E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 10

.

Le cupla caibidil anois, bhí an téarma SMA á úsáid agam go rialta, agus i ndáiríre, níor dhein mé aon ró-iarracht ar an téarma sin a mhíniú daoibh, agus tuigtear dom anois, nárbh olc an tseift í, tamall a chaitheamh ag cur síos ar an Eagraíocht Mhiseanach sin, a raibh mé fhéin ag iarraidh fáil isteach inti, an tráth úd. Anois, ní hOrd Crábhaidh atá i gceist againn anseo, ach Cumann Crábhaidh, nó cé nach mbíonn flúirse airgid ag duine ar bith den Chumann céanna sin, go bhfios domsa ach go háirithe, ag an am gcéanna, ní bhíonn orthu Móid Bhochtaineachta a thabhairt. Bíonn orthu Móid Umhlaíochta a thabhairt, ní dá n-easpag, ach dá n-uachtaráin fhéin, agus do cibé duine a chuirfeadh na huachtaráin chéanna sin ina mbun. Chomh fada is bhaineann sé leis an SMA sin, tagann sin ó ainm an Chumainn sa Laidin. “Societas Missionum ad Afros”, a thugtar orthu sa teanga ársa sin, agus b’iad cinnlitreacha na bhfocal sin a d’fhág SMA mar ainm orthu. Bhí ceangal idr an Cúige Éireannach den Chumann sin leis an bhFrainc, dár ndóigh, nó ba Easpag Francach a bhunaigh an Cumann, sa bhliain 1856. Joseph Marion de Bresillac, a bhí ar an easpag sin. B’fhear é, a raibh blianta caite san India aige, agus ó tharla gur éirigh sé as a chuid oibre ansin, nuair a tháinig sé ar ais chun na Fraince, theastaigh uaidh misean chun na hAifrice a bhunú. Thug sé cuairt ar an Vatacáin, le cead chuige sin a lorg, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur thug an Pápa an cead sin dó, agus thug “Sierra Leone” mar Chríoch Mhisineach dó. Bhailigh sé na pingneacha, agus cheannaigh teach i Lyons na Fraince, agus i gcionn cupla bliain, bhí triúr sagart agus beirt bhráithre, maraon leis an Easpag fhéin, amuigh i Sierra Leone, i mbun oibre, ach ar an drochuair, bhí an Fiabhras Buí ag réabadh roimhe sa tír sin, ag an am, agus taobh istigh d’achar gearr, cailleadh chuile dhuine den Chumann a bhí i Sierra Leone ag an am. Ní raibh fágtha ansin, i gceanncheathrú na Misean, i Lyons, ach Pere Planque, a fágadh i mbun cúrsaí ansin, agus beirt shagart, beirt bhráithre agus ceathrar ábhar sagairt. Thug an tAthair Planque aghaidh ar an Róimh, agus leag a chás os comhair an Phápa fhéin, agus dúirt leis, gur mhaith leis leanúint le fís an Easpaig de Bresillac a chur i gcrích. Thug an Pápa a bheannacht fhéin dó, agus mhol dó casán an easpaig a leanacht. Ba dhian an misean é, ag an am sin, nó ba é ainm a bhí ar an gcríoch mhiseanach sin acusan, ag an am, nó Reilg na bhFhear Geal, agus cúis mhaith chuige sin, nó ní mhaireadh na fir gheala chéanna ann, ar an meán, ach thart ar dhá bhliain. Caithfidh go raibh creideamh thar na bearta ag na misinéirí sin!

Bheannaigh Dia a saothar, nó taobh istigh de dheich mbliana, bhí triocha sagart den Chumann ag saothrú leo sa mhisean sin, agus faoin mbliain 1907 bhí breis agus dhá chéad misinéir amuigh ansin san Aifric acu. Bí ag caint ar fhás aon oíche!

