E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 16

.

Ba ghearr go raibh mé socruithe síos i gColáiste Dhroim an tSín, agus bíodh go raibh cuid de mo chomhleacaithe tosaithe sa Chliarscoil sin le tamall romham, ba ghearr go raibh mé tagtha isteach ar na hábhair nua, a bhí idir chamáin againn sa Choláiste Diagachta sin, Dromantine. Ba mhór idir na hábhair sin agus a mbíodh ar siúl againn sna Coláistí eile, ach ag an am gcéanna, ba chuid den tsruth céanna staidéir iad. Bhí Diagacht Dogmach, Diagacht Mhorálta, Dlí Canónta, na Scrioptúir, Caitisceasmaic, Rúibricí, agus an Reiligiún fhéin. Don chéad uair anois, bhí bunús na dtéacsleabhar i Laidin, ach i ndáiríre, níor chuir sé sin as go ró-mhór dúinn, agus ba ghearr gur tháinig muid isteach ar an Laidin chéanna sin. Ná ceap anois go raibh ar ár gcumas, ár gcomhrá a dhéanamh go héasca sa teanga sin, nó ní raibh, ach, ag an am gcéanna, bhí ar ár gcumas í a léamh go réasúnta réidh. Tar éis dúinn téarma, nó mar sin, a chur isteach ag gabháil do na hábhair sin, tuigeadh dom fhéin, go raibh siad chomh héasca le haon bhrainse eile léinn, agus bíodh gur éirigh liom fhéin go maith sna hábhair sin, frí cheile, d’éirigh thar barr liom sa Dlí Canónta, agus b’in mo rogha ábhair, fad is a d’fhan mé i nDroim an tSín. Ná síltear anois, go bhfuilim thar a bheith maíteach anseo, faoi’n chaoi ar éirigh liom sna staidéir chéanna sin, ach “an fhírinne i gcónaí”, mar adúirt an fear fadó, go háirithe, nuair nach mbaineann sí sclaimh asat!

I gcás na hoibre tí a bhíodh á déanamh againn sna Coláistí eile, geallaimse dhuit é, nár tháinig aon athrú sna cúrsaí sin, agus bhíothas ag brath orainne, mic léinn, leis an áit ar fad a choinneáil glan, ó bhun go barr. Bhí foireann mhór ollúna againn sa Choláiste sin, agus bhíodh de dhualgas ar chuid againn bheith inár ngiollaí seomra acu, le haire a thabhairt do na seomraí céanna sin. Bhí mé fhéin im ghiolla seomra, agus bíodh go raibh orm an seomra sin a choinneáil glan, néata, tine a fhadú ann, chuile mhaidin, agus leabhair agus nótaí a chur in ord agus in eagar, agus bíodh go raibh an obair sin dian go maith, b’fhearr liom fhéin an cineál sin oibre ná bheith amuigh ar fud an Choláiste, ag scuabadh, ag snasú, ag ní, is ag glanadh, idir hallaí is sheomraí, idir phóirsí agus staighrí, chuile mhaidin. Ach san iarnóin áfach, bhíodh ar chuile dhuine againn, tamall a chaitheamh arís i mbun oibre, nó nach raibh bóithre agus bóithríní le glanadh is le cóiriú, agus gortghlanah le dhéanamh ar na bláthcheapacha, agus chomh maith le sin, nach raibh bláthanna le cur, sea, agus am ar bith a mbeadh gá leis, nach raibh obair feirme le déanamh? Mura mbeadh an obair uilig sin a rinne na mic léinn, is dócha nach mbeadh ar chumas údaráis an Choláiste íoc as chuile shórt, nó bhí an áit chomh huafásach mór sin, go dtógfadh sé fortún beag, le híoc as a raibh le déanamh ansin, chuile lá.

Ceithre bliana ar fad a bhí le caitheamh againn sa Chliarscoil sin, Dhroim an tSín, agus i rith an ama sin, d’fhoghlaim na hábhair sagairt chuile shórt a bheadh ag teastáil uathu, agus iad i mbun a gcuid dualgaisí, ar ball, amuigh ar na misin san Aifric. I rith na mblianta sin freisin, bhídís gléasta in éadaigh an tsagairt, agus sútán á chaitheamh ag chuile mhac an pheata acu, sea, agus bóna snasta geal an tsagairt thart ar a mhuinéal aige freisin. Bhí an leagan amach sin breá sásúil i rith an Gheimhridh, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh na Geimhrí ansin feanntach fuar, ach sceal eile ar fad a bhí ann le linn an tSamhraidh, ach is dócha, go raibh an t-ádh linn, nó bhíodh muid ar laethe saoire, le linn an chuid ba mhó, agus ba theo, de na Samhraí brothallacha céanna sin.

Ar do bhealach isteach sa Choláiste, ón ngeata tosaigh isteach, an t-am sin, ní fhéadfá gan suntas a thabhairt do shraith de bhotháin sinciarainn, ar thaobh an aibhinne. Chuirfeá ceist ort fhéin fúthu. Tuige an raibh siad ansin? Cad í an úsáid a bhaintí astu? Chuirfeadh sé ionadh ort, a fháil amach, go mba iad na Puncáin a thóg na botháin chéanna sin, nó bhí chuid mhaith saighdiúirí Meiriceánacha lonnaithe sa Tuaisceart, le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus dár ndóigh, is dócha nár chuir sé isteach go ró-mhór ar na húdaráis ó thuaidh, saighdiúirí Mheiriceá a chur ar choinmheadh, taobh amuigh de dhoras tosaigh an Choláiste Chaitlicigh sin Dhroim an tSín, geall leis! Caithfidh go raibh roinnt mhaith acu ann freisin, agus deireadh muintir na háite linn, go mbíodh damhsaí ar siúl sa champa sin acu, chuile dheireadh seachtaine, agus go raibh sé de nós ag na saighdiúirí, leoraithe dá gcuid, a chur amach ar fud na dúiche, le síob isteach chuig an damhsa, a thabhairt do chailíní óga na háite, nó dóibh siúd, ach go háirithe, a raibh fonn orthu dul ag rince sa champa. Ait go leor, níor bhain údaráis an Choláiste aon úsáid as na botháin chéanna sin riamh, bíodh go raibh an-bhail orthu fós, tráth a raibh mé fhéin ag freastal ar Dhroim an tSín.

