Ar thóir na Gréine bui

Na Cnoic Ghlasa úd!

.

Ní dóigh liom gur inis mé dhaoibh faoin saoire a chaith mé, ar na mallaibh, i bhfad ó bhaile, amuigh i bhFuerteventura, ceann de na hOileáin Chanáireacha. Sin an fear de na hOileáin Chanáireacha is cóngaraí do chósta na hAfraice. Tá a shliocht sin air, nó bíodh go bhfuil sé suite roinnt mhaith mílte amach ón gcósta sin, ag an am gcéanna, éiríonn leis na stoirmeacha geimhriúla gaineamh geal ón Sahára a shéideadh trasna na farraige chuige, sa chaoi go bhfuil limistéar fairsing den oileán sin clúdaithe le dumhchanna geala gainimhe, dumhchanna atá chomh geal, d’fhéadfa a rá, leis na dumhchanna a gheofá fan chósta an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo. Sea, agus féach ar an ainm a baisteadh ar an bhfoirgneamh ina raibh muid lonnaithe fad a bhíomar ag cur fúinn ansin, “Oasis Dunas”, sea, tugann sin le fios do dhuine go raibh na dumhchanna gainimhe sa chuid sin den oileán, agus tá na hÁrasáin sin suite ar imeall an Ionaid Saoire sin Corralejo.

Turas Tionlactha

Ar ar mbealach, ar bhus, ón Aerfort go Corralejo, bhí deis ag ár dTreoraí ualach asail de scéalta faoin oileán a insint dúinn, agus chomh maith le sin, bhí deis aice ár n-aire a dhíriú ar fhear eile de na hOileáin Chanáireacha, ar Lanzarote, a bhí le feiceáil go taibhsiúil ar thaobh na láimhe deise, agus cuma draíochta air faoi ghrian scaltach róstach an mheánlae. Chuamar thar roinnt bailte poirt, agus míníodh dúinn, go mba thogha ionaid iascaigh iad na bailte céanna sin, ach chuir sí fainic na bhfainic orainn ag rá go raibh de nos ag na dúchasaigh, i gcuid acu, an iascaireacht sin a dhéanamh gan snáithe éadaigh orthu, taobh amuigh de hata agus stocaí, b’fhéidir!

Chonaiceamar freisin sléibhte agus cnoic den uile dhéanamh, cuid acu maol, cuid acu beannach, agus cuid eile fós nach raibh maol nó beannach, ach iad ait, iontach, dodhearmadtha.

Caisleán sa Spáinn ?

Ar ár mbealach freisin, chuamar thar áras nua a bhí á thógáil ar thaobh an bhóthair, é ollmhór, míofar, neamhghnách, ach míníodh dúinn go raibh sé fágtha sa tslí sin le tamall anois.

Cé a mba leis é, an ea?

Luadh Posh agus Becks leis.

Agus tuige nár críochnaíodh é?

Ní raibh freagra na ceiste sin ag éinne, a dúradh linn, ach go raibh an chuma ar an scéal nach bhféadfadh an bheirt sin teacht ar aon fhocal, faoin chaoi ab fhearr le críoch oiriúnach a chur ar a “gCasa Grande” i bhFuerteventura. Minic a chualamar faoi chaisleáin sa Spáinn a bheith á thógáil ag duine! bhuel, is dócha go bhfuil ceann de na caisleáin sin á thógáil ag an lánú seo i gcúige iargúlta de Ríocht sin na Spáinne, agus má éiríonn leo riamh é a chríochnú, tá mé cinnte go mbeidh “Casa” ar dóigh acu amuigh ansin, é suite in áit chomh halainn is a d’fhéadfá a fháil, agus é feistithe ansin, ag breathnú amach ar an bhfarraige agus ar Oileán álainn Lanzarote.

Moill gan choinne!

Ar deireadh thiar, shroicheamar ár gceann scríbe, agus muid tuirseach, traochta. lag leis an ocras. Thugamar aghaidh ar an gcúntar, áit a raibh orainn dul trí na gnáthchúrsaí cláraithe. Ach bhí ceataí sa scéal inár gcásna, áfach. Ní dóigh liom gur mhínigh mé, i dtosach báire, go raibh dhá ghrúpa dínn ann, mé fhéin is mo bhean i dtosach báire,, agus in éineacht linn, bhí ár n-iníon, a céile, agus a mbeirt páistí siúd. Bhuel, ní raibh tásc nó tuairisc fúinne le fáil sna leabhair s’acusan. Bhí orainn fanacht ansin, fad is bhí siad ag cuartú anseo, is ag ransú ansiúd. Chuireadar fios ar an mbainisteoir, agus ba é an scéal céanna aigesan é, ní raibh ar a chumas faisnéis ar bith a fháil go raibh muid cláraithe acusan don tsaoire sin, olc, maith, nó dona. Lean an scéal mar sin ar feadh uair a chloig, ar a laghad, agus ansin, tháinig duine eicínt ar chuntas, i leabhar eicínt, go raibh árasáin curtha in áirithe don dhá ghrúpa dínn.

