Gáirdín an Ghorta

.

Peadar Bairéad

.

Minic a théim ar chuairt go Carraig Seabhac, i gContae Chill Chainnigh, na laethe seo, agus chuile bhabhta a théim ar an mbóthar sin ó Chnoc an Tóchair go Baile Róibín, ar mo shlí go ceann mo scríbe, feicim an Cuimhneachán sin a tógadh, le dán crua, céasta, ár ndaoine, ar a dturas trí phóirsí dorcha an Ghorta Mhóir, a chur i gcuimhne dár ndaoine fhéin, agus d’aon taistealaí a tharlaíonn fan na slí sin. Bíodh gur chuir mé romham, go minic, cuairt a thabhairt ar an leacht céanna sin, níor dhein mé an mhian sin a shásamh go dtí le déanaí.

Tharla go raibh mé ar an mbóthar sin, lá breá gréine i lár an tSamhraidh seo caite, nuair a bhuail an fonn mé stopadh agus buaileadh isteach, le spléachadh a fháil ar cibé a bhí folaithe taobh thiar den bhfalla sin ar thaobh an bhóthair. Rinne mé an carr a pháirceáil, cóngarach d’Ionad na gCuairteoirí, agus nach breá oiriúnach an tIonad é, le hatmosféar na ré dorcha sin a chruthú, nó céard tá ann ach teach beag tuaithe, ceann tuí, tógtha, agus leagtha amach taobh istigh, faoi mar a bheadh teach dá leithéid sa naoú haois déag. Fuair mé bróisiúr ansin a thug chuile eolas dom faoin Ionad Cuimhneacháin sin, agus bhí ar mo chumas úsáid a bhaint as an mbróisiúr céanna sin agus an píosa seo á scríobh agam.

Cuairt ar an nGáirdín

Ar an gcéad dul síos, tugann an cuairteoir Gáirdín na Saileach faoi deara, nó tá sin ann le cur i gcuimhne dúinn na scileanna agus na ceirdeanna a bhí ag ár muintir roimh an nGorta Mór, nó bhí ar a gcumas úsáid a bhaint as slata na sailí sin i gcleachtadh a scileanna caoladóireachta. Déanann an teach tuaithe an gnó céanna sin, nó breathnaigh ar obair na saor cloiche, agus ar scil na dtuíodóirí atá le feiceáil go soiléir againn i leagan amach an tí sin.

Téann an cuairteoir ar aghaidh ansin thar Gharraí na bPrátaí, taobh leis an teach, agus chun tosaigh uaidh sin go dtí gabhal dhá bhóthar. Ar thaobh amháin tá Casán na mBeo, agus ar an dtaobh eile, tá Slí na Fírinne, nó b’in iad na bóithre a bhí le taisteal ag ár muintir, ar a mbealach trí chruatan an Ghorta Mhóir. Ag dul chun cinn ón bpointe sin, tagann tú ar Dhroichead na nDeor a ligeann isteach go hOileán an Ocrais thú, oileán a bhfuil Clais an Bhróin ar thaobh amháin de agus Abhainn na nDeor ar an dtaobh eile. Ag fágáil an oileáin sin taobh thiar díot téann tú thar Dhroichead an Chruatain, agus ansin, is féidir An Ré Chiúin a fheiceáil ar thaobh amháin, agus Gáirdín na Flúirse ar an dtaobh eile. Má théann tú trí Gháirdín na Flúirse sroicheann tú Cruinniú na Féile, an áit sin le pobal a thionól, le cur i gcuimhne dhúinn gur éirigh le cuid áirithe den phobal s’againne a mbealach a dhéanamh trí chruatan, trí ghorta, agus trí Abhainn na nDeor. Ina dhiaidh sin, tá Gáirdín an Dóchais agus na Síochána, le sos agus suaimhneas a thabhairt dóibh agus le deis a thabhairt dóibh, dul i mbun an tsaoil arís.

Scéal ár gcine

.

