E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 15

.

I Meán Fómhair na bliana 1947, chaith mé deich lá, nó mar sin, i gCathair na Gaillimhe, ag déanamh na Scrúduithe Céime. Bhí an aimsir go hálainn, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, ní raibh aon ró-dheacracht ag baint leis na scrúduithe céanna sin. Bhí an t-ullmhúchán uilig déanta agam i rith an tSamhraidh bhreá, bhrothallaigh sin, thiar in Iorras na nIontas, agus níor bhain aon cheann de na Páipéir Onóracha, sa scrúdú sin, aon stangadh asamsa. Bhí a shliocht orm, nó nuair a tháinig na torthaí chugam ar ball, fuair mé amach, gur éirigh liom go seoigh, sa Scrúdú Céime sin, agus bronnadh an Chéim sin orm, ar ball, an chéad duine de Bhairéadaigh Iorrais a bhain céim amach in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann riamh. Ach, bíodh a fhios agat anois, nár tuigeadh domsa, nó dom mhuintir thiar, go raibh aon éacht speisialta déanta agamsa, nó ní raibh ann i ndáiríre, ach an rud a mbeifeá ag súil leis ó dhuine a chaith a shaol uilig, suas go dtí an pointe sin, d’fhéadfá a rá, ag gabháil do na leabhair. Dá dteipfeadh orm, bhuel, ansin, chuirfí nath ann, gan aon agó.

.

I ndiaidh scrúduithe na Céime a chríochnú, thugamar, mé fhéin agus mo chomhleacaithe, a bhí ag déanamh a Scrúduithe Céime, i nGaillimh, in éineacht liom, thugamar aghaidh ar Dhromantine, an Chliarscoil s’againne, a bhí suite taobh amuigh de bhaile an Iúir, nó bhí na mic léinn eile ónár rangna, nach raibh ag gabháil don Chéim Onórach, bhí siadsan imithe thar nais go dtí Droim an tSín, cheana féin..

.

Bhí an dara cogadh domhanda thart faoin am sin, agus ní raibh cúrsaí taistil chomh holc sin ar fad. Ar an traein is ea chuamar ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath, agus bhaineamar sult is taitneamh as an turas sin. Chaitheamar seal maith ag imirt cartaí, b’fhéidir nach é sin an ealaín a mbeifeá ag súil lei ó ábhair shagairt, an t-am sin, ach, ag an am gcéanna, bhaineamarna toit agus spraoi as, agus nár bhreá an t-athrú é, ó bheith ag gabháil don staidéar agus do na scrúduithe. Shroicheamar an Ardchathair, ar deireadh thiar, agus bíodh go raibh bailte móra agus cathracha eile feicthe agam fhéin, roimhe sin, caithfidh mé a admháil gur bhain Áth Cliath radharc na súl díom. Ní raibh tada cosúil le Sráid Uí Chonaill feicthe agamsa riamh roimhe sin. Nár dheacair domsa sráid chomh fada lei, fiú a shamhlú, ach nuair a chuir tú le sin, leitheid na sráide, airde na bhfoirgneamh breá, a bhí suite ar chaon taobh den tsráid chéanna sin, agus furú agus fuirseadh na ndaoine, ní hamháin ar na taobhchasáin ach iad ag rith is ag sodar leo trasna na sráide sin, faoi mar a bheadh Dia á rá leo, agus iad beag beann ar mhéad, nó ar luas, an tráchta, a bhí ag greadadh leis, síos suas na sráide céanna sin, nár leor an radharc céanna sin, le duine mar mise a mhearú scun scan, sea, agus an t-anam a scanrú ann, go ceann roinnt mhaith blianta ina dhiaidh sin freisin. Is féidir liom an radharc sin a fheiceáil trí shúile na cuimhne anois fhéin, agus mé suite ag mo ríomhaire anseo, ag iarraidh athchuairt a thabhairt ar na laethe glórmhara úd.

Bhí an t-ádh orainn, ar bhealach, nó bhí cupla gasúr as an Ardchathair inár measc, agus rinne siadsan a ndícheall bealaí na cathrach a mhúineadh dúinn, ach tá faitíos orm, go raibh sé fánach acu bheith ag iarraidh a leithéid a dhéanamh domsa ach go háirithe, nó bhí bealaí na tuaithe ró-fhréamhaithe sa chroí istigh ionnamsa, faoin am sin. Ach chuamar isteach leo go Caffola’s agus chaitheamar uachtar reoite a raibh ainm glórmhar samhlaíoch air, ainm cosúil le, Knickerbocker Glory, nó rud eicínt dá leithéid, agus blas chomh hálainn, is a bhlais mé riamh, air.

