.

E a c h t r a i g h D ú i n n 28 A .

.

**********************

.

Ba ghearr gur tháinig muid isteach ar chlár ár laethe sa Choláiste Sagartachta sin i nDroim an tSín, nó i ndáiríre, bhí seanchleachtadh faighte againne, cheana féin, ar an gcineál sin saoil, ach ní seomraí ranga a bhí againn anois áfach, ach hallaí léachta, agus in áit ranganna, is amhlaidh a thugtaí léachtaí dúinn. Bhíomar ag staidéar anois ar an tríú leibhéal, cé go raibh céim bainte amach ag ár mbunús, cheana féin, agus diaidh ar ndiaidh thángamar isteach ar bhealaí na hInstitiúide sin.

Ach le filleadh ar an gcéad oíche sin againn i gColáiste Diagachta sin Dhroim an tSín dúinn, nuair a bhí chuile rud feicthe, scrúdaithe, againn, bhí sé in am soip, agus tar eis dúinn paidreacha na hoíche a rá, thugamar ár seomraí orainn fhéin. Saol eile ar fad a bhí againn anois, i gcomparáid leis an saol a bhí againn sna Coláistí eile, agus b’iontach go deo an buntáiste é, do sheomra fhéin a bheith agat. D’fhéadfá seal a chaitheamh ag léamh, nó ag staidéar, nó ag gabháil do cheird ar bith a bheadh idir lámha agat, ag an am. Chomh fada anois agus is cuimhin liom, ní bhíodh aon chlúdach ar bith ar na hurláir againn, sna seomraí chéad bhliana sin, ach bhí cófra éadaigh, leabhragán, báisín lámh, leaba, agus bord, nó crinlín, le do chuid staidéar a dhéanamh air, agus chomh maith leo sin uilig, bhí scuab urláir agus méisín deannaigh ansin, le leide thabhairt duit, go rabhthas ag súil go gcoinneofá an áit deas, glan, néata. Bhíomarna thuas ag barr an tí, ar an dtríú, nó ar an gceathrú hurlár, sílim anois, ach nár chuma faoi sin, nó thart orainn, bhí na daltaí a rinne a gcuid saighdiúireachta linn, le mám blianta roimhe sin, cuid acu mar chomrádaithe againn, ó laethe Bhéal an Átha Fhada, anuas.

.

Bhí an áit an-mhór go deo, nó cé gur cheannaigh an SMA, Dromantine House, thart ar lár na bhfichidí, níor osclaíodh é mar Choláiste Diagachta an SMA, go dtí an bhliain 1926. Ba é an tAthair Slattery, a bhí taobh thiar den tionscnamh sin uilig. Anois, ba é an scéal a chuala mise nó, gur cuireadh an Teach Mór agus an fheirm mhór a bhí ag gabháil leis, ar an margadh, agus cé gur chuir lucht an SMA suim agus dhá shuim sa sealúchas céanna sin, nó d’oirfeadh siad go seoigh dá riachtanais, agus biodh go raibh an t-airgead acu chuige, ag an am gcéanna, tuigeadh dóibh nach mbeadh seans ar domhan go ndíolfaí d’eagraíocht Chaitliceach, cosúil leis an SMA, iad, agus ba é dhein siad, nó é a cheannacht trí dhlíodóir. Ní raibh na dúchasaigh ró-shásta, nuair a chuala siad faoi na húnéirí nua, agus arís, bhí sé ina scéal scéil inár measc, gur deineadh cupla iarracht ar nimh a chur ina soláthar uisce, ach, ní raibh aon chruthú riamh againne, gur mar sin a tharla. Faoi mar adúirt mé, ní raibh ann ach, “dúirt bean liom, go ndúirt bean lei, gur chuala sise bean eile á rá”. Nó ar chóir dom an focal, “bean”, a fhágáil ar lár ansin, agus focal ar nós, “duine,” a chur isteach ina áit? Ní dóigh liom go mbeadh an dúchas céanna sa leagan athraithe!! Ag an am gcéanna, níor mhothaigh mé fhéin riamh, go raibh na comharsana, a bhí againn i nDroim an tSín, ró-chairdiúil linn, agus tharlaíodh corr rud, anois is arís, a chuireadh sin ar ár súile dúinn.

