tagairt fánach, an odd reference; díolaim filíochta, a collection of poems; fiontar, undertaking; béasaíocht, mannerliness; ar na mallaibh, lately; forálacha, conditions; cothaíonn taithí tarcaisne, familiarity breeds contempt; i ndísc; dry.

.

An Gála Deiridh (43)

Peadar Bairéad

A time to end the story

Gheall mé dhaoibh sa ghála deiridh den tsraith seo, “Eachtraigh Dúinn”, go bhfillfinn oraibh leis an tsraith seo aistí a chríochnú, gan aon ró-mhoill. Bhuel, seo anois chugaibh mé le críoch a chur le scéal seo mo bheatha. Ba é a bhí i gceist agam le sin, nó go ndéanfainn tagairt eicínt dom’ shaol, ó d’éirigh mé as an múinteoireacht i Meitheamh na bliana sin 1988, anuas go dtí an lá atá inniu ann. Bhuel, ní gá a rá, nach mbeidh sa mhéid seo ach tagairt fánach, anseo is ansiúd, dom imeachtaí ón am sin i leith.

I Samhradh na bliana sin 1988, bhí mo chéad dhíolaim filíochta le seoladh, i dtosach thíos ag Éigse Riocard Bairéad, i nGaoth Sáile, i gContae Mhaigh Eo, agus ar ball, anseo ag Daonscoil Osraí, sa Chathair Álainn s’againne. Déirigh go seoigh leis an dá fhiontar sin, agus i ndáiríre, bhí sé cosúil le tabhairt faoi ghairm nua, díreach nuair a bhí mé ag dul ar scor ó ghairm eile. B’fheiliúnach, agus ba thráthúil, an t-am é, lena leithéid a dhéanamh. Tuige ar fhág mé chomh déanach sin é, an ea?

A time to gather

Bhuel, mar adeireadh na seandaoine, is den bhéasaíocht é, fanacht go n-iarrtar ort rud dá leithéid a dhéanamh. Sea, bliain roimhe sin, d’iarr Micheál Ó Seighin orm mo chuid dánta a bhailiú, agus go ndéanfadh lucht Éigse Riocard Bairéad iad a chur i gcló. Rinne mé rud air, agus b’é an toradh a bhí air sin, nó gur fiolsíodh, Duilleoga Fómhair, mo chéad díolaim i gcló. Ní call dom a rá, gur bhain an Micheál Ó Seighin céanna sin cáil Náisiúnta amach dó fhéin, ar na mallaibh, nuair a chuaigh sé fhéin agus roinnt eile daoine ó dhúiche Ghleann na Muaidhe, in Iorras, i ngleic le Comhlacht Shell, i dtaobh ghás nádúrtha a sheoladh trí phíopaí contúireacha, dár leo, thar phortaigh na dúiche áille sin. Tuigeadh dóibhsean, go gcuirfeadh beart dá leithéid an chosmhuintir i mbaol a mbeatha. Ní raibh siad toilteanach forálacha na cúirte a choimhlíonadh, agus dá bharr sin, shocraigh an Breitheamh, a leag na foralacha sin orthu, shocraigh seisean ar iad a chur i bpriosún, go dtí go n-athródh siad a n-intinn, agus go ndéanfadh siad mar a d’ordaigh seisean dóibh a dhéanamh. Chaith siad seal fada i bpriosún, agus sa tslí sin, thuill siad cáil Náisiúnta dóibh fhéin, agus níl deireadh an scéil sin cloiste againn fós, de réir deallraimh. Chaitheamar seal thíos in Iorras i ndiaidh sheoladh an leabhair sin, agus ar ball, chuamar ar ais abhaile go Cill Chainnigh.

