.

E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 17

.

.

Tar éis dom mo sheal a chaitheamh in Ospidéal an Mhater, i mBéal Feirste, tugadh cead mo chos dom arís. Ar ball, d’fhill mé ar an gColáiste, agus is cuimhin liom fós, nár thug údaráis an Choláiste cabhair ar bith dom mo bhealach a dhéanamh abhaile ó chathair Bhéal Feirste go Coláiste Dhroim an tSín, i gContae an Dúin, agus tá’s ag an lá anois, nár ró-shláintiúil an áit í, Tuaisceart Éireann, an tráth úd, d’ábhar sagairt ar bith bheith ag guairdeall timpeall, gan fios a bhealaigh, nó tada dá leithéid ar eolas go maith aige, nó bhí na “B Specials” ar an bhfód fós, ag an am, agus is cuimhin liom, go raibh an dorchadas tite, nuair a thuirling mé den bhus, píosa den bhóthar ón gColáiste, bhí seanrothar fágtha ansin, ag stad an bhus, faoi mo choinne. Chuir mé mo mhála beag taistil ar iomparán an rothair sin, agus bhuail mé bóthar.

Ba ghearr gur thug mé faoi deara, go raibh beirt fhear, ar rothair, do mo leanúint. Agus bíodh go raibh mé díreach tar éis an ospidéal a fhágaint an tráthnóna céanna sin, níor chuir sin moill ar bith orm, nó thuig mé, go raibh gá le luas, agus, faoi mar a d’inis mé dhuit cheana, nuair is crua don chailleach fhéin, caithfidh sí rith. Ach, bhí mé breá óg ag an am, agus is féidir leat a bheith cinnte, nár tháinig an bheirt phóilín speisialta sin suas liom, agus mé ag rothaíocht liom, nós an diabhail, uathu, i dtreo an Choláiste. Ar deireadh thiar, d’éirigh liom dul trí gheatai na Cliarscoile isteach. Bhí mé traochta, tuirseach, sáraithe. Ach, thar aon rud eile, bhí mé slán sábháilte.

.

Níl fhios agam fós, céard a tharlódh dá n-éireodh leis na póilíní speisialta, céanna sin, teacht suas liom an oíche sin, ach tá mé cinnte, nárbh é a bhí uathu, fáilte abhaile a chur romhamsa ar ais go Dromantine! Tháinig mé chugam fhéin, de réir a chéile, ach ag an am gcéanna, is féidir leat a bheith cinnte, nach ndeachaigh údaráis na Scoile sin thar fóir, lena gcineáltas, nó lena gcúram!

Sea, agus bíodh gur thaitin chuile chúrsa a bhí idir chamáin againn sa Choláiste liom, ag an am gcéanna, de réir a chéile, bhí strus agus teannas an tsaoil a bhí á chaitheamh againn, ag fáil an láimh in uachtar orm, maraon le cúrsaí pearsanta eile, agus mhothaigh mé, nach raibh mé fhéin chomh sona sásta is a bhínn, i rith na mblianta roimhe sin, agus mé ag ullmhú don tsagartacht. Bhí síolta an amhrais ag cur fréamhacha uathu, os íseal, áit eicínt sa chroí istigh ionnam. Lean mé orm ag staidéar, agus ag déanamh chuile shórt a iarradh orm, ach ar bhealach eicínt, bhí an dé ag dul i léig im’ ghairmse chun na beatha crábhaidh. Bronnadh na Mionoird orm, agus bhí mé ag ullmhú le hOrd an Fhodheagánaigh a ghlacadh, agus gan romham ansin ach bliain amháin eile go ndéanfaí mé a oirniú im shagart.

Ach mar adúirt mé, bhí na síolta úd a luaigh mé, anois beag, ag tosú ag fás is ag dul i méad, agus nuair a chuir mé leosan, amhrais eile a bhíodh am chrá, cupla bliain roimhe sin, tuigeadh dom, nach raibh an dara rogha agam, ach an scéal a phlé lem anamchara. Rinneamar chuile shórt a scrúdú, is a chur trí chéile, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur tuigeadh dom, go raibh an t-am tagtha le slán a fhágáil ag na comhleacaithe, ar dhein mé saighdiúireacht leo, thar na blianta fada, agus sleamhnú liom, go deas, bog, réidh, thar nais, le bheith im ghnáth-thuata arís. B’in mar a rinne mé. Caithfear a rá, nach raibh sé éasca, nó bog, an chéim sin a thógáil, nó ba chosúil le teip náireach é, an tráth úd, éirí as na sagairt, le bheith id shagart millte, faoi mar adeirtí ag an am, ach caithfidh mé a admháil anseo gurbh é an rud ba mhó a chabhraigh liomsa an chéim sin a thógáil, nó chomh cabhraitheach, cúntach, tuisceanach, is a bhí mo mhuintir fhéin sa bhaile, sea, agus ba chóir dom muintir mo bhaile uilig, a chur isteach in éindigh leosan, sa mhéid sin.

Ach, sin uilig ráite agam, ní raibh éaló ar bith ó mhéad na céime sin, a bhí tógtha agam. Bhí orm tosú arís, ó bhonn. Bhí orm dul i mbun an tsaoil neamheaglaisigh arís, saol nach raibh cleachtadh ar bith faighte agamsa air. Ní raibh cleachtadh ar bith faighte agamsa ar shaol an tuata, ar dhamhsaí, ar chúirtéireacht, nó ar chéad rud eile nach iad, ach ní raibh an dara rogha agam, ach mo dhícheall a dhéanamh, agus saol nua a chruthú dom fhéin, agus arís, caithfidh mé a rá, go mbeadh sin do-dhéanta, geall leis, mura mbeadh an chabhair agus an cúnamh a fuair mé ó mo mhuintir fhéin, agus ó na comharsana uilig, a bhí thart orm, ag an am, ach beidh tuilleadh le rá agam faoin saol nua sin, amach anseo.

