór sin, go dtógfadh sé fortún beag, le híoc as a raibh le déanamh ansin, chuile lá.
Ceithre bliana ar fad a bhí le caitheamh againn sa Chliarscoil sin, Dhroim an tSín, agus i rith an ama sin, d’fhoghlaim na hábhair sagairt chuile shórt a bheadh ag teastáil uathu, agus iad i mbun a gcuid dualgaisí, ar ball, amuigh ar na misin san Aifric. I rith na mblianta sin freisin, bhídís gléasta in éadaigh an tsagairt, agus sútán á chaitheamh ag chuile mhac an pheata acu, sea, agus bóna snasta geal an tsagairt thart ar a mhuinéal aige freisin. Bhí an leagan amach sin breá sásúil i rith an Gheimhridh, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh na Geimhrí ansin feanntach fuar, ach scéal eile ar fad a bhí ann le linn an tSamhraidh, ach is dócha, go raibh an t-ádh linn, nó bhíodh muid ar laethe saoire, le linn an chuid ba mhó, agus ba theo, de na Samhraí brothallacha céanna sin.
Ar do bhealach isteach sa Choláiste, ón ngeata tosaigh, an t-am sin, ní fhéadfá gan suntas a thabhairt do shraith de bhotháin sinciarainn, ar thaobh an aibhinne. Chuirfeá ceist ort fhéin fúthu. Tuige an raibh siad ansin? Cad í an úsáid a bhaintí astu? Chuirfeadh sé ionadh ort, a fháil amach, go mba iad na Puncáin a thóg na botháin chéanna sin, nó bhí chuid mhaith saighdiúirí Meiriceánacha lonnaithe sa Tuaisceart, le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus dár ndóigh, is dócha nár chuir sé isteach go ró-mhór ar na húdaráis ó thuaidh, saighdiúirí Mheiriceá a chur ar choinmheadh, taobh amuigh de gheata tosaigh an Choláiste Chaitlicigh sin Dhroim an tSín! Caithfidh go raibh roinnt mhaith acu ann freisin, agus deireadh muintir na háite linn, go mbíodh damhsaí ar siúl sa champa sin acu, chuile dheireadh seachtaine, agus go raibh sé de nós ag na saighdiúirí, leoraithe dá gcuid, a chur amach ar fud na dúiche, le síob isteach chuig an damhsa, a thabhairt do chailíní óga na háite, nó dóibh siúd, ach go háirithe, a raibh fonn orthu dul ag rince sa champa. Ait go leor, níor bhain údaráis an Choláiste aon úsáid as na botháin chéanna sin riamh, bíodh go raibh an-bhail orthu fós, tráth a raibh mé fhéin ag freastal ar Dhroim an tSín.
Fad is a bhíomar ag freastal ar an gCliarscoil Diagachta sin, leanamar den nós a bhí againn sna Coláistí eile, sé sin dul amach ag siúl chuile Dhomhnach. B’álainn an taobh tíre a bhí thart orainn ansin, agus ba bhreá an crot a bhí ar chuile shórt, idir bhóithre, agus bhóithríní, idir ghoirt agus mhóinéir. Níl dabht ar domhan, ach go raibh cuma an airgid ar chuile shórt ó thuaidh, murab ionann is an taobh tíre s’againne, an t-am sin, nó ba bhocht an leagan amach a bhí ar chúrsaí anseo sa Deisceart, an tráth úd, i ndeireadh na ndaichidí. Bhí an cogadh mór thart, agus bhí ciondáil fós i bhfeidhm anseo, sea, agus chuile shórt gann, nó ní raibh ar ár gcumas mórán a iompórtáil chun na tíre seo, an tráth úd.
Bhí foireann bhreá ollúna againn sa Choláiste Diagachta sin, agus tá cuimhne ghlé, ghlinn, agam fós ar chuile dhuine acu. B’fhir léannta, eolgaiseacha, oilte, cráifeacha, iad, agus ní call dom a rá, go raibh orthu roinnt mhaith staidéir a dhéanamh ina n-ábhair, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas ceisteanna crua na mac léinn a fhreagairt, ó ló go ló, nó níorbh aon dóichín iad na mic léinn chéanna sin, chomh fada is a bhain se le léann agus staidéar, le taighde agus le fiosrú, sa tslí, go mbíodh ar na hollúna bheith ar a n-aire, chuile nóiméad, nó bhíodh cead ag na mic léinn ceisteanna a scaoileadh chucu, am ar bith. Is cuimhin liom fear amháin de na hOllúna sin go dtí an ló atá inniu ann, toisc an nós a bhí aige, cupla nóiméad a chaitheamh, roimh chuile léacht dá chuid, ag léamh roinnt véarsaí as “Curly Wee agus Gussie Goose” greannvéarsaí a bhíodh le léamh san Irish Independent, chuile lá, an t-am sin. A Mham, bail ó Dhia uirthi, a bhailíodh iad agus a chuireadh chuige tríd an bpost iad, go rialta. Ní raibh fhios agam riamh cén fáth ar chleacht sé an nós sin. B’fhéidir gur theastaigh uaidh atmosféar éatrom a chruthú dá chuid oibre fhéin, nó b’fhéidir arís, gurbh amhlaidh a theastaigh uaidh, a aigne fhéin a shuaimhniú, agus a chiúiniú, don ghnó a bhí le déanamh aige. Ach cibé ar bith cúis a bhí leis, caithfidh mé a admháil, gur bhaineamarna, mic léinn, lán-taitneamh as na véarsaí céanna sin a léadh an Maigh Eoch cineálta sinn dúinn, thart ar thrí scór bliain ó shoin anois. Sea, bhí a bhealach oibre fhéin forbartha ag chuile Ollamh acu, agus caithfidh mé a admháil, go raibh meas againne ar chuile dhuine acu, sea, agus é creidthe againn freisin, go raibh an meas céanna sin tuillte, agus tuillte go maith acu uainn. Bhí féith an ghrinn ina mbunús, bíodh go raibh corrdhuine acu a bhí ró-dháiríreach, ar bhealach eicínt. Ná ceap anois, nach mbíodh ar siúl againn, ach sport agus spraoi, nó a mhalairt a bhí fíor, i ndáiríre, agus dá ndéanfá rud ar bith as an mbealach, bí chinte, go nglaofaí os comhair dhuine eicínt, ar bhain do choirse lena ghortsan, thú, agus bheadh ort ansin do bheart a mhíniú, agus tú fhéin a chosaint sa chúirt sin.
Tráth raibh mé fhéin ag freastal ar an gColáiste Diagachta sin, Dhroim an tSín, thosaigh an múchadh ag cur as dom, níos mó ná mar ba ghnáth, agus ba mhinic mé fágtha sa leaba, ar maidin, tráth a mbíodh an chuid eile den teach ag paidreoireacht leo san Aireagal. Ba é deireadh an scéil sin é, nó gur cuireadh isteach in Ospidéal an Mhater, i mBéal Feirste mé, áit ar chuir lia faoi scian mé, gur fhág sé gan “Septum”, agus gan Chéislíní mé. Thaitin an t-am a chaith mé san ospidéal sin go mór liom, agus chuir mé aithne ar othair, ar dhochtúirí, agus ar bhanaltraí, le linn mo thréimhse ansin. Fanann cuimhne na laethe sin go glas fós i gcistin m’aigne, agus is breá liom fós, dul siar ar na heachtraí a bhain dom san ospidéal céanna sin. Ach b’fhéidir gur chóir dom na cúrsaí sin a fhágáil don chéad chaibidil eile
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Síolta an Amhrais ag Fréamhú
Caibidil 32
.
Tar éis dom mo sheal a chaitheamh in Ospidéal an Mhater, i mBéal Feirste, tugadh cead mo chois dom arís. Ar ball, d’fhill mé ar an gColáiste, agus is cuimhin liom fós, nár thug údaráis an Choláiste cabhair ar bith dom mo bhealach a dhéanamh abhaile ó chathair Bhéal Feirste go Coláiste Dhroim an tSín, i gContae an Dúin, agus tá’s ag an lá anois, nár ró-shláintiúil an áit í, Tuaisceart Éireann, an tráth úd, d’ábhar sagairt ar bith bheith ag guairdeall timpeall, gan fios a bhealaigh, nó tada dá leithéid ar eolas go maith aige, nó bhí na “B Specials” ar an bhfód fós, ag an am, agus is cuimhin liom, faoi mar a d’inis mé dhaoibh thuas, go raibh an dorchadas tite, nuair a thuirling mé den bhus, píosa den bhóthar ón gColáiste, bhí seanrothar fágtha ansin, ag stad an bhus, faoi mo choinne. Chuir mé mo mhála beag taistil ar iomparán an rothair sin, agus bhuail mé bóthar. Ach, faoi mar a d’inis mé dhaoibh cheana, d’éirigh liom na cosa a thabhairt liom an oíche sin, ach go háirithe.
.
Níl fhios agam fós, céard a tharlódh dá n-éireodh leis na póilíní speisialta, céanna sin, teacht suas liom an oíche sin, ach tá mé cinnte, nárbh é a bhí uathu, fáilte abhaile a chur romhamsa ar ais go Dromantine! Tháinig mé chugam fhéin, de réir a chéile, ach ag an am gcéanna, is féidir leat a bheith cinnte, nach ndeachaigh údaráis na Scoile sin thar fóir, lena gcineáltas, nó lena gcúram!
Sea, agus bíodh gur thaitin chuile chúrsa a bhí idir chamáin againn sa Choláiste liom, ag an am gcéanna, de réir a chéile, bhí strus agus teannas an tsaoil a bhí á chaitheamh againn, ag fáil an láimh in uachtar orm, maraon le cúrsaí pearsanta eile, agus mhothaigh mé, nach raibh mé fhéin chomh sona sásta is a bhínn, i rith na mblianta roimhe sin, agus mé ag ullmhú don tsagartacht. Bhí síolta an amhrais ag cur fréamhacha uathu, os íseal, áit eicínt sa chroí istigh ionnam. Lean mé orm ag staidéar, agus ag déanamh chuile shórt a iarradh orm, ach ar bhealach eicínt, bhí an dé ag dul i léig im’ ghairmse chun na beatha crábhaidh. Bronnadh na Mionoird orm, agus bhí mé ag ullmhú le hOrd an Fhodheagánaigh a ghlacadh, agus gan romham ansin ach bliain amháin eile go ndéanfaí mé a oirniú im shagart.
Ach mar adúirt mé, bhí na síolta úd a luaigh mé, anois beag, ag tosú ag fás is ag dul i méad, agus nuair a chuir mé leosan, amhrais eile a bhíodh am chrá, cupla bliain roimhe sin, tuigeadh dom, nach raibh an dara rogha agam, ach an scéal a phlé lem anamchara. Rinneamar chuile shórt a scrúdú, is a chur trí chéile, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur tuigeadh dom, go raibh an t-am tagtha le slán a fhágáil ag na comhleacaithe, ar dhein mé saighdiúireacht leo, thar na blianta fada, agus sleamhnú liom, go deas, bog, réidh, thar nais, le bheith im ghnáth-thuata arís. B’in mar a rinne mé. Caithfear a rá, nach raibh sé éasca, nó bog, an chéim sin a thógáil, nó ba chosúil le teip náireach é, an tráth úd, éirí as na sagairt, le bheith id shagart millte, faoi mar adeirtí ag an am, ach caithfidh mé a admháil anseo gurbh é an rud ba mhó a chabhraigh liomsa an chéim sin a thógáil, nó chomh cabhraitheach, cúntach, tuisceanach, is a bhí mo mhuintir fhéin sa bhaile, sea, agus ba chóir dom muintir mo bhaile uilig, a chur isteach in éindigh leosan, sa mhéid sin.
Ach, sin uilig ráite agam, ní raibh éaló ar bith ó mhéad na céime sin, a bhí tógtha agam. Bhí orm tosú arís, ó bhonn. Bhí orm dul i mbun an tsaoil neamheaglaisigh arís, saol nach raibh cleachtadh ar bith faighte agamsa air. Ní raibh cleachtadh ar bith faighte agamsa ar shaol an tuata, ar dhamhsaí, ar chúirtéireacht, nó ar chéad rud eile nach iad, ach ní raibh an dara rogha agam, ach mo dhícheall a dhéanamh, agus saol nua a chruthú dom fhéin, agus arís, caithfidh mé a rá, go mbeadh sin do-dhéanta, geall leis, mura mbeadh an chabhair agus an cúnamh a fuair mé ó mo mhuintir fhéin, agus ó na comharsana uilig, a bhí thart orm, ag an am, ach beidh tuilleadh le rá agam faoin saol nua sin, amach anseo.
Ach sul má fhágaim mo chur síos ar mo laethe i nDroim an tSín, b’fhéidir gur chóir tagairt a dhéanamh do nós ait a bhí againn sa Chliarsoil chéanna sin. Luaigh mé cheana, an tsuim uilig sin a chuireadh muid sa Ghaeilge féin, bhuel, níor lú ná sin an tsuim a chuirimis i ngnéithe eile den chultúr Gaelach. D’imrímis na cluichí Gaelacha, le fonn, agus chuirimis suim freisin, sa cheol, agus sna damhsaí Gaelacha.
Conas a léirigh muid an tsuim sin, an ea?
Bhuel, sa Choláiste Diagachta sin, go háirithe i gcroí an Gheimhridh, nuair a bhíodh an aimsir dár bpréachadh leis an bhfuacht, agus tá’s ag an Rí fhéin go mbíodh sé feanntach fuar sa dúiche sin, faoi scáth Shléibhte Mhughdhorna. Bhuel, in áit bailiú timpeall tine, fiú dá mbeadh a leithéid de bheithíoch ar fáil, is amhlaidh a bhailíodh muid sa Halla Súgartha, agus chuirtí céilí ar siúl dúinn, agus níl dabht ar domhan, ach go mba bhreá an tslí í sin, le cúl a chur ar an bhfuacht, nó ba ghearr ag gabháil do na rincí Gaelacha muid, go mbímis breá, te, arís, agus bhíomar ag foghlaim na ndamhsaí Gaelacha, ag an am gcéanna. Nár chliste an cleas é, ar bhealach, leis an scil sin a mhúineadh do dhream nach bhfaigheadh aon tslí eile, leis an scil chéanna sin a fhoghlaim.
Cén úsáid a bhaineadh siad as an scil sin, ar ball? Adéarfadh duine b’fhéidir.
Bhuel, nach minic ar na misin a mhúineadh sagairt na damhsaí céanna sin do na leanaí gorma úd, a raibh an oiread sin spéise iontu anseo in Éirinn ag an am, agus i ndáiríre, nár bhreá, sláintiúil, na damhsaí iad, do chine a bhí chomh tugtha sin do rince, agus do rithim, do cheol agus do chuideachta. Dár ndóigh, ní hé mo thuairim, go ligfí d’ábhair sagairt an lae inniu, céilithe dá leithéid a chleachtadh anois.
Tuige? An ea?
Bhuel, is dócha go ndéarfaí, nach raibh céapair dá leithéid oiriúnach d’ábhair sagairt, agus go mbeadh baol ann, go ndúiseodh rincí dá leithéid smaoine gnéasacha iontu, agus i ndáiríre, nárbh fhearr i bhfad dóibh, bheith ag gabháil dá staidéir, nó dá bpaidreacha, ná bheith ag válsáil timpeall dóibh fhéin? Sea, agus b’fhéidir go mbeadh sciorta den cheart acu freisin! Ach, ag an am gcéanna, ba bheag smaointe dá leithéid a bhíodh ag cur as dúinne, na hoícheanta fuara, feanntacha, sin, i gCliarscoil Dhroim an tSín, agus muidinne ag rince linn ar sain ár ndíchill, ag iarraidh cúl a chur ar fhuacht agus ar fheanntacht an Gheimhridh Ultaigh.
Ach ag caint ar na leanaí gorma úd, faoi mar a dhein mé, anois beag, nár mhór go deo an spéis a bhí ag ár muintir sna leanaí céanna sin, i ndachaidí, agus i gcaogaidí na haoise seo caite. Bhíodh ticéid á ndíol, agus damhsaí á n-eagrú, chuile bhabhta, le cabhair a chur ar fáil do na leanaí gorma céanna sin, agus bhíodh bailiúcháin ar siúl, go rialta, ag daltaí scoile na tíre seo, le pingneacha a bhailiú do na leanaí gorma céanna sin. Sea, mh’anam, thugamar grá ár gcroí do na créatúir chéanna sin, ach breathnaigh faoi mar atá an scéal anois. Bhuel, d’fhás na leanaí gorma sin suas, agus anois, tá a gclann siúd, no clann a gclainne, ag iarraidh teacht isteach chugainn anseo in Éirinn na bhfáiltí, le cúnamh agus coimirce a lorg orainn, agus tá mé ag ceapadh, nach bhfuil an grá céanna againn dóibhsean anois, is a bhí ag an nglún a bhí suas ansin, dá dtuismitheoirí. Ach, nach ‘in an saol agat? Tá sé éasca go maith, meas a bheith agat ar an nduine atá i bhfad uait, ach nuair a théann a bhó isteach i do gharraí, bhuel, sin scéal eile ar fad. Ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo…..
D’fhág mé Droim an tSín, agus thug mé m’aghaidh ar an saol mór, mallaithe, a bhí taobh amuigh de na fallaí cráifeacha úd, a chosain mé ó chuile olc spioradálta, suas go dtí an pointe sin, agus mé, ag an am sin, im fhear óg, thart ar chúig bliana fichead d’aois. Bí liom sa chéad chaibidil eile, nuair a dhéanfaidh mé iarracht, ar chur síos a dhéanamh ar an chaoi ar athraigh an saol ar fad dom, agus mé ag iarraidh dul i ngleic leis an saol nua, a bhí le caitheamh agam, uaidh sin amach.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
An Rubicon trasnaithe
Caibidil 33
.
Sa chaibidil deiridh, labhair mé faoin chaoi ar shhocraigh mé éirí as an tsagartacht, agus filleadh arís ar shaol an tuata. Cheapfá nach mbeadh sé ró-dheacair a leithéid a dhéanamh, agus dár ndóigh, ní bheadh mórán deacrachta ag baint le cinneadh dá leithéid, sa lá atá inniu ann, ach saol eile ar fad a bhí i dtreis anseo, sa bhliain 1950. Ag an am sin, bhí gradam faoi leith ag gabháil leis an tsagartacht, agus ní hamháin go dtugtaí urraim agus onóir don duine fhéin, ach bhí an oiread céanna urrama agus onóra ag dul dá mhuintir, agus dá phobal, fiú. Níor dhuine príobháideach a thuilleadh é an t-ábhar sagairt, ba chuid dílis feasta é dá phobal, agus nuair a d’éireodh a leithéid de dhuine as an tsagartacht, chuir sé sin isteach ar an bpobal uilig, gan trácht in aon chor ar a mhuintir, nó ar a ghaolta fhéin. Leor a rá, mar sin, nach raibh sé chomh héasca sin ar fad, an tráth úd, filleadh ar do dhúchas id shagairtín, nó i do shagart millte. Ba chineál masla é, nó chonacthas do dhaoine gur diúltaíodh duit, cuma má shocraigh duine fhéin ar éirí as, dá dheoin fhéin, nárbh é an dá mhar a chéile é? D’fhág sé na sagairt!
.
B’in iad na smaointe a bhí do mo chrá, is do mo chéasach, ar feadh scathaimh mhaith sul ar fhág mé an Chliarscoil, ach ar deireadh, rinne mé suas m’aigne, tar éis dom chuile shórt a chur sa mheá, agus ón bpointe sin amach, níor lig mé do na cúrsaí sin cur isteach go ró-mhór orm. Tuigeadh dom, nach raibh an dara rogha agam, ach éirí as. Nílim á rá anois, go raibh sé éasca, uaidh sin amach, nó ba chuid dem’ shaol é an traenáil sin don tsagartacht, agus caithfidh mé a admháil freisin, gurbh í an traenáil chéanna sin a mhúnlaigh mé, agus a shocraigh prionsabail, agus béasa beatha, sa chroí istigh ionnam.
