I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Changed Times !

.

Caithfidh mé a admháil dhuit anois, gur mion, agus gur minic, a bhainim fhéin úsáid, na laethe seo, as an nath cainte úd, ”D’imigh sin, is tháinig seo”, nó nuair a théann duine anonn sna blianta, feictear dó, go bhfuil chuile ghné den saol athraithe bun os cionn, geall leis, ó bhí seisean ag fás aníos. Ní rud a shamhlaítear dó, atá i gceist agam anseo, ach rud a tharlaíonn. B’in iad na smaointe a rith liom, an lá cheana, nuair a léigh mé sna nuachtáin faoi pholasaí nua sin Aer Lingus, gan cead a thabhairt dá n-aeróstaigh úsáid a bhaint feasta as an nGaeilge agus eitleáin an Chomhlachta sin ag fágáil Aerfort Bhéal Feirste, nó ar a mbealach isteach dóibh chun an aerfoirt chéanna sin.

Tuige an ndéanfadh siad a leithéid, an ea?

Sensitive

Is é adeir siad fhéin, de réir na scéalta sna nuachtáin, nó nár mhaith leo daoine goilliúnacha áirithe sa Tuaisceart a ghortú, trí theanga nár thuig siad, agus teanga nár thaitin leo a úsáid, ar a mbealach isteach, nó ar a slí amach as a nAerfort i mBhéal Feirste.

Ach nach é Aer Lingus iompróir náisiúnta an Stáit seo?

Sin mar a mhaíonn siad, ar aon nós, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, níor chuir siad lena bhfocal, nó nach éasca go deo a chaith siad i dtraipisí ceann de theangacha náisiúnta an Stáit seo, más fíor an scéal, sea, agus tar éis ar dhein siad le hAerfort Bhéal Feirste a chur ar an léarscáil, trí hAerfort na Sionnaine a thréigint, tuige nár dhúirt siad leis an mbuíon leochailleacht sin dul ag feadaíl?!

What next?

Ach, i ndáiríre, nach bhfuil sé de cheart ag Feidhmeannaigh an Chomhlachta sin a rogha rud a dhéanamh, fad is atá siad i gceannas, le brabús suntasach a dhéanamh dá scarshealbhóirí. Sin atá á dhéanamh acu, ar aon nós, cuma faoi cheart a bheith acu chuige sin, nó nach bhfuil.

Ach, nach bhfuil sé deacair iad a thuiscint, má thograíonn siad a leithéid a dhéanamh, agus ag an am gcéanna a mhaíomh, gurb iad Iompróir Náisiúnta an Stáit seo iad?

Ach nach bhfuil an ceart acu an Comhlacht a bhainistiú faoi mar ba ghnáthghnó é a dhéanann chuile iarracht, an sochar is mó a dhéanamh as seirbhísí an Chomhlachta?

Ní dóigh liom go bhféadfainn teacht leat sa mhéid sin, nó ar an gcéad dul síos, ba é an Stát s’againne a bhunaigh an Comhlacht sin le hairgead ár gcáiníocóirí, mar chuid dár n-iarrachtaí ar ainm na tíre seo a fhógairt os ard i measc na náisiún, agus lena chois sin, theastaigh ón Stát s’againne, bród na tíre seo as a dteanga náisiúnta a chur ar a súile do phobail an domhain mhóir, trí ainm Ghaeilge a bhaisteadh ar an gComhlacht Náisiúnta sin. Sea, agus dá chomhartha sin, bhaist siad “Aer Lingus” air. Agus le breis mhaith agus trí scór bliain anois, bhí de nós acu, úsáid a bhaint as roinnt áirithe Gaeilge, ag tús, agus ag deireadh eitiltí dá gcuid. Céard a tharlóidh feasta, má chuireann an dream leochaileach úd in iúl, go gcuireann ainm Ghaeilge dá leithéid isteach orthu, agus gur chóir ainm i mBéarla na Bainríona a bhaisteadh ar an gComhlacht sin feasta? Sea, agus céard faoi na hainmneacha a baisteadh ar na heitleéin fhéin fiú, an mbeadh a leithéid inghlactha ó thuaidh, feasta?

Government Action!

Agus céard tá le dhéanamh ag an Rialtas s’againne, i gcás na n-athruithe seo? An mbeidh siadsan sásta a maidí a ligint le sruth, agus ligint don Chomhlacht sin a rogha rud a dhéanamh, le goilliúnacht an mhionlaigh úd a shásamh? Céard faoi ghoilliúnacht an phobail s’againne? Nach bhfuil breis is ceathrú cuid den gComhlacht sin ina seilbhsan? Nach bhfuil sé thar am acu bíogadh as a gcodladh agus seasamh lena n-oidhreacht, sea, agus nár chóir smaoineamh freisin, ar na laethe úd, fadó, nuair a tháinig cáiníocóirí an Stáit s’againne i gcabhair ar an gComhlacht sin lena ndeontaisí, le sciatháin, agus rotha fiú, a choinneáil faoi na gcuid eilteán.

No Big Deal!

Agus nuair a bhreathnaíonn tú air go fuarchúiseach, ní haon “Big Deal” é an cupla focal Gaeilge sin a úsáid ag tús, agus ag deireadh, gach eitilte de chuid Aer Lingus. Níl ann ach comhartha dea-mhéine don Bhunreacht s’againne adeir, gurb í an Ghaeilge Príomhtheanga Oifigiúil an Stáit seo. Sea, agus tá an tábhacht chéanna ag baint lei is atá ag baint leis an mBratach Náisiúnta, le hAmhrán na bhFiann, nó le haon ceann eile de shainchomharthaí an Stáit seo.

Níl ach bealach amháin as an sáinn seo ina bhfuil muid greamaithe i láthair na huaire seo, agus sin lánchead a thabhairt arís d’aeróstaigh Aer Lingus an Ghaeilge a úsáid, faoi mar a dhéantaí, go nuige seo, ar chuile eitilt de chuid an Chomhlachta sin, cuma cá dtosaíonn siad, nó cá gcríochnaíonn siad a dturas.

en_USEnglish