Go n-i an Sioc leo!

Peadar Bairéad

(This week we consider some of the happenings of 2014)

Cruatan is Sásamh

spalpann an ghrian chuile lá, nó ní bhíonn ré ar an spéir chuile oíche, agus dá bharr sin, bíonn orainn cur suas le fuacht agus le dorchadas, ar a seal. Mar a chéile le cúrsai an tsaoil chráite, chorraitheach, seo. Uaireanta bíonn muid ar dhroim na muice, agus amannta eile bíonn muid sáite go dtí na cluasa i gcoraí crua an tsaoil, tríd is tríd áfach, is troime a mheánn an grá ná an ghruaim, agus dá bharr sin, tuigtear dúinn, nach bhfuil tada eile ar an saol chomh tábhachtach dúinn le bua na beatha agus an sásamh a bhaineann muid as an sásamh saolta, a bhronntar orainn mar bhaill altrama de Chlann Dé. Ach ní chuige sin atá mé an babhta seo, ach chuige seo…

Agus muid fós i ngiorracht scread asail do lá sonasmhar na Nollag, agus gan ach fad choiscéim choiligh idir sinn agus an bhliain úr sin 2015, stadfaidh muid tamaillín, mar sin, le súil a chaitheamh siar, agus leis an tsúil eile a chaitheamh ar na laethe atá os ár gcomhair amach. Ní haon ionadh go mothóimid uainn feasta na laethe grianmhara úd, a chaitheamar faoin dtor, i rith na bliana atá ar tí éaló uainn, ach tá an t-am tagtha anois le slán a fhágáil acu, agus lenár mbreith a thabhairt orthu. Slán feasta leis na laethe glórmhara úd a thóg ár gcroí dúinn, agus guímis go mbeidh tuilleadh den chineál céanna sin carnaithe os ár gcomhair amach don bhliain atá ar thob a breithe, agus caithimis súil seabhaic ar na drochrudaí a tharla i rith na bliana atá anois sínte tréith ar leaba a báis.

Drochrudaí

Cad iad na drochrudaí sin atá i gceist agam sa ráiteas sin, an ea?

Bhuel! tá an chogaíocht uafásach sin, a thit amach in áiteacha éagsúla ar fud an domhain i rith na bliana 2014. Tuigeadh dúinn, le tamall de bhlianta anois, go raibh an bharbarthacht sin fágtha inár ndiaidh againn, ach faraoir! bhí breall orainn. Chomh maith le sin, tá freisin, an slad, an foréigean, ag ghoid is an robáil, an mhugáil is an sceanadh, a tharlaíonn go rialta ar ár sráideanna, ar ár mbóithre agus inár mbailte, lá i ndiaidh lae. Nach gcuirfeadh gníomhartha dá leithéid masmas agus múisc ort? nó léiríonn sé dúinn nach mór an dul chun cinn atá á dhéanamh againn, mar chine, i dtreo sochaí shibhialta. Rud eile nach silfear mórán deora ina dhiaidh isea an t-easaontas gontach a chránn saol polaitíochta na tíre seo. Is é atá le tuiscint ó mhangairí an easaontais seo, nó nach bhfuil scileanna rialaithe ag éinne eile ar an saol seo ach acu fhéin amháin, agus diaidh ar ndiaidh, éiríonn leo dallamullóg a chur ar shlám maith den phobal, rud a chuireann tús le tranglam tráchta inár gcumas le sinn fhéin a rialú.

Tá súil agam freisin, nach bhfeicfear arís, aon rud cosúil leis na rudaí a tharla in áiteacha áirithe, i rith na bliana atá ag imeacht uainn, rudaí cosúil leis an bhfuadach a deineadh ar buíonta scoláirí, agus ar mhná freisin, faoi mar ba earraí gan chearta daonna iad, earraí a d’fhéadfaí a dhíol, a mhalartú, nó a úsáid, gan chead, gan iarraidh.il agam freisin, nach bhfeicfear aon drochíde a thabhairt feasta ar sheandaoine, nó ar dhaoine a bhfuil éagumas ag baint leo, nó ar pháistí. Tríd is tríd, tá súil agam go gcuirfear deireadh le “Man’s inhumanity to man” sa bhliain bheannaithe atá romhainn amach.

Seanmhallacht

Níl le déanamh againn anois ach na hoilc sin uilig a bhailiú le chéile, agus an tseanmhallacht úd, Go n-imí an sioc leo uilig a chur leo! Súil agam mar sin, go bhfuil deireadh na mboc céanna sin feicthe againn, agus nach mbeidh os ár gcomhair amach, i rith na bliana 2015, ach sonas agus sásamh.

Faoi mhaise agus faoi bhláth go raibh an uile dhuine agaibh ón lá seo go dtí deireadh na bliana seo chugainn, bliain seo ár dTiarna, 2015.

.

en_USEnglish