Ar deireadh thiar, tháinig an lá mór. Bhí mé liom fhéin, i ndeireadh na dála. Ní raibh éinne ansin le teacht i gcabhair orm, leis an ualach buartha sin a roinnt liom. Tógadh i ngluaisteán chun stáisiún na traenach ag Iúr Chinn Trá mé. Fágadh ansin mé. Bhí léim dhroichead na n-alt caite agam. Agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa fós, bhí de nós ag an gComhluadar s’againne, an SMA, ar dhein mé tagairt go minic cheana dó, bhí de nós acusan, droim láimhe a thabhairt leis an té a d’fhágfadh an Comhluadar sin. Moladh dóibh, ina mbunreacht, gan aon bhaint a bheith acu feasta, leis an té a d’imíodh uathu. Moladh dóibh, gan aon pháirt a bheith acu feasta leis an té a bhainfeadh a láimh den chéachta. Caithfidh mé a admháil anois, gur chuir an nós sin isteach go mór orm, agus caithfidh mé a admháil freisin, gur tuigeadh dom, chuile lá riamh, go mba fhrithChríostaí, amach is amuigh, an nós é. Ach b’in an nós, agus geallaimse dhuit é, nár bhris mo chomhleacaithe fhéin an nós céanna sin, ach chomh beag le héinne eile. Sea, mh’anam, agus anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, ní raibh aon teangmháil, gurbh fhiú trácht air, idir mé fhéin agus mo chomhleachaithe, dá bhféadfainn sin a thabhairt orthu, bíodh go raibh tarraingt ar naoi mbliana caite ag cuid againn i bhfochair a chéile, trí shonas, is trí dhonas, trí bhuairt, is trí lúcháir, trí shoineann, is trí dhoineann, ach nach ‘in an saol agat a mhiceo!! I ndáiríre, ní raibh á dhéanamh acu, ach faoi mar adúradh leo, agus nach cuimhin libh scéal an Nóibhísigh a chuir na plandaí bun os cionn! Nach bhfuil do sháith ansin agat!
.
Nár bhrónach, uaigneach, gruama, an turas abhaile dhom é, ó Chliarscoil Dhroim an tSín, go baile na Droime in Iorras? Geallaimse dhuit é, gur chaitheas laethe níos sona, sásta, lúcháirí, ná an lá céanna úd, is mé ag taisteal siar abhaile go hIorras. Conas a d’éireodh liom thiar? An bhfearfaí fáilte romham? Céard faoi na comharsanna? Cad a dhéanfainn in aon chor anois, nó anuas go dtí an pointe sin, ní raibh ach ród amháin romham, dár liomsa, ach anois, bhí an bealach sin crosta ormsa feasta, ach bheadh am agam, ar ball, leis an bhfadhb sin a scaoileadh. Nach rabhas óg, láidir, misniúil, ag an am, agus mé réidh deighleáil le cás ar bith, dá dheacra é.
.
Trí Bhaile Átha Cliath sea chuas, agus caithfidh mé a admháil dhuit anseo, go mbíodh áthas orm, chuile bhabhta, nuair a thuirlingínn de thraein an Tuaiscirt, ag Stáisiún Shráid Amien. Níor thaise don bhabhta sin é. Sea, bhíos ar ais i dtír na muintire, bíodh go raibh píosa le dul agam fós, sára n-aireoinn cré Iorrais faoi mo spága arís. In Earrach na bliana 1950, a tharla na heachtraí sin, ach filleann siad orm anois, chomh glé, glas, glinn, is dá mba inné a tharla siad, a chéaduair!
.
Chaith mé oíche i mBaile Átha Cliath, agus an mhaidin dár gcionn, bhí mé réidh chun bóthair arís le giolc an ghealbhain, agus tar éis lá a chaitheamh ag taisteal, shroich mé Béal an Átha, cois Muaidhe, an oíche sin, agus chuir mé fúm ansin, sa Néifin, an oíche sin, agus an mhaidin dár gcionn, fuair mé síob amach go Béal an Mhuirthead ar veain an Phosta. Ní raibh sé ró-dheacair agam ansin mo bhealach a dhéanamh abhaile ó Bhéal an Mhuirthead, agus gan aon ró-mhoill, bhí mé ar ais sa bhaile, agus murar cuireadh fáilte Uí Cheallaigh romhamsa, an mhaidin sin, bhuel, ní lá fós é! Bhí mo Dhaid is mo Mham ina gcéad cuid thart orm, agus chuile iarracht á dhéanamh acu, a chur ina luí ormsa, go raibh na múrtha fáilte á gcur acu romham abhaile. Chuir an fháilte sin faoi gheasa mé, agus ón nóiméad sin amach, ní raibh amhras orm riamh faoi dháiríreacht na fáilte céanna sin. Nílim ag maíomh anois go raibh sé éasca agamsa, teacht isteach arís ar rithim agus ar cheol an tí s’againne, i mbaile na Droime, nó bhíos ró-fhada ar dheoraiocht, chuige sin. Bhíos ró-fhada scartha óm mhuintir, agus nósanna agus béasa strainséartha pioctha suas agam. Bhí chuile shórt as compás, mar adéarfá. An seomra seo ró-bheag, na fallaí ró-íseal, agus na hurláir ró-gharbh. Bhí mé millte, tríd is tríd, ag an timpeallacht inar chaith mé, tarraingt ar dheich mbliana. Níor tháinig an cineál saoil sin, a chleacht mé i rith na mblianta fada sin, leis an gcineál saoil a bhí á chaitheamh ag mo mhuintir fhéin. Bhí mé im éan cuideáin i measc mo mhuintire fhéin, sea, agus thógfadh sé roinnt mhaith ama leis an scéal sin a chur ina cheart arís, sé sin, dá mbeadh a leithéid indéanta, in aon chor. Bhíos-sa tagtha ar shaol an chomhthionóil, mar adéarfá. Ach, níorbh iad na deacrachtaí sin na clocha ba mhó ar ár bpaidrín, an mhaidin áirithe sin, in Earrach na bliana 1950, i lár na haoise seo caite. Rinneamar ár gcomhrá go béasach, cairdiúil, grámhar, ach má dhein fhéin, bhí fhios againn uilig, go raibh an dochar déanta, agus nach mbeadh cúrsaí riamh go deo arís, faoi mar a bhí, sular fhág mé an baile, le dul sna sagairt, a chéaduair. Bhris an scaradh sin sreang an imleacáin, agus d’fhág an Eaglais lorg a láimhe orm, lorg nach bhféadfaí a chealú, choíche. Thóg sé blianta orm glacadh go huile is go hiomlán le fírinne an ráitis sin, ach, bhain na cúrsaí sin uilig leis an todhchaí, agus ní raibh muid fiú ag smaoineamh ar a leithéid, an tráth sin.
.
Bhain deacrachtaí lem’ ionad feasta sa chlann, chomh fada is a bhain sé liomsa, ach go háirithe. Tháinig mé abhaile chucu im dhuine uasal, mé gléasta suas im chulaith Domhnaigh, fhad is a bhí chuile dhuine eile sa teach gléasta ina n-éadaí oibre. Ní fhéadfainn fanacht cois tine, an lá ar fad, im shuí ar chathaoir, im dhuine uasailín. Bhí obair le déanamh. Bhí síolta le cur, móin le baint, aoileach le scaradh, agus diaidh ar ndiaidh, rinne mé iarracht teacht isteach ar na graithí céanna sin. Sílim go bhfaca na múinteoirí, i Scoil na Cille Móire Iorrais, an cás ina raibh mé, agus tháinig siadsan i gcabhair orm. Tharla ag an am áirithe sin, go raibh múinteoir sealadach ag teastáil uathu, agus d’iarr siad ormsa an post sin a líonadh, ar feadh scathaimh. Bí cinnte go raibh mé fhéin lán-tsásta tabhairt faoin bhfiontar sin. Bhailigh mé mo chip is mo mheanaithe, agus bhíos ag doras na scoile go breá luath, an mhaidin dár gcionn.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Athrú Saoil
Caibidil 34
.
Chuir múinteoirí Scoil Náisiúnta na Cille Móire, Iorrais, obair shealadach ar fáil dom, agus ní call a rá, gur ghlac mé leis an bpost sin, le fonn is le flosc, agus ba thríd an bpost céanna sin, a fréamhaíodh grá don mhúinteoreacht sa chroí istigh ionnam, ach le filleadh ar an scéal a bhí idir chamáin agam…
Bíodh nach raibh an mhúinteoireacht chomh héasca is a cheap mé, ag an am gcéanna, thaitin sé go mór liom, ar bhealach eicínt. Bheadh sé deacair na gasúir sa scoil sin a shárú. Nár chuid dem phobal fhéin iad, agus tar éis dom scathamh a chaitheamh im mhúinteoir sealadach, tháinig me ar an tuairim, go n-oirfeadh ceird na múinteoireachta go seoigh liom. Chuaigh mé i gcomhairle le mo sheanmhúinteoir, an Máistir Ó Cróinín, agus ba é a mhol seisean dom, nó cur isteach ar chúrsa don “H Dip in Ed” i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, don bhliain scoile dár gcionn. Rinne mé rud air, agus glacadh liom, agus socraíodh go raghainn isteach ansin, faoi Dheireadh Fómhair na bliana sin, 1950.
Sea, bhí an fhadhb scaoilte agam, bíodh gur de thimpiste fhéin é. Raghainn le Meán- múinteoireacht. Mhol mo sheanmháistir dom freisin, cuairt a thabhairt ar roinnt Meánscoileanna, féachaint an mbeadh aon fholúntas acu, sa chaoi go bhféadfainn dul ag múineadh chucu, an Meán Fómhair sin, agus go raibh seans ann, go ligfí dom freastal ar chúrsa an “H Dip.” i rith na bliana sin. Rinne mé amhlaidh, ach, i ndáiríre, ba shaothar in aisce dom é, nó cé gur gealladh dom, i gcupla scoil, go gcuirfí fios orm, gan aon ró-mhoill, le dul i mbun oibre dóibh, tá mé ag fanacht fós ar litir uathusan, ag moladh dom teacht chucu. Ó Bhuel! nach ‘in an saol agat! An té tá thuas óltar deoch air, ach an té tá thíos, buailtear cos air! B’in mar a mhothaigh mise, ar aon nós, an tráth úd.
Ach, níorbh fhál go haer é, nó teacht an Mheán Fhómhair, bhailigh mé mo chip is mo mheanaithe arís, agus thug m’aghaidh ar Ghaillimh na gCuan. Fuair mé lóistín dom fhéin i dteach aíochta, amuigh ar imeall na cathrach, i nGarraithe an Léana Bhuí, le muintir Mhic Aonghusa, agus caithfidh mé a rá, nach bhféadfainn áit níos fearr, níos oiriúnaí, nó níos cairdiúla a fháil, áit ar bith, i gcathair mhór na Gaillimhe, an tráth úd, ná an teach céanna sin, agus níor dúradh cat dubh, nó cat bán liom, i rith na bliana ar fad a chaith mé ina gcosamar, sea, agus roinneadar go fial, flaithiúil, fairsing, agus go cairdiúil, liom, fad a bhí mé ina measc. Bhí buntáiste eile ag baint leis an dteach lóistín céanna sin, sé sin, go raibh sé an-ghar don Ollscoil, agus tharla go raibh rothar agam, ní thógadh sé aon achar orm dul isteach chun na hOllscoile, nó teacht abhaile as arís, ach chomh beag.
D’airigh mé, go raibh mé i measc cairde, san Ollscoil chéanna sin, nó nach raibh seal de bhlianta caite agam ag freastal uirthi, tráth raibh mé im Nóibhíseach, i gCloughballymore House, tamall roimhe sin?
Ní call dom a rá, go raibh Garraithe an Léana Bhuí cóngaraach go maith do Bhóthar na Trá, agus chomh maith le sin, ní raibh Halla mór Rince, “Seapoint”, thar fad urchar méaróige uainn, agus geallaimse dhuit é, gur mhinic ár dtriall ar an ionad aerach, álainn, céanna sin. Anois, bhí fear óg eile ar lóistín le muintir Mhic Aonghusa, in éineacht liomsa, Albanach fir ba ea é, agus Jimmy ab ainm dó. D’éiríomar cairdiúil le chéile, agus théadh an bheirt againn chuig na damhsaí sin, a luaigh mé thuas, agus ba bhreá an comhluadar ar ócáidí dá leithéid é. Bhí Halla Rince eile sa dúiche sin freisin, ach ní bhíodh sé oscailte leath na gcuarta, an tráth úd, “The Hangar”, a thugtaí ar an Halla mór sin, agus bhíodh a ainm i mbéal an phobail, i nGaillimh, lá dá raibh, ach is dócha go raibh a sheal tugtha, faoin am ar tháinig mise ar an bhfód. Ní call dom a rá, ach oiread, go raibh chuile dheis ar fáil, fan Bhóthar na Trá, don té a mbeadh fonn snámha air, nó bhí ansin, tránna fairsinge, bána, agus chomh maith le sin, bhí céibh, agus clár tumtha, ansin, don té a chuirfeadh spéis ina leithéid.
Nuair a tháinig an lá spriocáilte, bhí mé fhéin thíos sa Choláiste, agus mé réidh lem’ thraenáil mar mhúinteoir a thosú. Chuireamar aithne ar ár nOllamh, an tOllamh Pádraig Ó Lorcáin. Ní fhéadfainn dul thar fóir ag moladh an fhir sin, nó b’fhíor dhuine uasal é, a thiomhnaigh a laethe agus a shaol don léann, agus don taighde, agus fear nár dhein aon dá leith dá dhícheall, sa chabhair, nó sa chúnamh, a dháil sé orainne, go fial, flaithiúil, fairsing. Ba dhuine cúthaileach é freisin, agus fear nár chuala mé riamh ag baint sclaimhe as mac léinn ar bith, bíodh gur mhinic a tugadh chuile chúis dó a leithéid a dhéanamh! Sea, mh’anam, ní fhéadfainn locht a fháil ar Pheat Larkin, agus tuigeadh dom i gcónaí, gur dhein sé a dhícheall, chuile lá riamh, bóthar an léinn a réiteach dúinn uilig. Bhí Peat suas-chun-dáta ina thaighde, agus ina chur chuige, agus déarfainn gur mór atá an tír s’againne faoina chomaoin aige, as ar dhein sé le caighdeán na múinteoireachta a chothú agus a fheabhsú, tráth raibh seisean ina Ollamh le hOideachas, i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh.
Bhí gné eile den saol mór, a bhí thart orm feasta, nár dhein mé tagairt ar bith dó, go nuige seo, sa chaibidil seo.
Agus céard é fhéin? Adéarfása, b’fhéidir.
Buel, bhí mé thart ar chúig bliana is fiche, faoin am sin, agus m’fhocal is mo lámh dhuit, nár thaobhaigh mé le cailín, nó le bean ar bith, anuas go dtí an pointe sin den shaol. Bhuel, an mbeifeá ag súil lena athrach uaim? Bhí baol ann anois, go bhfanfainn glan amach uathu, an chuid eile dem shaol, agus mar sin, bhí orm suí síos agus mo mharanna a dhéanamh, faoi na cúrsaí sin, féachaint céard ba cheart, agus céard ba chóir dom a dhéanamh, feasta.
B’fhéidir, gur chóir dom an chuid sin dem scéal a fhágáil go dtí an chéad chaibidil eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar an chaoi ar thosaigh mé orm fhéin a chur in oiriúint do shaol an tuata, in Éirinn na gcaogaidí.
.
.
.
In Ollscoil na Gaillimhe
Caibidil 35
.
Gheall mé dhaoibh go bhfillfinn ar an scéal seo arís, gan aon ró-mhoill. Ach, mar adeireadh an tseandream fadó, an rud a théann i bhfad, téann sé i bhfuaire, agus ba é an dála céanna agamsa é. Thosaigh mé á chur ar an méar fhada, agus caithfidh mé a admháil freisin, nach raibh aon ró-fhonn orm tosú arís ag scríobh faoi thráth dem’ shaol, a d’iompair siar mé go dtí na laethe casta, céasta, buartha, sin, nuair a thréig mé an Chliarscoil, ar chúiseanna áirithe, agus nuair a chuir mé romham arís, mo bhealach a dhéanamh trí shaol guaireach, cráite, a bhí tréigthe agam leis na blianta, agus saol ar cuireadh fainic na bhfainic ormsa faoi, le linn na mblianta fada a chaith mé ag ullmhú don tsagartacht. Bhí sin thart anois, agus bheadh ormsa feasta, réiteach eicínt a dhéanamh le saol corrach, coireach, cam, an fichiú haois.
Labhair mé faoi dhul go hOllscoil na Gaillimhe, i bhFómhar na bliana 1950, an Bhliain Bheannaithe. D’inis mé dhaoibh freisin, go raibh mé ag cur fúm amuigh i nGarraithe an Léana Bhuí, ar imeall na cathrach, agus mhínigh mé freisin, faoi na rincí a ndéanadh mé fhéin is mo chomrádaí, Jimmy Albanach, freastal orthu, i Seapoint agus sa tseanHangar freisin, corruair. Anois, sílim nach raibh mórán taithí ar an saol mór, millteach, faighte ag Jimmy s’againne, ach an oiread liom fhéin, agus do bharúil, nach dtéadh muid beirt chuig scoil rince, cupla uair sa tseachtain, nó cuimhnigh, nach raibh taithí dá laghad, ag ceachtar againn, ar dhamhsaí, nó rincí, agus bíodh nár theastaigh uainn an scéal sin a chraobhscaoileadh i measc ár naimhde, nó fiú imeasc ár gcairde fhein, ag an am gcéanna, nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith! Agus ba é an dála céanna againne é, nó theastaigh uainn beirt, tosú ar ghnáthshaol a chaitheamh feasta, agus ar an ábhar sin, ní raibh an dara rogha againn, dár linne, ach rince a fhoghlaim, agus sin ar an dá luathas, nó bheadh sin i bhfad níos fearr ná bheith i muinín rince na bpréachán, faoi mar a bhíomar beirt, ag an am. D’éirigh linn go réasúnta maith, sa bhfiontar sin, agus ba ghearr go mbíodh muid amuigh ar an urlár, agus muid ag rince linn, faoi mar a bheadh Dia á rá linn. Bhí an ceart ag ár seanchara, Mártan an Tairbh, nuair a dúirt sé linn dul amach ar an urlár, faoi mar ba linne an t-urlár céanna sin! Sea, mh’anam, ba ghearr go raibh toit á baint as urlár “Seapoint” againn beirt, mé fhéin is mo sheanchara, Jimmy, ní lena chéile, dár ndóigh, ach le cailíní áille na dúiche.
Ba mhór go deo an difir idir shaol an mhac léinn Ollscoile an tráth úd, i lár na haoise seo caite, agus saol an mhac léinn Ollscoile, sa lá atá inniu ann. Ó tharla go mba í sin an Bhliain Bheannaithe, cuireadh misean ar siúl do mhic léinn Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, agus m’fhocal is mo lámh dhuit, go mbíodh an séipéal ag cur thar maoil do chuile léacht, agus don Aifreann freisin, chuile mhaidin. Sílim gur mhair an misean céanna sin ar feadh seachtaine. Ach fan ort neomat ansin, nach bhfuilim, anois díreach, tar éis teacht ar phictiúr beag, a bronnadh orm ag an misean céanna sin, agus do bharúil? nach bhfuil sé agam fós, nó choinnigh mé im Bhíobla é, rud a choinnigh deas, glan, néata, é, thar bhreis is leathchéad bliain. B’fhéidir gur mhaith leat a fháil amach, céard tá scríofa ar an bpictiúr beag beannaithe céanna sin? Bhuel, seo chugat é…..
