.

“I gceartlár mo dhaoine”

.

Thug mé cuairt ar an Iarthar, le déanaí. Bheadh ar dhuine a admháil don saol mór nach raibh an aimsir thar mholadh beirte, ag an am, nó maidin Domhnaigh, agus muid ag fágáil an bhaile anseo i gCill Chainnigh, bhí sé ag cur sceana gréasaí. Ní dóigh liom, go bhfaca mé báisteach chomh trom leis, leis na cianta, agus dá chomhartha sin, bhí orainn tiomáint trí locháin uisce, a bhí ag trasnú an bhóthair anseo is ansiúd. Cuir le sin, go raibh na spéartha gruama leagtha anuas orainn, geall leis ach níor bhréag ar bith a rá, gur oir gruamacht na haimsire don ngruamacht gránna a bhí cuachta ina scamall dlúth múchtach, sa chroí istigh ionnam.

Turas na Trócaire

Tuige a’ raibh an croí istigh ionnam chomh trom, gruama, dubhach, sin, An ea?

Toisc nach siar ar aeraíocht, nó ar saoire a bhí mé ag bogadh, an mhaidin bhroghach sin. Níorbh ea, mh’anam, mar ba ar shochraid a bhí mé ag dul, sochraid mo dheirféar Cáit, an duine deiridh den ál, taobh amuigh díom fhéin, a bhí fanta os cionn talaimh fós. Tuigfidh tú, mar sin, nach raibh aon ró-dheifir orm, agus mé i mbun an aistir chéanna sin, nó ní le fonn a thug mé faoi i dtosach báire, ach gur tuigeadh dom, go raibh sé de dhualgas orm bheith ar an bhfód, don ócáid sin.

Chun bóthair linn go breá luath, ar eagla go gcuirfeadh an doineann moill orainn, ach tar éis dúinn dul trí chupla linn uisce, anseo is ansiúd, fan an bhóthair, rinneamar an tslí a chur dínn go héasca, agus chomh maith le sin, chomh luath is a thrasnaigh muid an tSionainn, bhí sé ina thuradh ansin, go tráthnóna.

Siar a chuamar

Chuireamar an oíche sin tharainn i mBéal an Átha, agus an mhaidin dár gcionn, thugamar an bóthar siar go Béal an Mhuirthead orainn fhéin. Shroicheamar an Teach Ósta nua sin, ar imeall Bhéal an Mhuirthead go breá luath, agus bhí deis againn scathamh a chaitheamh ansin, lenar scíth a ligint, roimh an chuid deiridh den aistear go dtí an Geata Mór a chur dínn.

Nuair a shroicheamar an Geata Mór, tamall roimh mheánlae, bíodh gur ar shochraid a bhíomar ag dul, ag an am gcéanna, ba thógáil croí domsa bualadh leis an oiread sin seanchairde. Ag buille an mheánlae, cuireadh tús leis an Aifreann. Bhí triúr sagart ar an altóir, sagairt a raibh aithne acu ar Cháit, nó ba mhinic í ag obair ansin i Séipéal álainn Naomh Sheosaimh sa Gheata Mhóir. Ba mhór go deo an chabhair iad, an tAifreann fhéin, na hiomainn ón gCór, an seanóir ón Sagart Paráiste, agus tacaíocht an phobail mhóir a bhí bailithe ar an bhfód, lena gcomhbhrón a chur in iúl, le meáchan ár gcumha a laghdú, lenar mbuairt a mhaolú, agus lenár gcaoinchuimhne a threisiú.

Deireadh an Aistir

I ndiaidh an Aifrinn, shnigh an tsochraid a slí anacair i dtreo Reilg na Croise, Reilg atá i ngiorracht urchar méaróige do Sheanmhainistir na Croise, mar a bhfuil an file, Riocard Bairéad fhéin, ag tabhairt an fhéir. Ach fillimis ar an Reilg Nua, mar a raibh uaigh tochailte go doimhin i ngaineamh bhog gheal an Mhuirthead. Uaigh a thochail gaolta agus cairde Cháit. Deineadh an uaigh a choisreacan. Íslíodh an chónra. Dúradh na paidreacha cuí, agus ansin, fad is a bhí deichniúr den Phaidrín á rá, bhí na gaolta agus na cairde céanna sin, ag líonadh na huaighe le gaineamh bhog bhán, a thit anuas gan trup ar chlár na cónra. Tráth raibh an deichniúr ráite, bhí an uaigh líonta, agus an farasbarr baslaithe ina iomaire deas, néata os a cionn. Sea, agus nárbh oiriúnach an chomhartha chéanna sin, ar ár ndúil uilig san aiséirí, san athfhás sin, a luaitear sa véarsa….

Ó bhás to críoch,

Nach críoch ach athfhás,

I bParrthas na nGrást

Go rabhaimid.

Agus an méid sin déanta againn, d’fhanamar uilig ar an bhfód go ceann tamaill, muid ag caint is ag comhrá, ag seanchas is ag síor-rá. Muid ag rúscadh aibhleoga na cuimhne, ach thar aon rud eile, muid ag misniú a chéile, le tabhairt faoin chuid eile dár n-oilithreacht fhéin.

Áit ag Bord an Tiarna, go raibh ag Cáit bhocht s’againne anocht agus i dtólamh.

Gaineamh Bhog Bhán

D’íslíomar a cónra chláir

I gciúineas caoin a huaighe,

Is ghuíomar dá hanam dil

Grásta is síocháin neimhe.

.

Líonadh isteach an uaigh

Le gaineamh bhog bhán Iorrais,

A thit mar chálóga grásta,

Gan trup, lá úd na Leice.

.

Is d’fhanamarna sa timpeall,

Mearaithe ag rún na beatha,

Ag seanchas is ag comhrá

Ar stair is ar ábhair reatha.

.

Taobh linn, bhí na tonnta mara

Ag briseadh go cumhach cois trá,

In ómós do Cháit bhocht na gile,

Is ag guí uirthi suaimhneas gan chrá.

.

Mothóimid uainn thú, a dheirfiúr,

Do chomhluadar caoin is do chiall,

Go raibh tíos agat feasta sna Flaithis,

Faoi shíocháin is suaimhneas gan chríoch.

.

.

Peadar Bairéad

.

***********************************

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish