I mBéal an Phobail

– Tubaiste Inis Gé 1927 –

(…This week I mBeal an Phobail recalls the Inishkea drowning which occurred on the 28 October 1927.)

.

Breis is ceithre scór bliain ó shoin, ar an 28ú Deireadh Fómhair, i mbliain úd ár dTiarna 1927, a tharla báthadh mór Inis Gé.

Cá bhfuil Inis Gé, an ea?

Péire oileán atá suite amuigh ó chósta an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, atá i gceist anseo agam. Inis Gé Theas agus Inis Gé Thuaidh, a tugtar orthu.

Agus an bhfuil pobail ag cur fúthu amuigh orthu, sa lá atá inniu ann?

Tá faitíos orm, nach bhfuil, ach ní mar sin a bhíodh, breis is ceithre scór bliain ó shoin áfach, nó bhí pobail bheo, bhríomhara, Gaelacha, ag cur fúthu ar na hoileáin bheannaithe sin. Thagaidís i dtír ar iascaireacht agus ar fheirmeoireacht. Agus, bheadh sé deacair áit ní b’áille a fháil, thoir nó thiar, ag an am.

Báthadh mór Inis Gé

Ach, cén chaoi ar tharla an tubaiste úd, sa bhliain 1927, má sea?

Lá breá Fómhair ab ea an 28u Deireadh Fómhair, an bhliain sin 1927, agus amuigh sa tráthnóna, tuigeadh do lucht iascaigh Inis Gé go ndéanfadh sé togha oíche iascaireachta. Dá thoradh sin, bhailigh na hiascairí a gcip is a meánaithe, agus chun farraige leo in am tráth. Amach ar an domhain leo ina gcurracha leochaileacha, ach tráth raibh siad ullamh le dul chun oibre, tuigeadh do chuid acu, gur tháinig droch-chuma ar an aimsir, agus d’iompaíodar thart, agus rámhaigh siad ar a ndícheall i dtreo ché an oileáin. Tháinig a mbunús sin saor ón mbáthadh, ach lean an chuid eile orthu, agus chuireadar na heangacha.

Sár a mbeadh am agat comhartha na croise a ghearradh ort fhéin, d’éirigh an ghaoth ina roisteacha móra, agus shéid an gála, gur cuireadh scaipeadh na mion-éan ar an gcabhlach currach. Níorbh aon chabhair dóibh na heangacha lán éisc a bhí mar chloch mhuilinn thart orthu anois, agus bíodh gur ghearradar na heangacha saor, bhí sé ró-dhéanach, nó bhí na curracha imithe ó smacht, faoin am sin, agus thiomáin na roisteacha farraige isteach ar na carraigreacha móra, géara, garbha, iad, gur deineadh cláiríní díobh ansin, agus gur báthadh na hiascairí óga sciliúla, scafánta, a bhí ina mbun. Séideadh cupla currach isteach ar an trá, agus d’éirigh leis na hiascairí a bhí iontusan teacht slán, ach báthadh aon duine dhéag sa tubaiste uafásach sin.

.

Oileán tréigthe

Bhris an tubaiste sin ar mhisneach agus ar mheanma phobail na n-Oileán. Cuireadh coirp na n-iascairí a cailleadh i Reilg an Fháil Mhóir, agus ó tharla gur cailleadh iad uilig san aon tubaiste amháin, cuireadh i bhfocair a chéile iad, san aon uaigh mhór amháin. Bailíodh airgead i Meiriceá le leacht oiriúnach a thógáil os a gcionn, lena gcuimhne a choinneáil glas. Agus go gairid ina dhiaidh sin, i dtús na dtriochaidí, shocraigh na hoileánaigh ar na hoileáin a thréigint, agus tugadh feirmeacha beaga dóibh ar an dtír mhór, i nGlais, baile beag a bhíonn go síoraí ag breathnú amach ar na hoileáin. Bhí file san Aird Mhóir, in Iorras, ag an am, agus Seán Ó Monacháin a bhí air. Bhuel, chum seisean ‘Caoineadh’ faoin mbáthadh céanna sin. Cuirfidh mé críoch leis an bpíosa seo, le cupla véarsa as an ndán sin a athlua anseo,

Báthadh Inis Gé

.

“Nach bocht an gháir is nach daor an bás é,

Ó rinneadh an t-ár seo in Inis Gé?

Tá’n sgata báite a b’fhearr san áit seo

I bPort a’ Chárainn is nach mór an scéal?

Dá síntí a gcnámha i gcónraí clárthainn,

Nó ’n cholainn ghránna bheith curtha i gcré,

Ní bheadh mná ’gus páistí chomh buartha cráite,

‘S bheadh a muintir sásta in Inis Gé.

.

Séard dúirt na hardchinn chaith i bhfad i gColáiste,

A fuair fios ó’n bPápa ar chaint na Naomh,

Má rinneadh an báthadh i bPort an Chárainn

Go raibh an breitheamh i láthair á ligint saor;

Bhí Dia dá sábháil ‘s ag réiteach áit dóibh,

Ní scathamh gearr é, nó lóistín oíche,

Acht don anam tárrrthaí céad míle fáilte,

I Ríocht an Ardrí arís a choíche.

  

Solas na soilse, agus agus glóir na bhFlaitheas, go raibh acu uilig, na créatúir, anois agus i dtólamh.

.

.

en_USEnglish