I mBéal an Phobail

.

G l e a n n S c á t h A n B h á i s .

.

“Nár scanrúil, buartha, cráite, an tseachtain í?”

arsa mo sheanchara, Séimí an Droichid, liom, nuair a casadh ar a chéile sinn, agus muid beirt suite ar ár sáimhín só, istigh i bhfaiche an Chaisleáin, an lá cheana.

“D’fhéadfá é a rá, a mhac! ach nach dtarlaíonn seachtain dá leithéid orainn, anois is arís?” arsa mé fhéin á fhreagairt, gan a fhios agam fós, cá léimfeadh cat a chomhrá, ach mé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar adéarfá.

“Níl le déanamh agat ach breathnú ar chogadh na Murascaille, atá ag gleáradh leis ina loscadh sléibhe, tríd an Iaráic, i láthair na huaire seo.”

“Ach, a Shéimí, nach bhfuil fhios ag fia is ag fiolair, go mbeidh an cogadh céanna sin thart, taobh istigh d’achar an-ghearr anois, nó níl cumhacht ar domhan a d’fhéadfadh cur i gcoinne oll-chumhacht na Stát Aontaithe, i láthair na huaire seo.” arsa mé fhéin, agus mé ag iarraidh fonn cainte a spreagadh i gcroí mo sheanchara, nó bhí mé ag iarraidh teacht ar ábhar, do cholún na seachtaine seo, le sibhse, a léitheoirí, a shásamh, faoi mar a dheinim, ó sheachtain go seachtain, cé nach bhfuil sé éasca a leithéid a dhéanamh!!

“Óra fuist! Go bhféacha Mac Mhuire anuas ar do chiall, agus nach breá bog a fhásann an clúmh ortsa, bheith ag ceapadh nach mbeadh na hIaráicigh in ann seasamh i gcoinne chumhacht Mheiriceá. Caithfidh tú a thuiscint, go bhfuil arm mór, sciliúil, traenáilte, ag an tír sin, agus ní hé sin amháin é, ach tá cleachtadh faighte ag na saighdiúirí céanna sin, ar chogaíocht a dhéanamh sa timpeallacht sin, i dtimpeallacht na gainimhe.”

“D’fhéadfadh an ceart a bheith agat sa mhéid sin, ach nach raibh sé le léamh ar chuile nuachtán, geall leis, agus le clos ar, idir raidió agus theilifís, le sé mhí roimhe sin, nach mbeadh seans dá laghad ag na hIaráicigh, i gcogadh dá leithéid.”

“Bí cinnte de, go bhfuil an ceart agam, ach tagaim leat sa mhéid go raibh sé ina scéal i mbéal gach éinne, le roinnt míonna roimh thús an chogaidh, nach mbeadh ann ach an t-aon bhuille amháin, agus go mbuailfeadh an Chomhghuallaíocht an buille sin, agus taobh istigh de sheachtain, bheadh an rud ar fad thart. Bheadh an bua ag an gComhghuallaíocht, bheadh cosa Saddam Hussein nite, agus bhunófaí daonlathas san Iaráic, agus bheadh chuile dhuine buíoch den gComhghuallaíocht chéanna sin! Sea, mh’anam, b’in an scéal a bhí i mbéal gach éinne, gan aon agó, ach ní hionann sin is a rá, gurbh é sin an scéal a chuir Rialtas agus Arm Mheiriceá amach, le haghaidh na meán. Is soiléir anois, gurbh iad na meáin fhéin a leath an finscéal sin imeasc an phobail, nó nárbh é an Nollaig i lár an tSamhraidh acusan é, scéal dá leithéid a leathadh, agus ag an am gcéanna, d’fhéadfaidís cur síos a dhéanamh ar na hairm dhraíochta a bhí forbartha ag na Meiriceánaigh, airm a bhí chomh cliste sin, go bhféadfaidís dhul isteach i seomra, agus fear a thógáil, agus fear eile a fhágáil! Conas a d’fhéadfadh slua Arabach seasamh i gcoinne fórsa dá leithéid?”

“Ach nach raibh an ceart ag na meáin chéanna sin, nuair a chuir siad síos ar arm agus ar airm Mheiriceá, ach go háirithe, agus chomh nua-aoiseach is atá siad, agus gan ag na hIaráicigh ach airm athláimhe, d’fhéadfá a rá, airm nach seasfadh i bhfad i gcoinne na bPuncán.”

