I mBéal an Phobail

.

(In “I mBéal an Phobail” this week, we revisit the Rambling House tradition.)

.

Peadar Bairéad

Seanchas Iorrais….

Nach iomaí oíche fhada Gheimhridh a chaith mé fhéin, sa teach s’againne, i mbaile na Druime, ag éisteacht leis na daoine fásta ag seanchas dóibh fhéin go sona sásta, ar bhruach thine móire móna. Ba iad na hábhair a bhíodh idir chamáin acu, de ghnáth, nó na laethe a chaitheadar ag sclábhaiocht, is ag nábhaíocht, in Albain, agus ar bhain dóibh, agus iad ina ndeoraithe i bhfad ó bhaile, sa tír eachtrannach sin. Scaití eile, bhíodh a n-aird acu ar sheanchas a ndúiche fhéin, agus ba bheag áit i bparáiste na Cille Móire nach raibh a scéal agus a stair ar eolas go paiteanta acu. Is maith is cuimhin liom fhéin iad ag cur síos ar “Shaen’s Cut” agus ar Dhroichead Bhéal an Mhuirthead, agus ba dá bharr sin, a scríobh mé fhéin an píosa seo leanas, in eireaball na bliana 1993, inar éirigh liom scéal úd na seanfhondúirí a thabhairt suas chun dáta, agus sin an scéal a bheidh idir chamáin agam, an babhta seo.

In aimsir an Dara Chathal, sa bhliain 1676, fuair Sir James Shaen seilbh ar dhá dtrian de thailte Iorrais, i gContae Mhaigh Eo, ach dhealródh sé, gur bheag spéis a chuir an Sir James céanna sna tailte sin. Nuair a d’éag an fear saibhir sin áfach, sa bhliain 1695, thit na tailte uile sin, mar oidhreacht, ar a aonmhac, Sir Arthur Shaen, fear a chuir suim, sea, agus dhá shuim, i bhforbairt na n-eastát úd thiar.

Rinne sé na heastáit sin a choilíniú, agus bhunaigh sé coilíneacht sa Mhuirthead, áit ar shocraigh sé buíon Sasanach, gona Ministir, an tUrramach John Tollet. Thug sé a shealúchas fhéin do gach uile choilíneach acu, agus d’fhéach sé chuige, gur éirigh thar barr lena thionscadal thiar.

“Shaen’s Cut”

Faoin mbliain 1715, chuir Sir Arthur roimhe, baile beag a thógáil, san áit a bhfuil Béal an Mhuirthead suite anois. Ní raibh san áit an t-am sin ach riasc, nó bhí leithinis an Mhuirthead ceangailte den tír mhór an t-am sin, le cuing chaol talaimh. Chuir Sir Arthur daoine i mbun oibre, le canáil a ghearradh idir Inbhear Mór agus Cuan an Fhóid Duibh. Ba é an t-ainm a baisteadh ar an ngearradh sin nó “Shaen’s Cut”. Bhí an gearradh sin leathan go leor le báid bheaga a ligean ón Inbhear Mór isteach i gCuan an Fhóid Duibh.

D’fhág Shaen’s Cut go mba oileán é an Muirthead feasta. Ar ball, tógadh droichead trasna na canálach sin, agus lean cúrsai ar aghaidh go seoigh, ar feadh tamaill. Faoin mbliain 1752 áfach, bhí drochbhail ar an gcanáil, ach bhí Sir Arthur fhein ag tabhairt an fhéir, faoin am sin, nó fuair sé bás, ar an 24 Meitheamh, sa bhliain 1724

Ní raibh de shliocht ar Arthur Shaen ach beirt iníon, agus ar ball, nuair a phós siad, thit eastáit Shaen le John Bingham, agus le Henry Boyle Carter. Ba dhuine de shliocht Henry Boyle Carter a thóg baile Bhéal an Mhuirthead, nuair a d’iarr sé ar Patrick Knight, innealtóir, pleananna do bhaile mór Bhéal an Mhuirthead, a dhréachtadh, sa bhlain 1824. Faoin mbliain 1829, bhí baile mór tógtha ar an ionad. B’fhéidir nár leanadh pleananna Knight sa tionscadal sin, ach istigh i lár an bhaile, bhí, agus tá, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, Cearnóg Chartair, “Carter Square”, le cuimhne an bhunaitheora a choinneáil glas.