Ach caithfimid dul siar beagáinín, go dtí seachtóidí an naoú haois déag, nuair a tharla go raibh dhá chríoch mhiseanacha thábhachtacha ag an SMA ina raibh Béarla á úsáid go hoifigiúil iontu, agus b’in iad an Nigéir, ar choilíneacht Sasanach í, ón mbliain 1862, agus An Aifric Theas, mar a raibh Béarla riachtanach do na misineirí. Mar sin, theastaigh misinéirí le Béarla go géar uathu, agus b’in a tharraing a n-aird ar Éirinn, a chéaduair. Sa bhliain 1876, d’oscail an SMA misean san Airfic Theas, agus tharla gur chuir siad aithne ar shagart Éireannach, dárb ainm James O Haire sa Chríoch sin, agus b’eisean a mhol dóibh dul go hÉirinn, le misinéirí a earcú ansin, le teacht i gcabhair orthu. Ba é deireadh an scéil sin é, no gur chuireadar an tAthair O Haire fhéin go hÉirinn thar a gceann. Thug sé a aghaidh ar Chorcaigh na Long, agus fuair cead ó Easpag Chorcaí dá thionscadal. An bhliain dár gcionn, chuir sé cearthrar mac léinn ó Chorcaigh go dtí an Chliarscoil i Lyons na Fraince, le dul i mbun staidéir don tsagartacht ansin. Níor fhan an tAthair O Haire i bhfad i gCorcaigh, nó níor bhall den SMA riamh é, agus chuaigh sé arais chun na hAfraice Theas arís, chomh luath agus a d’fhéadfadh sé. Cuireadh sagart Francach, “Pere Francois Devoucoux” go hÉirinn, sa bhliain 1878, lena áit a líonadh ansin. Tháinig Sasanach saibhir, a d’iompaigh ina Chaitliceach tamall roimhe sin, i gcabhair ar an sagart Francach sin, agus trína chabhair siúd, cheannaigh sé sealúchas breá ar Bhóthar na Carraige Duibhe, i gCorcaigh, agus ba ar an suíomh sin a tógadh scoil sa bhliain 1880, agus séipéal, an bhliain dár gcionn, agus is ar an suíomh sin atá croí agus ceanncheathrú an SMA sa tír seo, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Ba é a theastaigh ó na Francaigh áfach, nó an scoil sin a úsáid, le mic léinn a ullmhú dá gCliarscoil fhéin i Lyons, ach ar an gcéad dul síos, ní raibh an oiread sin mic léinn á n-earcú acu, agus níos measa fós, d’éirigh roinnt mhaith díobh sin as an staidéar, sular oirníodh ina sagairt thall iad. Ansin, tuigeadh dóibh, sa bhFrainc, go mba mhaith an smaoineamh é, úsáid a bhaint as an scoil sin i gCorcaigh, le deis a thabhairt do mhic léinn Francacha, seal a chaitheamh ansin ag foghlaim Béarla.

Sa mbliain 1883, cuireadh ball eile den Chumann go hÉirinn, in áit “Phere Devoucoux”. Eilbhéiseach ba ea an tAthair Joseph Zimmerman, agus chaith seisean ocht mbliana is fiche i gCorcaigh, agus b’eisean, thar éinne eile, a mhúnlaigh an Cúige Éireannach den SMA. D’éirigh leis an sagart iontach seo dul i gcionn ar easpaig, ar shagairt agus ar thuataí Éireann, agus fuair cabhair agus cúnamh fial flaithiúil uathu. Ach ba chóir a lua anseo, go ndeachaigh sé i gcionn, ar bhealach speisialta, ar Llewellyn Blake, ball de cheann de na clanna caitliceacha ba cháiliúla san Iarthar ó tháinig muintir De Burgo chun na dúiche sin, sa dara haois déag, agus ba in ómós dá shinsir Bhreatnacha a baisteadh Llewellyn air. B’iarshaighdiúir é, a chaith seal ag saighdiúireacht san India, mar bhall de na Connaught Rangers, mar ar bhain sé céim Leifteanantchornéal amach dó fhéin. B’fhear saibhir é, a raibh teach breá mór aige i Cloughballymore, láimh le Cill Cholgain, i gContae na Gaillimhe. Bhuel, ba é deireadh an scéil é, gur bhronn sé an teach sin ar an SMA, ach mhair sé fhéin sa teach sin in éindigh leo, go deireadh a laethe. Ar ball, fuair sé teach mór a athar, Ballinafad House, le hoidhreacht óna athair, agus bhfuil fhios agat céard a rinne sé leis an teach sin freisin? Sea, thug sé an teach sin freisin don SMA, sa bhliain 1908, agus b’in an áit a raibh Coláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada, mar ar chaith mé fhéin dhá bhliain, ag freastal air, i dtús na ndachaidí. Níorbh é amháin gur bhronn Llewellyn an dá áras álainn sin ar an SMA, ach bhí dhá eastát fhairsinge ag gabháil leis na hárais chéanna sin, agus bronnadh iadsan freisin orthu, agus chomh maith leo sin uilig, thug sé airgead dóibh go fial fairsing freisin, sa chaoi gur ghearr go raibh an tAthair Zimmerman ag iarraidh Cúige neamhspleách de Chumann an SMA a bhunú anseo in Éirinn, nó cheana féin, sa bhlain 1888, d’éirigh leo sealúchas breá fairsing eile a cheannacht i Wilton, ar imeall chathair Chorcaí áit ar tógadh Coláiste Sheosaimh, agus sa bhliain 1897, thóg an tAthair Zimmerman séipéal breá ansin, i Wilton. Tá an séipéal ansin go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus bheadh fhios agat láithreach, go raibh baint eicínt ag an seipéal sin leis an Eilbhéis, nó tá crochadh an dín níos géire i bhfad ná mar a gheofá, coitianta, sa tír seo.

Pé’r bith scéal é, d’éirigh leis an Athair Zimmerman an comhar a íoc le Llewellyn nuair a d’éirigh leis, a chur ina luí ar an bPápa, an teideal, Cunta, a bhronnadh air sa bhliain 1907, agus chomh maith le sin, deineadh ball onórach den SMA de. Níor bheag sin, lena meas air, agus lena n-urraim dó, a léiriú.

Fad is a bhí na rudaí sin uilig ag tarlú, bhí an sagart Eilbhéiseach sin, ar a mhíle dhícheall, ag iarraidh Cúige Éireannach den SMA a bhunú anseo, nó, go dtí an pointe sin, ní raibh acu anseo in Éirinn ach cuid den Mhisean Francach, gan Ionad Fealsúnachta nó Cliarascoil dá gcuid fhéin acu, le misinéirí Éireannacha a ullmhú don tsagartacht iontu, ach ní raibh na Francaigh sásta géilleadh puinn don Athair Zimmerman, nó dá lucht tacaíochta, agus bhí ina chogadh neamhaí eatarthu. I ndáiríre, rinne siad a míle dícheall le féachaint chuige, nach dtarlódh a leithéid, ach i ndeireadh na dála, bhí an brú ón Eilbhéiseach, agus ó Easpaig Éireannacha sách láidir, le cur ina luí ar an Vatacáin, gur chóir dóibhsean géilleadh, agus sa bhliain 1909, tugadh an cead pápúil do na hÉireannaigh, le scoil Fealsúnachta, agus Diagachta, dá gcuid fhéin, a bhunú ina gceanncheathrú, ar Bhóthar na Carraige Duibhe, i gCorcaigh. Osclaíodh na hionaid sin, ar an 20 Meán Fómhair, 1909, agus b’in an chéad Mhór-Chliarscoil, dírithe ar na misin choigríocha amháin, a osclaíodh riamh sa tír seo.