“Is dócha go raibh cuid eicínt den cheart acu, sa mhéid go bhfuil airm dá leithéid ag an gComhghuallaíocht, ach tá dearmad beag amháin á dhéanamh anseo, ag lucht na meán, ach go háirithe. Sé sin, nach bhfuil na hairm smeartáilte sin uilig in-úsáidthe, i ngráscar lámh, ar shráideanna na gcathracha móra.”

B’in mar a chuaigh an comhra idir me fhein is mo Sheimi bhrea ag an am airithe sin, ach, ag breathnu siar duinn go fuarchuiseach anois, i ndiaidh an ghrascair, feictear duinn car luigh an fhirinne, agus ca raibh an fhinscealaiocht. Nil dabht ar domhan ach gur eirigh leis an gComhghuallaiocht bua a fhail ar arm na hIraice, ach ar failtiodh rompu, i ndeireadh na feide? No ar eirigh leo siochain agus daonlathas a leathadh i measc mhuintir na tire sin? Gan dabht ar domhan d’eirigh leo cos i bpoll a chur le Saddam agus a reimeas, ach ni fheadfadh duine ar bith a mhaoimh go bhfuil smacht eifeachtach acu ar phobail na tire sin. Ceard ta i ndan dArm na Comhghuallaiochta san Iaraic, ma sea? Da luaithe a eirionn leo sleamhnu i ngan fhios amach thar chriocha na tire sin is ea is fearr don Chomhghuallaiocht cheanna sin, agus don Iaraic fhein freisin, is docha.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

“Ach cheap mise gur chuala mé tráchtaire eicínt, ar an teilifís, ag maíomh nach raibh tada ag na hIaráicigh len iad fhéin a chosaint ar na hairm iontacha cliste sin.”

“Is dócha gur chuala, nó nach bhfuil na saineolaithe uilig le fáil i measc lucht na meán, na laethe seo! Nach ar an gComhghuallaíocht a bhí an breall, nuair nár tháinig siad chucu, a chéaduair, le comhairle a fháil uathu! Ach is cuma faoi lucht na meán, i ndáiríre, is féidir a bheith cinnte de rud amháin, agus sin, nach ngéillfidh na hIaráicigh go héasca, sa choimheascar seo. Agus tá buntáistí iomadúla acusan sa chogaíocht seo. Ar an gcéad dul síos, tá mioneolas acusan ar chuile orlach dá dtír fhein. Tá cleachtadh acu ar an dtimpeallacht agus ar an aeráid, agus lena chois sin, tá cleachtadh acu freisin ar theacht i dtír i dtimpeallacht dá leithéid.”

“Ach a Shéimí, cheap mise nach mbeadh ach toradh amháin ar an gcogadh seo, agus sin go mbeadh an bua ag an gComhghuallaíocht taobh istigh d’achar gearr. An amhlaidh atá tusa á rá anois, nach mar sin a tharlóidh in aon chor, ach gurb amhlaidh a bheidh an bua ag na hIaráicigh?”

“Ní hé sin ata a rá agam, in aon chor, ach is e atá á mhaíomh agam, nó nach mbeidh sé chomh héasca sin ar fad bua a fháil ar na hIaráicigh.”

“Ach nach bhfuil sé á rá anois, ag na meáin, go raibh breall, amach is amuigh, ar an gComhghuallaíocht, agus go mbeidh a ndóthain mór le déanamh ag saighdiúirí na Comhghuallaíochta bua a bhaint sa chogadh seo. Agus ní hé sin amháin é, ach nach bhfuil na Ceannairí Míleata ag rá freisin, agus ag admháil, go mbeidh tuilleadh saighdiúirí ag teastáil uathu, leis an mbeart a chur i gcrích, toisc go bhfuil na hIaráicigh ag cur chomh tréan sin ina gcoinne.”

“Tá dhá rud le rá agam faoin méid sin. Ar an gcéad dul síos, nach tapaidh a athraíonn na meáin a bport? Tá faitíos orm, go bhfuil siad cosúil leis an gcat, ina lán slite, agus is féidir a bheith cinnte, gur ar mhaithe leo fhéin a dhéanann siad crónán, nó ar mhaithe le nuachtáin a dhíol, agus más gá dóibh port a athrú, le sin a dhéanamh, bhuel! ansin athróidh siad a bport. Ar an dara dul síos, nach raibh sé deacair a chreidiúint, go ndéarfadh Ginearál Meiriceánach, gurbh é a chuir an mhoill ar dhul chun cinn a bhfórsaí-sean, nó go raibh na hIaráicigh ag cur go tréan ina gcoinne!”