.

Ar deireadh, thugamar uilig aghaidh ar Stáisiún na Traenach ag Sráid Amiens, agus ár málaí taistil á n-iompar againn, agus chuamar ar bord traenach ansin, tar éis dúinn na ticéid chuí a cheannacht. Ar ball, ghluais an traein sin amach as an stáisiún, agus thug a haghaidh ó thuaidh. Bhuel, ar bhealach eicínt nár thuigeas-sa fhéin in aon chor, ba ghearr gur thugas faoi deara, go raibh atmosféar na traenach athraithe, go huile is go hiomlán, agus bíodh go rabhamar fós ag taisteal i dtír na hÉireann, agus sa Stát s’againne, thugamar faoi deara, nach raibh sin le tabhairt faoi deara sa traein sin istigh. Bhí athrú tagtha ar chuile shórt. Ní raibh fonn grinn nó spóirt orainn, a thuilleadh. Níor ardaigh daoine a nguth agus iad i mbun cainte nó comhrá, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, bheadh tuairim ag duine, go mbfhéidir go mba dhú-oráisteach, an fear, nó an bhean, a bhí suite os do chomhair amach ansin. Níor bhain mé fhéin aon toit nó spraoi as an turas sin ó thuaidh. Thugamar suntas don Bhóinn agus muid ar ár mbealach thairsti, agus dhúisigh sí smaointe ionainn, ar chathanna a troideadh, agus a briseadh orainn, siar tríd an stair, rud nár chuir lenár ngiúmar, ar ár mbealach go Droim an tSín.

.

Ag stáisiún an Iúir, thuirlingíomar, agus nach orainn a bhí an t-áthas, go rabhthas romhainn ansin le gluaisteáin, le sinn fhéin agus ár málaí taistil, a tharlú leo abhaile go Cliarscoil Dhroim an tSín.

.

Níor thóg sé i bhfad orainn, an turas a dhéanamh, ón stáisiún traenach go dtí an Coláiste Sagartachta sin, a bhí suite i lár dhúiche na bhfear buí, faoi mar a tuigeadh dúinne, ach go háirithe. Nuair a shroicheamar an Coláiste, bhí roinnt mhaith dár gcairde ansin, le fáilte a chur romhainn, nó bhí ansin na fir a raibh aithne againn orthu onár mblianta ag staidéar leo, i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, i gColáiste Sheosaimh, Corcaigh, agus i gCloughballymore House, i gContae na Gaillimhe. Bhí sagairt ansin freisin, le chuile eolas a chur ar fáil dúinn, agus lenár gceisteanna a fhreagairt. Níor thóg sé i bhfad orthu uilig ár seomraí a theaspáint dúinn, agus b’in difir mhór idir an Choláiste seo Dhrom an tSín agus na Coláistí ar dhein muid freastal orthu roimhe sin, nó bhí seomra dá chuid fhéin ag chuile dhuine againn anois, agus ba mhór go deo an chéim chun tosaigh é sin ar an gcineál saoil a chaitheamar, mar mhic léinn, go nuige sin. Nuair a bhí na socruithe sin uilig déanta againn, tógadh ar chuairt sinn, thart ar an bhfoirgneamh ar fad. Ní call dom a rá, gur chuireamar spéis faoi leith sa Phroinnteach, nó bheadh tábhacht thar na bearta ag an teach céanna sin, i gcúrsaí ár saoil, chuile lá, uaidh sin amach, ar feadh na gceithre bliana a bhí os ár gcomhair amach, mar mhic léinn Diagachta, i gColáiste Dhrom an tSín, ansin i gContae an Dúin.