Feiceann muid mar sin, go rianaíonn an casán trí Gháirdín an Ghorta scéal ár gcine ar a mbealach ó laethe na flúirse agus na féile, isteach i bhfásach maraitheach an Ghorta Mhóir, agus go leanann sí a seal trí ghleann cinniúnach úd an bháis is an anró, agus ansin, léiríonn sé fís an dóchais agus na síochána a mheall chun tosaigh iad ar a mbealach éalaitheach as oileán an ocrais.

Ní gá dhom scéal an Ghorta Mhóir a insint dhaoibh anseo, nó tháinig an scéal céasta céanna sin anuas mar uacht chuig chuile dhuine againn ó na daoine a d’imigh romhainn. Ba scannrúil uafásach an scamall a dhrochaigh spéartha ár gcine sa deichniúr sin, a shín ó 1841 go dtí 1851, agus ba dhian a dhíol ár muintir as cuairt úd fhear an chorráin chaim, nó nuair a bhí chuile shórt thart, bhí thart ar mhilliún duine dár gcine ag tabhairt an fhéir, agus thart ar an uimhir chéanna glanta leo ar imirce ar an mbád bán. Ba throm an buille é sin d’ár náisiún, agus ní haon ionadh gur briseadh ar spiorad agus ar mhisneach ár bpobal. Chailleamar freisin an bród agus an dínit a bhain leo siar thar na blianta. Chailleamar ár dteanga dhúchais, geall leis, agus briseadh ar nósanna na meithle, agus an chomhair, a bhí mar cheangal ar phobail na muintire s’againne le sinsearacht, agus fágadh ár ndaoine ar an ngreim ghortach, iad i muinín na mine buí, agus ar ball, i muinín an bhacstaí, mar phríomhbhianna laethúla. Bianna a bhfuair mé fhéin blas, nó míbhlas, orthu, i bhfichidí, agus i dtriochaidí, na haoise seo caite, rud a léiríonn go mbíonn ruball fada, scanrúil, ar bheart dá leithéid. Seo dán beag a chum mé tamall ó shoin faoi Ghorta Mór 1847.

An Gorta

.

Siúlaim go buartha um nóin, ar lorg na bhfear is na mban

A shíothlaigh go ciúin gan fhuaim, cois claí, cois calaidh, cois fáil,

A thit gan torann gan tuairt, iad ar thóir na bpóiríní buí,

Ar thóir an lusra gan bhrí, ar thóir na bhfaochóg cois trá.

.

Ach faraoir géar! gan giob, le fáil acu, thoir nó thiar,

Ach ráflai, is bolaithe bia, á dtiomáint gan sos, gan scíth,

Á dtiomáint gan rath, gan ádh, trí ghort, trí gharraí, cois trá,

Gur leag idir ghorta is phlá a gcoirp bhocht’ feoite ar lár.

.

.

Sna dumhacha, feicim go fóill, luaithreach a dtinte is a gcreach,

Mar ar róst siad sligéisc is éin, le cúl a chur ar an mbás.

Gan iontu féith nó feoil, ach craiceann gan rath agus cnámh’,

Ag ceann a gcúrsa, is a gcrá, i nGleann seo buartha an Áir.

.

.

Ach níor éirigh leo bua a fháil ar dhiabhail an ocrais is na plá,

Gur síneadh, gan ola, gan chré, a gcoirp gan téagair, faoin spéir,

Gan sagart, gan deora, gan só, cois claí, cois caladh, ag dreo,

Mar a bhfanann gan síocháin go fóill, ag súil le deora , is ochón!

.

Gan éinne ag éisteacht leo fós, lena gcnead, nó le géire a nglór,

Iad ag impí, ag agairt, is ag guí, lena slánú in Iothlainn an Rí,

I bParrthas na nGrást go rabhaid, uaidh seo go Lá leacach an Luain

Trí ungadh a liag is a gcarn, is trí phaidir a chur lena n-anam.

.

.

         .

en_USEnglish