.

Mo chuidse de, tharla am eicínt, le linn mo laethe sa Choláiste Diagachta sin Dhroim an tSín, go raibh orm seal a chaitheamh in Ospidéal an Mhater, i mBéal Feirste. Bhí cupla gearán ag cur as dom, ag an am, agus b’éigean dom seal a chaitheamh istigh. Tráth raibh mé istigh ansin, chuir mé aithne ar roinnt mhaith daoine, agus caithfidh mé a admháil go raibh a mbunús cairdiúil, carthannach, lách, ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo.

Nuair a bhí mo sheal san ospidéal sin caite, bhí orm, mar a mhíneoidh mé dhuit amach anseo, mo bhealach a dhéanamh ar ais go dtí an Coláiste, ach nuair a thuirling mé den bhus, ag an mbus-stad ba chóngaraí do Dhroim an tSín, bhí rothar fágtha ansin dom. Bhuel, níor luaithe suite ar mo rothar mé, agus mé ag tosú ar mo thuras abhaile, nó chonaic mé beirt fhear ag léimt ar rothair, taobh thiar díom, agus thuig mé láithreach, go raibh siad sa tóir orm. Agus bíodh go raibh mé fhéin lagaithe go maith, tar éis mo sheal san ospidéal, ag an am gcéanna, thuig mé brí an tseanfhocail go rí-maith “nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith”, agus geallaimse dhuit é, go mbeadh sé deacair go maith teacht suas liom, sa an rás sin go dtí geata mór an Choláiste. Ar aon chuma, d’éirigh liom geata an Choláiste a bhaint amach rompu, agus níor lean an bheirt ghaiscíoch isteach thar an ngeata céanna sin mé. Dúradh liom, ar ball, go mba bhaill de na “B Specials” a bhí iontu, agus chuile sheans, dá mbéarfaidís orm, go dtógfaí chun na beairice mé, le mo cheistiú, cibé cén saghas ceisteanna a bheadh a bheadh acu? Ar aon nós, tuigeadh domsa, nach gcuirfí aon ró-fháilte romham sa mbeairic chéanna sin, nó tuigeadh dom, nach maith an nós é bheith ag brú ar an ndoicheall, agus bí cinnte dhe, go mothófá an doicheall amh, oscailte, céanna sin, romhat, sa dúiche chéanna sin.

Comhartha eile nach raibh aon ró-fháilte romhainne, sna bailte in aice láimhe linn, nó,

teacht an tSamhraidh, go hiondúil, nuair a thosaíodh na fir bhuí ag cleachtadh drumadóireachta, don “Twalfth”, níor neamhchoitianta in aon chor an rud é, go dtiocfadh díograiseoir oráisteach eicínt suas go geata tosaigh an Choláiste s’againne, agus é ag leadradh a Dhruma Mór, faoi mar a bheadh Dia á rá leis, nó b’fháidir gur ón dtaobh eile a fuair sé a inspreagadh! Chuirfeadh an torann millteanach, cluasphléascach, aduain sin, an croí trasna ionat, nuair a chloisfeá é i lár na hoíche ciúine, agus gan a fhios agat, i ndáiríre, cén fuadar a bhí faoi na fir bhuí a bhí timpeall ort, ag an am. Ar aon nós, thangamar slán ó na hionsaithe sin uilig, ach má tháinig fhéin, fanann cuimhne na n-oícheannta sin, go glas fós i gcroí mo chuimhne, agus fanfaidh go leagfar na hordóga orm, nó tuigeadh domsa, ach go háirithe, gur le drochrún agus le drochchroí, a buaileadh chuile buille dár chualamar uathusan. Bhíodh faitíos orm fhéin i gcónaí, go gcuirfidís an áit trí thine, ach bhíodh an t-ádh orainn go mbíodh an Coláiste dúnta thart faoin “Twalfth”, agus bhínn fhéin ar mo sháimhín só, thiar in Iorras na nIontas, agus gan spéis dá laghad agam sna fir bhuí, nó ina gcuid máirseála. Ach ó tharla gur luaigh mé Dromantine House, sa chomhrá sin, is dócha gur chóir dom a lua, gur thréigh an SMA an t-ionad sin, sa bhliain 1973, nuair a shocraigh siad ar a gcuid staidéar Diagachta a dhéanamh feasta, i Má Nuat.

