I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Ar do Rothar leat!

Scríobh mé sa cholún seo, píosa ó shin, faoi chúrsaí taistil, faoi theorainn luais, faoi thimpealláin, agus mar fho-nóta leis an alt sin, faoi lánaí rothar, atá ag fás mar fhás aon oíche ar fud na tíre, ag an am seo, agus má tharlaíonn gur chuimhin leat ar scríobh mé faoi na lánaí rothar céanna sin, cheana, tuigfidh tú, nach raibh mórán measa agam ar an dtionscnamh céanna sin.

’Tuige?

’Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir.

Bhuel, chuile thuige. Ach ar an gcéad dul síos, déarfadh bunús na ndaoine nach bhfuil dóthain spáis ar ár mbóithre lena leithéid a dhéanamh, agus caithfidh mé a admháil go bhfaca mé fhéin lánaí rothar leagtha amach ar bhóithre cúnga, thuas i gContae Chill Dara, agus ba é mo bhreithiúnas fhéin nó go mb’amhlaidh a chuir siad le baol ar na bóithre sin. Bheadh cinneadh dá leithéid ceart go leor, dá mbeadh bóithre breátha leathana againn, agus ualach asail de spás againn le bheith ag bronnadh roinnt luachmhar de ar ár rothaithe.

Ach, mura bhfuil tú sásta lána a chur in áirithe don rothaí, céard tá ar intinn agat, leis an gcréatúr céanna sin a thabhairt slán, agus é ag iarraidh a bhealach a dhéanamh trí thranglam tráchta ár mbóithre?

Níl tada ar intinn agam le sin a thabhairt i gcrích, nó táimse den tuairim, gur feithicil é an rothar, ar chomhchéim leis an ngluaisteán, nó leis an leoraí, nó leis an mbus fiú, agus tá na cearta céanna aige ar ár mbóithre, agus é de dhualgas ar chuile thiománaí eile, bíodh sé i mbun rothair, nó gluaisteáin, nó feithicle ar bith eile, tá de dhualgas air, féachaint chuige, nach sáraíonn sé cearta an rothaí, agus é amuigh ar ár mbóithre.

Dofheicthe!

Tá rud eile i gceist freisin, má bhreathnaíonn tú ar bhóthar marcáilte, agus áit faoi leith curtha in áirithe ann don rothaí, istigh ina lána cúng fhéin. Tá go breá, ach céard a tharlaíonn, nuair a thagann an lána sin chomh fada le timpeallán, nó crosaire? Éiríonn sé do-fheicthe! Cá bhfuil spás an rothaí sa chás sin? Nach bhfuil orainn uilig dul ar ais go dtí an tsean-ré, nuair a bhí an ceart céanna ag an rothaí, is a bhí ag chuile dhuine eile, ag baint úsáide as an mbóthar. I ndáiríre, nach gcaithfear an cheist a chur. An sábháiltede an rothaí an lána rothar nua seo, in aon chor? Caithfidh mé a rá, nach bhfuilimse fhéin cinnte go bhfuil, nó bheinn in amhras faoi, ar a laghad.

Anois, nílimse ag maíomh, in aon chor, go bhfuil breall orthu siúd a mholann an tionscnamh seo, nó tá mé cinnte go bhfuil a ndearcadh fhéin acusan, sea, agus tá mé cinnte, go bhfuil a n-obair baile déanta acu freisin, agus “fair play” dhóibh, nó d’éirigh leo a bhfís a réaladh, rud nach éasca a dheanamh, na laethe. Ach sin uilig ráite agam, ní hionann sin is a rá, go mbeinn cos ar chois leo, sa chás seo.

Críoch

Agus le críoch a chur leis an bpíosa seo, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, tagairt a dhéanamh do bhóthar faoi leith, agus sin Bóthar Phort Láirge, anseo sa Chathair Álainn, nó is é is gaire dom fhéin, agus caithfidh mé a admháil, go gcuireann na lánaí rothar, atá marcáilte ar an mBóthar seo, go gcuireann siad go mór le cuma, agus le crot, an Bhóthair sin, agus le cur lena ailleacht, nach bhfuil dath breá, feiceálach, rua, curtha ar an lána céanna le déanaí, ach ag an am gcéanna, ón lá ar marcáileadh chomh deas néata sin é, ní dóigh liom go bhfaca mé thar péire rothar ag baint úsáide as ceachtar den dá lána rothar, ar an mbóthar sin. Anois, má leanann cúrsaí faoi mar atá siad faoi láthair, chuile sheans, go mbeidh roinnt mhaith dínn ar ár rothair, taobh istigh d’achar eicínt, ach mura dtarlaíonn a leithéid, b’fhéidir nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid……….

Aon tuairim agat fhéin faoi na cúrsaí seo?

en_USEnglish