DRAÍOCHT NA MARA MÓIRE.

.

Peadar Bairéad

.

Draíocht na Mara Móire

Ag breathnú siar ar dhánta a chum mé breis is trí scór bliain ó shoin a bhí mé an oíche cheana, nuair a tháinig mé ar an ndáinín bocht, neamhurchóideach seo. Bhí mé breá, óg, scafánta, faoin am a chum, agus é de nós agam uaireanta a’ chloig a chaitheamh ag siúl liom fhéin cois na trá gile gainmhí….

                                          

                                          Draíocht na Mara Móire,

Mar bhrat geal cúir anuas

Ar aigne ghlinn na hóige,

In Iorras binn na gcuan.

.

Tránna fairsinge, bána,

A mheallann fós mo dhán

Go tír dheas lách na meala,

Tar éis blianta fada ar fán.

.

Gualainn, Corrán, Inis Gluaire,

Carraig Mhainnín agus Inis Géidhe,

Dufair, Bearnach, is Sáilín,

Mar phéarlaí im bhraisléad.

.

Draíocht na Mara Móire,

Ag bualadh ar thrá mo shaoil,

Mar othra fós dom chosaint

Ar bhuairt, ar bhrón, ar aois.

.

Greadaigí libh a thonnta,

Ar thránna geala buí,

Caithigí chugam, ar phort na beatha,

Síocháin, lúcháir, is maoin.

.

Ag léamh an dáin sin anois, nach gceapfá go mba dhuine a raibh blianta fada caite aige ag streachailt leis an saol, a chum. Féach an dara véarsa, áit a bhfuil…”a mheallann fós mo dhán”… agus…”tar éis blianta fada ar fán.” Ní haon sicín lae a scríobhfadh a leithéid! Ach, i ndáiríre, ní raibh ionnam, ag an am, ach fear óg ina fhichidí!

Cófra na gcuimhní

Rugadh agus tógadh mé fhéin i ngiorracht scread asail don bhfarraige mhórthonnach, nó, bhí an Fharraige Mhór ardtonnach thart ar leathmhíle ar an dtaobh thiar dínn, agus cupla céad slat soir uainn bhí Cuan leathan, álainn, an Fhóid Duibh. Nuair a sheasainn ag doras tosaigh an tí s’againne bhi radharc agam ar Ghob Dubh, ar Sailin, agus ar an Rinn Bhán, agus bíodh go mba álainn an chuid sin de Chuan an Fhóid Duibh, níor thada é i gcomparáid le fiántas doshrianta na Farraige Móire. Chuaigh Carraig Mhainnín, Gualainn, An Corrán, agus Mainistir na Croise, fan an chósta, i gcionn go mór orm, ach ba mhó fós a chuaigh na hoileáin, Inis Géidhe Thuaidh agus Theas, Dufair, Inis Gluaire, agus Inis gCaorach, i bhfeidhm ar shamhlaíocht agus ar chuimhne m’aigne. Sea, agus d’fhan cuimhne na n-áiteanna sin mar throscán i gcistin m’aigne ón tráth sin i leith.

Imithe ar imirce

D’fhág mé an áilleacht sin uilig taobh thiar díom, nuair a d’fhág me Iorras le dul sna sagairt, ach thóg mé an troscán liom ar an imirce sin, agus nuair a théinn abhaile ar laethe saoire bhíodh deis agam athchuairt a thabhairt ar na hionaid áille sin, agus ag an am gcéanna, bhíodh ar mo chumas na híomhánna sin a sciúradh agus a shnasadh le linn na cuairte sin ar thír mo dhúchais, agus dá bharr sin, fanann na híomhánna céanna sin go glé, glan, glinn i gcófra na gcuimhní go dtí an lá atá inniu ann, agus is féidir liom tarraingt orthu, am ar bith a mhothaím tonn an dúchais ag briseadh ar thrá na haoise, Sea, agus nach breá rithimeach a shileann na logainmneacha sin óm theanga fós…

Gualainn, Corrán, Inis Gluaire,

Carraig Mhainnín agus Inis Géidhe

Dufair, Bearnach, is Sáilín,

Mar phéarlaí im bhraisléad.

Ach, b’fhéidir gur leor sin don bhabhta seo…………

en_USEnglish