I mBéal an Phobail

“Angels in my Hair”………….by………….. Lorna Byrne

Peadar Bairéad

Ar Lorg na nAingeal

.

Tugadh an leabhar seo dhom tamall ó shoin, agus moladh dhom é a léamh, toisc go mba leabhar ar dóigh é. Bhail, tharla nach bhfuair mé an deis chuige sin go dtí le déanaí, agus caithfidh mé a admháil anois, go raibh cuid mhaith den cheart ag an té úd a thug an leabhar dom a chéaduair, nó is leabhar an-neamhghnách é ‘Angels in my Hair’, ach, bíodh gur mar sin atá, ag an am gcéanna, is leabhar é a d’ardódh do mhisneach is do mheanma, agus leabhar freisin, a chuirfeadh duine ag smaoineamh arís ar an dá shaol, an saol thall, agus an saol abhus.

Cruatan agus anró

Caithfear a admháil, go raibh a dóthain mhór de chruatan is d’anró an tsaoil seo, curtha in áirithe do Lorna bhocht, nó ní raibh sí ach dhá bhliain d’aois nuair a d’inis an dochtúir dá máthair go raibh sí mallintinneach, breith a bhí mar mheáchan timpeall a muiníl ar feadh an chuid eile dá saol. Fiú ar scoil di, dhealródh sé, gur thug múinteoirí áirithe aird faoi leith ar fháithmheas an dochtúra úd. Agus, fiú, nár thug a máthair fhéin faoi deara ‘nach mbíodh éinne sa bhaile aice’, ina hintinn, búnús an ama, ach, chomh fada is a bhain sé leis an gcailín óg fhéin, bhí graithí eile ar a haire aice, go minic.

Idir an dá shaol

Cad iad na graithí iad sin, an ea?

Tá! Go raibh cónaí aice ar an gclaí idir an dá shaol, agus sa tslí sin, go raibh radharc aice, ní hamháin, ar chúrsaí an tsaoil seo, ach, ag an am gcéanna, bhí radharc aice ar roinnt áirithe den tsaol thall. Sea, bhí radharc aice ar na hAingil, ar chupla Naomh, agus ar an Maighdean, agus fiú ar ár dTiarna fhéin, corruair. Mar sin, nuair a bhíothas ag iarraidh dul i dteangmháil leis an ngirseach óg seo, bhí ceataí sa scéal, nó bhí a haird, cheana féin, dírithe ar Aingil na Sciathán clúmhach, glórmhar, neamhaí. I gcás dá leithéid, cé thógfadh uirthi é, dá mbeadh a haire iomlán, geall leis, dírithe ar na cuairteoirí úd ón tsaol thall, agus b’in an fáth is dócha gur ceapadh go raibh dí-chumas, de chineál eicínt, ag baint lei, nó faoi mar a chuir an dochtúir úd é, go raibh sí mallintinneach. Ach, nár chuma lei, nó bhí radharc aicesi ar shluaite nimhe, agus deis aice comhairle agus eolas a fháil uathusan.

Bocht ó thús

I mBaile Átha Cliath a rugadh Lorna Byrne ceithre bliana is caoga ó shoin, agus ba ann a tógadh í freisin. Ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil seo ag a muintir, ach iad ón lámh go dtí an béal, bunús an ama. Chabhraigh sí lena hathair, ina shiopa rothar, i dtosach, agus fad is a bhí si ag obair sa tsiopa sin, thit sí i ngrá le Joe, fear óg a bhí ag obair ansin freisin. agus ar ball, fuair Lorna post san Ardchathair, Anois, ní gá a rá, go mbíodh Lorna i dteangmháil leis na haingil, chuile lá riamh, agus tharla gur inis na haingil di go bpósfadh sí an fear óg sin, agus thug siad an t-eolas sin di, i bhfad sular thosaigh an péire sin ag siúl amach le chéile in aon chor. Sea, agus ag pointe áirithe eile, thug siad le fios di, nach mbeadh Joe fadsaolach agus go mbeadh sé imithe ón saol seo i bhfad roimpisi. Tar éis roinnt áirithe deacrachtaí a shárú, phós siad, agus le cabhair ó athair Lorna, d’éirigh leo teach beag a cheannacht i Magh Nuad. Chuireadar fúthu ansin, agus arís ní raibh sparán teann riamh acu, ach iad ón lámh go dtí an béal, cosúil leis an nglún a chuaigh rompusan. Bhí a ndóthain mhór de chruatan agus d’anró an tsaoil seo le fulaingt acu, ach ag an am gcéanna, bhí saol saibhir spioradálta á chaitheamh ag Lorna fhéin, agus í i dteangmháil, an t-am uilig, leis an saol eile. Fiú amháin, nach raibh babhta coimhlinte aici leis an bhfear dubh fhéin, ach le cabhair óna cairde ón saol eile, tháinig sí slán ón gcoimhlint chéanna sin. Ceathrar clainne a bhí orthu.

Anáil an dóchais

Anois, níl fúmsa an scéal ar fad a insint daoibh anseo, ach ba mhaith liom a rá gur bhain mé fhéin taitneamh agus tairbhe as an leabhar neamhghnách seo. Sea, agus b’fhéidir gur shéid sé anáil an dóchais ar aithinní fanna, fánacha, mo chreidimh, ionas go ndeachaigh mé ar chuairt arís ar thír neamhaí úd na hóige, mar a bhfuil chreideamh i ndomhan úd na n-aingeal is na naomh chomh hinchreidte le fírinne ár mbeatha fhéin. Mar sin, mholfainn do dhuine ar bith, a bhfuil súil seabhaic aige ar shléibhte glórmhara na síoraíochta, mholfainn dó, nó di, an leabhar neamhghnách seo a léamh, nó ní chuile lá a chasfadh leabhar dá leithéid ar dhuine.

Ar an ‘Late Late Show’

Ní gá a rá, go raibh Lorna fhéin mar aoi ar an ‘Late Late Show’ ar an Aoine, an 17ú Meán Fómhair, na bliana seo, 2010, agus go ndeachaigh sí i gcion go mór ar a lucht éisteachta, agus ar a lucht féachana. Bhí a dáiríreacht, a macántacht, agus a hinchreidteacht, le feiceáil go soiléir trína raibh le rá aici. Sea, agus tá beartaithe agam anois, an leabhar is déanaí uaithi, “Stairways to Heaven,” a lorg is a léamh gan aon ró-mhoill, agus is féidir leat a bheith cinnte, go mbeidh cuntas faoi le léamh agat sa cholún seo, chomh luath is a bheidh sé léite agam.

.

en_USEnglish