Bhí béile breá leagtha amach dúinn ansin sa Phroinnteach céanna sin, agus caithfidh mé a rá leat, gur bhaineamar toit agus cnagarnach as, nó bhíomar stiúctha leis an ocras, faoin am sin. Nuair a bhí an béile sin ite againn, tógadh ar chuairt chun an Aireagail sinn. Ó, a Thiarna, nár mhór idir an Aireagal seo agus na hAireagail a bhí againn sna Coláistí eile. Bhí an tAireagal seo leagtha amach go hálainn, ealaíonta, sciliiúil, agus é maisithe ornáidithe, snasta, ó bhun go barr. B’Aireagal faoi leith é seo, nó b’Aireagal do Chliarscoil Sinsearach é, agus ní hé amháin go raibh Príomhaltóir álainn, snoite, neamhaí ann, ach bhí thart ar scór altóir eile, thart le falla, san Aireagal céanna sin, nó caithfear cuimhneamh, go mbíodh foireann mhór sagart ag cur fúthu ansin, agus go mbíodh nós an Aifrinn aonair faoi lán-tseol, an tam sin, murab ionann is anois, nuair a deintear Aifreann a chomhcheiliúradh, i gcúinsí dá leithéid. Chuaigh an tAireagal céanna sin i bhfeidhm go mór orainn uilig, agus bíodh go bhfuil mám maith blianta imithe isteach i muileann an ama, san idirlinn, tagann cuimhne an Aireagail álainn sin ar ais go seoigh chugam, anois fhéin, agus mé ag iarraidh pictiúr na laethe sin a athdhathú, i ndathanna beoga, bríomhara, glinne, dhachaidí déanacha na haoise seo caite.

Ach b’fhéidir gur chóir dom an chuid eile den ghnó seo a fhágáil don chéad chaibidil eile

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

E a c h t r a i g h D ú i n n 28 A.

.

**********************

.

Ba ghearr gur tháinig muid isteach ar chlár ár laethe sa Choláiste Sagartachta sin, nó i ndáiríre, bhí seanchleachtadh faighte againne, cheana féin, ar an gcineál sin saoil. Ní seomraí ranga a bhí againn anois áfach, ach hallaí léachta, agus in áit ranganna, is amhlaidh a thugtaí léachtaí dúinn. Bhíomar ag staidéar anois ar an tríú leibhéal, cé go raibh céim bainte amach ag ár mbunús, cheana féin, agus diaidh ar ndiaidh thángamar isteach ar bhealaí na hInstitiúide sin. Nuair a bhí chuile rud feicthe, scrúdaithe, againn, bhí sé in am soip, agus tar eis dúinn paidreacha na hoíche a rá, thugamar ár seomraí orainn fhéin. Saol eile ar fad a bhí againn anois, i gcomparáid leis an saol a bhí againn sna Coláistí eile, agus b’iontach go deo an bhuntáiste é, do sheomra fhéin a bheith agat. D’fhéadfá seal a chaitheamh ag léamh, nó ag staidéar, nó ag gabháil do cheird ar bith a bheadh idir lámha agat, ag an am. Chomh fada anois agus is cuimhin liom, ní bhíodh aon chlúdach ar bith ar na hurláir againn, sna seomraí chéad bhliana sin, ach bhí cófra éadaigh, leabhragán, báisín lámh, leaba, agus bord, nó crinlín, le do chuid staidéar a dhéanamh air, agus chomh maith leo sin uilig, bhí scuab urláir agus méisín deannaigh ansin, le leide thabhairt duit, go rabhthas ag súil go gcoinneofá an áit deas, glan, néata. Bhíomarna thuas ag barr an tí, ar an dtríú, nó ar an gceathrú hurlár, sílim anois, ach nár chuma faoi sin, nó thart orainn, bhí na daltaí a rinne a gcuid saighdiúireachta linn, le mám blianta roimhe sin, cuid acu mar chomrádaithe againn, ó laethe Bhéal an Átha Fhada, anuas.

.