Ach le filleadh ar scéal na ndroichead…

I nDeireadh Fómhair na bliana 1845, chuir an rialtas £5,000.00 ar fáil, mar dheontas, le canáil cheart a thochailt, idir Cuan an Fhóid Duibh agus an Inbhear Mór, ar choinníoll go gcuirfeadh muintir na háite £4,000.00 dá gcuid airgid fhéin, leis an deontas sin. Chuathas i mbun oibre láithreach, ach níor críochnaíodh an obair go dtí an bhliain 1851, nó chuir an Gorta Mór isteach go tubaisteach ar thionscadal na canálach. Tógadh an chanáil nua in áit “Shaen’s Cut”, a gearradh breis agus céad triocha bliain roimhe sin. Tógadh sclóindroichead nua thar an chanáil , mar nasc idir an Leithinis agus an tír mhór. Bhí an chanáil nua, thart ar chaoga troigh ar leithead, agus cúig throigh déag ar doimhneas. Ba bhrea an ais i an chanail cheanna sin d’iascairi agus do bhadoiri na duiche, agus chuir an droichead ar chumas daoine trasnu on Mhuirthead fhein go dti an tir mhor am ar bith a thogroidis e. Ach fagfaidh me ruball an sceail sin go dti an chead bhabhta eile nuair a chuirfidh me sios ar Dhroichead Dhoire, agus Droichead Trakas. Bi liom ar an ocaid sin.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week “I mBéal an Phobail” again revisits our Rambling House)

Droichead Dhoire

Ní bhíonn in aon rud ach seal, agus ba é an dála céanna é ag sclóindroichead Bhéal an Mhuirthead, agus faoin mbliain 1900, tuigeadh go raibh a rás rite, agus shocraigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Bord na gCeantar Cúng ar dhroichead nua a chur ina ionad. Rinneadh an droichead sin a chur i dtoll a chéile i gCathair Dhoire, agus seoladh, ar bhád, as sin go Sligeach é, i Meitheamh na bliana 1903. Thóg sé trí mhí an droichead a thógáil as sin go Béal an Mhuirthead, nó bhí orthu, droichid, caidhséir, agus ceiseanna, a neartú, le meáchan an droichid nua a iompar. Droichead cruach, a bhí thart ar ocht dtroigh is daichead ar a fhad, a bhí ann. Socraíodh ina ionad é, i dtús na bliana, 1904. Ba bhreá láidir an droichead é, agus nach iomaí sin duine a thrasnaigh é, idir sin, agus an bhliain 1988, nuair a osclaíodh an droichead atá ann faoi láthair, thar an gcanáil, ag bun Shráid Mheiriceá. Bhíothas den tuairim, le scathamh maith roimhe sin, go raibh seandroichead Dhoire ag éirí contúirteach. Bíodh sin fíor, nó ná bíodh, ach thóg sé roinnt mhaith ama orthu, an seandroichead céanna sin a leagan, i ndeireadh na feide. Ba bheag nach raibh ar lucht na Comhairle Contae é a phléascadh, i ndeireadh na dála! Ba bheag Iorrasach nár shil deoir ina dhiaidh. mar nach iomaí sin deoraí a mhothaigh an seandroichead uaidh, agus é ar chuairt ar a dhúchas, agus nárbh iomaí sin deoraí a d’imigh thar an ndroichead sin, agus nach bhfillfeadh go deo leis an ndroichead céanna sin a thrasnú arís.

Nach orm fhéin a bhí an t-áthas, mar sin, agus mé ar saoire in Iorras, i dtús Mhí Lúnasa, 1993, nuair a chonaic mé go raibh droichead nua, do choisithe, á thógáil thar an gcanáil, san áit ar leagadh Droichead Dhoire, sa bhlain 1988. Tuigeadh dom láithreach, go raibh scéal éigin taobh thiar den tionscadal nua seo, agus chuaigh mé sa tóir air.

Lorg na nDealbh

Lorg na nDealbh, is cúis leis an ndroichead coisithe seo, agus mar is eol do chách faoin am seo, is cuid de chomóradh an chúigiú mílaois de chultúr Mhaigh Eo é, an Lorg céanna seo. Socraíodh ar roinnt áirithe dealbha a shuíomh in ionaid éagsúla, i dTuaisceart Mhaigh Eo. Thart ar cheithre cinn déag díobh a bheadh ann, agus é d’aidhm acu, cuairteoirí a mhealladh isteach ar an iargúil, le háilleacht na dúiche a bhlaiseadh ina iomláine. Taobh thiar de thionscadal seo an “Droichid” i mBéal an Mhuirthead, tá Comhar Iorrais, Clár “Leader”, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, agus Údarás na Gaeltachta. George Trakas atá i mbun an tionscadail seo. Dealbhóir as Manhattan, Mheiriceá, is ea George. B’eisean a dhear agus a rinne an droichead nua coisithe, i Saotharlann Chomhar Iorrais, agus b’eisean freisin, a chuir an droichead galánta seo i gceann a chéile, ar an ionad céanna ar ar suíodh Droichead Dhoire, sa bhlain 1904. Duine lách, geanúil, is ea George Trakas, a bhfuil aithne curtha ag muintir Iorrais air, cheana féin, agus fear a bhfuil gach uile eolas curtha aigesean ar dhroichid Bhéal an Mhuirthead freisin. Chonaic mé fhéin i mbun oibre é, agus mé ag gabháil thar bráid, agus mé ar saoire thiar, roimh Lá Mór an Logha.

Bhíodh George i mbun oibre, moch, déanach, na laethanta úd, nó bhí beartaithe aige an tionscadal a chríochnú ar an Luan, an 16 Lúnasa, agus bhí socraithe aige go n-osclófaí; an droichead, go hoifigiúil, tráthnóna an lae sin, ag a seacht. Bhíothas ag súil go mbeadh an domhan mór agus a mháthair ar an bhfód, don ócáid sin. Ní mar a shíltear a bhítear, go minic áfach, agus chuala mé ó shin, gur cuireadh moill ar chúrsaí, agus ar chúis amháin, nó ar chúis eile, níor críochnaíodh an tionscadal faoi mar a bhí socraithe ag George, ach gach uile sheans go mbeidh an chuid sin de Lorg na anDealbh críochnaithe, faoin am a mbeidh an píosa seo i gcló.

Droichead Trakas

Ar aon nós, tá beartaithe agamsa siúl trasna Dhroichead Trakas, nuair a thabharfaidh mé mo chéad chuairt eile ar Iorras na n-iontas, sa bhlain seo chugainn. Idir an dá linn, má bhuaileann an fonn taistil thú, téigh siar, agus cuartaigh an ceithre dhealbh déag atá folaithe ar Lorg na nDealbh, i dTuaisceart Mhaigh Eo.

Súil agam go n-éireoidh leat teacht orthu go léir! Amach anseo, déanfaidh mé tagairt do chupla ceann acu, le críoch a chur leis an tsraith aistí seo, faoi Iorras na nIontas.

Ní gá dhom a rá gur thrasnaigh mé an droichead álainn céanna sin go mion agus go minic ó shoin i leith, agus ní call a rá, ach oiread, gur chríochnaigh George Trakas a chruid oibre, go deas, bláfar, cumasach, agus go mbeidh a ainm luaite feasta i seanchas Iorrais, le Sir Arthur Shaen, le Henry Boyle Carter, agus le Patrick Knight. A chonách sin air!

.

.

en_USEnglish