I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Memories!

Biodh go bhfuil an Nollaig imithe faoi seo, agus gur fada uainn i anois, ni hionann sin is a ra nach bhfilleann cuimhni an tSeasuir Bheannaithe sin orainn go rialta. Agus o tharla nar eirigh liom mo smaointe a chur in bhur lathair roimh an Nollaig fhein, tuigeadh dom narbh olc an smaoineamh cuid de na cuimhní sin a bhreacadh sios daoibh in Alt na seachtaine seo.

Mar sin, a chairde, tagaigi liom siar ar bhóithrin na smaointe, le spléachadh a thabhairt ar Nollaigí a chaitheamar, fadó.

Caithfidh mé a rá, nach ró-shoiléir atá na cuimhní céanna sin anois, bíodh go bhfuil siad ransaithe agam, minic go leor, leis na scórtha blian anuas. Ní féile a bhí sa Nollaig againne thiar in Iorras agus mise ag fás aníos ansin. Níorbh ea muis! nó ba Shéasúr é. Séasúr na Nollag, séasúr a mhair ó thús Mhí na Nollag go dtí Lá Chinn an Dá Lá Dhéag. B’in an Nollaig, faoi mar a thuigeamarna í. Sea, agus d’aithneofa ar chuile shórt, ó thús Mhí na Nollag, go raibh an Nollaig chugat. Thosaíodh muide, páistí, ar an gcúig mhíle “Áibhé” a rá idir an chéad lá de Mhí na Nollag, agus Oíche Nollag, nó ba é a chreideamarna, ag an am, nó dá gcríochnófá an cúig mhíle sin, go bhfaighfeá do mhian, mian ar bith a shantaigh do chroí istigh, ach í a lorg ag an Aifreann, Maidin Lae Nollag.

Shopping

Ní hé anois go mbíodh na Mamanna agus na Daideanna ag dul ar eitleáin go Nua Eabhrac, ag ceannacht na Nollag, nó ag ceannacht earraí go tiubh ar an idirlíon, agus iad ag stócáil don Séasúr a bhí rompu amach. Níorbh ea muis, nó ní raibh fáil ar eitleáin, nó ar idirlíon, ag an am. Ba earraí iadsan, a bhí folaithe fós ó radharc daoine, i scamall tiubh an todhchaí. Ach mura raibh deis acu dul ag siopadóireacht, faoi mar a dhéanann Mamanna agus Daideanna an lae inniu, bí cinnte go mbíodh súil in airde acu ar Mhargadh Mór na Nollag, a thionóltaí i mBéal an Mhuirthead, ar an Satharn roimh Nollaig, chuile bhliain. Ag an Margadh Mór sin, bhíodh fáil ar chuile shórt a bheadh riachtanach do chomóradh na Féile. Agus cá bhfágfá Aonach Mór na Nollag, a bhíodh ar siúl sa mbaile céanna sin, ar an gCúigiú Lá Déag de Mhí na Nollag, nó ba ag an Margadh agus ar an Aonach sin a dhéantaí díol agus ceannacht na Nollag. Bhíodh fear an tí ag iarraidh, b’fhéidir, earra eicínt a dhíol ar an Aonach sin, le pingneacha a shaothrú, ionas go mbeadh a dóthain pingneacha ag bean an tí leis an Nollaig a cheannacht, sea, agus chaithfeadh duine a rá, go raibh ceannacht bréagán, nó féiríní, d’óg nó d’aosta, síos fada go leor ar liosta a tosaíochtaí! Ní hionann sin is a rá, nach ndéanfaí a leithéid, dá bhféadfaí na pingneacha chuige sin a spáráil. Bhíodh gé mhór, phlucach, na Nollag, roghnaithe cheana féin, agus a fhios ag ‘cuile dhuine sa timpeall cén ghé a bhí daortha, ach amháin ag an ngé bhocht fhéin!

The Special Spirit

Ní i bhfeabhas a bhíodh an aimsir ag dul, an tráth sin bliana, ach leis an chaoi a raibh chuile dhuine ag súil leis an Nollaig, ba bheag am a bhí acu le díriú ar an aimsir, ach mar sin fhéin, bheadh a fhios ag madraí an bhaile fiú, go raibh goimh san aimsir chéanna sin, agus go raibh sioc agus sneachta á dtuar do na laethe a bhí rompu amach.

Ach ba é tús na Nollag i ndáiríre nó Oíche Nollag. B’in an tráth a thabharfadh duine ar bith faoi deara, go raibh an feitheamh fada i ndáil le bheith thart, agus go raibh muid ar thairseach na Féile Móire fhéin. Thabharfá an fustar agus an brostú faoi deara gach áit sa timpeall. Bhíodh maisiúcháin á gcur suas, coinle á gceannacht, sea, agus nach mbíodh an corr-shlam péinte, agus aol-datha, á chur ar dhoirse, ar fhuinneoga, agus ar bhallaí.

Final Preparations

Ach, más fada fhéin an tráthnóna, tagann an oíche, agus ba é an dála céanna ag Oíche Nollag é. Tráthnóna cruógach, gnóthach, draíochta, ba ea an tráthnona sin. Cácaí milse á bhfuineadh agus á mbácáil, gaineamh a scaipeadh ar an urlúr le gile a leathadh sa teach, coinle á lasadh, agus á gcur sna fuinneoga, béile na hoíche a ghléasadh, stocaí á gcrochadh, gan focal as na páistí, ach iad ag súil le féiríní ina stocaí Maidin Lae Nollag. Agus bíodh go mbainfí taitneamh as béile na hoíche sin, gona cáca milis, níor dhada é, i gcomparáid leis an smaoineamh go mbeadh Daidí na Nollag fhéin ag teacht chucu i lár na hoíche sin. Anois, ba chóir a rá, nach mórán a d’fhágadh sé ag páistí an bhaile s’againne, ach nach mbíonn blas ar an mbeagán i gcónaí, bhuel! bhíodh sna seanlaethe, ar aon nós!

Excitement!

Léadh chuile shagart trí hAifreann maidin Lae Nollag, agus théimis chuig an chéad cheann, ar a hocht a chlog ar maidin. Lampaí fearraibín ag scaoileadh solais bhuí uathu timpeall an tséipéil. An Altóir faoi bhrat choinle lasta. An Beithilín socraithe ansin, taobh istigh de na Ráillí, agus páistí an pharáiste sa timpeall, iad ag baint na sál dá chéile ag iarraidh radharc a fháil ar Iosagán fhéin ina luí ar an tuí. Ar ball, nuair a thagadh an Sagart Paráiste amach ar an altóir, is beag nach mothófá to raibh an Chúirt Neamhaí ina suí inár measc, agus an naofacht ar an bhfód, le chuile Chríostaí sa tséipéal a bhá ina taoide.

Ite Missa Est!

Sruth Laidine ón sagart naofa. Coinle agus lampaí ag caochadh súl ar an bpobal. An Chomaoin Naofa á dáileadh. “Ite Missa est!” Scaoileadh an pobal saor. Abhaile leo, agus chuile dhuine acu ag smaoineamah ar an dinnéar a bheadh ar bord aige ar ball. Gé bhruite, gabáiste bog, bán, agus prátaí geala, plúracha, leata ar bord rompu amach ina bhféasta. Bia ríoga d’óg is d’aosta.

Ar ball, théadh muidinne, gasúir, amach ar thóir an dreoilín, nó nach mbeadh muid ag dul sa Dreoilín an lá dár gcionn, Lá ‘le Stiofán na gcloch.

Leor sin don bhabhta seo.

en_USEnglish