Ach sul má fhágaim mo chur síos ar mo laethe i nDroim an tSín, b’fhéidir gur chóir tagairt a dhéanamh do nós ait a bhí againn sa Chliarsoil chéanna sin. Luaigh mé cheana, an tsuim uilig sin a chuireadh muid sa Ghaeilge féin, bhuel, níor lú ná sin an tsuim a chuirimis i ngnéithe eile den chultúr Gaelach. D’imrímis na cluichí Gaelacha, le fonn, agus chuirimis suim freisin, sa cheol, agus sna damhsaí Gaelacha.

Conas a léirigh muid an tsuim sin, an ea?

Bhuel, sa Choláiste Diagachta sin, go háirithe i gcroí an Gheimhridh, nuair a bhíodh an aimsir dár bpréachadh leis an bhfuacht, agus tá’s ag an Rí fhéin go mbíodh sé feanntach fuar sa dúiche sin, faoi scáth Shléibhte Mhughdhorna. Bhuel, in áit bailiú timpeall tine, fiú dá mbeadh a leithéid de bheithíoch ar fáil, is amhlaidh a bhailíodh muid sa Halla Súgartha, agus chuirtí céilí ar siúl dúinn, agus níl dabht ar domhan, ach go mba bhreá an tslí í sin, le cúl a chur ar an bhfuacht, nó ba ghearr ag gabháil do na rincí Gaelacha muid, go mbímis breá, te, arís, agus bhíomar ag foghlaim na ndamhsaí Gaelacha, ag an am gcéanna. Nár chliste an cleas é, ar bhealach, leis an scil sin a mhúineadh do dhream nach bhfaigheadh aon tslí eile, leis an scil chéanna sin a fhoghlaim.

Cén úsáid a bhaineadh siad as an scil sin, ar ball? Adéarfadh duine b’fhéidir.

Bhuel, nach minic ar na misin a mhúineadh sagairt na damhsaí céanna sin do na leanaí gorma úd, a raibh an oiread sin spéise iontu anseo in Éirinn ag an am, agus i ndáiríre, nár bhreá, sláintiúil, na damhsaí iad, do chine a bhí chomh tugtha sin do rince, agus do rithim, do cheol agus do chuideachta. Dár ndóigh, ní hé mo thuairim, go ligfí d’ábhair sagairt an lae inniu, céilithe dá leithéid a chleachtadh anois.

Tuige? An ea?

Bhuel, is dócha go ndéarfaí, nach raibh céapair dá leithéid oiriúnach d’ábhair sagairt, agus go mbeadh baol ann, go ndúiseodh rincí dá leithéid smaoine gnéasacha iontu, agus i ndáiríre, nárbh fhearr i bhfad dóibh, bheith ag gabháil dá staidéir, nó dá bpaidreacha, ná bheith ag válsáil timpeall dóibh fhéin. Sea, agus b’fhéidir go mbeadh sciorta den cheart acu freisin! Ach, ag an am gcéanna, ba bheag smaointe dá leithéid a bhíodh ag cur as dúinne, na hoícheanta fuara, feanntacha, sin, i gCliarscoil Dhroim an tSín, agus muidinne ag rince linn ar sain ár ndíchill, ag iarraidh cúl a chur ar fhuacht agus ar fheanntacht an Gheimhridh Ultaigh.

Ach ag caint ar na leanaí gorma úd, faoi mar a dhein mé, anois beag, nár mhór go deo an spéis a bhí ag ár muintir sna leanaí céanna sin, i ndachaidí, agus i gcaogaidí na haoise seo caite. Bhíodh ticéid á ndíol, agus damhsaí á n-eagrú, chuile bhabhta, le cabhair a chur ar fáil do na leanaí gorma céanna sin, agus bhíodh bailiúcháin ar siúl, go rialta, ag daltaí scoile na tíre seo, le pingneacha a bhailiú do na leanaí gorma céanna sin. Sea, mh’anam, thugamar grá ár gcroí do na créatúir chéanna sin, ach breathnaigh faoi mar atá an scéal anois. Bhuel, d’fhás na leanaí gorma sin suas, agus anois, tá a gclann siúd, ag iarraidh teacht isteach chugainn anseo in Éirinn na bhfáiltí, le cúnamh agus coimirce a lorg orainn, agus tá mé ag ceapadh, nach bhfuil an grá céanna againn dóibhsean anois, is a bhí ag an nglún a bhí suas ansin, dá dtuismitheoirí. Ach, nach ‘in an saol agat? Tá sé éasca go maith, meas a bheith agat ar an nduine atá i bhfad uait, ach nuair a théann a bhó isteach i do gharraí, bhuel, sin scéal eile ar fad. Ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo…..

D’fhág mé Droim an tSín, agus thug mé m’aghaidh ar an saol mór, mallaithe, a bhí taobh amuigh de na fallaí cráifeacha úd, a chosain mé ó chuile olc spioradálta, suas go dtí an pointe sin, agus mé, ag an am sin, im fhear óg, thart ar chúig bliana fichead d’aois. Bí liom sa chéad chaibidil eile, nuair a dhéanfaidh mé iarracht, ar chur síos a dhéanamh ar an chaoi ar athraigh an saol ar fad dom, agus mé ag iarraidh dul i ngleic leis an saol nua, a bhí le caitheamh agam, uaidh sin amach.

.

.

.

.

.

en_USEnglish