Souvenir of My Retreat at University College, Galway
Holy Year
22 – 29 October 1950
in honour of The Solemn Proclamation
by His Holiness Pope Pius XII
of the Dogma of the Glorious Assumption
of The Blessed Virgin Mary.
Sea, breathnaigh ar sin anois, agus ba é an tAthair Paul Waldron, Maynooth Mission to China a bhí i mbun an Chúrsa Spioradálta chéanna sin. N’fheadar an mbeadh a leithéid ar siúl in ár nOllscoileanna, sa lá atá inniu ann? Sea, mór idir inné agus inniu!
Agus ó tharla gur ag tagairt do chúrsaí spioradálta atá mé, bhíodh rud eile ar siúl againne mic léinn freisin, rud nach dtarlódh sa lá atá inniu ann, tá mé cóir a bheith cinnte! Tharla go ndeachaigh sé amach ormsa, gur cuireadh léann an tsagairt orm, agus tuigeadh dá bharr sin, go mbeadh ar mo chumas ceisteanna morálta a scaoileadh dom’ chomhleacaithe. Dá bharr sin, thagadh mic léinn chugamsa, go rialta, ag iarraidh orm treoir eicínt a dhéanamh dóibh. Ba iad na fadhbanna ba mhinicí a bhíodh á mearú nó fadhbanna gnéis. Deiridís gur dheineadar seo, nó siúd, agus iad amuigh ag suirí, nó ag pleicíocht dóibh, agus theastódh uathu a fháil amach, ar pheaca marfach é a leithéid a dhéanamh, agus ar chóir dóibh é a lua ina bhfaoistin? Bhí cíocras an domhain orthu eolas dá leithéid a fháil, agus ag breathnú siar ar na cúrsaí sin anois, is dócha gurbh é ba chúis leis uilig, nó nár mhínigh éinne scéal na mbeach is na n-éan riamh dóibh, agus b’in iad ansin, iad fásta suas, iad ag dul amach le cailíní, agus gan rialacha an bhóthair foghlamhta fós acu, mar adéarfá. Rinne mé mo dhícheall iad a chur ar an eolas, chomh fada is a d’fhéadfainn, nó tuigeadh dom, nach raghaidís chuig anamchara nó comhairleoir ar bith eile, mura n-éireodh liomsa a dtart a mhúchadh!
Tríd an obair sin go léir, bhí mé fhéin ag foghlaim uathusan freisin, agus diaidh ar ndiaidh, bhí mé ag cur eolas ar chúrsaí an tsaoil daonna seo, agus dá bharr sin, ba ghearr gur thosaigh mé fhéin ag tionlacan cailíní abhaile ó na damhsaí. Ní call dom a rá, gur bheag dochar a bhí sa tionlacan céanna sin. Is dócha nach raibh ann ach bheith i gcomhluadar ban, bheith ag comhrá leo, ag iarraidh iad a thuiscint, ag baint taitnimh as a n-áilleacht, agus ansin, póigín neamhurchóideach ag geata theach an chailín, mar luach saothair, nó mar mhisniú, corruair, b’fhéidir. Sea, caithfidh mé a admháil anois gur bhain mé fhéin agus Jimmy taitneamh nár bheag as ár n-eachtraí sna Hallaí Damhsa, i rith na bliana Ollscoile céanna sin, 1950 – ’51. Agus chomh maith le sin, d’éirigh liom fhéin breacaithne éadomhain a chur ar an gcorrdheoch freisin. Ba chuid dem’ oiliúint ar chúrsaí an tsaoil mhóir é, agus geallaimse dhuit é, nár fhás aon ró-charadas idir mé fhéin agus na deochanna meisciúla céanna sin, an tráth úd, nó riamh ó shoin, nó tharla nach raibh mé tugtha dóibh, nó aon ró-fhonn orm éirí mór leo! Sea, nár inis mé dhaoibh faoin mbuidéal fíona úd a d’ólamar ar ár mbealach go Cóbh Chorcaí fadó, agus faoin gceacht a d’fhoghlaimíomar an lá sin?
Ná ceap anois gur chaith mé an t-am uilig ag dul chuig na damhsaí agus ag ól, nó ní mar sin a bhí. Bhí mé ansin le “H. Dip in Ed.” a bhaint amach, ag deireadh na bliana sin, agus caithfidh mé a rá, gur luigh mé isteach ar an ngnó sin, le fonn, agus le flosc, agus nuair a tháinig deireadh na bliana sin, bhí mé breá ullamh chuige.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Ag Saothrú na bPingneacha Breise
Caibidil 36
Ba bhreá, taitneamhach an bhliain úd, a chaith mé fhéin is mo sheanchara Albanach, Jimmy, in ár mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe, ó Dheireadh Fómhair na bliana 1950, go dtí Meitheamh na bliana dár gcionn, agus bíodh nár den dámh céanna sinn, ba dhlúthchairde sinn, dá ainneoin sin. Ceann de na rudaí ba mó a chuireadh isteach ar mhic léinn Ollscoile, an tráth úd, nó ganntanas airgid. Bhíodh mic léinn áirithe ag súdaireacht leo ó thús go deireadh na bliana. Cúrsaí óil, nó cúrsaí cearrbhachais, ba chúis le sin, bunús an ama, ach i gcás roinnt áirithe eile daltlaí, ba é ba chúis leis na tsúdaireacht chéanna sin nó go raibh orthu teacht i dtír ar an mbeagán. Nílim ag maíomh anseo go mbíodh sparán teann agam fhéin, i gcónaí, i rith na bliana céanna sin, ach i gcomparáid le hógánaigh eile, bhí dóthain mhór agamsa, chuile lá den bhliain sin.
Cá bhfuair mé an t-airgead sin uilig, nó ní raibh mórán fáltais, nó gustail, ag mo mhuintir, sa bhaile, i mbaile na Druime in Iorras?
Bhuel, ba é ba chúis leis an bhflúirse sin uilig nó go mbíodh deiseanna agamsa le hairgead a shaothrú, agus níor scaoil mé na deiseanna céanna sin tharam, geallaimse dhuit é! Ach rug mé orthu go daingean docht, agus b’in a d’fhág go mbíodh na pingneacha agamsa, nuair a bhíodh mic léinn eile ar an ngannchuid, agus iad ag iarraidh iasacht a fháil ó mo leithéidse!
Ach, conas a tharla go mbíodh na deiseanna sin agamsa, an ea?
Bhuel, bhí Scoil Dianstaidéir á reachtáil ag Mr Grealy sa chathair ag an am, scoil ina ndéantaí daltaí a ullmhú do Scrúduithe Teistiméireachta, trí dhianstaidéar a chur ar fáil dóibh, le cúrsaí áirithe a phulcadh isteach iontu, roimh na scrúduithe. Bhuel, tharla go raibh múinteoir Laidine ag teastáil ón nduine uasal céanna sin, agus chuir sé fógra sna páipéir, ag iarraidh ar mhúinteoirí cur isteach ar an bpost sin, ag maíomh go raibh oiread áirithe uaireannta an chloig sa tseachtain i gceist, agus b’fhéidir go n-oirfeadh sé do mhac léinn Ollscoile. Bhuel, chuir mé fhéin isteach ar an bpost sin, agus iarradh orm teacht isteach go Coláiste Uí Ghriallaigh, le go gcuirfí faoi agallamh mé. Rinne mé sin, agus ó tharla go raibh bliain san Ollscoil caite agam i mbun na Laidine, agus cumas Laidine agam taobh amuigh de sin ar fad, dúirt Mr Grealy go raibh sé lán-tsásta an post a thabhairt dom. Chraitheamar lámh air, agus b’in sin. Bhí post agam. Bheadh teacht isteach rialta agam feasta, agus bhí mé fhéin lán-tsásta leis an dtaobh sin dem’ mhargadh.
Conas a d’éirigh liom leis na “Grinds” sin, an ea?
D’éirigh go maith liom, tríd is tríd, agus ní hamháin go mbíodh ranganna den chineál sin á dtabhairt agam sa Laidin, ach bhí Mr Grealy sásta obair eile a thabhairt dom, ó am go chéile, sa tslí go mbíodh mo dhóthain oibre le fáil agam i gColáiste úd Uí Ghriallaigh, i nGaillimh, i rith na bliana áirithe sin 1950 – ’51. D’éirigh go maith liom i gcás daltaí áirithe, ach bhí dalta amháin agam, agus a leithéid de chrá croí níor fhulaing mé riamh roimhe, nó ó shoin i leith, ach oiread, agus mé ag iarraidh díochlaontaí agus réimnithe Laidine a mhúineadh don dalta céanna sin! Ní raibh spéis dá laghad aigesean sa Laidin, ach is amhlaidh a thugadh a athair a ghluaisteán fhéin dó, chuile lá, le freastal ar na ranganna sin, le go n-éireodh leis pas d’fháil sa Mhaithreánach. Rinne mé chuile iarracht é a spreagadh le roinnt áirithe Laidine a fhoghlaim, ach dúirt sé liom, go neamhbhalbh, gur chuma sa diabhal leis mé fhéin is mo chuid Laidine, agus nár theastaigh uaidh ach leithscéal a bheith aige teacht ó Chaisleán an Bharraigh go Gaillimh, chuile lá, le bualadh lena leannán! Bhuel, nach féidir le duine ar bith capall a thabhairt chun an uisce, ach ní fhéadfadh fir uilig an rí iachall a chur air an t-uisce sin a ól!
Tharla an bhliain áirithe sin freisin, gur tharla folúntas sealadach i gColáiste na bProinsiascánach, sa Chlocán, agus tháinig lucht na scoile sin chun cainte le Pat Larkin, ár nOllamhna, agus d’fhiafraigh siad de, an mbeadh aon mhac léinn aige, an bhliain sin, a mholfadh sé don phost áirithe sin, ar feadh míosa, nó mar sin. Bhuail an Lorcánach bleid orm fhéin, agus mhínigh an scéal dom, ó thús deireadh, agus dúirt, go mbeadh seisean sásta mé a ligint go dtí an Clochán, ar feadh míosa, nó bhí sé sásta go mbainfinnse tairbhe as an gcleachtadh, agus go mbeadh ar mo chumas staidéar a dhéanamh ar cibé léachtaí a chaillfinn, i rith na míosa sin, ach na nótaí a fháil ó mhac léinn eicínt im’ rang.
Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó. Bhailigh mé mo chip is mo mheánaithe, agus bhuail mé an bóthar go dtí an Clochán. Ar veain an Phosta a fuair mé síob, le moiche na maidine, ó Chathair na dTreabh go dtí baile mór an Chlocháin. Thug mé aghaidh ar an dTeach Ósta, in a raibh seomra curtha in áirithe dhom ar feadh na míosa, agus ansin, casadh orm an fear a bheadh ag feidhmiú mar ardmháistir, le linn dom bheith im mhúinteoir ansin. Nach orm a bhí an t-ádh gur chaith mé seal ag múineadh i Scoil Náisiúnta na Cille Móire, in Iorras, roimhe sin, nó i rith an ama sin, d’fhoghlaim mé roinnt mhaith faoi cheird na múinteoireachta. Chaith mé an chuid eile den lá sin dom ullmhú fhéin don obair a bhí romham amach, an mhaidin dár gcionn, bhí mé i láthair sa scoil sin go breá luath agus mé réidh le dul i mbun oibre, ar bhuille a naoi.
Conas a d’éirigh liom, i rith na míosa sin, an ea? ís dócha gur féidir liom a rá anois, gur éirigh liom go seoigh sa phost sin. Tús Mhí na Nollag a bhí ann, agus ba ghearr go raibh muid ag ullmhú do scrúduithe na Nollag. Rinne mé mo dhícheall mór dul i gcionn ar na daltaí a bhí faoi mo chúram, agus mé á n-ullmhú don scrudú céanna sin. Bhí orm roinnt mhaith ábhar a mhúineadh sa scoil sin, nó, chomh fada is a théann mo chuimhne anois, ní raibh i mbun oibre sa scoil sin, ag an am, ach triúr againn, Bráthair den Ord Proinsiascánach, tuatach eile, agus mé fhéin, rud a d’fhág nach raibh mórán am saor ag éinne againn, ach muid ag treabhadh linn, ar ár míle dhícheall ó thús deireadh chuile lá. Ní call a rá, nach raibh aon chleachtadh agam fhéin ar obair den tsórt sin i Meánscoil, agus sí an chuimhne a éiríonn chugam anois, as loch na gcuimhní, nó go mbínn tuirseach, traochta, ag deireadh gach lae, agus sin ó cheann ceann na seachtaine. Ní raibh aon chleachtadh agam, ach oiread, ar scrúduithe a ullmhú, a chóipeáil, nó a cheartú, ach mar adeireadh an tseandream, cleachtadh a thugann máistreacht, agus ag deireadh mo thréimhse sa Chlochán, bhí an-chleachtadh faighte agam ar bhuntáistí agus ar mhí-bhuntáistí na múinteoireachta mar shlí bheatha.
An chéad lá ar ais san Ollscoil dom, d’iarr an tOllamh orm cuntas ar m’imeachtaí, mar mhúinteoir sealadach sa Chlochán a thabhairt don rang. Ag breathnú siar anois ar na cúrsaí sin, tá mé cinnte, gur chabhraigh an cleachtadh céanna sin go mór liom, agus mé ag ullmhú don “H Dip. in Ed”, nó ní dóigh liom, go raibh aon bhealach níos fearr leis an gceird a fhoghlaim, ná seal a chaitheamh á cleachtadh, agus chomh maith le sin, d’fhág sé pingneacha im sparán, earraí nach raibh sé éasca teacht orthu ag an am!
Tá mé buíoch fós don Ollamh Pat Larkin, as an deis sin a thabhairt dom. Sea, ba dhuine faoi leith é Pat s’againne, gan aon agó.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Fís ar Fionraí
Caibidil 37.
Déarfainn go raibh bunús mo ranga ansin san Ollscoil in éad liom, ag an am, nó bhí deis agamsa pingneacha a shaothrú, tráth raibh mé ag cleachtadh mo cheirde, amuigh ansin sa Chlochán. Ach má bhí fhéin, ní raibh dabht ar bith ormsa, ach gur oibrigh mé fhéin go dian, dícheallach, leis na pingneacha céanna sin a shaothrú, nó bhí orm ullmhúchán a dhéanamh chuile oíche, don obair a bheadh idir chamáin agam sna ranganna an lá dár gcionn, chomh maith le sin, bhíodh ualach asail de chleachtaí le ceartú agam freisin, chuile oíche, agus nuair a chuireann tú le sin, go raibh orm bunús an ama a chaitheamh ag caint, nó ag scríobh ar an gclár dubh, leis an gcailc deannachúil, diabhalta sin, a bhíodh mar mhaide croise ag múinteoirí an tráth úd, geallaimse dhuit é, go mbíodh sé éasca go maith dul chun cainte liomsa am codlata! Mór idir inné is inniu, nó an tráth úd, ní bhíodh d’áiseanna ag múinteoirí, ar an mórgóir, ach an chaint is an chailc, nó mar adeiridís i mBéarla….The challk and talk method of teaching….
Ach cé go mbínn tuirseach go maith tar éis na hoibre, ag an am gcéanna, ní bhínn go huile is go hiomlán, gan chaitheamh aimsire. Minic a théinn fhéin is beirt nó triúr eile amach i measc na gcnoc, ag siúlóid, ag deireadh na seachtaine. Sea, agus deireadh seachtaine eile, théinn amach, ag fiach an mhada rua, le muintir a bhaile, nó bhídís an-tugtha don spórt sin sa Chlochán, ag an am. Ná ceap anois, go mbínn im dhuine uasailín, agus mé ag marcaíocht liom thar chlaíocha, thar dhíoga, agus thar bhallaí, ó cheann ceann na dúiche, agus chuile “Tally Ho!” asam. Lean ort ag brionglóidigh, a mhac! Ní raibh capall, nó fiú asal fhéin, faoi dhuine ar bith den lucht seilge s’againne. Ní bhíodh mh’anam! Cosmhuintir a bhí ionainne, agus chuile dhuine againn ag fiach de shiúl cos. Minic a cheap mé, go mbíodh níos mó spóirt ag an mada rua fhéin, ná mar a bhíodh againne, nó mhealladh sé sinn, tríd an gcuid ba ghairbhe, agus ab achrannaí den dúthaigh, agus ar deireadh thiar, i gcónaí gcónaí, d’éiríodh leis dul i bpoll, nuair a bhíodh a dhóthain spraoi bainte aige asainne. Bíodh sin mar atá, áfach, caithfidh mé a rá, go mbainimis-ne spórt agus spraoi, sea agus cuideachta freisin, as na céapair chéanna sin,
Ba amuigh sa Chlochán freisin, a thosaigh mé ag dul chuig damhsaí, a chéaduair. Cuimhnigh anois, go raibh mé ag tarraingt ar chúig bliana fichead, ag an am, agus tuigeadh dom, go raibh a lán le foghlaim agam, faoi chúrsaí an tsaoil, fós, ach má sea, tuigeadh dom freisin, go raibh sé chomh maith agam tús a chur leis an bhfoghlaim chéanna sin láithreach, nó ní in óige a bheinn ag dul, feasta! Thosaigh mé ag cur spéise sa ghnéas eile, nó sa chineál eile, mar adeireadh Mártan a’ Tairbh, fadó, sea, agus ba ghearr go raibh mé ag iarraidh chur i gcéill, go raibh blianta fada caite ar an mbóthar sin agam! Tuigeadh dom i dtosach, nach dtiocfainn isteach go deo ar an ealaíon chéanna sin, ach i ndáiríre, ní raibh i gceist ach bheith deas, séimh, nádúrtha, le daoine, agus ba ghearr go raibh ar mo chumas dul chuig damhsaí, chomh maith leis an bhfear eile, sea, agus meascadh le cailíní, chomh maith le duine. Is maith is cuimhin liom fós, oíche a chaitheamar, mé fhéin is mo chara, ag damhsa, amuigh i mbaile beag tuaithe, cois Caolaire, i lár Chonamara, agus ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn ormsa an oíche chéanna sin nó go raibh sagart an phobail ar an bhfód, agus chuile uair a d’fheiceadh sé daimhseoirí ag dul ró-chóngarach dá chéile, théadh sé ar a dtóir, agus chuireadh d’iachall orthu druidim siar óna chéile! Sea, agus níos iontaí fós, dhéantaí rud air, freisin! Sea, mh’anam, mór idir inné agus inniu!
Ní bheadh gá agamsa feasta leis na ceachtanna modhúlachta sin, ar chaith mé thart ar naoi mbliana á bhfoghlaim. “Coinnigh do lámha agat fhéin!” “Ná breathnaigh san aghaidh ar chailín ar bith!” “Ná bí riamh id aonair i gcomhluadar mná!” “Coinnigh smacht dian ar na súile!” Sea, a stór! agus na scórtha fainicí eile, sea agus fainicí na bhfainicí sin uilig freisin, a cuireadh orainne, ábhair sagairt, ar eagla go meallfadh bean eicínt, ó chasán céasta, casta, na fíréantachta sinn.