Fad is a bhíomar ag freastal ar an gCliarscoil Diagachta sin, leanamar den nós a bhí againn sna Coláistí eile, sé sin dul amach ag siúl chuile Dhomhnach. B’álainn an taobh tíre a bhí thart orainn ansin, agus ba bhreá an crot a bhí ar chuile shórt, idir bhóithre, agus bhóithríní, idir ghoirt agus mhóinéir. Níl dabht ar domhan, ach go raibh cuma an airgid ar chuile shórt ó thuaidh, murab ionann is an taobh tíre s’againne, an t-am sin, nó ba bhocht an leagan amach a bhí ar chúrsaí anseo sa Deisceart, an tráth úd, i ndeireadh na ndaichidí. Bhí an cogadh mór thart, agus bhí ciondáil fós i bhfeidhm anseo, sea, agus chuile shórt gann, nó ní raibh ar ár gcumas mórán a iompórtáil chun na tíre seo, an tráth úd.

Bhí foireann bhreá ollúna againn sa Choláiste Diagachta sin, agus tá cuimhne ghlé, ghlinn, agam fós ar chuile dhuine acu. B’fhir léannta, eolgaiseacha, oilte, cráifeacha, iad, agus ní call dom a rá, go raibh orthu roinnt mhaith staidéir a dhéanamh ina n-ábhair, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas ceisteanna crua na mac léinn a fhreagairt, ó ló go ló, nó níorbh aon dóichín iad na mic léinn chéanna sin, chomh fada is a bhain se le léann agus staidéar, le taighde agus le fiosrú, sa tslí, go mbíodh ar na hollúna bheith ar a n-aire, chuile nóiméad, nó bhíodh cead ag na mic léinn ceisteanna a scaoileadh chucu, am ar bith. Is cuimhin liom fear amháin de na hOllúna sin go dtí an ló atá inniu ann, toisc an nóis a bhí aige, cupla nóiméad a chaitheamh, roimh chuile léacht dá chuid, ag léamh roinnt véarsaí as “Curly Wee agus Gussie Goose” greannvéarsaí a bhíodh le léamh san Irish Independent, chuile lá, an t-am sin. A Mham, bail ó Dhia uirthi, a bhailíodh iad agus a chuireadh chuige tríd an bpost iad, go rialta. Ní raibh fhios agam riamh cén fáth ar chleacht sé an nós sin. B’fhéidir gur theastaigh uaidh atmosféar éatrom a chruthú dá chuid oibre fhéin, nó b’fhéidir arís, gurbh amhlaidh a theastaigh uaidh, a aigne fhéin a shuaimhniú, agus a chiúiniú, don ghnó a bhí le déanamh aige. Ach cibé ar bith cúis a bhí leis, caithfidh mé a admháil, gur bhaineamarna, mic léinn, lán-taitneamh as na véarsaí céanna sin a léadh an Maigh Eoch cineálta sinn dúinn, tarraingt ar thrí scór bliain ó shoin anois. Sea, bhí a bhealach oibre fhéin forbartha ag chuile Ollamh acu, agus caithfidh mé a admháil, go raibh meas againne ar chuile dhuine acu, sea, agus é creidthe againn freisin, go raibh an meas céanna sin tuillte, agus tuillte go maith acu uainn. Bhí féith an ghrinn ina mbunús, bíodh go raibh corrdhuine acu a bhí ró-dháiríreach, ar bhealach eicínt. Ná ceap anois, nach mbíodh ar siúl againn, ach sport agus spraoi, nó a mhalairt a bhí fíor, i ndáiríre, agus dá ndéanfá rud ar bith as an mbealach, bí chinte, go nglaofaí os comhair dhuine eicínt, ar bhain do choirse lena ghortsan, thú agus bheadh ort ansin do bheart a mhíniú, agus tú fhéin a chosaint sa chúirt sin.

Tráth raibh mé fhéin ag freastal ar an gColáiste Diagachta sin, Dhroim an tSín, thosaigh an múchadh ag cur as dom, níos mó ná mar ba ghnáth, agus ba mhinic mé fágtha sa leaba, ar maidin, tráth a mbíodh an chuid eile den teach ag paidreoireacht leo san Aireagal. Ba é deireadh an scéil sin é, nó gur cuireadh isteach in Ospidéal an Mhater, i mBéal Feirste mé, áit ar chuir lia faoi scian mé, gur fhág sé gan “Septum”, agus gan Chéislíní mé. Thaitin an t-am a chaith mé san ospidéal sin go mór liom, agus chuir mé aithne ar othair, ar dhochtúirí, agus ar bhanaltraí, le linn mo thréimhse ansin. Fanann cuimhne na laethe sin go glas fós i gcistin m’aigne, agus is breá liom fós, dul siar ar na heachtraí a bhain dom san ospidéal céanna sin. Ach b’fhéidir gur chóir dom na cúrsaí sin a fhágáil don chéad chaibidil eile

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish