I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

“Ciorclán 44/07”

Nach beag Gaeilgeoir sa tír, faoin am seo, nár chuala trácht eicínt ar an gCiorclán cinniúnach sin, 44/07, agus murar chuala, chuile sheans go gcloisfidh siad faoi, sna laethe atá romhainn amach.

Céard é fhéin, an ea?

Ciorclán a sheol an tAire Oideachais agus Eolaíochta chuig na Scoileanna lán-Ghaeilge, tamall ó shin, ag cur ar a súile dóibh, nach mbeadh sé ceadmhach feasta, luath-thumoideachas iomlán sa Ghaeilge a úsáid i ranganna naíonán sna Scoileanna Gaeltachta agus sna Scoileanna lán-Ghaeilge. Ní call dom a rá, go gcuireann údaráis na Scoileanna céanna sin go tréan i gcoinne chinneadh úd an Aire.

Why?

Tuige ar fhógair an tAire an cosc sin ar an luath-thumoideadhas, má sea?

Bhuel, i ráiteas chuig an nuachtán Ghaeilge, Foinse, thar cheann an Aire, a ndéantar tagairt dó in alt le Máire Ní Chiaráin, sa pháipear sin, dúradh…..

“Research shows that children in disadvantaged areas, including some who enrolled in Gaelscoileanna, have language deficits in their mother tongue, English.”

Níltear cinnte anois cén “Research” atá i gceist ag muintir an Aire sa ráiteas céanna sin, agus fiú má tá “language deficits” ag naíonáin i limistéir mhíbhuntáisteacha, faoi mar a deirtear sa ráiteas sin, níl baint ar bith aige sin le polasaí tumoideachais na Scoileanna lán-Ghaeilge, agus i gcás na “some who enrolled in Gaelscoileanna” níl cruthú ar bith ann, go gcuirfeadh sin lena “Deficits in their Mother tongue, English,” nó ní bheadh siad ag gabháil don “Mother Tongue” úd, fad is a bheadh siad tumtha sa chéad teanga oifigiúil, agus dá n-éireodh leo sa Ghaeilge, nár mhór an misneach a thabharfadh sin dóibh, nuair a thabharfadh siad faoin mBéarla, ar ball.

“Tumoideachas”

Ach, ar eagla na heagla anois, nár chóir a fhiafraí faoi mhíniú an téarma sin, tumoideachas?

Cinnte ba chóir, agus go bunúsach, is é atá i gceist sa téarma sin nó, ar theacht isteach don naíonán sa Ghaelscoil, go dtumtar é i meán na Gaeilge, sa chaoi nach mbíonn le clos aige, ó thús deireadh an scoil-lae ach an sprioctheanga sin amháin.

An éiríonn leis an modh múinte sin?

D’fhéadfá a rá go n-éiríonn, mar is cuimhin liom fhéin, nuair a bunaíodh Ghaelscoil Osraí, anseo i gCill Chainnigh, roinnt mhaith blianta ó shin anois, agus tar éis don scoil sin bheith á seoladh, thart ar ráithe, tugadh cuireadh dhom teacht isteach ar chuairt chucu. Chuaigh mé isteach, agus dár ndóigh, ní raibh mé ag ceapadh go mbeadh mórán dul chun cinn déanta ag na páistí sin sa Ghaeilge, tar éis an méid sin ama. Bhuel, ba bheag nár baineadh an chaint díom, nuair a chuala mé na páistí sin ag spalpadh na teanga go deas, líofa, nádúrtha, i gcomhrá, i ndráma, in aithriseoireacht, agus i gcluichí, faoi mar ba í an Ghaeilge a dteanga dhúchais. Labhair mé leo, agus labhair siad liom, agus ní raibh amhras ar bith ormsa, ach gur éirigh go seoigh leis an luath-thumoideachas iomlán, cumas labhartha na teanga a thabhairt do na páistí céanna sin.

Second Thoughts

Déarfainn fhéin gur chóir don Aire an ciorclán sin, 44/07, a aistharraingt, agus ligint do Bhoird Bhainistíochta na Scoileanna lán-Ghailge deighleáil leis an bhfadhb seo, toisc gurbh iadsan is fearr a thuigeann riachtanais na Scoileanna céanna sin.

Molaim an tAire as a bheith sásta súil ghéar a choinneáil ar chúrsaí dá leithéid, agus as a bheith sásta freisin, gníomhú chun leasa na nGaelscoileanna, faoi mar a chonacthas disi é, ach sa chás seo, b’fhéidir gurbh fhearr di fanacht ar an dara scéal, sára ndéanfadh sí a breith a thabhairt, agus polasaí chomh tábhachtach le seo a athrú.

Tugaim faoi deara freisin, go bhfuil ráiteas eisithe ag Iar-Uachtaráin, agus ag Uachtarán an Chonartha, ag moladh don Aire an ciorclán úd, 44/07, a tharraingt siar, agus nach é an scéal céanna ag lucht stiúrtha na Scoileanna lán-Ghaeilge fhéin é.

B’fhiú dúinn uilig, agus b’fhiú don Aire freisin, aird a thabhairt ar mholadh na ndaoine sin.

.

.

  

en_USEnglish