Bhí an áit an-mhór go deo, nó cé gur cheannaigh an SMA, Dromantine House, thart ar lár na bhfichidí, níor osclaíodh é mar Choláiste Diagachta an SMA, go dtí an bhliain 1926. Ba é an tAthair Slattery, a bhí taobh thiar den tionscnamh sin uilig. Anois, ba é an scéal a chuala mise nó, gur cuireadh an Teach agus an fheirm mhór a bhí ag gabháil leis, ar an margadh, agus cé gur chuir lucht an SMA suim agus dhá shuim sa sealúchas céanna sin, nó d’oirfeadh siad go seoigh dá riachtanais, agus biodh go raibh an t-airgead acu chuige, ag an am gcéanna, tuigeadh dóibh nach mbeadh seans ar domhan go ndíolfaí d’eagraíocht Chaitliceach, cosúil leis an SMA, iad, agus ba é dhein siad, nó é a cheannacht trí dhlíodóir. Ní raibh na dúchasaigh ró-shásta, nuair a chuala siad faoi na húnéirí nua, agus arís, bhí sé ina scéal scéil inár measc, gur deineadh cupla iarracht nimh a chur ina soláthar uisce, ach, ní raibh aon chruthú riamh againne, gur mar sin a tharla. Faoi mar adúirt mé, ní raibh ann ach, “dúirt bean liom, go ndúirt bean lei, gur chuala sise bean eile á rá”. Nó ar chóir dom an focal, “bean”, a fhágáil ar lár ansin, agus focal ar nós, “duine,” a chur isteach ina áit? Ní dóigh liom go mbeadh an dúchas céanna sa leagan athraithe!! Ag an am gcéanna, níor mhothaigh mé fhéin riamh, go raibh na comharsana, a bhí againn i nDroim an tSín, ró-chairdiúil linn, agus tharlaíodh corr rud, anois is arís, a chuireadh sin ar ár súile dúinn.

.

Mo chuidse de, tharla am eicínt, le linn mo laethe sa Choláiste Diagachta sin Dhroim an tSín, go raibh orm seal a chaitheamh in Ospidéal an Mhater, i mBéal Feirste. Bhí cupla gearán ag cur as dom, ag an am, agus b’éigean dom seal a chaitheamh istigh. Tráth raibh mé istigh ansin, chuir mé aithne ar roinnt mhaith daoine, agus caithfidh mé a admháil go raibh a mbunús cairdiúil, carthannach, lách, ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo.

Nuair a bhí mo sheal san ospidéal sin caite, bhí orm, mar a d’inis mé dhuit cheana, mo bhealach a dhéanamh ar ais go dtí an Coláiste, ach nuair a thuirling mé den bhus, ag an mbus-stad ba chóngaraí do Dhrom an tSín, bhí rothar fágtha ansin dom, le mo bhealach a dhéanamh abhaile dom fhéin. Bhuel, níor luaithe suite ar mo rothar mé, agus mé ag tosú ar mo thuras abhaile, nó chonaic mé beirt fhear ag léimt ar rothair, taobh thiar díom, agus thuig mé láithreaach, go raibh siad sa tóir orm. Agus bíodh go raibh mé fhéin lagaithe go maith, tar éis mo sheal san ospidéal, ag an am gcéanna, thuig mé go brí an tseanfhocail go rí-maith “nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith”, agus geallaimse dhuit é, go mbeadh sé deaair go maith teacht suas liom, ar an rás sin go dtí geata mór an Choláiste. Ar aon chuma, d’éirigh liom geata an Choláiste a bhaint amach rompu, agus níor lean an bheirt ghaiscíoch isteach thar an ngeata céanna sin mé. Dúradh liom, ar ball, go mba bhaill de na “B Specials” a bhí iontu, agus chuile sheans, dá mbéarfaidís orm, go dtógfaí chun na beairice mé, le mo cheistiú, cibé cén saghas ceisteanna a bheadh i gceist acu? Ar aon nós, tuigeadh domsa, nach gcuirfí aon ró-fháilte romham sa mbeairic chéanna sin, nó tuigeadh dom, nach maith an nós é bheith ag brú ar an ndoicheall, agus bí cinnte dhe, go mothófá an doicheall amh, oscailte, céanna sin, romhat, sa dúiche chéanna sin.

Comhartha eile nach raibh aon ró-fháilte romhainne, sna bailte in aice láimhe linn, nó,

