Caibidil 6

Saolta ag athrú

Nach mór idir inné agus inniu, agus nach mór na hathruithe atá tagtha ar an saol ó bhí mise ag fás aníos thiar in Iorras Domhnann, i dtús thriochaidí an ocrais. Tá sé deacair agam fhéin anois an saol céanna sin a shamhlú fiú, gan trácht in aon chor ar é a thabhairt chun chruinnis. Ba gheall le saol na meánaoiseanna é, agus ba bheag rud i bhfoirm innealra nó áiseanna nua-aimseartha a bhí le fáil in ár measc, thiar , an t-am sin.

Ní raibh flúirse ag éinne, ach muid uilig ón lámh go dtí an béal, agus Conchúr Mór sa chúinne ag daoine an chuid ba mhó den am. Ní bhíodh aon teacht isteach rialta acu, nó b’fheirmeoirí beaga, nó iascairí, chuile dhuine acu. Ach ní chuige sin atá mé, an babhta seo, ach chuige seo. Acraí, agus modhanna oibre, atá ag dó na geirbe agam, an turas seo, go háirithe na hacraí, agus na modhanna sin, atá dearmadta, nó beagnach dearmadta, faoin am seo.

Leis an gceann a bhaint den scéal, tosóidh mé le scéal na móna. Ba mhór agus b’fhada an scéal againne thiar é, an t-am sin, i dtús na dtriochaidí. Ní raibh inneall bainte móna ag duine ar bith acu, an tráth sin, geallaimse dhuit é! Ní raibh mh’anam! Ní raibh acu ach an sleán, agus don té nach bhfaca ceann acu sin riamh, ba ghléas é cosúil le spád, ach amháin go raibh binn bheag, ghéar, ag gobadh amach ó thaobh amháin d’íochtar na spáide sin, leis an ngearadh a dhéanamh. Ba é an chéad rud a dhéanaidís mar sin, agus iad ag ullmhú don mhóin a bhaint, nó an portach a shioscadh, nó an barrfhód a bhaint de, agus é a chaitheamh isteach sa lagphortach, le ruaig a chur ar an uisce a bhíodh lonnaithe ansin. Ansin, théadh fear an tsleáin i mbun oibre, agus ghearradh sé na fóid leis an ngléas draíochta sin, agus chaitheadh sé ina chith uaidh iad, amach ar an mbruach, áit a mbeadh duine, nó beirt, ag fanacht len iad a chaitheamh níos faide amach fós, go dtí an port scartha, áit a ndéantaí iad a fhágáil le triomú faoi sholas agus faoi theas na gréine. Ba dheacair radharc ní b’fhearr a fheiceáil ná fear breá, scafánta, ag scaoileadh na bhfód uaidh ón sleán, faoi mar ba philéir as béal gunna iad, agus iad ag sleamhnú, agus ag sciorradh leo, fan na talún, deich dtroigh ó bharr an tsleáin. Bhí draíocht ag baint leis na radharac sin, murab ionann is saothrú na móna, sa lá atá inniu ann, nuair nach bhfuil le feiceáil agat ach an mhóin ag úscadh amach as inneall, faoi mar ba ispín mór dubh, ramhar, gránna í! B’fhéidir go raibh draíocht ag baint leis an obair, ach geallaimse dhuit é, go raibh anró agus cruatan ag baint leis freisin, nó bheadh do dhroim scoilte agat, tar éis lá iomlán a chaitheamh ag saothrú móna ar an bportach. D’fhágtaí an mhóin scartha ar an talamh mar sin ar feadh roinnt laethe, nó go mbíodh craiceann tagtha ar na fóid, agus ansin, dhéantaí í a iompú, le deis a thabhairt don taobh eile bolg le gréin a dhéanamh freisin! Nuair a bhíodh an mhóin láidir go leor le cur ina seasamh, dhéantaí roinnt fód a chur ina seasamh i gcoinne a chéile ina ngróigín, le deis a thabhairt dóibh triomú tuilleadh, agus uaidh sin, go gróigíní níos mó fós, go dtí go mbeadh an mhóin sách tirim le cur amach ar thaobh an bhóthair, áit a ndéanaidís cruach di. B’in an lá nuair a thagadh meitheal gasúr le chéile agus asal gona phárdóga móra ag chuile dhuine acu, agus chaitheadh siad an lá uilig ag tarlú na móna ón bportach amach go dtí taobh an bhóthair. Ba bheag am saor a bhíodh ag na gasúir chéanna sin ó éirí go luí na gréine, an lá cruógach céanna sin, ach mar sin fhéin, ba nás é, agus níor mhaith le héinne nós a dhéanamh, nó nós a bhriseadh, an tráth áirithe úd. Bhíodh bbuntáistí áirithe ag baint leis an lá, dár leis na gasúir fhéin. Bhíodh toitíní le fáil go flúirseach acu, agus anois is arís, bhíodh sú liomóide, nó buidéal beorach fiú! le fáil ag an té a dhéaanfadh gaisce i mbun na móna!