“Ach a Shéimí, an gceapann tú go mbéarfaidh an Chomhghuallaíocht bua, i ndeireadh na dála?”

“Sea, tá mé cinnte go mbéarfaidh siad bua, luath nó mall, ach ag an am gcéanna, tá an oiread sin rudaí le déanamh ag an gComhghuallaíocht leis an mbua sin a chinntiú, agus tá an oireadh sin rudaí eile, a d’fheadfadh teacht salach ar a bpleananna, cosúil le gníomhartha thíortha eile, agus meon an phobail, fiú, gan trácht in aon chor ar óglaigh Mhuslamacha ó thíortha Arabacha eile”

“An é atá á rá agat, go bhfuil ar chumas an phobail stop a chur leis an gcogaíocht, fiú ag an nóimead deireannach seo?”

“Óra! Bíodh trí splaideog céille agat! Is beag aird a thugtar ar mheon an phobail, faoin am seo, ach amháin go mbaineann siad úsáid as chuile chleas, ar a gcumas, a bport fhéin a sheinnt ar an meon céanna sin. Tabhair faoi deara freisin, go bhfuil meon an phobail tagtha isteach ar thaobh an Rialtais, faoin am seo, i Sasana agus sna Stáit freisin, nó chomh luath is a thosaíonn a gcuid saighdiúirí siúd ag troid is ag cogaíocht, ansin, feictear don phobal, go mbeadh sé mídhílis acu, gan a dtacaíocht a thabhairt dóibh. Caithfear a chur san áireamh freisin, go bhfuil an cleas céanna á imirt ag Saddam Hussein, nó tá seisean ag iarraidh seinnt ar théada an tírghrá i dtír na hIaráice, agus chuile chosúlacht ar an scéal, go bhfuil ag éirí thar cinn leis, sa bhfiontar céanna sin.”

“Ach céard faoi na léirsithe atá ar siúl ag pobail an domhain i gcoinne an chogaidh Iaráicigh sin, i láthair na huaire seo, agus fiú, nach bhfuil léirsithe dá leithéid ar siúl anseo i dtír na hÉireann freisin?”

“Bhuel, táid ann adéarfadh, go bhfuil tráth na leirsithe thart, nó tá an cogadh tosaithe, cheana féin, agus ní hé mo thuairimse, go bhfuil seans dá laghad ann anois, go ndéanfaidh fórsaí na Comhghuallaíochta a n-aigne a athrú, faoin am seo. Cé gur chuala mé duine de pholaiteoirí na tíre seo ag maíomh, go gcaithfear críoch a chur leis an gcogadh seo, ar an dá luathas!”

“Ach nach bhfuil an ceart acu, bheith ag iarraidh ar an gComhghuallaíocht, éirí as an gcogaíocht, láithreach bonn.”

“Táid ann adéarfadh, go bhfuil, ach, im thuairimse, tá a lán daoine, i láthair na huaire seo, ag iarraidh dul sa diallait ar chapall na poiblíochta, agus na polaitíochta, ag súil go bhfuil a lán daoine amuigh ansin i gcoinne an chogaidh, agus ar son na síochana. Anois, tá cuid áirithe de na daoine sin, agus gan ar a n-aird acu, ach báidh an phobail a mhealladh ina dtreo fhéin, sa tslí go mbeidh vótaí le baint as acusan, sa chéad toghchán eile, amach anseo. Mar sin, caithfidh daoine bheith san airdeall, féachaint cén cineál daoine atá ag lorg a gcuid tacaíochta, sa bhfeachtas frithchogaíochta atá á bheartú acu, i láthair na huaire seo. Níl i gceist ag roinnt áirithe acu, ach polaitíocht sráide, agus iad ag iarraidh a chur ina luí ar gach éinne, go bhfuil an-tacaíocht acu i measc an phobail, nuair is amhlaidh atá slua á fháil ar iasacht acu, go sealadach, do ghníomh áirithe polaitíochta. Ach caithfear a chur san áireamh, gur dream sciliúil iad i mbun feachtais dá leithéid”

“Ach céard faoin gcampa síochána úd, a bunaíodh thíos in aice le hAerfort na Sionainne? agus céard faoin chaoi ar ionsaigh siadsan ceann d’eitleáin Mheiriceá le tua, thíos ansin?”