A time to retire

Anois, bhí a fhios agam, go mbeadh sé deacair go maith dom, éirí as an múinteoireacht, ceird a raibh mo shaol oibre ar fad, ó thús na gcaogaidí, caite agam ina bun, agus chuige sin, shocraigh mé fhéin is mo bhean ar dhul ar chuairt chuig na Stáit, thart ar an am a mbeinn ag dul ar ais ar scoil. Rinneamar sin, agus ní call dom a rá, gur éirigh go seoigh leis an bplean céanna sin, nó nuair a tháinig an tráth a mbeinn ag tabhairt na scoile orm fhéin, i dtús Mí Meán Fómhair, bhíomar ar ár sáimhín só thall i gCalafóirnia, ag ól na gréine buí, is ag breathnú ar iontaisí stairiúla na dúiche sin. Sea, agus bhi mac liom ansin le sinn a thabhairt chuig na háiteacha suimiúla, stairiúla fan chósta thiar na tíre sin. Nuair a d’fhilleamar ar Éirinn arís, ag deireadh na míosa sin, bhí dearmad glan déanta agam fhéin ar sheomraí ranga, ar dhaltaí fiosracha, ar mhúinteoiri measúla, agus ar shaol údarásach na scoile. Níor mhothaigh mé meáchan mo dhualgaisí scoile uaim, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, bhí mé chomh graitheach is a bhí, tráth raibh mé i mbun mo cheirde.

A time to change course

Céard a bhí á dhéanamh agam, a choinnigh chomh graitheach sin mé, an ea?

Bhuel, chaithinn seal ag imirt agus seal ag obair, seal ag scríobh agus seal ag léamh, sea, agus seal ag taisteal agus seal eile im’ shuí. Cuirfidh mé geall, go raibh a fhios ag fiailí mo gháirdín go raibh mé sa timpeall, nó ba bheag seans a bhí acusan fás nó forbairt a dhéanamh, fhad is a bhí mise sa timpeall le mo rámhainn is le mo ghrafán, ach má sea fhéin, D’fháiltigh na héanacha romham, nó nárbh iomaí béile blasta a chuir mise ar fáil dóibhsean, trí mo chuid saothair, amuigh i gcré bhog, bhriosc, mo gharraí. Bhí an t-am agam anois seal a chaitheamh ag comhrá, is ag seanchas, agus am agam dul ag imirt gailf, cluiche ar thug mé grá di, agus a raibh gráin agam uirthi, thar bhlianta fada, ach anois, bhí am agam leis na mothúcháin chéanna sin a dhoimhniú tuilleadh, nó nach gcothaíonn taithí tarcuisne?

A time to write

Lean mé orm ag scríobh filíochta, agus sna blianta san idirlinn, d’éirigh liom dhá dhíolaim eile filíochta a chur i gcló. Is dócha nach bhfuil an tobar fós imithe i ndísc, agus ag Dia amháin atá a fhios an mbeidh ábhar dhíolaim eile sa chrúiscín agam, le cur i gcló, amach anseo. Chomh maith leis an bhfilíocht, lean mé orm ag scríobh altanna agus aisti don Kilkenny People, mar a mbíonn alt uaim i gcló chuile sheachtain, geall leis, agus chomh maith le sin arís, bím ag saothrú d’Irisí áirithe Gaeilge freisin, agus bíonn píosaí uaim le léamh, ar Feasta, an tUltach, an Timire, agus ar an Sagart. Ní dheachaigh an tobar i ndísc fós, bíodh go mbíonn faitíos orm uaireannta, go bhfuil an t-uisce sa tobar céanna sin ag éirí gann go leor, in amannta.

A time to travel

Rinne mé roinnt mhaith taistil freisin, i rith na mblianta idirlinneacha. Thug mé roinnt cuairteanna ar na hOileáin Chanáireacha, sé sin ar, Ghran Canaria, ar Lanzarote, agus ar Fuerte Ventura. Chaitheamar seal freisin ar Oileán Ibiza, amach ó chósta na Spáinne, ach níl dabht ar domhan, ach gur chaith muid an chuid ba mhó dár ndúthracht taistil thall sna Stáit Aontaithe, nó chaitheamhar ceithre sheal sa tír álainn chorraitheach chéanna sin. Anois, scríobh mé an-chuid faoi na turasanna céanna sin, agus táid sin uilig le fáil sa Kilkenny People. Ba é rud a dheineamhar sna Stáit nó shocraíomar ar ghné áirithe den saol thall a roghnú, le díriú air, i rith na gcuairteanna éagsúla. Chaitheamar saoire amháin ag taisteal i gCríocha na nIndiach, dhá shaoire ag breathnú, agus ag cur aithne, ar na Misin úd a thóg na Spáinnigh, fan chósta thoir Chalafóirnia, agus saoire eile fós, ag taistil fan an chósta thiar, ó San Diego go San Francisco, agus geallaimse dhuit anois é, go mbeadh sé deacair, saoire níos taitneamhaí, níos corraithí, nó níos suimiúla, a chaitheamh, áit ar bith eile ar dhroim talún. Ach ba é an rud ba mhó a thaitin liom fhéin faoi na geábhanna úd thar chríocha eachtrannacha isteach, nó gur thug siad deis dom cuntas a scríobh fúthu sa nuachtán áitiúil seo, sa Kilkenny People fhéin.