Míle buíochas do Dhia, arsa sinne, d’aon ghuth, ach ar an droch uair, ní raibh árasáin ar bith réidh le sinn a shacadh isteach iontu. An mbeadh muid sásta fanacht cupla uair a chloig, le deis a thabhairt don bhfoireann glanta, árasáin a ghlanadh agus a ullmhú dúinn? Bhuel, bí ag caint ar rogha an dá dhíogha! Nó ní raibh le déanamh againn, ach fanacht an dá uair a chloig, sin nó bóthar a bhualadh, agus árasán a lorg áit eicínt eile, bíodh go raibh díolta againne as dhá árasán san Ionad sin. Shocraiomar ar fanacht, agus ar ball, tar éis trí huaire a chloig, insíodh dúinn go raibh ár n-árasáin réidh dúinn agus bronnadh na heochracha orainn!

Ar Deireadh Thiar!

Faoin am sin, ba bheag nach raibh muid gan aithne gan urlabhara, ach ar aon nós, tar éis dúinn ár málaí taistil a shocrú sna hárasáin, thugamar an baile mór orainn fhéin, agus muid stiúctha leis an ocras agus spalptha leis an tart. Anois, is féidir liom a rá nach raibh ganntanas bia nó dí san Ionad Saoire céanna sin Corralejo, nó bhí Proinntithe agus Óstáin den uile chineál le fáil ina múrtha ó cheann ceann an bhaile poirt álainn céanna sin. Chuireamar chuige sin, le flosc agus le fonn, agus i ndeireadh na dála, chuireamar cúl ar ár n-ocras agus ar ár dtart, agus chaitheamar an chuid eile den tráthnóna sin ag guairdeall timpeall, ag baint taitnimh as chuile shórt a bhí le feiceáil agus le cloisteáil i mbaile mór Corralejo.

Ar thaitin an tsaoire sin i bhFuerteventura linn, an ea?

Ar ár Sáimhín Só

Bhuel, tríd is tríd, bhaineamar taitneamh agus tairbhe as an tréimhse a chaitheamar ar an oileán neamhaí céanna sin. Is dócha gurb é an bua is mó a bhaineann le saoire dá leithéid nó go mbíonn ar dhuine maireachtáil scathamh, gan ghluaisteán, gan fón, gan teilifís, d’fhéadfá a rá, agus go mbíonn air freisin, saol simplí a chaitheamh, saol a chuireann iachall air, scaití a chaitheamh ag smaoineamh, agus bíonn air freisin a mharana a dhéanamh ar an gcineál saoil atá á chaitheamh aige sa mbaile. Tugann sin uilig sos iontach ó chúramaí an tsaoil chráite, chéasta seo, don duine. Bhuel, b’in mar a mhothaíomar, ar aon nós, agus ní call dom a rá, gur bhaineamar taitneamh as saol an Oileáin iontaigh, neamhaí sin. Ar an dtaobh eile den scéal, áfach, caithfidh mé a admháil, go raibh an áit beagáinín ró-the domsa, nó déarfainn go raibh cineál brothaill agus tonn teasa ann, le linn dúinne bheith ansin, nó bhí an teocht sna triochaidí, i rith an ama sin. Sea, agus caithfidh mé a admháil, go bhfuil an teocht céanna sin beagáinín ró-the domsa, sea, agus sin gan tagairt ar bith a dhéanamh anseo do na diabhail corrmhíolta, a bhí flúirseach go maith ar an oileán ag an am sin, rud a chuir iachall ar dhaoine, bealadh, nó ungadh, speisialta frithchorrmhíolta a chaitheamh, leis na gadaithe beaga sin a choinneáil i bhfad uait!

Ar aon nós, taobh amuigh de sin ar fad, bhaineamar taitneamh as ár dtréimhse ansin, agus thaitin cuma scéirdiúil, feannta, fásúil an oileáin linn, ach, ag an am gcéanna, níor shil mé deoir ar bith nuair a bhí deireadh leis an tsaoire sin, agus muid ar ár mbealach ar ais abhaile go hÉirinn iathghlas oileánach, nó nach mbeadh sé deacair áit níos taitneamhaí, níos ilchineálaí, níos áille, ní í, a fháil faoi luí na gréine.

An mbeidh mé ag dul ar ais go Fuerteventura ar saoire arís? N’fheadar, ach tá mé ag ceapadh, go bhféadfainn níos mó taitnimh a bhaint as saoire anseo i measc Bhánchnoic Éireann Ó, agus téadh an aimsir tigh an diabhail!!!

.

en_USEnglish