“Bhuel, im thuairimse, ní raibh ann ach iarracht eile ag mionlach, meon an mhóraimh a athrú, sa chaoi go gcuirfí laincisí ar chumhacht an Rialtais s’againne, agus sa chaoi freisin, go gcuirfí iachall orthu, cearta turilingte, ag Aerfort na Sionainne a dhiúltú d’eitleáin Mheiriceá. Tabhair faoi deara freisin, gur ardghlórach, neamhghéilliúil, aontreoch iad, cuid de na daoine, a mholann a leithéid de chúrsa.

Ach, féach, tá sé thar am agamsa bheith ag bogadh liom abhaile, nó beidh imní ar Naipí s’againne, agus í ag ceapadh, an créatúr, gur deineadh mé a mhugáil, nó a robáil, ar shráideanna macánta na cathrach áille seo; Slán tamall, mar sin.”

“Go dtuga Dia slán abhaile thú,” arsa mé fhéin á fhreagairt, ach chuile sheans nár chuala sé focal den bheannacht sin, nó bhí se glanta leis as mo radharc, faoi mar ba chaor thine é. Ach má d’imigh fhéin, d’fhág sé ábhar machtnaimh agamsa, agus ábhar d’alt na seachtaine seo freisin, dá ndéarfainn é.

.

“P e a i c í D a” a r l á r .

Nuair a iarradh orainn guí ar anam Patrick Jordan, thíos anseo in Eaglais Fhiachra, ar na mallaibh, caithfidh mé a admháil dhuit, nár cheap mé go raibh aithne nó eolas agam fhéin ar an bhfear céanna sin, ach ansin, nuair a mhínigh an sagart dúinn, go mb’fhéidir gurbh fhearr a bheadh aithne againn air, mar “Pheaicí Da”, tuigeadh dom láithreach, go raibh crann ard eile i gcoill na gCainneach leagtha, agus go mba bhoiche ár n-oidhreacht dhá uireasa. Is beag duine sa chathair seo, nó is beag duine a thug cuairt ar an gcathair seo le roinnt mhaith blianta anuas anois, nach raibh aithne súl, ar a laghad aige, ar an bhfear breá ard céanna sin. Minic a d’fheicfeá é thíos i lár na cathrach, agus súil ghéar á choinneáil aige, ar a raibh ar siúl ag daoine thíos ansin. Minic freisin, a d’fheicfeá é ar shochraidí, sa chathair álainn seo. Sea, ba dhuine é “Peaicí Da” a raibh aithne air, i bhfad agus i ngearr.

Nuair a bhí Dónall Mac Amhlaigh ag cur síos ar an gCathair s’againne, ina úrscéal, “Deoraithe,” chuir sé síos ar dhream daoine, a bhíodh le fáil, go rialta, thart ar lár na Cathraach seo, daoine nach raibh ró-thugtha don obair, d’fhéadfá a rá. Anois, n’fheadar an raibh Dónall cóir ag smaoineamh ar “Pheaicí” s’againne, nuair a chuir sé síos ar na daoine macánta sin, daoine a chaith roinnt áirithe ama, agus a ndroim le balla, ag cúinne na Paráide….. Féach mar a shníomhann sé iad isteach i mbrat ár n-oidhreachta….

“Bhíodar seo ag a bpost cheana féin, Khyber Ó Braonáin, Maidhcó Lionáin, an Smaoiseach Deniffe, Moscó de Barra agus spreanglachán caol ard dárb ainm Peaicí Pugh.”

Ní bheadh fhios agat, ach nach bhfuil an chosúlacht ar an scéal, gur leag Dónall a shúil ar an ndream sin, am eicínt, agus gur tuigeadh dó, go mb’fhiú dhó áit bhuan a bhronnadh orthu, taobh istigh de chlúdaigh leabhair, nó is dócha gur tuigeadh dó, go mba chuid d’anam agus de chorp na cathrach seo iad na carachtair chéanna sin, agus ba charachtair iad, gan aon agó. Ba gheall le chuid do-dhearmadta de throscán na cathrach seo iad. Agus guímid go raibh áit bhuan ag Bord an Tiarna acu, anois agus i dtólamh.

.

****************

Peadar Bairéad.

****************

.

.

en_USEnglish