A time to recall

Rud eile a chuir mé i gcrích, i rith an ama sin, nó gur éirigh liom sraith altanna dírbheathaisnéiseacha a scríobh, agus a fhoilsiú sa pháipéar seo freisin. Is dócha gur éirigh liom thart ar ochtó míle focal a chur i dtoll a chéile sa tsraith altanna céanna sin. Thug sin deis dom dul siar ar bhóithrín na smaointe, agus cuntas cruinn, ceart, a bhreacadh síos, ar eachtraí agus ar imeachtaí mo shaoil, agus caithfidh mé a rá anseo, go bhfuil mé an-sasta gur tugadh an deis dom an tioncadal sin a chur i gcrích, nó is cur síos réasúnta iomlán é ar chúrsaí mo shaoil, óm’ óige i leith, go dtí an lá atá inniu fhéin ann. B’fhéidir, amach anseo, go mbeadh deis agam eagarthóir a fháil a bheadh sásta leas a bhaint as, mar ábhar leabhair, nó ní chuile lá a chasfaí scéal dá leithéid ar dhuine, agus d’airigh mé chuile lá riamh go raibh an-chosúlachta idir an cineál saoil as ar fáisceadh mise agus an saol as ar fáisceadh An tOileánach agus Peig Sayers, grásta ó Dhia ar an mbeirt acu.

A time to mature

Ach tríd na blianta deireannacha seo, caithfidh mé a rá, gur tharla díreach faoi mar a mhínigh iardhalta dem chuid, iardhalta atá anois ina shaineolaí croí thall i bhPhoenix, Arizona, nuair adúirt sé liom, go n-éiríonn daoine do-fheicthe, de réir mar a aosaíonn siad, nó is dócha go ndírítear aire daoine ar an óige, agus is dócha, gur rud nádúrtha é sin, ach ní mar sin a bhíodh sna seanlaethe, nó nuair a bhí mise ag fás aníos, bhíodh meas an domhain ar sheandaoine, nó b’acusan a bhí idir eagna agus eolas, nó tuigeadh an tráth úd, go dtagadh ciall le haois. Sa lá atá inniu ann, geallaimse dhuit é, nach mbuailtear casán dearg chun mo dhorais-se ag daoine ar thóir eolais no eagna, ach an rud nach bhfuil leigheas air, caithfear ceirín den dearmad a chimilt air.

Níl a fhios agam céard tá romham amach fós, ach déanfaidh mé chuile iarracht ar leanúint liom ag scríobh, ag imirt, agus ag garraíodóireacht, agus ag caitheamh mo laethe fan bhóithrín anacair mo leasa, fad is a chuireann an Fear Thuas ar mo chumas a leithéid a dhéanamh.

Críoch

Agus sin a bhfuil, a léitheoir dhil. Sin críoch agus deireadh mo scéil fhéin agat, ón lá a rugadh mé, anuas go dtí an pointe ama seo, – agus nach bhfuil sé beagnach dochreidte, go bhfuil tarraingt ar chéad míle focal scríofa agam anseo, sa tsraith dhírbheathaisnéiseach seo, “Eachtraigh Dúinn”! –

Is dócha go bhfuil críoch eile ag druidim linn freisin, agus sin críoch an cholúin fhéin, nó bíodh nach dem dheoin fhéin é, tá chuile chosúlacht ar an scéal go bhfuil an lá sin ag druidim linn, ar luas. Mar bhuille scoir, mar sin, ba mhaith liom a rá, go bhfuil mé thar a bheith buíoch díotsa, a léitheoir, as fanacht im chomhluadar agus an scéal céanna sin á chur – I mBéal an Phobail – agam. Nár laga an Rí fhéin thú, agus gura seacht fearr a bheidh tú bliain ó anocht.

.

.

en_USEnglish