Sea, bíodh go raibh mé chomh graitheach le beach, amuigh ansin sa Chlochán, ag an am gcéanna, caithfidh mé a admháil anois, gur fhoghlaim mé a lán, agus mé ag saothrú liom go dian, amuigh sa dúiche álainn, scoite, fhiáin do-bhuailte sin. Nuair a d’fhill mé ar an Ollscoil, ar ball, mhothaigh mé go raibh sé i bhfad Éireann níos éasca luí isteach ar shaol na hOllscoile, agus ar shaol sóisialta an mhic léinn, freisin. Fanann cuimhní an Chlocháin go glas, glé, glinn, liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, bíodh go bhfuil breis is leathchéad bliain imithe isteach trí shúil dhroichead an ama, san idirlinn. Bím ag rá liom fhéin, go gcaithfidh mé athchuairt a thabhairt ar an mbaile álainn sin, bliain de na blianta seo, ach go dtí seo, níor chuir mé le mo mhian. An bhliain seo, b’fhéidir!
Ar ais arís san Ollscoil, bhí an t-am ag sleamhnú leis le luas lasrach, agus carn oibre ar mo phláta agamsa. Luigh mé isteach ar a raibh le déanamh, nó ní chuireadh staidéar aon ró-stró ormsa riamh, agus ba é deireadh an scéil é, nuair a tháinig deireadh na bliana, agus na scrúduithe, nár bhain siad stangadh ar bith asamsa, agus d’éirigh liom Onóracha a shaothrú óm Ollamh fial, flaithiúil, ó Pheat lách Larkin.
Bhí mé sásta go maith liom fhéin, nó taobh istigh d’achar réasúnta gearr, bhí mé tar éis saol na Cliarscoile a thréigint, agus luí isteach ar shaol an tuataigh a chleachtadh, fad is a bhí mé dom ullmhú fhéin le bheith im mhúinteoir. Bhí sin curtha i gcrích agam faoi Shamhradh na bliana 1951. Sea, agus nach raibh mé ag éirí cleachtach freisin ar an saol mór amuigh, an saol mallaithe sin, ar dhein mise mo dhícheall ar feadh naoi mbliana, nó mar sin, éaló go brách uaidh! Sea, mh’anam! ní mar a shíltear a bhítear, go minic, ach mar a chinntítear! Bhí mo cháilíocht mar mheánmhúinteoir bainte amach agam, agus ní raibh le déanamh ansin, ach post oiriúnach a fháil dom fhéin, le dul i gcionn an tsaoil mhoir.
Sea, agus bíodh nár éirigh liom cur le mo mhian agus mo shaol a chaitheamh mar mhisinéir chun na hAifrice, ag an am gcéanna, bhí mé réidh, ullamh, anois, le hiomaire eile a rómhar dom fhéin. Agus cé aige a bhfuil a fhios nárbh é sin dán a bhí leagtha amach ag Dia fhéin dhom, ó thús?
Ar aon chuma, déarfainn go mbeadh sé deacair, áit níos feiliúnaí a fháil, le líne a tharraingt sa ghaineamh, agus a rá, go raibh críoch curtha agam le ré amháin dem shaol, agus go raibh mé ullamh agus cáilithe le tabhairt faoi ré nua, agus aghaidh á thabhairt agam ar an ród a shín romham amach, isteach i ríocht na bhféidireachtaí.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Caibidil 38
Deus Providebit
.
Ar deireadh thiar, bhí mé ar ais arís i mbaile na Druime, in Iorras Domhnann, Contae Mhaigh Eo, tar éis dom bliain mhór, fhada, a chaitheamh amuigh ansin sa tsaol mór, sea, agus bhí Cáilíocht Múinteoireachta, ó Roinn an Oideachais, in Ollscoil na Gaillimhe, i gcúl mo ghlaice anois agam, agus mé lán-ullamh le dul i mbun an tsaoil, le greim mo bhéil a shaothrú dom fhéin, feasta. Ní haon ionadh, go raibh faitíos orm dul i ngleic leis an saol mór céanna sin, nó nár cuireadh fainic na bhfainic orainne, sa Chliarscoil, faoin saol diabhalta, mioscaiseach, mealltach, damnaitheach, céanna sin, ach, i ndáiríre, ní raibh an dara suí sa bhuaile agamsa. Ní raibh mórán fáltais, nó saibhreas, nó tada dá leithéid, taobh thiar de Bhairéadaigh na Druime, agus dá bhrí sin, bheadh ormsa déanamh as dom fhéin, agus pingneacha a shaothrú, le teacht i dtír, i ndomhan nach raibh aon chleachtadh ró-mhór agamsa air. Ach, mar ba ghnách, thug an tOllamh, Peat Larkin, comhairle barainneach mo leasa dom, ar an ócáid. “Deus providebit” ar seisean. Bíodh muinín agat as Dia, agus ní bheidh cailleadh ar bith ort! Ghlac mé lena chomhairle, agus ní raibh a chathú sin orm riamh ó shoin. Ach ba scéal eile ar fad é an Samhradh fada, fánach sin, sa bhliain 1951.
Thosaigh mé orm ag léamh na bhfógraí sna páipéir nuachta, chuile lá. Agus caithfear a rá, go mbíodh roinnt mhaith folúntais do mheánmhúinteoirí á bhfógairt, an tráth úd, ach níor phostanna domsa a bhí á bhfógairt, nó ní oiriúnfadh a mbunús mór domsa, dubh, bán, nó riabhach. Chuir mé roinnt mhaith iarratais isteach chuig scoileanna áirithe, ach b’in a bhí agam dá bharr, nó tá mé ag fanacht le freagra ó na scoileanna céanna sin, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus tá mé ag ceapadh, go dtiocfadh lá Philib a’ Chleite fhéin, sul a bhfaighinn freagra ó na scoileanna céanna sin! D’fhógair scoil áirithe i gContae Mhaigh Eo folúntas do mhúinteoir Gaeilge, agus tuigeadh dom, go mbeinn sásta tabhairt faoina leithéid de phost, go háirithe ó tharla, go raibh an folúntas céanna sin chomh cóngarach dom bhaile dhúchais. Fuair mé freagra uathusan. Glaodh chun agallaimh mé. Cuireadh agallamh orm, agus tugadh le fios dom, go raibh an post faighte agam, agus go ndéanfaí é sin a dheimhniú, i litir tríd an bpost, i gcionn cupla lá. Ach mo mhairg, ba é an seanscéal céanna arís é. Níor chuala mé tada uathusan fós!
Chláraigh mé le Comhlacht speisialta, a raibh sé d’aidhm acu, postanna a fháil dóibh siúd a chláródh leo. Rinne siad a ndícheall, ach arís ba é an scéal céanna é, agus ní raibh ar a gcumas post a chur ar fáil domsa. Anois, ba chóir a lua anseo, nár saor in aisce a dhéanaidís siúd beart dá leithéid, nó bhí de nós oibre acu, 5% den tuarastal bliantúil, a bhaint díot, dá n-éireodh leo, post a fháil duit! Ar aon nós, rinne mé mé fhéin a dhí-chlárú, chomh luath is a tuigeadh dom, nach n-éireodh leo faic oiriúnach a fháil dom, agus thug mé fhéin faoi ngnó sin arís. Dúirt duine eicínt liom, sílim gurbh é mo sheanmháistir, An Máistir Ó Cróinín, é, agus dúirt seisean liom, gur chóir dom CV a sheoladh chuig Coláiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, nó bheadh seans ann, go mbeadh folúntas acusan. Rinne mé rud air, ach ag an am gcéanna, lean mé orm ag cur isteach ar phostanna, faoi mar a dheintí iad a fhógairt sna páipéir. Chonaic mé go rabhthas ag lorg múinteoirí thall i Sasain, agus chuir mé isteach ar chupla post thall. Bhuel! Ní chreidfeá é, ach d’éirigh liom an dá phost sin a fháil. Anois, bíodh go raibh mé trom tuirseach de bheith ag cur isteach ar phostanna, ag an am gcéanna, bhí orm anois a shocrú ar phost a dhiúltú! Ar deireadh thiar, shocraigh mé ar phost acusan a ghlacadh. Scríobh mé litir, ag glacadh leis an bpost sin, ach ó tharla go raibh sé déanach go maith sa tráthnóna, ag an am, níor chuir mé an litir sin sa phost, an lá sin.
An mhaidin dár gcionn, sula raibh deis agam mo litir a chur tríd an bpost, fuair mé litir ó Bhéal an Átha, ag rá, go mbeadh folúntas acusan do mhúinteoir Fraincíse, don bhliain reatha sin, agus lena chois sin, dúradh sa litir, gur mhaith le hUachtarán an Choláiste sin bualadh liom, an lá dár gcionn. Choinnigh mé an litir, go bhfeicfinn céard a bheadh le rá ag an “Doc. Loftus”, faoi mar a thugtaí, coitianta, ar Uachtarán Choláiste Mhuireadhaigh, ag an am, nuair a bhuailfeadh sé liom, an lá dár gcionn.
Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó. Tháinig an “Doc” agus casadh ar a chéile sinn. Chuaigh an “Doc” céanna sin i gcionn go mór orm, nó b’fhear grinn, géarchúiseach, léannta, ildánach é, an Doc céanna sin. Ní call dom a rá, go mba shagart é an Dochtúir Ó Lachtnáin, a bhain Céim Dochtúireachta sa Dhiagacht amach dó fhéin, amuigh sa Róimh, mar ar cuireadh léann an tsagairt air, roinnt blianta roimhe sin. Caithfidh go raibh seisean sásta liomsa freisin, nó ba é deireadh an scéil sin é, gur thairg sé post mar mhúinteoir Gaeilge dom i gColáiste Mhuireadhaigh, láithreach bonn.
Ní gá dom a rá leat anois, go mbfhearr liomsa go mór fada, post a ghlacadh i dtír seo na hÉireann, ná mo dhúthracht a chaitheamh i mbun mo cheirde, thall i gCríocha Gall. Níor thóg sé i bhfad ormsa mo fhreagra a thabhairt don Doc! Chraitheamar lámh air. Bhí an margadh déanta. Shocraíomar cúrsaí pá ar ball, agus geallaimse dhuit é, a chara na gcarad, nár ró-dheacair an gnó é, an socrú céanna sin a dhéanamh. Ba é an margadh a rinneamar nó go ndéanfadh an Coláiste seomra a chur ar fáil dom, istigh sa Choláiste fhéin, agus go mbeadh mo bhéilí uilig le fáil agam ansin, ag bord na sagart istigh, agus chomh maith le sin, thabharfaí £160 sa bhliain, mar thuarastal bliantúil dom. Daichead punt um Shamhain, daichead eile um Nollaig, an tríú daichead um Cháisc, agus an fuíollach, faoi dheireadh na scoilbhliana. Ní call dom a rá, nach mbíodh faic na ngrásta le fáil againn ón Stát, don chéad bhliain sin, nó ba bhliain phrofa í, chomh fada is a bhain sé leosan é.
Chuir mé litir chuig an dá Scoil úd i Sasana, ag gabháil buíochais leo as na postanna a thairiscint dom, ach, tharla go raibh mé tar éis glacadh le post múinteoireachta anseo in Éirinn, agus nach mbeadh ar mo chumas freastal orthusan faoi Mheán Fómhair na bliana sin. Bhuel, tuigeadh dom go raibh sin ar a laghad tuillte acu.
Ní raibh fágtha agam ach coicíos roimh thús na scoilbhliana nua, agus bhain mé leas as an am sin, le roinnt ullmhúcháin a dhéanamh don ghnó a bheadh le déanamh agam feasta, nó tuigeadh dom, dá n-éireodh liom an chéad bhliain sin a chur isteach, go sásúil, go leanfainn liom i mbun na Gaeilge feasta, nó bhí mo chroí sáite sa teanga chéanna sin, ó laethe m’óige anall, agus seo anois an deis agam, mo chion fhéin a dhéanamh, ar son na cúise, mar adeireadh daoine an t-am sin.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Caibidil 39
Post, i ndeireadh na dála
.
Ar deireadh thiar thall, bhí post múinteoireachta faighte agam, agus sin chomh cóngarach don bhaile is a d’fhéadfadh sé a bheith, nó ní raibh Béal an Átha chomh fada sin ar fad ó Iorras na nIontas. Bhí sé sa chontae céanna, agus bheinn ag freastal ar óige mo mhuintire fhéin, sea, agus bheadh £160 punt in aghaidh na bliana mar thuarastal agam!! Ag breathnú siar air anois, feictear dhom nach raibh ann ach dúshaothrú lom á imirt orainn ag an Stát, nó fuair siad obair bliana, saor in aisce uainn, agus fiú an Eaglais fhéin, ní raibh aon ghaisce á dhéanamh acusan dúinn, ach oiread. Ach b’in mar a bhí chúrsaí, an tráth úd, agus gan an dara rogha againne ach glacadh leis, nó diúltú dó, agus b’ionann sin dúinne agus rogha an dá dhíogha a thairscint dúinn, ach amháin gur mheasa rogha amháin acu sin ná an rogha eile, bíodh nach raibh rogha ar bith acu thar mholadh beirte!
Ar aon chuma, rinne mé mé fhéin a ullmhú don phost sin, chomh maith is a d’fhéadfainn, agus nuair a tháinig an lá spriocáilte, thaistil mé ar an mbus, ó bhaile na Druime go Béal an Átha.
Agus nach raibh gluaisteán ar bith agat an tráth úd?
Bí ag caint ar ghluaisteán! ní raibh fiú rothar nó asal fhéin agam le cur faoi mo thóin Gaelach ag an am, le mé a iompar an dá scór míle sin. Ach, ní haon mhaith bheith ag caoineadh is an anachain déanta. Ghlac mé le mo dhán, agus luigh mé isteach ar an obair a bhí le déanamh agam, le flosc is le fuadar. Ghlac mé seilbh ar mo sheomra, thuas staighre, i gColáiste Mhuireadhaigh, istigh ansin i measc na sagart, agus shocraigh mé mo chip is mo mheanaithe, istigh sa seomra sin. Níor sheomra ró-mhór é, ach oiread, ach ag an am gcéanna, bhí sé mór a dhóthain domsa. Bhí ann, leaba, leabhragán, cófra éadaigh, tinteán, agus báisín níocháin. Agus bíodh go raibh mé cuachta istigh ansin imeasc na sagart im sheoimrín beag, níor chuir sin isteach puinn ormsa, nó chomh fada is a bhain sé liomsa, ba phálás ríoga é, a thug neamhspleáchas agus scoiteacht ón saol mór amuigh dom, agus cuimhnigh freisin, go raibh bunús mo shaoil, mar dhuine fásta, caite agamsa i measc sagart, agus ar an ábhar sin, ba nádúrtha an leagan amach é.
I dtús Mheán Fómhair na bliana sin, 1951, mar sin, chuaigh mé fhéin i mbun mo cheirde mar mheánmhúinteoir. An tráth úd, ní raibh an oiread sin scoláirí ar fad i gColáiste Mhuireadhaigh. Déarfainn nach raibh sa scoil ar fad, an tráth úd, ach thart ar chéad dalta is caoga, sa chaoi go raibh chuile dhuine acusan agamsa mar scoláire im ranganna. Nach mór idir inné agus inniu, nó déarfainn go bhfuil breis is a cheithre oiread sin de dhaltaí acu sa scoil chéanna, sa lá atá inniu ann. Ní raibh ach beirt tuatach ar fhoireann na scoile an tráth úd, nó ba shagairt ar fad an chuid eile díobh. Caithfidh mé a admháil anseo, go raibh mé thar a bheith sásta lem’ chuidse dem’ mhargadh, sa phost céanna sin, agus bheadh sé deacair Ardmháistir níos carthannaí, níos Críostaí, nó níos tuisceanaí, a fháil, ó cheann ceann na tíre, ná an Doc Loftus. Ba dhuine uasal den scoth é, agus fear ar cuireadh léann an tsagairt air sa Róimh fhéin, agus ná tógtar orm é, má deirim go raibh a chuma sin air! Chuir mé aithne ar mo chomhúinteoirí gan mórán achair, nó ní raibh an oiread sin díobh sin ann, ag an am sin. Déarfainn nach raibh thar dheichniúr dínn ar fad, i mbun oibre sa Choláiste sin, ag an am. Is glas a fhanann a gcuimhne siúd i gcistin m’aigne, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Ba bhreá ar fad na comhleacaithe iad, agus gan ina measc ach daoine a raghadh píosa maith den bhóthar leat, le cabhair agus cúnamh a chur ar fáil dhuit. B’in iad na daoine a mhúnlaigh mé mar mhúinteoir, agus má d’éirigh liom aon ghaisce a dhéanamh le linn mo thréimhse i mbun na ceirde sin, bheadh a bhuíochas sin ag dul dóibhsean, cuid mhaith. Ba ghearr freisin, gur chuir mé aithne ar na daltaí a bhí ag freastal ar an gColáiste, an tráth úd, agus arís, ba dhuine faoi leith é chuile dhuine acu sin, agus cosúil leis na múinteoirí a mhúin an oiread sin domsa, caithfear a rá freisin, gur éirigh leis na daltaí sin a rian fhéin a fhágáil orm.
Is cuimhin liom go maith, go mbíodh an tslat a húsáid coitianta ag an am, agus i dtosach báire, tuigeadh dom fhéin gur cheart dom a bheith i lár an aonaigh, leis an gcineál sin smachta, chomh maith le duine. Tharla lá amháin, áfach, gur thug mé leadóg do ghasúr acu, agus tharraing sí fuil, nó b’in mar a tuigeadh domsa, ar aon nós. Ba leor sin dom. Bhí mo cheacht foghlamta agam, agus uaidh sin amach, b’éigean dom modhanna eile múinte a tharraingt orm fhéin, le dul i gcionn ar mo chuid scoláirí.
Is maith í an óige, mar adúirt an bhean fadó, agus í tar éis léim thar sruthán a ghearradh! Ba é an scéal céanna agamsa é, nó níl dabht ar domhan ann, ach go raibh ormsa bheith ag sclábhaíocht liom, ar mo mhíle dhícheall, le mo chuid oibre i gColáiste Mhuireadhaigh a dhéanamh. Bhí ullmhúcháin le déanamh chuile thráthnóna, agus bhí cleachtaí ina múrtha le ceartú, agus chomh maith le sin uilig, bhí an mhúinteoireacht fhéin le déanamh. Níor bheag sin mar ualach ar dhroim ar bith, agus cá bhfaighfeá dream chomh díograiseach le mic léinn le cruacheisteanna a chur ar mhúinteoir, go háirithe má cheapann siad, go bhfuil seans ar domhan ann, go bhféadfaí an múinteoir céanna sin a chur i sáinn le paltóg de cheist a bhualadh air, díreach idir an dá shúil? Cuir le sin uilig, nach raibh ionamsa ach printíseach, agus nár mhaith liom ceist a chur ar mo chomhleacaithe, ar eagla go léireoinn dóibhsean nach raibh mé in ann don ghnó a bhí idir lámha agam! Thuig cuid áirithe de na comhleacaithe céanna an tsáinn ina raibh mé, agus tháinig siadsan chugamsa lena gcúnamh a chur ar fáil dom. Ar aon nós, taobh istigh de théarma amháin, bhí an chuid ba mhó dhe chleasa mo cheirde foglamhtha agam, agus mé ag treabhadh liom i dtreo na foirfeachta.
Bhí rud eile i gceist sa scéal seo freisin, agus b’in nach raibh an oireadh sin difríochta idir aois na ndaltaí ba shine a bhí faoi mo chúram, agus m’aois fhéin, agus dá bharr sin, bhí ar mo chumas, sílim, dul i gcionn orthu, i bhfad níos éasca, nó fuineadh agus fáisceadh sinn araon, as an saol agus as an bpobal céanna, bíodh gur chaith mé fhéin roinnt mhaith blianta scoite amach ó shaol na cosmhuintire, ag an am gcéanna, bhí mé i dteangmháil leis an saol sin, trí litreacha, trí chomhrá, agus trí laethe saoire. Bhí meas agam ar na daltaí sin, agus go bhfios domsa, bhí meas acusan ormsa freisin, sea, agus maireann an meas sin anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Agus nach mbínn amuigh ar Pháirc an Bháire ag imirt peile leo, go mion minic, agus sa tslí sin, chuireamar aithne ar a chéile, ar go leor bealaí! Fonn díoltais ar an gcorrdhuine acusan, agus fonn cosanta corruair ormsa, nó bhíodh súil in airde agam i gcónaí le hionsaí dá leithéid a chosaint.
