Fís le fíorú
Peadar Bairéad
Comóradh an Chéid
Anois, agus muid ag druidim i dtreo Chuimhneamh Céad an Éirí Amach, táthar ag smaoineamh ar bhealaí áirithe leis an mbeart sin a chomóradh mar ba chuí agus mar ba chóir. Deir dream amháin gur chóir seo a dhéanamh, deir dream eile gur chóir siúd a dhéanamh, dár leis an bhfear thall, gurbh fhearr ócáid mhór chomórtha amháin a eagrú a mbeadh cuimhneamh uirthi lá is faide anonn, agus ceapann an fear abhus, gur chóir ócáid cheiliúrtha áitiúil a eagrú i ngach paráiste sa tír. Sea, faoi mar a chuireadh na Rómhánaigh é fadó – quot homines tot sententiae – nó faoi mar a chuirtear sa chéad teanga oifigiúil é, -Ní lia duine ná tuairim – Ach nach ndéarfadh an leathshaoi fhéin, gur mar a chéile ab fhearr iad. Ar an gcéad dul síos, tá muid ag iarraidh ár mbród as ár náisiúntacht, agus as iarrachtaí ár ndaoine sin a bhaint amach a cheiliúradh; agus ar an dara dul síos, nach bhfuil ár bpobail fhéin ansin freisin, agus nach é ár ndualgas é an dearcadh céanna sin a chur ar a súile dóibhsean freisin.
Ach céard tá le ceiliúradh againn gur fiú é a chur i mbéal an phobail, um an dtaca seo? Deir daoine áirithe, gur éirigh le lucht an Éirí Amach a bhfís a fhíorú le neart a lámh. Ceart go leor, táid ann adeir, gur éirigh leo saoirse a bhaint amach, ní don tír uilig, ach do sé chontae fichead di, agus faoi mar a bhí cúrsaí ag an am, bheadh sé do-dhéanta, dár leo, an tsaoirse sin a bhronnadh ar Shé Chontae an Tuaiscirt, nó bheadh an pobal ó thuaidh réidh le cur i gcoinne a leithéid de shocrú, mar bhí siadsan meáite ar fanacht sa Ríocht Aontaithe. B’in an chaoi ar fágadh an scéal i ndiaidh na troda go léir, ach nach raibh na clocha corra faighte againn sa Chonradh, ar ghlac an pobal leis, i ndiaidh an iomláin? Fiú má ghlacaimid le fírinne an ráitis sin, chaithfeadh duine a admháil, nach raibh sa mhéid sin ach leath na físe, nó nárbh é a theastaigh uathusan nó Éire Saor Gaelach a bhaint amach. Má ghlactar leis anois go raibh an tSaoirse bainte amach acu, céard faoin gcuid eile den bhfís? Bhuel, caithfimid glacadh leis, nárbh fhéidir an chuid sin den bhfís a bhronnadh ar an náisiún, d’aon iarracht, nó láithreach bonn, ach bhí an deis acu anois tabhairt faoin chuid sin den bhfís a réaladh le himeacht aimsire.
Iarracht inmholta
Caithfear a admháil gur dhein an Saorstát iarracht inmholta le cuid den bhfís sin a thabhairt i gcrích trí bhéim a leagan ar mhúineadh na teanga sna scoileanna, agus is dóigh gur tuigeadh, ag an am, go leathfadh polasaí oideachais dá leithéid, go leathfadh sé labhairt na Gaeilge i measc daoine le himeacht aimsire. ach ní dóigh liom gur tuigeadh ag an am chomh deacair is a bhí sé teanga a bhí i mbéal an bháis a athbhunú i bpobal, agus feictear anois freisin, chomh gann is atá samplaí de thír ar bith ag tabhairt go dáiríreah faoin bhfiontar céanna sin, taobh amuigh d’Iosrael, b’fhéidir . Ní gá a lua anseo, go bhfuil samplaí eile den Ghaelachas beo beathach inár measc go dtí an lá atá inniu ann, mar atá, rinncí, ceol, amhránaíocht ar an sean-nós, cluichí, agus rud ar bith eile, a shil anuas chugainn, mar chuid dár n-oidhreacht. B’in iad na rudaí a bhí i gceist ag laochra na Cásca nuair a léadh Forógra ár bPoblachta ar Shráid Uí Chonaill, sa bhliain 1916, beagnach céad bliain ó shoin anois. Ghlac an pobal lena bhfís, agus dá chomhartha sin, tá an fhís sin beo inár measc go dtí an lá atá inniu ann, ach anois, nach bhfuil sé thar am againn breathnú ar an bhfís chéanna sin arís. An é nach raibh inti i ndáiríre ach leagan gaelach de Útóipe? agus an é atá le déanamh againn anois, mar chine, nó ár leagan fhéin den bhfís chéanna sin a fhógairt don aonú haois fichead? leagan a chuirfeadh san áireamh na hathruithe atá tagtha ar ár bpobal san idirlinn,agus áit sa bhfís sin a chur in áirithe do na mílte agus na mílte “thar toinn do ránaig chugainn,” agus áit faoi leith freisin a chur in áirithe dán Lucht Taistil fhéin. Sea, agus caithfimid sainmhíniú a thabhairt ar ‘shaoirse’ agus ar ‘ghaelachas’ dóibh siúd atá suas anois, sa chaoi go mbeidh fís nua, suas chun dáta, againn, a bheidh mar mhéar an eolais d’Éireannaigh na haoise seo, agus iad ar a dturas chuig an Éirinn idéalach sin, atá folaithe i gceartlár chroí na muintire a áitíonn cúig cúigí Éireann, i láthair na huaire seo. Faoi mar adúirt an té adúirt...breathnaigh isteach i do chroí fhéin, más uait spléachadh a fháil ar fhís an dara céad.
.