Dialannaí cáiliúil eile

.

Is dócha go bhfuil sé ag tarraingt ar thriocha bliain ó shoin anois, ó scríobh mé píosa sa Kilkenny People faoi Dhialannaí cáiliúil Chalainn, Amhlaoibh ildánach Ó Súilleabháin. Tharla go raibh mé tar éis léacht a thabhairt, anseo sa Chathair Álainn, faoi shaol agus faoi shaothar an Dialannaí cháiliúil chéanna sin, ag an am, agus theastaigh uaim cuid den eolas a bhí bailithe agam, a roinnt ar mo chuid léitheoirí anseo i gcolúin an Pheople. Is minic a thagann cuimhní na laethe iontacha, do-dhearmadta, sin ar ais chugam, agus mé ag fánaíocht liom síos bóithríní na cuimhne, agus cuireann sé ionadh an domhain orm, go raibh an Dialannaí céanna sin, chomh hildánach is a bhí. B’fhear é, a raibh taighde agus staidéar déanta aige ar a theanga dhúchais, b’fhear é freisin, a raibh meas an domhain air, mar fhear gnó, agus mar fhear a raibh tionchar agus saineolas aige ar chúrsaí sóisialta, agus polaitíochta, a linne, sea, agus tabhair faoi deara freisin, an t-eolas uilig sin a bhí aige faoi chúrsaí aimsire agus a leithéid. Ní náire ar bith dúinn a bheith bródúil, agus mórtasach, as Amhlaoibh s’againne.

An Dara Dialannaí

Ach sin ráite, agus admhaithe, níor chóir dúinn, ach oireadh, dearmad a dhéanamh ar Dhialannaí eile, a tháinig chugainn isteach ón dtaobh amuigh freisin, agus a chaith seal maith, tairbheach, taitneamhach, dá shaol inár measc anseo sa Chathair Álainn, agus ní gá a rá, ach oireadh, go raibh mórtas an domhain ar an údar cáiliúil céanna sin, as a ghaol agus a cheangal le Cill álainn Chainnigh. Ní gá a rá, go raibh cónaí air fhéin is ar a Mham anseo, thar bhlianta fada, agus nach iomaí sin tagairt le fáil ina chuid scríbhinní ar Chathair seo a dhídine, agus nár bhronn Bardas na Cathrach s’againne ainm an údair sin ar ionad faoi leith anseo sa Chathair Álainn. Ní gá dhom a rá, gurb é Dónall séimh Mac Amhlaigh atá i gceist agam anseo.

Alt sa “Times”

Is é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín seo mé, an babhta seo, nó alt a léigh mé sa Times, i Mí Lúnasa seo ghabh tharainn, alt le Ciarán Ó Cualáin atá i gceist agam.

Cuireann Ciarán síos ina alt ar an chaoi ar chuir sé fhéin aithne ar shaothar Dhónaill, a chéaduair. Oíche Nollag a bhí ann, agus bhí Ciarán agus a athair ag siopadóireacht i mbaile mór an Longfoirt, nuair a casadh fear breá scafánta orthu, agus chuaigh athair Chiaráin agus an fear strainséartha seo i mbun chomhrá. Ar baillín beag, chuir an t-athair an fear sin in aithne do Chiarán, agus d’inis dó, go mba dhuine de na charachtair i nDialann Deoraí le Dónall Mac Amhlaigh é. B’fhear as Conamara é, a chaith seal i mbun oibre i Sasana, toisc nach raibh a leithéid ar fáil go héasca sa tír seo, ag an am. Bhí Dónall sna triochaidí nuair a chuir sé an saothar sin de, i 1960.

Sár-údar Connachtach, faoi dheireadh

Is cuimhin liom fhéin go maith an t-áthas agus an mórtas a bhí orm fhéin tráth léigh mé an saothar sin, ag an am. Ar deireadh thiar, dár liom, bhí sár-údar Connachtach dulta i mbun pinn, agus bhí úire, nádúrthacht, agus dáiríreacht, ag baint lena shaothar. Bhí boladh na fírinne, sea, agus blas na dáiríreachta, le fáil uaidh, agus chomh maith le sin, thóg an saothar ár gcroí, toisc go bhféadfadh muid bheith ag súil le tuilleadh fíoruisce a tharraingt as an dtobar nua seo, a bhí fionnta againn. Sea, agus bhí an ceart againn sa mhéid sin, nó chuir Dónall s’againne suas le deich leabhar iontacha ar fáil dúinn idir sin agus lá a bháis.

Tuairim Chiaráin

Ach le filleadh ar an alt úd le Ciarán Ó Cualáin, níor chóir dom an píosa seo a chríochnú gan tagairt a dhéanamh dá thuairim ar Dhialann Deoraí. Féach mar a chuir sé é…

“Cuntas lom macánta atá ann ar shaol a chaith na mílte Éireannach i Sasana – na fir ag náibhíocht, ag tarraingt biatais, ag leagan ráillí nó ag tógáil tollán don iarnród; na mná ag obair mar bhanaltraí, mar chailíní aimsire is mar chúntóirí siopaí.

Sclábhaíocht ar bun ag go leor acu is iad ag cabhrú le hatógáil na tíre sin tar éis scrios an chogaidh.”

Bhíodh an leabhar sin ar chúrsa na hArdteistiméireachta tráth, ach ní hamháin nach bhfuil a leithéid sin fíor a thuilleadh, ach is dócha go bhfuil an leabhar fhéin imithe as cló faoi seo.

Is é mo thuairim fhéin, gur caitheadh go dona le Dónall s’againne, duine de na scríbhneoirí ab fhearr a chothaigh stíl, agus cur-chuige, dá chuid fhéin, sa bhfichiú haois. Bhí plean aige triológ a scríobh ag cur síos ar shaol ár n-imirceach i Sasana, lena linn, ach tar éis dó an chéad leabhar den triológ sin a chur i gcló, agus tar éis an chaoi ar caitheadh leis, shocraigh sé gan dul níos fuide leis an dtionscadal sin.

Caithfidh mé a admháil go mothaimid Dónall uainn anseo sa Chathair Álainn, nó ba dhuine dínn fhéin é, agus bhí séimhe, nádúrthacht, dáiríreacht, agus greann, fite fuaite ina phearsa, agus ina theacht i láthair, sa chaoi go raibh sé éasca, comhrá agus seanchas a dhéanamh leis. Áit ag bord an Tiarna go raibh aige anois agus i dtólamh.

en_USEnglish