Ní gá a rá go mbínn corrtha, tnáite, suncaithe, sáraithe, ag deireadh gach seachtaine, agus bíodh a fhios agat, go mbíodh sé lá oibre againn, an tráth úd, i ngach uile sheachtain sa bhliain scoile!
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Caibidil 40
.
I mBun an tSaoil
Bhí deireadh go deo leis na seanlaethe, nó bhí saol nua tosaithe agam anois. Ní raibh gá ar bith feasta bheith dom ullmhú fhéin don saol a bheadh romham ar na Misin san Aifric, nó bhí a mhalairt de ród roghnaithe agam le taisteal anois. Faoi mar a chuir an File é, fadó,
“Múineadh scoile ab obair dom laethe,
Is tá’s ag an saol gurbh fholamh an cheird í.”
Sea, mh’anam, agus bhaineadh sí sclaimh mhaith as m’oícheanta freisin, nó bhíodh an t-uafás obair cheartúcháin agus ullmhúcháin le déanamh agam, an tráth sin, ach sin ráite, bhíodh taitneamh le baint as an sclábhaíocht sin uilig freisin, nó, i ndáiríre, is deacair slí bheatha níos taitneamhaí ná an mhúinteoireacht a fháil, nó nuair a éiríonn le do dhaltaí, éiríonn leatsa freisin, tríothusan.
Scoil chónaithe ba ea Coláiste Mhuireadhaigh, agus ba scoláirí cónaithe bunús na ndaltaí a bhíodh againn sa Choláiste céanna sin, an tráth úd. Ní bhíodh saoire dheireadh seachtaine acu, nó aon tsaoire lár-téarma, ach oiread. Théadh na daltaí isteach ansin i dtús Mheán Fómhair, agus ní raghaidís abhaile arís go dtí an Nollaig. Nár chrua an cás é ag dalta chéad bliana, agus gan é ach thart ar dhá bhliain déag d’aois, ag an am? Níl dabht ar domhan, ach go mba chrua an saol é ag gasúr ar bith, agus níl dabht ar domhan, ach oiread, ach gur luigh an dán sin go trom ar bhunús na scoláirí cónaithe a bhíodh ag freastal ar na Coláistí Cónaithe, ag an am sin, ach caithfear a chur san áireamh, agus an scéal seo idir chamáin ag duine, go raibh an saol mór fhéin, a bhí thart orainn, dian go maith ar óg agus ar aosta, an t-am sin. Bíodh sin fíor bréagach, ba bheag an sólás é sin don ghasúr óg, agus é cumhach, deorach, i ndiaidh a mhuintire. Caithfidh mé a admháil, go mbíodh trua agam do na gasúir chéanna sin, ach, ag an am gcéanna, le himeacht aimsire, d’imíodh an cumha deorach céanna sin, agus shnadhmadh na gasúir sin caradas lena gcomhaoisigh, agus dár ndóigh, bhíodh deis ag na tuismitheoirí teacht ar chuairt chucu, anois agus arís, lena gcroí a thógáil, agus le hualach asail de dheasa deasa a iompar isteach chucu! Sea, bhíodh cluichí agus caitheamh aimsire acu, bhíodh ceachtanna agus staidéar, bhíodh béilí agus am saor acu, le toit agus taitneamh a bhaint as an saol, agus nuair a chuirfeá na tionchair sin uilig le chéile, is iontach mar a d’éiríodh leo carachtar agus pearsantacht na ndaltaí a fhorbairt agus a sciomradh, a shnasadh agus a dhealbhú, sa tslí, tar éis dóibh a dtéarma a chur isteach ag freastal ar an gColáiste, go mbeifeá bródúil as chuile mhac an pheata acu, geall leis.
Labhair mé faoi na cluichí, agus gan dabht ar domhan, ba chuid tábhachtach de shaol an scoláire iad na cluichí céanna sin, agus lena scileanna sna cluichí sin a chruthú, bhíodh cluichí comórtais acu le Coláistí eile. Uaireanta thagadh siadsan chugainne, lena bhfoireann agus lena lucht leanúna, idir mhúinteoirí agus daltaí, agus geallaimse dhuit é go mbíodh spórt agus spraoi againn ag na cluichí céanna sin, ach má bhí fhéin, níor dhada é sin i gcomórtas leis an bhféasta a bhíodh againn i ndiaidh an chluiche chéanna sin. Bhíodh nua gach bidh agus sean gacha dí ar bord againn, gan gorta gan dochma, sea, agus múchadh ár dtart go fial is go flaithiúil dúinn, freisin. Ba é an nós a bhí ag Coláiste Mhuireadhaigh, ag an am sin, nó gan aon pháirt a ghlacadh sna Comórtaisí Oifigiúla, nó dár leo, mharódh comórtas dá leithéid spiorad an spóirt i gcroí na ndaltaí, agus tuigeadh d’Údaráis an Choláiste, go mba olc an margadh é sin ag aonach ar bith. Agus mar fhonóta, b’fhéidir go bhféadfadh duine a rá go raibh tionchar ag an dearcadh céanna sin ar dhearcadh Mhaigh Eo ar Chomórtaisí Peile, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Tuigeadh dóibhsean, gurbh é an ghné is tábhachtaí den imirt, nó taitneamh a bhaint as, agus má bhuann tú, bhuel sin rud sa bhreis, ach is é an chuid is tábhachtaí nó srian a ligint le do scileanna imeartha, agus led’ shamhlaíocht, i spiorad an chluiche fhéin. Agus cé déarfadh nach raibh cuid mhaith den cheart acu?
Ag deireadh mo chéad bhliana sa Choláiste, chuir mé isteach ar Fheitheoireacht a dhéanamh ar na Scrúduithe Teistiméireachta. Fuair mé an post sin, agus cuireadh i mbun oibre mé i Scoileanna Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. Anois, bíodh go ndeachaigh mé trí Bhaile Átha Cliath cupla babhta roimhe sin, b’in an chéad uair agam cur fúm tamall sa chathair sin. Fuair mé loistin i ngar don Scoil, agus bhí mé ar an bhfód go breá luath, chuile mhaidin, le dul i mbun mo dhualgais mar Fheitheoir. Ba ghearr gur thug mé faoi deara an difríocht ollmhór a bhí idir an Scoil seo, agus an cineál meánscoile, a raibh cleachtadh agamsa uirthi. Tuigeadh dom, nár ró-spéis le húdaráis na Scoile mé, dubh, bán, nó riabhach, agus níor mhothaigh mé go raibh aon ró-dhifir idir na húdaráis sin, agus na daltaí a bhí faoina gcúram acu. Tuigeadh dom freisin, go raibh an rogha ceart déanta agam, nuair nár thóg mé post múinteoireachta sa chathair, go dtí go mbeadh tuilleadh taithí agam ar cheird na múinteoireachta!
Mór idir inné agus inniu! Tharla oíche amháin, tráth raibh mé ag feitheoireacht i Scoileanna Uí Chonaill, san Ardchathair, go ndeachaigh mé amach, i gcomhluadar duine eicínt, go himeall thuaidh na cathrach. Ar bhus isea chuaigh mé, ach bhí ceataí sa scéal, nó nuair a thosaigh mé ar mo thuras arais go lár na cathrach, thug mé faoi deara, go raibh na busanna deireannacha bailithe leo! Bhuel, ní raibh an dara rogha agam, nó ó tharla nár smaoinigh mé fiú ar thacsaí, bhí orm dul abhaile de shiúl na gcos. D’éirigh go breá liom, ar feadh scathaimh, ach ar deireadh thiar, chuaigh mé amú!
Bhí mé caillte istigh i ngréasán casta, achrannach, na sráideanna, i ngréasán a bhí thart orm anois, faoi mar a bheadh téadracha iomadúla dhabháin alla. Ar ball beag, chonaic mé scata fear ina seasamh, ag comhrá, ar thaobh sráide. Déarfainn go raibh thart ar sheachtar acu ann. Rinne mé orthu, gan faitíos, nó eagla orm, agus mhínigh mé mo chás dóibh. D’éist siad liom, agus nuair a bhí mé críochnaithe, rinneadar chuile iarracht mé a chur ar an eolas, agus chuile shórt a mhíniú dom, sa chaoi go raibh ar mo chumas a dtreoracha a leanúint, agus Cúinne na gCúig Lampaí a bhaint amach, gan dua. Níor stró ar bith orm an teach lóistín a bhaint amach ansin. Ach, nuair a smaoiním anois ar an oíche sin, agus nuair a dhéanaim cúrsaí an tráth úd a chur i gcomórtas le saol an lae inniu, is ansin a fheictear dom, gur mór go deo idir inné agus inniu. Dá ndéanfainn inniu, faoi mar a dhein mé an t-am sin, an gceapfá go dtiocfainn abhaile slán? Ní dóigh liom go ndéanfainn.
Sea, agus rud eile a thug mé faoi deara, nó an oireadh sin daoine a théadh ar Aifreann, chuile mhaidin, sa Ardchathair, an tráth úd. Ba bheag nach mbíodh na séipéil ag cur thar maoil, ag Aifrinntí na maidine. Caithfidh mé a rá leat, gur thaitin na Bleácliathaigh go mór liom, an tráth úd, nó dár liomsa, ba dhream soineanta, lách, cabhraitheach, iad, agus dream a bhí foighdeach, agus iad ag iarraidh méar an eolais a dhéanamh do lucht na tuaithe, tráth gcaillfidís a slí sa Chathair, agus b’in rud a tharlaíodh, minic go leor, an tráth úd. Sea, mh’anam, mór idir inné agus inniu.
Ba chóir dom a lua freisin, go ndeachaigh mé go mullach Bhinn Éadair i rith na tréimhse sin freisin. Ar an dTram, is ea chuaigh mé go dtí an Bhinn, agus caithfidh mé a rá leat, gur bhain mé taitneamh agus tairbhe as an lá breá, gréine, a chaith mé amuigh ansin, nó chaith mé seal freisin ag bádóireacht, thíos ag an gCé. Ba lá dem’ shaol é, gan aon agó.
Agus murab ionann agus an gnáth BhleáCliathach, d’éirigh liom barr Cholún Nelson a bhaint amach freisin. Lá breá, brothallach, greine, a bhí ann agus bíodh go raibh sé tuirsiúil go maith na céimeanna iomadúla sin a dhreapadh, ag an am gcéanna, b’fhiú an tairbhe an trioblóid, nó nuair a shroich mé an barr, bhuel, ba bheag nár bhain an radharc an anáil díom, nó leata os mo chomhair amach ansin, bhí Cathair ollmhór Átha Cliath, agus bhí radharc le fáil agam freisin, ar na cuanta sa timpeall, maraon le habhainn na Life, agus í ag sníomh a bealaigh trí nead siongán na cathrach, ar a bealach chun na farraige síos. Sea, fanann cuimhne an lae sin liom, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Sin iad na cuimhní a ritheann liom anois, agus mé ag smaoineamh siar ar na blianta úd, a chaith mé mar mhúinteoir i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal álainn an Átha, i gCaogaidí na haoise seo caite.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Caibidil 41
Saol Múinteora
Ba chóir dom caibidil a scríobh anseo faoin gcineál saoil a bhí agam, agus mé im’ mhúinteoir Gaeilge, i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, i gcaogaidí na haoise seo caite. Nuair a thosaigh mé ag múineadh sa Choláiste sin, a chéaduair, bhínn chomh gafa sin leis an obair, gur bheag am saor a bhíodh agam i ndeireadh an lae thiar, ach mé sáite go dtí na cluasa im chuid oibre, ó mhaidin go hoíche. Rinne mé iarrachtaí áirithe le dul i gcionn ar na daltaí a bhí faoi mo chúram agam, ag an am.
Rinne mé iarracht ar Irisleabhar, de chineál eicínt, a chur ar bun inár measc, agus d’fhág sin go raibh ormsa altanna, dánta, agus píosaí scríbhneoireachta, a mhealladh ó dhaltaí, a raibh an iomarca le déanamh acu, cheana féin. Tar éis roinnt mhaith útamála, d’éirigh linn eagrán amháin den Iris chéanna sin a chur i gcló, agus a chur ar díol i measc lucht na scoile, agus fiú amuigh i gcupla siopa sa mbaile mór! Ba mhór an saothar é, i ndáiríre, ach bhí an oiread sin sclábhaíochta ag baint leis an iarracht sin, agus gan chúnamh le fáil ó cheárd ar bith, nár tháinig an dara heagrán ar an saol riamh ina dhiaidh sin. “An Síol”, a bhaist mé ar an Iris chéanna sin, agus creid é, nó ná creid é, tháinig mé ar chóip de, cupla bliain ó shoin, agus déarfainn nárbh aon chailliúint ró-mhór é don Saol Gaelach an Iris chéanna sin a ligint i léig! Ag breathnú siar anois ar na cúrsaí sin, déarfainn gur ar an bPiarsach a bhí mé ag smaoineamh agus an tionscadal céanna sin idir chamáin agam, nó b’in an cineál ruda a dhéanadh seisean, ach níorbh aon Piarsach mise, geallaimse dhuit é.
Rinne mé iarracht freisin dráma a chur ar an ardán, agus phioc mé amach m’fhoireann aisteoirí don ndráma céanna sin, agus chaitheamar cupla ráithe ina bhun, ach faitíos orm, nár léiríodh riamh é, toisc, is dócha, nach raibh na scileanna riachtanacha agam fhéin, ag an am, agus ní raibh éinne eile ansin, a bhí sásta dul i bpáirt liom, sa bhfiontar sin. Arís, is dócha gurbh é an Piarsach ba chúis dom tabhairt faoin ród áirithe sin!
Thugamar faoi thionscadal eile, chomh maith, agus is féidir liom a mhaíomh, gurbh fhearr go mór a d’éirigh linn sa chás sin. Cúrsaí diospóireachta atá i gceist agam anseo. Is dócha go raibh cleachtadh eicínt agam fhéin ar chúrsaí diospóireachta, nó bhíodh roinnt mhaith den chineál sin oibre ar siúl againn sna Cliarscoileanna, ar dhein mé freastal orthu, agus bíodh gur i nGaeilge a ritheadh roinnt áirithe díobh, is é mo thuairim, nár den díogha iad, ach oiread. B’fhéidir nach raibh cuid acu thar mholadh beirte, ach ag an am gcéanna, thug siad deis do na daltaí, iarracht a dhéanamh seasamh suas, agus a smaointe a chur abhaile ar lucht éisteachta, agus ní beag nó suarach an bua é sin, i gcás dalta a bhí cúthalach, nó neirbhíseach, ó nádúir.
Bhí Club Drámaíochta den scoth i mbun oibre i mBéal an Átha, an t-am sin, agus ó tharla go raibh Gerry Molloy, deartháir an Drámadóra cháiliúil, M.J. Molloy, ina mhúinteoir i gColáiste Mhuireadhaigh, ag an am, níor ró-fhada go raibh mé meallta leis aige, le páirteanna a ghlacadh sna drámaí a bhíodh á léiriú aigeasan. Níor cheap mé fhéin go raibh aon ghaisce ionnam mar aisteoir, ach dhealródh sé, go raibh Gerry sásta lem iarrachtaí ar an ardán, agus thugadh sé páirt dom go rialta, sna drámaí a roghnaíodh sé le cur i láthair an phobail, drámaí ar nós, The Paddy Pedlar, The King of Fridays Men, The Playboy of the Western World, agus The Wood of the Whispering. Drámaí a scríobh a dheartháir ba ea cuid acu. Bhí páirt agam sa Pedlar agus sa Playboy freisin, agus d’éirigh thar barr lenár Playboy, sa chaoi gur sciob sé an chraobh leis i gComórtaisí Drámaíochta, sa timpeallacht, agus sciob sé an chraobh leis freisin, sa Chomórtas Náisiúnta Drámaíochta, i mBaile Átha Luain. Agus nach raibh socruithe á ndéanamh leis an Playboy céanna sin a chur ar an ardán i Londain Shasana, agus nach rabhthas ag caint faoina thógáil chun na Stát Aontaithe, go fiú nár luadh Caesar’s Palace mar sprioc linn freisin. Caithfidh mé a admháil go raibh cuid againn ag smaoineamh ar bheith inár réalta scannán thall i Hollywood, ach ba é críoch na mbeart é nach ndeachamar áit ar bith thar lear leis an ndráma céanna sin, agus nach ’in an saol agat, a mhac! Ar aon nós, b’éigean dom bheith sásta lem’ phost mar mhúinteoir i mBéal an Átha, agus a bheith buíoch beannachtach go raibh post dá leithéid agam, mar, nárbh iomaí duine dem chomhaois, a bhí díreach chomh cáilithe liom fhéin, agus a raibh air an bád bán a thabhairt air fhéin, sin nó fanacht anseo in Éirinn iathghlas, oileánach, agus é ag brath ar pé cúnamh a thoileodh an Stát s’againne a thál air. B’in an cineál saoil a bhí i dtreis in Éirinn, ag an am. Ní raibh trácht fiú, ar Thíogar Ceilteach, ag an am, nó is dócha go bhfaigheadh a leithéid de bheithíoch bás den ghorta dearg abhus againne an tráth úd.
Mar a mhínigh mé cheana, ní raibh carr nó tada dá leithéid agam, an t-am sin, nó súil agam fiú, lena leithéid, mar sin, ba de shiúl na gcos a raghainn ó áit go háit, agus dá dteastódh uaim dul ar aistear ar bith, taobh amuigh de raon na gcos, bhuel, bheadh orm dul ar an mbus, nó ar an dtraein. Sea, mór idir inné agus inniu, gan aon agó!
D’éirigh go réasúnta maith liom i mbun mo cheirde, agus bhínn sáite in aon chineál oibre a bhain le gluaiseacht na teanga. Bhí mé im bhall de Chonradh na Gaeilge, agus bhí ag éirí go maith liom san eagraíocht sin, freisin. D’éirigh leis an gCraobh s’againne rún a chur ar chlár na hArdfheise, a tionóladh i gCill Áirne, sna caogaidí. Ba é a bhí i gceist sa rún céanna sin, nó go ndéanfaí chuile iarracht, an Ghaeilge a dhaingniú, agus a chur á labhairt arís, trí dhúichí áirithe a phiocadh amach leis an bpolasaí sin a chur i bhfeidhm iontu i dtosach, agus ansin, agus de réir a chéile, go ndéanfaí teorainneacha na ndúichí sin a leathnú amach, go dtí, sa deireadh, nach mbeadh sa tír ar fad ach críoch ina mbeadh an Ghaeilge faoi réim arís inti. Sea, agus ritheadh an rún sin freisin, ach ní dóigh liom, go raibh aon toradh ar an rún céanna sin, thar lucht na hArdfheise a chur ag caint faoi!
Tar éis cupla bliain áfach, thosaigh mé ag éirí amach, agus ag iarraidh páirt a ghlacadh i saol sóisialta an bhaile mhóir. Chuir mé aithne ar dhaoine, agus thosaigh mé ag dul chuig cluichí, chuig damhsaí agus chuig aon éirí amach a chuirtí ar siúl sa timpeallacht, ag an am. Agus ansin, tar éis dom cúig bliana, nó mar sin, a chaitheamh i mBéal an Átha, pósadh mé fhéin agus Pádraigín Nic Fhinn, in Ardeaglais Mhuireadhaigh i mBéal an Átha. Agus arís, nach mór idir inné agus inniu? nó bhíomar fós gan ghluaisteán, gan chóras iompair dár gcuid fhéin. Ach, b’in mar a bhí, an t-am sin.