Bhí ceataí sa scéal áfach, nó ag an bpointe seo, dhearbhaigh na Francaigh don Vatacáin, go mbeadh siad sásta Cúige Éireannach den SMA a cheadú, ar choinníoll go ndéanfaí an tAthair Zimmerman a aisghairm chun na Fraince, agus an tAthair Stephen Kyne a chur go hÉirinn ina áit. Glacadh leis an gcomhghéilleadh sin sa Róimh, bíodh nach raibh na hEaspaig abhus, nó an Cunta Blake, sásta leis an socrú sin, olc, maith, nó dona, agus bíodh go ndearna siad chuile dhícheall a chur ina luí ar an Vatacáin nár chóir an tAthair Zimmerman a aisghairm, níor tugadh orthu áfach, ach an chluas bhodhar. D’imigh an sagart sin ar ais chun na Fraince, agus sa bhliain 1910 seoladh chun na Stát Aontaithe é, agus bíodh gur chaill roinnt mhaith de na hEaspaig agus de na tuataí Éireannacha, suim sa Chumann dá bharr, ag an am gcéanna, fuair na misinéirí Éireannacha cead a gCúige neamhspleách fhéin a bhunú, sa bhliain 1912. Go gairid ina dhiaidh sin, sa bhliain 1916, dhírigh na hEaspaig Éireannacha a ndúthracht ar Mhisean Mhá Nuat chun na Síne, agus ar ball arís, sa bhliain 1932, bunaíodh buíon eile, The Kiltegan Fathers, le dúil na nEaspag sna misin a léiriú, dúil a dhúisigh an tAthair Zimmerman iontu, blianta fada roimhe sin. Ag an am gcéanna, agus tráthúil go leor, bhí an-dul chun cinn déanta ag an SMA Éireannach, agus bhí an tAthair Stephen Kyne chomh díograiseach sin, gur éirigh leo, ní amháin teacht i dtír, ach d’éirigh leo fás agus forbairt, sa tslí go raibh an Cúige Éireannach den Chumann neamhspleách ar fad ar an Máthair-Chumann sa bhFrainc. Ach, chaithfeadh duine smaoineamh gur mhór an trua é, gur tharla an t-easaontas sin idir an Athair Zimmerman agus an Mháthair-Chumann céanna sin sa bhFrainc, nó níl dabht ar domhan, ach gur bhain an t-easaontas céanna sin siar go mór as a ndul chun cinn, agus as an tacaíocht, agus as an gcúnamh, a bhí curtha ar fáil dóibh, roimhe sin, ag Easpaig, ag sagairt, agus ag tuataí Éireann. Ach nach ’in an saol agat, a mhiceo!

Faoin mbliain 1922, bhí trí scór misinéir ag saothrú leo, ar na misin choigríocha, ag Cúige Éireann den SMA, agus ag an am gcéanna, bhí céad triocha ábhar sagairt á n-ullmhú don tsagartacht acu ina gcúig Choláiste, anseo i dtír na hÉireann. Osclaíodh Cliarscoil bhrea, nua, fairsing, don Chumann, in ”Dromantine”, i gContae an Dúin, sa bhliain 1926, nuair a d’éirigh leis an gCumann “Dromantine House” a cheannach, rud a tuigeadh a bheith dodhéanta sa taobh sin tíre, ag an am.. Ach beidh tuilleadh le rá agam faoi Cloughballymore House agus faoi Dromantine House, amach anseo.

D’imigh sin áfach, agus tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, tá an Cumann céanna sin beo beathaíoch fós, agus faoin am seo, tá naoi gCúige den Chumann ann, agus ceanncheathrú acu sa Róimh fhéin. Tá breis mhaith is míle sagart acu ar mhisin, ó cheann ceann na cruinne, agus ní gá a rá, gurb é an Cúige Éireannach, an Cúige is mó orthu uilig, nó tá thart ar cheithre chéad sagart acusan ar na misin. Tá tarraingt ar chéad milliún daoine ina gcónaí sna críocha a ndéanann siad freastal orthu, áit a bhfuil thart ar 4%, nó 5%, díobh ina gCaitlicigh.

Bhuel, sin agat anois roinnt éigin eolais faoin “outfit” a raibh mé fhéin bainteach leo, ar feadh breis is naoi mbliana, nó bhí mé i ngiorracht bhliain go leith do bheith oirnithe, nuair a d’fhág mé Cliarscoil Dromantine, sa bhliain 1950. Ach, b’fhéidir go bhfuil mo sháith ráite agam faoin SMA, an babhta seo, ach tuigeadh dom, nach bhféadfaí mo scéal a thuiscint i gceart, mura líonfainn isteach cuid den mhioneolas céanna sin.

.

.

.

.

en_USEnglish