Ní call dom a rá, go mbíodh daoine fásta ansin freisin, leis na gasúir a bhrostú, aguss le gníomh a choinneáil leis an gcruach mhóna ar thaobh an bhóthair. Dár ndóigh, ní ghlacfaí le nós úd na dtoitíní sa lá atá inniu ann, ach an tráth úd, d’úsáidtí iad mar dhuais, le tuilleadh oibre a bhaint as na gasúir bhochta!

Bhíodh lá mór eile acu ansin ag tarlú na móna sin abhaile. Capaill agus cairteacha a bhíodh acu, nuair a bhíos fhéin im’ghasúr. Ach bhainidís úsáid as taarracóir, nó as leoraí, fiú, leis an mbeart sin a dhéanamh, ó aimsir an chogaidh i leith, ach bhíodh meitheal mhaith fear ag teastáil leis an ngnó sin a dhéanamh san aon lá amháin.

Gléas eile a bhíodh coitianta an tráth úd ba ea an castóir, sin an gléas a bhíodh acu le súgáin a dhéaanamh. Minic a chaith mé lá iomlán ag casadh na súgán diabhalta céanna sin, nó bhíodh an t-uafas den earra céanna sin ag teastáil don tuíodóireacht. Cailleach, a thugadh siad ar an gceirtlín ollmhór ságáin a dhéanaidís don ghnó sin. Bhíodh gá leis na súgáin le díon tuí a chur ar theach, nó ar chruach fhéir fhéin, an tráth úd. Agus féach! is beag nár dhein mé dearmad ar an speal agus ar an gcorrán, na hacraí a bhíodh acu le harbhar, nó le féar, a bhaint, an tráth úd. Ba í an speal an príomhghléas bainte a bhí acu agus mise ag fás aníos. Nuair a bhí mé i mo ghasúr, ní bhíodh inneall bainte ag duine ar bith sa chomharsanacht, agus nuair a smaoiníonn tú air, nár leor í an speal chéanna? nó bhíodh na feirmeacha beag, agus ní bhíodh acu leis an bhféar céanna sin a shábháil ach an píce agus an ráca! Arís bhí draíocht éigin ag baint le spealadóir a fheiceáil i mbun oibre, agus an siosarnach a dhéanadh an speal ghéar agus í ag réabadh a slí tríd an bhféar bog glas mar a ghearrfadh scian te a slí trí cnap ime, sea, agus an tsraith néata féir a d’fhágadh an buanaí ina dhiaidh, agus é ar a bhealach ó cheann ceann an mhóinéir. Bhí bua eile ag baint le hobair an spealadóra freisin, nuair a thagadh sé ar chuasnóg. Ní hé anois go dtaitníodh a leithéid leis an spealadóir, nó ní thaitníodh, ach thaitníodh sé linne, nó bhíodh mil le fáil, nuair a dhéanadh Daid an chuasnóg a chreachadh dúinn. Bhí baol ann áfach, go gcuirfeadh beach ga ionat, ach nár chuma, b’fhiú an tairbhe an trioblóid.

Ní raibh an corrán mórán in úsáid le mo linnse, ach ba bheag teach nach raibh ceann acu ann, mar bhaineadh siad úsáid as an acra céanna sin, nuair a bhíodh siad ag baint feamainne, nó nuair a bhíodh féar claí á bhaint acu, nó nuair a theastódh uathu féar a bhaint, áit ar bith nach bhféadfadh siad an speal a oibriú inti.

Bhuel, b’fhéidir gur leor sin don bhabhta seo, ach tá brosna eile scéalta sáinnithe istigh i gcistin na cuimhne agam, agus tá sé deacair go maith smacht a choinneáil orthu, nó teastaíonn ó chuile fhear acu éaló leis, amach ar fud na bhfud, ach bí cinnte go gcoinneoidh mé na cinn is fearr daoibhse, a léitheoirí.

en_USEnglish