Tharla ag an am sin, go raibh mé ag smaoineamh ar thabhairt faoin Ardchathair, agus tharla go raibh duine de na Bráithre le Muire ar m’aithne ag múineadh ina scoil i mBéal an Átha, ag an am, agus mhol seisean dom cur isteach ar phost ina scoil siúd, i nDroichead na Dothra, i mBaile Átha Cliath. Rinne mé rud air, agus ba é deireadh na mbeart é, nó go bhfuair mé post i gColáiste Mhuire Cois Abhann, ansin, agus arís b’éigean dom mo chip is mo mheanaithe a bhailiú chugam, agus mé fhéin, is mo bhean, agus mo mhac, Micheál, a bhailiú liom chun na cathrach, ach b’fhéidir gur chóir dom an chuid eile den scéal sin a fhágáil go dtí an chéad chaibidil eile, nuair a chuirfidh mé síos ar an bpost nua, agus ar an scoil nua, agus ar an gcor a chuir sin uilig im chinniúint.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Caibidil 42
Blianta an Ghanntanais ?
.
Is coscrach go deo an rud é aistriú ó theach amháin go teach eile, agus ó phost amháin go post eile, nó don mbeart sin, bíonn tréimhse fhada pleanála, agus tréimhse fhada ullmhúcháin i gceist, sul má chuireann tú fiú cos thar tairseach, agus i rith an ama sin uilig, bíonn scaoth dabhtanna do do chéasadh, agus do do chrá, agus iad ag iarraidh cur ina luí ort go raibh botún do-leigheasta á dhéanamh agat, agus nach n-éireodh leat sa phost nua, nó sa timpeallacht nua a bhí roghnaithe agat. Bhuel, chuamarna tríd an gcrá agus tríd an gcéasach sin uilig, agus ba é an lá ba mheasa ar fad nó an lá ar chasamar an eochair sa seanteach den uair dheiridh, agus go ndeachamar ar bord na traenach go Baile Átha Cliath, le ré nua dár saol a thosnú ansin.
Bhí an t-ádh orainn go raibh muintir mo chéile sásta díon a chur os ár gcionn, fhad is a bhíomarna ag iarraidh teach dár gcuid fhéin a roghnú agus a cheannacht. Ó! a Thiarcais! dá gceapfainn go mbeadh an obair seo go léir le déanamh againn san Ardchathair, chuile sheans go bhfanfainn mar a rabhamar thíos ansin cois na Muaidhe, i mBéal an Átha, ach bhí sé ró-dhéanach ansin, mar bhí an crann curtha, agus ní raibh le déanamh againn feasta, ach ceirín den díchuimhne a chuimilt leis an eachtra ar fad, agus an bóthar rómhainn a bhualadh, go dian, dásachtach.
Ní raibh aon tuairim againn roimh ré, cé chomh daor is a bhí tithe san Ardchathair, agus cé chomh deacair is a bhí sé teach a fháil in aon áit cóngarach don Scoil s’againne, i nDroichead na Dothra, nó tá’s ag madraí an bhaile fhéin, go gcosnaíonn teach sna bólaí sin pingin mhaith, ach tá faitíos orm go rabhamarna dall ar fad ar na cúrsaí sin, ag an am. Ar deireadh thiar thall áfach, nuair a bhí an chathair uilig siúlta againn ar thóir tí, d’éirigh linn ceann a fháil amuigh i gCluain Tairbh, ar imeall na farraige.
Bhí rud eile i gceist freisin i roghnú tí dúinn, agus sin go gcaithfeadh sé a bheith gar go maith do stad bus, nó ní raibh gluaisteán, nó tada dá leithéid, le cur faoi mo thóin agam fós. Cheannaíomar an teach sin, agus shocraíomar ár dtroscán ann, bíodh go raibh sin éasca go leor sin a dhéanamh, nó ba bheag den earra chéanna sin a bhí againn, ag an am, ach cibé scéal é, bhí ár n-áit fhéin againn anois, ár seoladh fhéin, agus uimhir ghutháin mar sméar mhullaigh ar an iomlán, agus tuigeadh dúinn go raibh muid ar mhuin na muice, agus saol an mhada bháin os ár gcomhair amach sna laethe a bhí rómhainn amach. Tuigeadh dúinn freisin, go raibh teach againn anois don chuid eile dár saoil. Ach sin scéal eile ar fad, agus dár ndóigh, ní mar a shíltear a bhítear, ach mar a chinntítear, ach fillfimid ar an scéal céanna sin arís, amach anseo.
Teacht tús Mheán Fómhair, bhí chuile shórt in ord is in eagar, agus bíodh go raibh amhras eicínt orainn fós faoin gcéim ollmhór a bhí tógtha againn fan oilithreacht na beatha, ag an am gcéanna bhíomar sásta glacadh leis an gcinneadh a bhí déanta againn, agus tabhairt faoin saol mór, nua, corraitheach, a bhí thart orainn. Nuair a osclaíodh Coláiste Mhuire Cois Abhann, mar a baisteadh ar Marian College, i nDroichead na Dothra, bhí orm aghaidh a thabhairt ar an Scoil sin go breá luath ar maidin.
Fuair mé an bus thíos ag bun Ascaill Bhearnon, ar bhruach na mara. Isteach liom ansin go dtí Stáisiún na Traenach ag Sráid Amiens, agus uaidh sin ar an traein to dtí Stáisiún Dhroichead na Dothra, agus bhí an Stáisiún sin i ngiorracht urchar méaróige don Choláiste. Ní raibh ach ceataí amháin sa scéal, agus b’in go mbeadh orm bheith amuigh le giolc an ghealbhain, chuile mhaidin, nó níor theastaigh uaim bheith déanach, mar cuireadh i dtuiscint dom go raibh Cluain Tarbh píosa fada ón gColáiste, agus gurbh fhearr le húdaráis na Scoile sin, dá n-éireodh liom teach a fháil níos cóngaraí don Choláiste, sea, agus bhí sin go maith, ach ní raibh an oireadh sin airgead agamsa le go bhféadfainn teach dá leithéid a cheannach, ach is dócha go raibh sé deacair sin a chur abhaile ar Ord Rialta, nach raibh aon tuiscint ró-chruinn acu ar chumas ceannaithe tí an té atá ar bheagán fháltais, agus geallaimse dhuit é, nach raibh siadsan ag baint na sál dá chéile, ag iarraidh teacht i gcabhair orm, bealach ar bith! Ach ní haon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain déanta. Bhí orm cur suas leis an gcrann a thit orm. Ní gá a rá, go raibh deacrachtaí taistil le sárú agam le freastal ceart a dhéanamh ar an bpost nua a bhí tógtha agam, san Ardchathair. Sea, agus ní raibh ansin ach a leath, nó bhí orm anois dul i dtaithí ar ghasúir na cathrach móire, gasúir nach raibh an dearcadh céanna acu ar an saol is a bhí agamsa, nó ag na daltaí a raibh cleachtadh agamsa orthu, ó chuaigh mé i gcionn cheird na múinteoireachta, a chéaduair. Ach, tríd is tríd, d’éirigh liom na deacrachtaí sin uilig a shárú, agus sílim gur éirigh liom sláimín den Ghaeilge a mhúineadh do dhuine anseo is ansiúd, agus chomh maith le sin, d’éirigh liom grá eicínt don Ghaelachas a thabhairt don chorrdhuine eile.
D’fhan mé i mbun mo dhualgais ansin i nDroichead na Dothra ar feadh seacht mbliana, nó mar sin, n’fheadar mé anois, ar bhlianta an ghanntain nó ar bhlianta na flúirse a bhí sna blianta céanna sin, ach ní dóigh liom gur chruinnigh mé aon stór le linn an ama chéanna sin, agus b’fhéidir gur leor sin mar fhreagra ar mo cheist!
Tar éis dom cupla bliain a chaitheamh ag taisteal chun oibre le Córas Iompair Éireann, agus mé tuirseach traochta ar shroichint m’ionad oibre dom, chuile mhaidin, shocraíomar go raibh an t-am tagtha le gluaistean, de chineál eicínt, a chur faoi mo thóin ghaelach, agus tar éis roinnt mhaith cuardaigh, d’éirigh linn seanghluaisteán Ford a cheannach, ó Oifigeach Airm, a raibh an tír uilig taistealta sa seanghluaisteán céanna sin aige, sa chaoi gur bheag croí nó misneach a bhí fanta sa seanchréatúr céanna sin, ach, arsa mise liom fhéin, faoi mar adúirt Sean Phádraic Ó Conaire tráth, déanfaidh sé cúis, iompróidh sé mé fhéin, is mo chóta mór, is chuile shórt a bhíonn le hiompar ag múinteoir ar a thuras chun na scoile.
D’éirigh leis an ngluaisteán, ar ball, cúis a dhéanamh domsa, ach ní hionann sin is a rá, gur éirigh leis saol sona, sásta, a chur ar fáil dom ar deireadh thiar, nó níor dhein, ach is amhlaidh a d’éirigh leis liosta cúramaí nua a thabhairt dom, in áit na seanchúramaí a bhí dom chrá, is dom chéasadh, roimhe sin. Ach nach ‘in an saol agat a mhac! Bíonn a ualach cúramaí le hiompar ag chuile dhuine beo, agus cuma cén iarracht a dhéanann sé fáil réidh leo, beag an baol go n-éireoidh leis! Ag an am gcéanna, is dócha gur éirigh leis an ngluaisteán céanna sin saol níos compórdaí a chur ar fáil, ní hamháin dom fhéin, ach don chlann ar fad, agus faoin am sin, bhí cúigear ar fad againn ann, mé fhéin is mo bhean, maraon le beirt mhac agus iníon amháin, nó bhí ar ár gcumas anois, dul ar sheilg, am ar bith a thogróimis, go háirithe, i rith na laethe saoire, agus ba mhór an chabhair é freisin, le dul isteach sa chathair, nó le dul ag siopadóireacht, nó chuig an Aifreann fiú. Sea, nuair a d’éirigh mé cleachtach air, ba mhór an gar é do dhuine ar bith, agus é ag cur faoi i gcathair. I ndáiríre, tá sé thar a bheith deacair teacht i dtír i gcathair dá cheal, sa lá atá inniu ann, cé go raibh sé indéanta, nuair a thugamarna an chathair orainn fhéin, i gcaogaidí na haoise seo caite.
Ach, i ndeireadh na dála, caithfidh mé a admháil, nach mó ná sásta a bhíomar le saol na cathrach, nó dá ndéarfainn é, lem phost i nDroichead na Dothra, agus tar éis dúinn thart ar sheacht mbliana a chaitheamh ansin, agus gan cúrsaí taistil, nó coiníollacha oibre, mar a d’iarrfadh mo bhéal fhéin iad a bheith, thosaigh mé ag breathnú thar chlaí amach, féachaint an mbeadh fosaíocht níos fearr le fáil, in ionad eicínt eile. Bhí an t-ádh orm, nó thart ar an am sin, chonaic mé go raibh folúntas do mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Chiaráin, i gCill Chainnigh. Bhuel! le scéal gairid a dhéanamh de, chuir mé isteach ar an bpost sin, agus tar éis chuile shórt a choimhlíonadh, faoi mar a iarradh orm, d’éirigh liom an post a fháil, agus socraíodh go raghainn i mbun mo chuid oibre sa Choláiste cáiliúil, cumasach, sin, i Samhain na bliana 1966. Bhí go maith is ni raibh go holc. Rinne mé a raibh le déanamh, agus ar an lá spriocáilte, chuaigh mé i mbun oibre, i Hallaí ársa na scoile sin, ach, fan ort nóiméad, nó tá rudaí eile le rá agam, faoin tréimhse a chaith mé i gColáiste Marian, i nDroichead na Dothra.
.
.
Caibidil 43
Athrú Saoil
.
Mar a mhínigh mé cheana dhuit, chuaigh mé i mbun oibre i gColáiste Mhuire Cois Abhann (Marian College), tús Mheán Fómhair na bliana 1958, tar éis dúinn crá croí agus céasadh a fhulaingt, agus muid ar thóir tí san Ardchathair, i rith an tSamhraidh chéanna sin. Ba bheag é m’eolas-sa ar chúrsaí tithíochta, nó limistéir, in Áth Cliath ag an am, agus bheinn ag súil go gcabhródh lucht na Scoile liom as bhfiontar sin. Tharla, gur theastaigh múinteoir uathusan, agus dá thúisce a ndéanfaí an fhadhb sin a réiteach, nárbh amhlaidh ab fhearr dóibhsean freisin é? Bhí breall orm áfach, agus bhí orm míonna fada a chaitheamh ar bhusanna, agus ag coisíocht, ar fud na cathrach, sára bhfuair mé teach, ar deireadh thiar thall, amuigh i gCluain Tarbh, aistear fada go leor ón áit a mbeinn i mbun oibre inti, ó lá go lá, feasta. Nuair a thug mé an dea-scéal sin d’údaráis na Scoile, ba é freagra a fuair mé nó “Bhuel, níl muid ag pocléimhnigh le háthas dá bharr, ach déanfaidh sé cúis.” “An bhail chéanna oraibhse” arsa mé fhéin faoi m’fhiacail, agus tonn aiféala ag scuabadh tharam faoi gur fhág mé Coláiste Mhuireadhaigh a chéaduair, áit a raibh mé faoi mheas, agus faoi chion, i measc mo mhuintir fhéin.
Níor mhair sin i bhfad, áfach, agus ba ghearr gur tuigeadh dom, go raibh féidearthachta sa phost nua seo, agus gur ormsa a bhí, chuile bhuntáiste a bhaint as na féidireachtaí céanna sin.
Luigh mé isteach ar an obair faoi mar a bheadh Dia á rá liom, ach ag an am gcéanna, thabharfadh duine ar bith faoi deara, go raibh difir, agus difir mhór, idir mhuintir an Iarthair agus lucht na hArdchathrach. Ar an gcéad dul síos, bhí i bhfad níos mó daltaí ag freastal ar mo Scoil nua, agus déarfainn nach raibh sé chomh héasca acu an Ghaeilge a fhoghlaim, is a bhí thiar. Chomh maith le sin, is dócha gur lú a meas ar, idir theanga agus chultúr. Dá n’iarrfá orthu ár gcluichí Náisiúnta a ainmniú, chuile sheans gur Rugar agus Sacar a gheofá mar fhreagra, agus an tráth úd, níorbh é sin an leagan amach a bhí ar chúrsaí i measc Gael, murab ionann is faoi mar atá cúrsaí sa lá atá inniu ann. Sea, agus bí ag caint ar a meas ar mhuintir na tuaithe! B’fhíor bheag é, dá mba ann in aon chor dó! Ní raibh ann, dár leosan, ach an chathair, agus a muintir, agus éinne a mhair taobh amuigh de theorainneacha na cathrach, níorbh fhiú trácht orthu, nó ní raibh iontusan ach lucth na bportach. Anois, nuair a chuireann tú an cúlra sin san áireamh, nach gceapfá go mbeadh fonn orm an chathair sin is a raibh inti a thréigint, ar an dá luathas, ach ní mar sin a bhí, nó thug mé faoi’n ngnó a bhí idir lámha agam, le flosc is le fuadar, agus, déarfainn fhéin, fiú sa lá atá inniú ann, gur éirigh liom dul i gcionn ar bhunús na ndaltaí a tháinig faoi mo chúram, agus nuair a d’fhág mé an scoil sin, tar éis na seacht mbliana úd a chaitheamh inti, chreidfinn fhéin go mba Ghaelaí an dearcadh a bhí ag na scoláirí a raibh baint agamsa leo. Agus fiú, nár mheallas Donncha Ó Súilleabháin fhéin isteach chugainn le fáinní óir a bhronnadh ar shlám maith daltaí a shroich caighdeán ard sa Ghaeilge labhartha, ag an am. Dála an scéil, nach raibh Ardeaspag Átha Cliath, an Dochtúir Diarmaid Ó Máirtín fhéin, ar dhuine de na daltaí céimiúla a bhí againn, i Marian, ag an am sin, sea mh’anam, agus nárbh é an gasúr éirimiúil, cliste, fadcheannach é fiú, i rith na mblianta sin, fadó, i gcaogaidí na haoise seo caite.
Tar éis dom cupla bliain, nó trí, a chaiteamh ag baint úsáide as Córas Iompair Éireann mar chóir taistil, agus tar éis dom bheith tuirseach traochta ó bheith ag iarraidh an scoil a bhaint amach in am, chuile mhaidin, d’éirigh liom, mar a mhínigh mé thuas, seanghluaisteán athláimhe a cheannacht, leis an ngnó céanna sin a dhéanamh dom feasta. Ó, a Thiarcais! nárbh uafásach an gnó é gluaisteán a thiomáint ar shréideanna naofa Átha Cliath? Chaith mé roinnt mhaith ama, ar dtús, ag cleachtadh ar na bóithre, agus ar na sráideanna, thart ar mo chomharsanacht fhéin, i gCluain Tairbh. Tar éis roinnt ama, bhí de mhisneach agam tiomáint chomh fada le Baile na gCorr, agus fiú, chomh fada ó bhaile le Binn Éadair fhéin. Ansin, ar deireadh thiar thall, tharla go raibh lá saoire ón scoil agam, agus shocraíomar ar dhul ar sheilg chomh fada le Dún Laoghaire! Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an aistear sin go deo na ndeor. Ní raibh cúrsaí chomh dona sin ar fad, chomh fada is a bhí mé ag tiomáint ar bhóithre a raibh aithne, nó breacaithne fhéin fiú, agam orthu, ach nuair a chuaigh mé trasna na Life go dufair dheisceart na cathrach, agus nuair a bhí mé ag iarraidh mo bhealach a dhéanamh trí shráideanna nach bhfaca mé riamh roimhe sin, ba bheag nár thit an t-anam asam. Stop an gluaistean ina staic i lár na sráide, cupla babhta, agus ní bheadh sin chomh dona sin ar fad, ach bhí bus ollmhór dhá stór taobh thiar díom, agus an maistín sin de thiománaí ag luí ar adharc an bhus, feadh an ama, ag iarraidh an chábóg coille sin, a bhí os a chomhair amach, a scuabadh as a shlí. Ó! dá bhfeicfeá m’aghaidh ag an am sin! bhí sí lasta suas go bun na gcluas. Ach, más fada an lá tagann an tráthnóna, agus ba é an dála céanna agamsa é, agus ar deireadh thiar, tar éis chuile dheacracht a shárú, shroich mé Dún Laoghaire, agus bhaineamar sásamh agus sult as an lá sin a chaitheamh ag guairdeall timpeall an bhaile cuain sin. Ach, dár ndóigh, bhí an aistear fada ó Dhún Laoghaire ar ais go Cluain Tairbh le tiomáint agam fós, ach, tar éis a raibh fulaingte agam ar maidin, bhí cineál misnigh agam ansin, agus d’éirigh liom mo bhealach a dhéanamh abhaile, gan stró ar bith, agus ón lá sin amach, ní raibh faitíos ar bith orm an gluaisteán a thiomáint áit ar bith sa chathair, nó faoin tuath fhéin, ar choiníoll go raibh staidéar déanta agam ar léarscáil na dúiche sin, agus mo bhealach pioctha amach go cúramach agam, roimh ré.
