I mBéal an Phobail
Cross Country……………………..céadchló…….2008
by
James Patterson………………………………….£18.99
***************************
.
Patterson chugainn arís
Sa leabhar seo ó pheann an scríbhneora cháiliúil, Mheiriceánaigh, scaoileann an t-údar a shár-lorgaire, Alex Cross, ar thóir an choirpigh mhíthrócairigh, chruálaigh, mhailísigh, Abidemi Sowande, a dtugtaí “An Tíogair” mar leasainm air, leasainm a bhí tuillte, agus tuillte go dóighiúil aige!
James Patterson a chuir an leabhar seo i dtoll a chéile, agus ní call dom a rá, nach é seo an chéad leabhar ó pheann an údair seo. B’fhéidir gur chuimhin libh roinnt díobh seo …. Four Blind Mice; The Big Bad Wolf; Pop Goes the Weasel; Mary, Mary, agus tuilleadh den chineál céanna sin. Sea, agus caithfidh mé a admháil, gur bhain mé fhéin taitneamh agus toit as chuile cheann acu, ach scéal de chineál eile ar fad atá á ríomh ag an údar sa leabhar seo, Cross Country. Féach mar a chuireann an t-údar é ar an gcéad leahanach den scéal seo….
“Georgetown, Washington, DC
…….The six-foot-six, two-hundred-fifty-pound killer known as “The Tiger” had given out guns to his team – also a gram of cocaine to share, and the only instruction they would need tonight: The mother is mine. Kill the rest.”
Nigéireach fir ba ea an Tíogar seo, murdaróir míthrócaireach, agus sa chás seo, theastaigh uaidh an mháthair a mharú, toisc go raibh eolas áirithe faighte aice, le linn di seal a chaitheamh sa Nigéir. Ellie Randall Cox ab ainm don mháthair, agus cara de chuid Alex Cross ba ea í.
Iriseoir Aifriceach
Mar adúirt mé, chaith sí seal sa Nigéir, agus le linn an ama sin, chuir sí aithne ar Iriseoir cáiliúil, áitiúil, arbh ainm di Adanne Tansi. Anois, d’éirigh leis an Iriseoir seo roinnt mhaith eolais a bhailiú faoin chaimiléireacht agus faoin uisce-faoi-thalamh a bhí ar siúl sa Nigéir, an t-am sin, agus faoi na daoine áirithe a bhí taobh thiar den obair sin go léir. Nó ní hé amháin go raibh an Tíogair agus coirpigh eile páirteach ann, ach ag an am gcéanna, bhí Stáit, agus Polaiteoirí áirithe, sáite go dtí na cluasa ann, agus b’iad na fórsaí sin a d’fhostaigh an Tíogar, agus a leithéidí, lena ndrochobair fhéin a chur i gcrích dóibh, agus i dtaobh an “team” úd, a luaitear san athlua thuas, ní raibh iontusan ach gasúir, gasúir a bhailigh an Tíogair ó dhileachtlanna dúchasacha, agus ar dhein sé fhéin iad a thraenáil le daoine a mharú ar ordú uaidhsean.
Ionad an Áir
Ní call dom a rá, gur tarraingíodh an Dochtúir Cross, an lorgaire cáiliúil, isteach sa scéal, agus chomh luath is a shroich sé ionad an áir, gur tugadh an drochscéala dó…
“Family of five, all of them dead,” Frescoe repeated himself. “The name’s Cox. Father, Reeve. Mother, Eleanor. Son, James. All on the first floor. Daughters, Nicole and Clara, on the third.”
Mar a luaigh mé cheana, bhíodh aithne ag Alex ar an mháthair, blianta ó shoin, nuair a bhí an bheirt acu óg, agus nuair ba Ellie Randall a bhí ar an mbean seo, sular phós sí.
I knew her – at least I once had.
Long, long ago, Ellie had been my girlfriend when we’d been students at Georgetown. She had probably been my first love.
And now Ellie had been murdered, along with her family.”
Turas chun na hAifrice
Chuaigh Alex i mbun oibre le fonn agus le flosc, agus i ndeireadh na dála, tuigeadh dó, go mba mhaith an tseift í dul ar thóir an Tíogair go dtí an tír as ar éalaigh sé, a chéaduair. B’in an fáth ar imigh sé chun na Nigéire. Casadh Meiriceánaigh agus Nigéirigh air ansin, agus thaisteal sé ó cheann ceann na tíre sin, geall leis, agus é ag iarraidh bonn an Tíogair a chur, ach ba é an scéal céanna i gcónaí é. Bhí an Tíogar céim chun tosaigh air, chuile bhabhta. Ba ghearr gur tuigeadh dó nár ró-shibhialta an áit í an Nigéir chéanna sin, nó gabhadh ina phríosúnach é, agus caitheadh go holc leis. Rinneadh é a bhualadh, a bhascadh, agus a bhatráil, agus tar éis dó seal a chaitheamh ar an ealaín sin, ba ghearr gur cuireadh ar a shúile dó é, nárbh aon ribín réidh é an Tiogar agus a chomhghuallaithe, agus bhí rud eile i gceist freisin, agus b’in go raibh sé thar a bheith deacair, do-dhéanta, d’fhéadfá a rá, a chairde a aithint thar a naimhde.
Gread leat abhaile, Alex
Ag an bpointe sin, bhí cogadh cathartha ag bagairt ar an Nigéir, agus d’éirigh leis an Ambasadóir Meiriceánach Alex a sheoladh abhaile, ar mhaithe leis fhéin, dár ndóigh! Ach má dhein fhéin, ní raibh sé críochnaithe leis an Tíogar fós, nó ba ghearr sa bhaile é, nuair a tugadh le fios dó, go raibh a chlann gafa ag an Tíogar céanna, agus chuile chosúlacht ar an scéal nach dtiocfadh duine ar bith acu slán ó chrúba an mhurdaróra mhíthrócairigh chéanna sin. Gabhadh an Lorgaire cáiliúil fhéin fhreisin, agus cé ghabh é? agus cé a bhí taobh thiar den ghabháil sin? agus cé’n toradh a bheadh ar an ngnó sin go léir? An marófaí Alex agus a chúram ar fad? nó an éireodh leo teacht saor ó chrúba an Tíogair?
Má’s uait freagra na gceisteanna sin a fháil, tá faitíos orm go gcaithfidh tú an leabhar a léamh duit fhéin, nó tá mo sháith ráite agamsa faoin scéal, agus dár ndóigh, ní theastaíonn uaimse an scéal a mhilleadh oraibhse.
Is deacair an leabhar seo a chur uait go dtí go mbeidh an deoir deiridh diúgtha agat as.
.