.

Bheadh sé deacair teach níos áille, níos dea-dheartha, níos dea-thógtha, ná Teach Dhroim an tSín a fháil i do shiúl lae. Is dócha go ndéarfadh duine, go raibh cuma claisiceach air, mar fhoirgneamh, agus é mór, maisiúil, téagartha, agus cuma air, go mba chuid den dúiche timpeall é, ach ní call dom a rá, gur deineadh an t-uafás tógála timpeall ar an dteach bunaidh, ach fiú sa chás sin fhéin, níor chaill an seanteach a dhínit, nó a uaisleacht, nó a shnas, riamh. Ó! sea, agus bí ag caint ar gharraithe! Bhí siad sin ann, nó timpeall an Tí Mhóir ar fad, bhí garraithe de chuile shórt. Bhí toir agus bláthanna den scoth, ina mílte sa timpeall, agus chuile cheann acu níos áille agus níos maisiúla ná an ceann eile. Bhí ansin freisin, crainn ina gcéadta, agus iad ag baint barr áille dá chéile trí éagsúlacht a ndatha, agus a gcuma. Leagadh amach na garraithe, agus cuireadh na crainn, go healaíonta, cliste, sciliúil, sa tslí go dtógfadh siad croí an té a chaithfeadh seal ina measc.

.

Bhí ann freisin, fuaráin, agus linnte uisce thart orthu, agus i gclúideanna cúlráideacha, i measc na gcrann is na dtor, bhí tigíní cluthara agus suíocháin fhoscúla, le deis a thabhairt do dhuine, seal a chaitheamh ar a sháimhín só ansin, agus é i dteangmháil leis an dúlra. Sea, b’álainn an Teach a bhí acu ansin, agus b’álainn na garraithe a bhí timpeall ar an dTeach Mór céanna sin, agus timpeall ar an áitreabh sin ar fad, bhí, dár ndóigh, feirm an-mhór, agus ní athraíonn cúrsaí chomh mór sin riamh, nó tomhas, céard a tharlaíodh nuair a bhíodh cruóg ar lucht na feirme, tráth mbídís ag cur na bhfataí san Earrach, nó á bpiocadh sa bhFómhar, nó ag bualadh an arbhair b’fhéidir? Sea, tá an ceart agat, chuireadh siad fios orainne, ar na spailpíní fánacha, leis an sclábhaíocht a dhéanamh. Ní gá dhom a rá, go mba fhuath liom fhéin an cineál sin oibre, chuile lá riamh, ach amháin ar ár bhfeirmín fhéin sa bhaile fadó, ach sin scéal eile ar fad. Ba í cúis nár thaitin an cineál sin oibre sin liom, ag an am, nó go mbíodh an t-asma ag cur as dom, i gcúinsí dá leithéid. Ach, b’fhéidir gur chóir dom an scéal a fhágáil mar sin, don bhabhta seo, agus fillfidh mé ar an ábhar sin, sa chéad ghála eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar an gcineál saoil a bhí againn, agus muid ag treabhadh linn trí na Cúrsaí Diagachta agus Fealsúnachta, thuas ansin, i nDroim an tSín, i gContae álainn daingean an Dúin, faoi scáth Shléibhte Mughdhorna.

Go dtí an chéad ghála eile, mar sin…….Slán……..

.

***************

Peadar Bairéad.

***************

.

en_USEnglish