Ón lá sin amach, ní raibh mé ag brath feasta ar Chóras Iompar Éireann le mo chuid tiomána a dhéanamh dom, nó go gairid ina dhiaidh sin, ní raghainn thar cupla céad slat slí ó mo dhoras fhéin, gan mo ghluaisteán a thabhairt liom. Anois, cheap mé nach mbeadh stró ar bith orm feasta, bheith in am do mo chuid oibre, ach ní mar a shíltear a bhítear, go minic, agus ba é an dála céanna agamsa é. Cinnte, ní bheadh stró ar bith orm an t-aistear sin a dhéanamh, taobh istigh d’am áirithe, ach ní tharlódh a leithéid, dá dtiocfadh tada sa mbealach, le moill a chur orm, agus an tráth úd, bhíodh capaill fós ag tarraingt cairteacha ollmhóra trí shráideanna plódaithe na cathrach, agus dá dtarlódh fear acusan romhat ar maidin, bheadh sé chomh maith duit dul ag feadaíl, nó ní bheadh seans ar bith agat bheith ag an scoil in am. Ba ansin a thuig mé, den chéad uair, go raibh seans i bhfad níos fearr ag lucht taisteal Chóras Iompar Éireann, a gceann scríbe a shroichint in am, ná mar a bhí ag lucht na gcarranna príobháideacha. Ach tríd is tríd, bhí mé sásta go maith lem’ chuidse den mhargadh sin, agus leis na deacrachtaí úd a shárú, ní raibh le déanamh agam ach an teach a fhágáil beagáinín níos luaithe ar maidin.
Le himeacht na mblianta áfach, thug mé faoi deara, go raibh faid ag teacht san am a thógadh sé orm an t-aistear trasna na cathrach a dhéanamh, maidin is tráthnóna, agus bíodh go mbínn ábalta, i dtosach báire, teacht abhaile don lón, i lár an lae, de réir mar a chuaigh an trácht i méad, chuireadh sin go mór leis an am sin, agus ba é an chéad rud a rinne mé, nó lón a thógáil liom chun na scoile, ionas nach mbeadh orm an turas sin abhaile a dhéanamh i lár an lae, agus níos déanaí fós, tug mé faoi deara, go dtógadh sé thart ar chuig nóimead sa bhreis, leis an turas sin a dhéanamh, ó bhliain go chéile, agus tháinig an lá, mar sin, nuair a dúirt mé liom fhéin, go raibh an iomarca ama á chaitheamh agam ag taisteal, agus ó tharla go raibh cúiseanna eile sa treis freisin, shocraigh muid, mar chlann, go raibh an t-am tagtha leis an gcathair a thréigint, agus post eicínt a lorg thíos faoin dtuath.
Tharla sin i dtús na scoilbhliana 1966/67, agus b’in an t-am a chonaic mé an fógra ó Choláiste Chiaráin, i gCill Chainnigh, san Independent, á rá go raibh múinteoir Gaeilge uathu.
.
.
.
.
Caibidil 44
.
Anois nó Riamh !
.
.
Faoi mar a mhínigh mé cheana, d’éirigh muid tuirseach de Bhaile Átha Cliath, nó chomh fada is a bhain sé linne, níor chathair mar a tuairisc í, agus i ndáiríre, tuigeadh dúinn, go n-oirfeadh saol taobh amuigh den ardchathair dúinne. Ar aon nós, faoi thús na scoilbliana 1966/’67, thosaigh mé ag scrúdú na bhfógraí arís, féachaint an mbeadh aon fholúntas oiriúnach le fáil. Ar ámharaí an tsaoil, tháinig mé ar fhógra dá leithéid i dtús Dheireadh Fómhair 1966. Fógraíodh go raibh folúntas do mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Chiaráin, i gCill Chainnigh, agus gur theastaigh uathu an folúntas sin a líonadh, ar an dá luathas.
Bhuel, chuir mé CV chucu, agus glaodh orm teacht chun cainte leo ar Dhomhnach áirithe. Ní call dom a rá gur thugamarna, an chlann ar fad, aghaidh ar Chill Chainnigh ar an lá spriocáilte. Tús Dheireadh Fómhair 1966 a bhí ann, agus bhí an tír ag breathnú go hálainn, ach níor dhada é sin taobh leis an radharc a leagadh os ár gcomhair amach, nuair a d’iompaigh muid isteach go Coláiste Chiaráin trí Gheata Bhóthar Challainn. Blianta ina dhiaidh sin, scríobh mé píosa, ag cur síos ar an ócáid sin. B’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é giota de, a shníomh isteach anseo……..
“I bhFómhar na bliana 1966, a chéad leag mé fhéin súil ar Choláiste Chiaráin. Chuaigh mé isteach ar Gheata Chalainn, agus ba bheag nár bhain a bhfaca mé radharc na súl díom, mar ansin, os mo chomhair amach, bhí foirgneamh álainn, gotach, chloch-aoil, suite ar fhaiche ghlan-bhearrtha. Leagadh dúshraith an Fhoirgnimh sin ar an 24ú Deireadh Fómhair 1836, agus leanadh leis an obair tógala sin thrí bhlianta cráite céasta an Ghorta.
Bunaíodh Coláiste Chiaráin blianta fada roimhe sin áfach. Maolaíodh roinnt, ar na péindlithe, sa bhliain 1782, agus roimh dheireadh na bliana sin, bhí Coláiste Caitliceach bunaithe anseo in Osraí, faoi phátrúntacht an Easpaig Troy. Is amhlaidh a thóg sé Halla ar chíos, in áit Coláiste nua a thógáil. Coláiste Chiaráin a baisteadh ar an scoil nua sin. I dtús an chéid seo, chaith Tomás Mac Donncha agus Sheehy Skeffington tréimhse mar mhúinteoirí ar Fhoireann Choláiste Chiaráin. Fuair mé fhéin post ar Fhoireann an Choláiste sin sa bhliain 1966.”
Bhuel, b’in mar a scríobh mé faoi Choláiste Chiaráin roinnt blianta sula ndeachaigh mé ar scor.
Chuaigh an Coláiste i gcionn go mór orm, nó bhí stair agus traidisiún le léamh ar chuile phóirse agus cúinne den bhfoirgneamh uasal ársa sin. Sea, agus chomh maith le sin, chuir nósanna agus traidisiúin na scoile sin duine i dteangmháil leis na glúnta a bhí imithe romhainn, go háirithe leis na mic léinn Osraíocha úd a shuigh ina Hallaí, a chodail ina shuainliosanna, agus a d’imir ar a fhaichí imeartha.
Cén cineál nósanna agus tradisiúin atá i gceist agam, an ea?
Bhuel, bhí “baisteadh na ndaltaí” ar a ndul isteach a chéaduair chun na scoile sin, sea, agus baisteadh leasainm orthu ar an ócáid sin freisin, leasainm a lean iad, go minic, gur leagadh na hordóga orthu. Bhí nós an “Visitation”, nó an “Viz” mar a thugtaí air de ghnáth.
Céard a bhí i gceist sa “Visitation” céanna sin, an ea?
Bhuel, chuirtí daltaí na scoile sin faoi scrúdú ceithre huaire sa bhliain, um Shamhain, um Nollaig, um Cháisc, agus ansin ag deireadh na scoilbhliana. Nuair a bhíodh torthaí na scrúduithe sin réidh, thagadh an tUachtarán, agus duine de na Déain á thionlacan, ar chuairt, (b’in an “Visitation,”) chuig chuile Halla. Thagadh siad isteach an doras, agus chloisfeá biorán ag titim ar an urlár, nó ní bhíodh gíog nó míog as duine ar bith sa rang, mar tuigeadh dóibh, go bhfaigheadh roinnt mhaith díobh dualgas na slaite sára mbeadh an searmanas ársa sin thart. Thosaíodh an tUachtarán ar na torthaí a léamh amach, agus bhí chuile dhalta i mbaol, nó ba chuma cé acu tháinig sé sa chéad áit, nó san áit deiridh, murar éirigh leis níos fearr sa scrúdú sin, ná mar a dhein sé sa scrúdú roimhe sin, bhronnfaí na leadóga air go fial, flaithiúil. Níorbh é an tUachtarán fhéin a dhéanadh na leadóga sin a thabhairt, ach an Déan, fear na slaite.
Sea, mh’anam, níor chreid údaráis Choláistí, nó Scoileanna, an tráth úd, gur choir an tslat a spáráil ar eagla go millfí a ndaltaí! I ndáiríre, d’fhéadfá a rá, nach raibh aon ghanntanas leathair, nó slaite, ag cur as do mhúinteoirí, faoin am áirithe sin. sheans, go mba lú seans fós ar a leithéid a thitim amach, thar na blianta roimhe sin
Ó tharla go raibh Cliarscoil ar an gCampus céanna leis an Meánscoil i gColáiste Chiaráin, bhíodh áit an-tábhachtach ag na hÁbhair Sagairt i saol na scoile sin. Dheineadh siad An Teagasc Críostaí, agus ábhair dá leithéid, a mhúineadh sa Mheánscoil, rud a thugadh an-chabhair do mhúinteoirí na Meánscoile, agus chomh maith le sin, bhíodh na “Ecclesiastics”, nó na “Cleezies” mar a thugadh na daltaí meánscoile orthu, ina gcinnirí orthu freisin.
Bhí Halla mór fada, faoina dhíon gloine, “an Glass Hall”, ag síneadh díreach os comhair na Hallaí Ranga amach, rud a thug fairsinge spáis do na daltaí le cluichí faoi dhíon, agus caithimh aimsire eile, a chleachtadh, nuair a bhíodh an aimsir go dona, taobh amuigh.
Anois, Coláiste mór iomána, ab ea, agus is ea fós, Coláiste Chiaráin, agus nuair a bhídís ag ullmhú do chluiche, an tráth úd, bhailíodh na daltaí cónaithe uilig istigh sa “Glass Hall” agus dheineadh siad a nglaonna a chleachtadh, istigh ansin. Ba bheag nach dtógaidís an díon gloine den Halla sin lena ….
Give us a K, give us an I, give us an E, give us an R, give us an A, give us an N, give us an S…..
K I E R A N S ! K I E R A N S ! K I E R A N S ! .
Sea, b’iontach go deo bheith ag éisteacht leo. Thógaidís do chroí lena bhfuinneamh, lena ndúthracht, lena n-óige. Ach ní gá dhom a rá, nach mbaileoidh Scoláirí Cónaithe ansin a thuilleadh, nó Coláiste lae, amach is amuigh, atá ann faoin am seo. Ach beidh tuilleadh le rá agam faoi nósanna aite ársa sin Choláiste Chiaráin, agus déanfaimid trácht ar ábhair cosúil le, Red Dickey, agus Brown Larry, amach anseo.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Caibidil 45
Ar Scor faoi dheireadh
.
De réir a chéile fuair mé taithí ar shaol agus ar chur chuige Choláiste Chiaráin, agus caithfidh mé a admháil dhuit anseo, gur mhó a thaitin sé liom dá mhéad a chuir mé aithne air. Bheadh sé deacair locht ar bith a fháil ar fhoireann na scoile sin, ag an am, nó bhí chuile dhuine acu cúntach, cabhraitheach, carthannach, agus chuile dhuine acu sásta dua a chur air fhéin le teacht i gcabhair ar an bhfear thall. Ba é an scéal céanna é i gcás na dtuismitheoirí, a raibh a gclann mac faoinár gcúram. Ó, sea! agus is dócha nach call dom a rá gur fir ar fad a bhí i mbun dualgais sa Choláiste, ag an am sin. Cuir le sin, go mbeadh sé deacair mic léinn iarbhunscoile a fháil, áit ar bith sa tír, ag an am sin, a bheadh inchurtha le daltaí na scoile s’againne, i seascaidí na haoise seo caite. Tháinig mé isteach ar an obair ansin, de réir a chéile, agus ní call dom a rá, nach ag tomhas táirní a bhímis sa Choláiste cáiliúil sin, an tráth úd, ach muid ar ár ndícheall ag iarraidh chuile bhuntáiste scolaíochta a chur ar fáil dár ndaltaí, sa tslí go mbeadh ar a gcumas a mbealach a dhéanamh go réidh trí shráideanna an tsaoil mhóir a bhí ag oscailt rompu amach. D’éirigh go réasúnta maith leis na daltaí a cuireadh faoi mo chúramsa, agus tá’s ag an lá, go raibh sé an-tábhachtach an tráth úd, go n-éireodh go maith le duine sa Ghaeilge, nó b’ábhar éigeantach í sna Scrúduithe Teistiméireachta, an tráth sin. Luigh mé isteach ar an obair, bíodh nach raibh sé éasca sin a dhéanamh i gcónaí. Chuir mé suim, agus dhá shuim, san iomáint, agus ba mhór go deo an taitneamah a bhaininn as bheith ag breathnú ar na Ciaránaigh ag imirt an chluiche sin i gcoinne Scoileanna agus Coláistí eile, sna comórtaisí uilig, agus ó bhliain go chéile.
Ba é deireadh na mbeart é, nó gur chríochnaigh mé mar Leas Phríomhoide ar an gColáiste, post a thaitin thar na bearta liom, agus mar onóir bhreise, deineadh mé a cheapadh mar riarthóir ar an gColáiste ársa, stairiúil sin, an chéad riarthóir, agus an chéad Leas Phríomhoide neamheaglaiseach riamh ar an Scoil chéanna sin, post atá agam go dtí an lá atá inniu fhéin ann.
Is iomaí athrú a tháinig ar Choláiste Chiaráin ón gcéad lá úd a tháinig mé fhéin is mo chlann isteach trí Gheata Challainn. Cuireadh críoch leis an tseachtain seacht lá scolaíochta do na scoláirí cónaithe, agus ligeadh abhaile iad don deireadh seachtaine, agus chomh maith le sin, tógadh foirgneamh nua, i gcomhar le Ceardscoil na Cathrach, le freastal ar an bhfás a bhí ag teacht ar uimhir ár ndaltaí, in áit bheith ag iarraidh riar orthu sna seomraí réamhdhéanta, a bhí in úsáid againn thar bhlianta fada, agus níos déanaí fós, tógadh sraith seomraí, taobh thiar den Scoil fhéin, le tuilleadh fairsinge a chur ar fáil dóibh. Cuireadh tús freisin le himirt cluichi eile, chomh maith leis an iomáint agus an liathróid láimhe, a bhí á n-imirt ansin, le sinsearacht. Ar ball freisin, fostaíodh mná mar mhúinteoirí sa Scoil, agus dár ndóigh, ba mhór go deo an t-athrú é sin, agus athrú chun leasa na scoile, agus na ndaltaí, ba ea é freisin. I rith na mblianta freisin, tugadh faoi deara, go raibh laghdú ag teacht ar uimhir na ndaltaí ar theastaigh uathu bheith ina scoláirí cónaithe, agus dár ndóigh, ní call dom a rá, gur tháinig an lá nuair a cuireadh deireadh leis an dtaobh sin den Choláiste, sa chaoi nach bhfuil ag freastal ar an scoil sin, sa lá atá inniu ann, ach scoláirí lae ar fad. Athrú ollmhór ba ea é sin, nó is dócha gur athraigh sé go bunúsach córas oideachais na scoile sin, córas a bhí i dtreis le breis is dhá chéad bliain.
I rith na mblianta sin a chaith mé im mhúinteoir i gColáiste Chiaráin, ghlac mé páirt freisin i saol Gaelach na Cathrach seo, mé ag feidhmiú mar mhúinteoir, mar fhile, agus mar Ghaeilgeoir gníomhach. Scríobh mé dánta nuair a bhí gá lena leithéid, le heachtraí Gaelacha a chomóradh, nó le Gael eicínt a chaoineadh. Iarradh orm freisin roinnt áirithe léachtaí a thabhairt ag Daonscoil Osraí, i ndeireadh na seachtóidí, agus i dtús na n-ochtóidí. An Piarsach, MacDonncha, Peig Sayers, agus a leithéid, a bhíodh idir chamáin agam sna léachtaí céanna sin. Chuir mé fáilte oifigiúil, fhileata, roimh na Filí Albanacha, cupla babhta, tráth raibh siad ar chuairt anseo ar Chathair Chill Chainnigh, agus mar chloch phréacháin ar na himeachtaí sin uilig, iarradh orm páirt a ghlacadh, mar fhile, i gCuairt na bhFilí Gaelacha ar Albain. Bhain mé taitneamh agus tairbhe as an gcuairt chéanna sin, agus nár mhór go deo an saothar domsa é, cos a leagan ar shráideanna, agus i mbailte, a mbíodh m’athair agus a chomrádaithe ag scéalaíocht agus ag seanchas fúthu, cois na tine, sa teach s’againne, agus mise im ghasúr ag ól isteach go cíocrach, chuile fhocal dá ndúirt siad, i rith na n-oícheannta fada áirneáin úd fadó.
I rith na mblianta a chaith mé mar Leas Phríomhoide i gColáiste Chiaráin déarfainn gur oibrigh mé níos crua ná mar a dhéanainn agus mé ag feidhmiú mar mhúinteoir ranga, mar ní hamháin go raibh cúramaí an mhúinteora fós orm, ach chomh maith le sin, bhí cúrsaí smachta mar chúram orm freisin, agus bíodh nár mhothaigh mé an cúram céanna sin chomh dian sin ar fad, ag an am gcéanna, bhí gá anois le cumas breithiúnais riachtanach, agus dá bhféadfá sin a phósadh le Cothrom na Féinne, bhí leat, nó dá bhfeicfeadh do dhaltaí go raibh na rialacha á gcur i bhfeidhm go cothrom, féaráilte agat, ghlacfaidís, gan ghearán, le do bhreith. Sílim gur éirigh liom fanacht sa diallait le linn an ráis chéanna sin.
Más fada an lá, áfach, tagann an tráthnóna, agus sa bhliain 1988, tuigeadh dom fhéin go raibh an t-am tagtha le dul amach ar scor, agus bíodh go bhféadfainn leanúint liom i mbun mo cheirde roinnt eile blianta. Ag an am gcéanna, mhothaigh mé gurbh fhearr éirí as an múinteoireacht ansin, fad is a bhí mo shláinte agus mo mhisneach fós agam, agus tar éis dom dul i gcomhairle le’m bhean is lem’ chlann, b’in é díreach a rinne mé, agus caithfidh mé a rá anois, tar éis na mblianta sin uilig, nach raibh lá aiféala orm, riamh ó shoin, faoin gcinneadh céanna sin.
Ar deireadh thiar, tháinig an lá spriocáilte, agus tar éis teacht le chéile i bPárlús an Choláiste, agus tar éis dreas óráidíochta, agus tar éis roinnt bronntanaisí a bhronnadh orm, bhí mo ré mar mhúinteoir thart, agus mé ag filleadh ar an ngnáthshaol, im thuata arís. Cheapfá go maródh an leisce agus an fhallsacht mé, tar eis na mblianta fada a bhí caite agam i mbun na leabhar. Bheadh breall ort sa mhéid sin áfach, nó ba é an chaoi a tharla sé nó go raibh mé níos graithí ansin nó riamh, nó bhí leabhair le léamh, altanna le scríobh, garraí le romhar agus le saothrú, cluichí le himirt, sea, agus nach raibh tíortha ina scórtha amuigh ansin ag sméideadh orm, ag iarraidh mé a mhealladh le cuairt a thabhairt orthu.
Ar thaitin liom bheith ar scor, an ea?
Thaitin thar cionn, nó ní raibh orm feasta bheith ag faire ar an gclog, agus d’fhéadfainn m’aird a dhíriú ar pé ábhar a thaitneodh liom. Ní raibh mé faoi bhois ag máistir ar bith feasta, agus nár mhór an gar go deo é sin do dhaonnaí ar bith?