teacht an tSamhraidh, go hiondúil, nuair a thosaíodh na fir bhuí ag cleachtadh drumadóireachta, don “Twalfth”, níor neamhchoitianta in aon chor an rud é, go dtiocfadh díograiseoir oráisteach eicínt suas go geata tosaigh an Choláiste s’againne, agus é ag leadradh a Dhruma Mór, faoi mar a bheadh Dia á rá leis, nó b’fháidir gur ón dtaobh eile a fuair sé a inspreagadh! Chuirfeadh an torann millteanach, cluasphléascach, aduain sin, an croí trasna ionat, nuair a chloisfeá é i lár na hoíche ciúine, agus gan a fhios agat, i ndáiríre, cén fuadar a bhí faoi na fir bhuí a bhí timpeall ort, ag an am. Ar aon nós, thangamar slán ó na hionsaithe sin uilig, ach má tháinig fhéin, fanann cuimhne na n-oícheannta sin, go glas fós i gcroí mo chuimhne, agus fanfaidh go leagfar na hordóga orm, nó tuigeadh domsa, ach go háirithe, gur le drochrún agus le drochchroí, a buaileadh chuile buille dár chualamar uathusan. Bhíodh faitíos orm fhéin i gcónaí, go gcuirfidís an áit trí thine, ach bhíodh an t-ádh orainn go mbíodh an Coláiste dúnta thart faoin “Twalfth”, agus bhínn fhéin ar mo sháimhín só, thiar in Iorras na nIontas, agus gan spéis dá laghad agam sna fir bhuí, nó ina gcuid máirseála. Ach ó tharla gur luaigh mé Dromantine House, sa chomhrá sin, is dócha gur chóir dom a lua, gur thréigh an SMA an t-ionad sin, sa bhliain 1973, nuair a shocraigh siad ar a gcuid staidéar Diagachta a dhéanamh feasta, i Má Nuat.

.

Bheadh sé deacair teach níos áille, níos dea-dheartha, níos dea-thógtha, ná Teach Dhroim an tSín a fháil i do shiúl lae. Is dócha go ndéarfadh duine, go raibh cuma claisiceach air, mar fhoirgneamh, agus é mór, maisiúil, téagartha, agus cuma air, go mba chuid den dúiche timpeall é, ach ní call dom a rá, gur deineadh an t-uafás tógála timpeall ar an dteach bunaidh, ach fiú sa chás sin fhéin, níor chaill an seanteach a dhínit, nó a uaisleacht, nó a shnas, riamh. Ó! sea, agus bí ag caint ar gharraithe! Bhí siad sin ann, nó timpeall an Tí Mhóir ar fad, bhí garraithe de chuile shórt. Bhí toir agus bláthanna den scoth, ina mílte sa timpeall, agus chuile cheann acu níos áille agus níos maisiúla ná an ceann eile. Bhí ansin freisin, crainn ina gcéadta, agus iad ag baint barr áille dá chéile trí éagsúlacht a ndatha, agus a gcuma. Leagadh amach na garraithe, agus cuireadh na crainn, go healaíonta, cliste, sciliúil, sa tslí go dtógfadh siad croí an té a chaithfeadh seal ina measc.

.

Bhí ann freisin, fuaráin, agus linnte uisce thart orthu, agus i gclúideanna cúlráideacha, i measc na gcrann is na dtor, bhí tigíní cluthara agus suíocháin fhoscúla, le deis a thabhairt do dhuine, seal a chaitheamh ar a sháimhín só ansin, agus é i dteangmháil leis an dúlra. Sea, b’álainn an Teach a bhí acu ansin, agus b’álainn na garraithe a bhí timpeall ar an dTeach Mór céanna sin, agus timpeall ar an áitreabh sin ar fad, bhí, dár ndóigh, feirm an-mhór, agus ní athraíonn cúrsaí chomh mór sin riamh, nó tomhas, céard a tharlaíodh nuair a bhíodh cruóg ar lucht na feirme, tráth mbídís ag cur na bhfataí san Earrach, nó á bpiocadh sa bhFómhar, nó ag bualadh an arbhair b’fhéidir? Sea, tá an ceart agat, chuireadh siad fios ar na spailpíní fánacha leis an sclábhaíocht a dhéanamh. Ní gá dhom a rá, go mba fhuath liom fhéin an cineál sin oibre, chuile lá riamh, ach amháin ar ár bhfeirmín fhéin sa bhaile fadó, ach sin scéal eile ar fad. Ba í cúis nár thaitin an cineál sin oibre sin liom, ag an am, nó go mbíodh an t-asma ag cur as dom, i gcúinsí dá leithéid. Ach, b’fhéidir gur chóir dom an scéal a fhágáil mar sin, don bhabhta seo, agus fillfidh mé ar an ábhar sin, sa chéad ghála eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar an gcineál saoil a bhí againn, agus muid ag treabhadh linn trí na Cúrsaí Diagachta agus Fealsúnachta, thuas ansin, i nDroim an tSín, i gContae álainn daingean an Dúin, faoi scáth Shléibhte Mughdhorna.

Go dti an chead ghala eile…….Slan……..

.

***************

Peadar Bairéad.

***************

.

en_USEnglish