Ach focal i gcluais an té atá ag smaoineamh ar dhul ar scor. Caithfidh tú glacadh leis mar bhun-phrionsabal go n-éireoidh tú do-fheicthe, de réir a chéile, agus tar éis duit bheith ar scor roinnt blianta, ní bheidh suim nó spéis ag éinne, taobh amuigh ded’ chlann fhéin, ionat, nó nach cuimhin leat an sean-nath adeir……
Fiche bliain ag fás,
Fiche bliain ina stad,
Fiche bliain ag meath,
Agus fiche bliain gur cuma é ann nó as!
Agus nuair a rachaidh tú ar scor, beidh tú feasta sa cheathrú ré sin!!!!
Bhí an t-ádh ormsa, nó bhí deis agam, alt seachtainiúil a scríobh don Nuachtán Áitiúil, don Kilkenny People, agus sa tslí sin, bhí ar mo chumas, fanacht i gcuimhne an phobail, sea, agus bhí deis agam freisin, mo thuairimí a nochtadh don phobal le Gaeilge, seachtain i ndiaidh seachtaine, pobal ar chaith mé fhéin mo shaol ag freastal orthu, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Caibidil 46
Sniogadh mo scéil
.
Gheall mé dhaoibh cheana, go bhfillfinn, am eicínt, le críoch a chur leis an scéal seo, scéal mo bheatha, agus nuair a smaoiním air anois, nach fada an turas atá siúlta agam, ó rugadh mé, i lár na bhfichidí, i mbaile na Druime, i bParáiste na Cille Móire, in Iorras Domhnann, i gContae Mhaigh Eo. Mór go deo idir an cineál saoil a bhí i dtreis, thiar againne, an tráth úd, agus an cineál saoil atá ann, sa lá atá inniu ann. Is dócha go bhféadfá a rá, gur thaistil mé fhéin, faoi mar a bheinn i meaisín ama, ó shaol mheánaoiseach go saol taibhseach, taitneamhach, freacnairc, an aonú haois fichead. Thitfeadh na daoine a bhí beo ag an am sin as a seasamh, dá ndéarfaí leo, go bhfeicfí riamh na hiontais atá le feiceáil againn, sa lá atá inniu ann!
Saol bocht, gortach, gann, a bhí ag daoine an tráth úd, sé sin, i gcomparáid leis an gcineál saoil atá ag daoine anois, ach an tráth úd, ní raibh cleachtadh ag éinne ar a mhalairt, agus dá bharr sin, bhíodar breá, sásta, lena raibh acu, agus níorbh é sin amháin é, ach bhaineadar sult agus sásamh, toit agus taitneamh, as an saol a bhí i dtreis an tráth sin, faoi mar a bhaineann lucht an lae inniu sásamh as a bhfuil ar fáil acusan, sna laethe seo.
Bhí chuile shórt gann an tráth úd. An té a bheadh amuigh cois trá, bhaileodh sé chuile shórt dá bhfaigheadh sé sa mbruth fó thír, giotaí adhmaid, buidéil, cláiríní, nó iasc, fiú, mar ba bhreá a thuig siad, go bhféadfaí leas a bhaint astu sa bhaile. Ní raghadh duine, an tráth úd thar an leithphingin fhéin, gan í a phiocadh suas agus a chur ina phóca, nó dá bhfaigheadh sé ceann eile le cur lei, nach mbeadh pingin aige! Mar an gcéanna le rud ar bith a gheobhadh sé ag dul amú, ar bhóthar, ar shráid, nó ar thrá. Breathnaigh ar chúrsaí sa lá atá inniu ann, agus tabharfaidh tú faoi deara, nach mbacfadh bunús na ndaoine le rudaí fánacha dá leithéid, nó nach bhfuil a ndóthain mhór de na hearraí sin acu, cheana féin.
Bhí rud eile le tabhairt faoi deara an t-am sin, nach bhfeicfeá ach go hannamh anois, agus b’in go raibh daoine sásta cabhair agus cúnamh a thabhairt dá chéile. Thuigeadar, go binn, brí an tseanfhocail adúirt, gur ar scáth a chéile a mhaireann daoine, agus ba threise, dár leosan, an pobal ná an duine aonair, agus ba é dualgas an phobail chéanna sin, teacht i gcabhair ar an nduine aonair, in am an ghátair. Sea, agus b’in é díreach a dheinidís, agus ba as an dearcadh sin a d’eascair an mheitheal agus comhar na gcomharsan. Sea, agus an rud nach raibh agatsa, dá mbeadh flúirse de ag duine eile, d’fhéadfá a bheith cinnte, nach bhfágfaí ar an ngannchuid thú. Sa tslí sin, roinnfí bainne, uibheacha, im, móin, fataí, agus a leithéid, ar an gcomharsa a bhí dhá n-uireasa.
Bhí rud eile i gceist freisin, agus sé sin, go bhféadfá na gasúir a ligint amach gan faitíos nó eagla go ndéanfadh comharsa ar bith dochar dóibh, a mhalairt a bhí fíor, nó choinníodh an chomharsa súil ar ghasúir an phobail, agus bhídís sásta freastal orthu, dá dteastódh tada uathu.
B’in an tráth, nuair a théadh daoine ag cuartaíocht i rith shéasúr na cuartaíochta, ó Shamhain go Bealtaine. Bhídís ag scéalaíocht agus ag imirt cártaí, agus ag an am gcéanna, bhíodh na rudaí beaga ag imirt a gcleas siúd freisin, sea, agus b’fhéidir go mbeadh na mná ag cuilteáil, nó ag cleiteáil leo go sásta. Sea, chuile dhuine ag seinim ar a uirlis fhéin. B’in a bhí sa treis, sul ar tháinig an raidió, nó an Teilifís, i gcumhacht i ngach uile chistin agus parlús sa tír. Sea, mh’anam, níorbh olc ar fad an saol é, nó chuir sé iachall ar dhaoine úsáid a bhaint as a dtallanna fhéin, le caitheamh aimsire daonna, ar a leibhéal fhéin, a chur ar fáil dóibh fhéin. Dá dteastódh ó dhuine tuairimí ardnósacha a chloisteáil, cead aige comhluadar an Mháistir, nó an Dochtúra, nó an tSagairt fhéin, bail ó Dhia air, a lorg, ach annamh go maith a dhéanaidís a leithéid, mura mbeadh fonn nuachta nó a leithéid orthu.
Sa chineál saoil a chleacht muidinne, agus mise i mo pháiste, ní raibh trácht ar raidió nó ar theilifís, ar irisí nó ar ghreannáin, nó fiú ar nuachtáin, taobh amuigh de na seachtanáin, agus dár ndóigh, ní raibh an fón fhéin, ach ag an bhfíor-chorrdhuine.
Cá bhfaigheadh daoine an nuacht, an tráth úd, má sea?
Sna seachtanáin, agus ó bheith ag comhrá leis na daoine gairmiúla, a raibh fáil acu ar na meáin chumarsáide, nó bí cinnte, go raibh teacht ag na daoine sin ar nuachtáin, ar raidió nuair a tháinig sé ar an bhfód, agus ar an bhfón, freisin.
Agus cérbh iad na daoine gairmiúla, a raibh teacht acu ar na foinsí eolais sin?
Lucht gairme, cosúil leis an sagart, an múinteoir, an dochtúir, agus a leithéidí. Nílimse ach ag maíomh nach raibh fáil ag an gcosmhuintir s’againne ar na foinsí nuachta sin. Istigh i dteach an ghréasaí, nó an chaibléara, nó fiú i gceárta an ghabha dhuibh, ba mhó a bhíodh a dtarraingt siúd, ar thóir nuachta, sea, agus d’fháilteoidís roimh an lucht siúil freisin, nó nach ndeirtí i gcónaí go mbíodh siúlach scéalach.
Céard faoi litreacha, mar sin?
B’annamh a gheofaí litir, an tráth úd, sé sin, mura raibh duine muinteartha agat sna Stáit, nó i Sasana, sin nó go mbeadh airgead ag siopadóir eicínt, nó ag an “Land Commission” ort, agus go mbeadh siad ar a thóir! Ceart go leor bhíodh cupla cárta Nollag, ag dul sa timpeall, thart ar an Nollaig, ach taobh amuigh de sin, ba bheag an baol go mbeadh casán rua buailte ag fhear an phoist chun do dhorais.
Cén fáth ar tharraing mé an téad sin chugam le críoch a chur le mo scéal, an ea?
Toisc gurb iad sin an troscán atá le feiceáil agamsa fós i gcistin mo chuimhní, agus am ar bith a théim siar ar bhóithrín na smaointe, tógaim chugam cnámha na gcuimhní céanna sin, agus caithim seal á gcreimeadh. Agus le himeacht na mblianta, is amhlaidh is soiléire, agus is snasta, a éiríonn na cuimhní sin.
Ach céard faoi na cuimhní atá bailithe agam, i rith na mblianta a d’imigh, ó chuaigh mé amach ar scor?
Táid sin ann freisin, ach tá faitíos orm, go gcaithfidh mé iad sin a choinneáil siar go dtí an chéad chaibidil eile, agus geallaimse dhuit anois é, go gcuirfidh sin críoch le mo scéalsa, scéal a thug ó bhaile na Druime go barr Mesa Verde sna Stáit Aontaithe, agus ó Bharúntacht Iorrais go Playa Del Ingles i nGran Canaria, mé, sea agus saol a thug ó smacht na sagartachta go fíon fiáin borb na filíochta, agus ó léamh na salm go ceird chasta na scríbhneoireachta mé, ach ó thús deireadh, ba é mo mhian, chuile lá riamh, casán an chirt agus bealach mo leasa a leanúint, bíodh go bhfuil a fhios agam, nach i gcónaí a d’éirigh liom an mhian sin a réaladh, i gcaitheamh mo laethe.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
Caibidil 47
.
An Gala Deiridh
.
I Samhradh na bliana sin 1988, bhí mo chéad dhíolaim filíochta le seoladh, i dtosach thíos ag Éigse Riocard Bairéad, i nGaoth Sáile, i gContae Mhaigh Eo, agus ar ball, anseo ag Daonscoil Osraí, sa Chathair Álainn s’againne. Déirigh go seoigh leis an dá fhiontar sin, agus i ndáiríre, bhí sé cosúil le tabhairt faoi ghairm nua, díreach nuair a bhí mé ag dul ar scor ó ghairm eile. B’fheiliúnach, agus ba thráthúil, an t-am é, lena leithéid a dhéanamh. Tuige ar fhág mé chomh déanach sin é, an ea?
Bhuel, mar adeireadh na seandaoine, is den bhéasaíocht é, fanacht go n-iarrtar ort rud dá leithéid a dhéanamh. Sea, bliain roimhe sin, d’iarr Micheál Ó Seighin orm mo chuid dánta a bhailiú, agus go ndéanfadh lucht Éigse Riocard Bairéad iad a chur i gcló. Rinne mé rud air, agus b’é an toradh a bhí air sin, nó gur fiolsíodh, Duilleoga Fómhair, mo chéad díolaim i gcló. Ní call dom a rá, gur bhain an Micheál Ó Seighin céanna sin cáil Náisiúnta amach dó fhéin, ar na mallaibh, nuair a chuaigh sé fhéin agus roinnt eile daoine ó dhúiche Ghleann na Muaidhe, in Iorras, i ngleic le Comhlacht Shell, i dtaobh ghás nádúrtha a sheoladh trí phíopaí contúireacha, dár leo, thar phortaigh na dúiche áille sin. Tuigeadh dóibhsean, go gcuirfeadh beart dá leithéid an chosmhuintir i mbaol a mbeatha. Ní raibh siad toilteanach forálacha na cúirte a choimhlíonadh, agus dá bharr sin, shocraigh an Breitheamh, a leag na foralacha sin orthu, shocraigh seisean ar iad a chur i bpriosún, go dtí go n-athródh siad a n-intinn, agus go ndéanfadh siad mar a d’ordaigh seisean dóibh a dhéanamh. Chaith siad seal fada i bpriosún, agus sa tslí sin, thuill siad cáil Náisiúnta dóibh fhéin, agus níl deireadh an scéil sin cloiste againn fós, de réir deallraimh. Chaitheamar seal thíos in Iorras i ndiaidh sheoladh an leabhair sin, agus ar ball, chuamar ar ais abhaile go Cill Chainnigh.
Anois, bhí a fhios agam, go mbeadh sé deacair go maith dom, éirí as an múinteoireacht, ceird a raibh mo shaol oibre ar fad, ó thús na gcaogaidí, caite agam ina bun, agus chuige sin, shocraigh mé fhéin is mo bhean ar dhul ar chuairt chuig na Stáit, thart ar an am a mbeinn ag dul ar ais ar scoil. Rinneamar sin, agus ní call dom a rá, gur éirigh go seoigh leis an bplean céanna sin, nó nuair a tháinig an tráth a mbeinn ag tabhairt na scoile orm fhéin, i dtús Mí Meán Fómhair, bhíomar ar ár sáimhín só thall i gCalafóirnia, ag ól na gréine buí, is ag breathnú ar iontaisí stairiúla na dúiche sin. Sea, agus bhi mac liom ansin le sinn a thabhairt chuig na háiteacha suimiúla, stairiúla fan chósta thiar na tíre sin. Nuair a d’fhilleamar ar Éirinn arís, ag deireadh na míosa sin, bhí dearmad glan déanta agam fhéin ar sheomraí ranga, ar dhaltaí fiosracha, ar mhúinteoiri measúla, agus ar shaol údarásach na scoile. Níor mhothaigh mé meáchan mo dhualgaisí scoile uaim, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, bhí mé chomh graitheach is a bhí, tráth raibh mé i mbun mo cheirde.
Céard a bhí á dhéanamh agam, a choinnigh chomh graitheach sin mé, an ea?
Bhuel, chaithinn seal ag imirt agus seal ag obair, seal ag scríobh agus seal ag léamh, sea, agus seal ag taisteal agus seal eile im’ shuí. Cuirfidh mé geall, go raibh a fhios ag fiailí mo gháirdín go raibh mé sa timpeall, nó ba bheag seans a bhí acusan fás nó forbairt a dhéanamh, fhad is a bhí mise sa timpeall le mo rámhainn is le mo ghrafán, ach má sea fhéin, D’fháiltigh na héanacha romham, nó nárbh iomaí béile blasta a chuir mise ar fáil dóibhsean, trí mo chuid saothair, amuigh i gcré bhog, bhriosc, mo gharraí. Bhí an t-am agam anois seal a chaitheamh ag comhrá, is ag seanchas, agus am agam dul ag imirt gailf, cluiche ar thug mé grá di, agus a raibh gráin agam uirthi uaireanta, freisin, ach anois, bhí am agam leis na mothúcháin chéanna sin a dhoimhniú tuilleadh, nó nach gcothaíonn taithí tarcuisne?
Lean mé orm ag scríobh filíochta, agus sna blianta san idirlinn, d’éirigh liom dhá dhíolaim eile filíochta a chur i gcló. Is dócha nach bhfuil an tobar fós imithe i ndísc, agus ag Dia amháin atá a fhios an mbeidh ábhar dhíolaim eile sa chrúiscín agam, le cur i gcló, amach anseo. Chomh maith leis an bhfilíocht, lean mé orm ag scríobh altanna agus aisti don Kilkenny People, mar a mbíonn alt uaim i gcló chuile sheachtain, geall leis, agus chomh maith le sin arís, bím ag saothrú d’Irisí áirithe Gaeilge freisin, agus bíonn píosaí uaim le léamh, ar Feasta, an tUltach, an Timire, agus ar an Sagart. Ní dheachaigh an tobar i ndísc fós, bíodh go mbíonn faitíos orm uaireannta, go bhfuil an t-uisce sa tobar céanna sin ag éirí gann go leor, in amannta.
Rinne mé roinnt mhaith taistil freisin, i rith na mblianta idirlinneacha. Thug mé roinnt cuairteanna ar na hOileáin Chanáireacha, sé sin ar, Ghran Canaria, ar Lanzarote, agus ar Fuerte Ventura. Chaitheamar seal freisin ar Oileán Ibiza, amach ó chósta na Spáinne, ach níl dabht ar domhan, ach gur chaith muid an chuid ba mhó dár ndúthracht taistil thall sna Stáit Aontaithe, nó chaitheamar ceithre sheal sa tír álainn chorraitheach chéanna sin. Anois, scríobh mé an-chuid faoi na turasanna céanna sin, agus táid sin uilig le fáil sa Kilkenny People. Ba é rud a dheineamhar sna Stáit nó shocraíomar ar ghné áirithe den saol thall a roghnú, le díriú air, i rith na gcuairteanna éagsúla. Chaitheamar saoire amháin ag taisteal i gCríocha na nIndiach, dhá shaoire ag breathnú, agus ag cur aithne, ar na Misin úd a thóg na Spáinnigh, fan chósta thoir Chalafóirnia, agus saoire eile fós, ag taistil fan an chósta thiar, ó San Diego go San Francisco, agus geallaimse dhuit anois é, go mbeadh sé deacair, saoire níos taitneamhaí, níos corraithí, nó níos suimiúla, a chaitheamh, áit ar bith eile ar dhroim talún. Ach ba é an rud ba mhó a thaitin liom fhéin faoi na geábhanna úd thar chríocha eachtrannacha isteach, nó gur thug siad deis dom cuntas a scríobh fúthu sa nuachtán áitiúil, sa Kilkenny People fhéin.
Rud eile a chuir mé i gcrích, i rith an ama sin, nó gur éirigh liom sraith altanna dírbheathaisnéiseacha a scríobh, agus a fhoilsiú sa pháipéar seo freisin. Is dócha gur éirigh liom thart ar ochtó míle focal a chur i dtoll a chéile sa tsraith altanna céanna sin. Thug sin deis dom dul siar ar bhóithrín na smaointe, agus cuntas cruinn, ceart, a bhreacadh síos, ar eachtraí agus ar imeachtaí mo shaoil, agus caithfidh mé a rá anseo, go bhfuil mé an-sasta gur tugadh an deis dom an tioncadal sin a chur i gcrích, nó is cur síos réasúnta iomlán é ar chúrsaí mo shaoil, óm’ óige i leith, go dtí an lá atá inniu fhéin ann. B’fhéidir, amach anseo, go mbeadh deis agam eagarthóir a fháil a bheadh sásta leas a bhaint as, mar ábhar leabhair, nó ní chuile lá a chasfaí scéal dá leithéid ar dhuine, agus d’airigh mé chuile lá riamh go raibh an-chosúlachta idir an cineál saoil as ar fáisceadh mise agus an saol as ar fáisceadh An tOileánach agus Peig Sayers, grásta ó Dhia ar an mbeirt acu.
Ach tríd na blianta deireannacha seo, caithfidh mé a rá, gur tharla díreach faoi mar a mhínigh iardhalta dem chuid, iardhalta atá anois ina shaineolaí croí thall i bhPhoenix, Arizona, nuair adúirt sé liom, go n-éiríonn daoine do-fheicthe, de réir mar a aosaíonn siad, nó is dócha go ndírítear aire daoine ar an óige, agus is dócha, gur rud nádúrtha é sin, ach ní mar sin a bhíodh sna seanlaethe, nó nuair a bhí mise ag fás aníos, bhíodh meas an domhain ar sheandaoine, nó b’acusan a bhí idir eagna agus eolas, nó tuigeadh an tráth úd, go dtagadh ciall le haois. Sa lá atá inniu ann, geallaimse dhuit é, nach mbuailtear casán dearg chun mo dhorais-se ag daoine ar thóir eolais nó eagna, ach an rud nach bhfuil leigheas air, caithfear ceirín den dearmad a chimilt air.
Níl a fhios agam céard tá romham amach fós, ach déanfaidh mé chuile iarracht ar leanúint liom ag scríobh, ag imirt, agus ag garraíodóireacht, agus ag caitheamh mo laethe fan bhóithrín anacair mo leasa, fad is a chuireann an Fear Thuas ar mo chumas a leithéid a dhéanamh.