Leabhar Neamhghnách

.

Forbidden Love

by

Norma Khouri

Tháinig mé ar leabhar an-neamhghnách, ar na mallaibh. Cara liom a mhol dom é a léamh, agus rinne mé rud air. Iordánach mná, Norma Khouri, a scríobh, agus “Forbidden Love” a bhaist sí ar an saothar neamhghnách seo. Ionad na mban i sochaí na Iordáine, atá idir chamáin ag údar an leabhair, agus sa scéal dírbheathaisnéiseach seo, leagann sí béim, go háirithe, ar bhású oinigh, no honour killing, faoi mar a chleachtaítear é i measc na nArabach.

Leis an leabhar seo a scríobh, b’éigean don údar a tír agus a muintir a thréigint, agus cur fúithi thar lear. Chaith sí tréimhse sa Ghréig, ach ag am scríofa an leabhair seo, bhí sí ag cur fúithi san Astráil, agus níl aon chosúlacht ar an scéal, go mbeidh ar a cumas filleadh ar a dúchas go deo arís.

Sa Iordán

Bhí cónaí ar an mbean óg seo, ar Norma Khouri, i gcathair Amman, sa Iordán. Críostaí i dteaghlach Críostaí ba ea í, ach má sea fhéin, mhaireadar de réir nósanna na nArabach. Bhí Norma cairdiúil le Dalia, cailín Muslamach, ba chomhaois lei. Bhí an bheirt seo mór le chéile óna n-óige, agus nuair a bhí siad in aois chuige, thug a muintir cead dóibh “Salon Aonghnéasach M&D” a bhunú sa chathair. Ní gá a rá nach mbeadh cead acu dul chun an Salon sin, mura mbeadh fear eicínt dá muintir ar fáil, len iad a thionlacan ann, ar maidin, agus ar ais abhaile arís, sa tráthnóna, agus ní gá ach oiread, a rá, nach mbeadh cead ag Dalia baint nó páirt a bheith aici le Salon a dhéanfadh freastal ar fhir, muna ndéanfaí coimhdeacht ceart orthu, agus iad i mbun na hoibre sin, ach tugadh cead dóibh Salon úd M&D, a choinneáil sa tsiúl ar feadh na mblianta. Thug an socrú sin cead agus deis don bheirt bhan úd, blaiseadh den tsaoirse sin a bhí coitianta ar fáil agus á cleachtadh ag mná i dtíortha an Iarthair. Ar ball, áfach, rinneadar athchóiriú ar an Salon, agus iontas na n-iontas, tugadh cead dóibh Salon Déghnéasach a dhéanamh de.

Grá Crosta

Bhí go maith, nó deineadh chuile shórt mar ba chóir, ar feadh scathaimh, ach ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán abhaile ón tobar, áfach, agus ba é an cás céanna sa scéal seo é, nó, ar ócáid amháin, tháinig fear breá óg isteach chun an Salon, agus thit Dalia i ngrá leis, agus eisean lei. Anois, bíodh gur tuigeadh do Norma agus do Dalia go mba Úll na hAithne dóibhsean an grá céanna, sa chás áirithe sin, nó bhí suirí, nó pósadh, idir bheirt dá leithéid, crosta, amach is amuigh, sa Iordáin. Micheál ab ainm don bhfear breá óg seo. Saighdiúir ba ea é, agus lena chois sin, ba Chríostaí é. Anois, ní gá a rá go mbeadh Dalia i mbaol a báis, dá bhfaighfí amach, go raibh sí mór le Micheál, críostaí. Ach faoi mar adeir an t-amhrán, aicíd gan leigheas is ea an grá agus:-

nuair a théann sé fá’n chroi,

cha scaoiltear as é go brách”

agus lena chois sin, deirtear go bhfuil an grá céanna sin dall freisin! Níor chuir Micheál agus Dalia deireadh lena gcairdeas, áfach, dá bharr sin, ach diaidh ar ndiaidh, trí dhallamullóg a chur ar a muintir, d’éirigh leo deiseanna a chruthú, a chuir ar a gcumas dul chuig ócáidí sóisialta, amuigh a chathair. Ní call a rá, go raibh Norma ansin le chuile chabhair a thabhairt dá cara Muslamach.

Cat as an Mála

Ba é críoch na mbeart é, nó go bhfuair muintir Dalia amach, go raibh an gaol crosta seo idir í fhéin agus Micheál. Go gairid ina dhiaidh sin, chuir a muintir chun báis í, nó b’in an nós a chleachtaítí i measc na nArabach, leis na cianta. Féach mar a mhínigh máthair Norma di faoi na cúrsaí sin…….

Dalia is only one of thousands of women this happens to every year. I’m sure the others had mothers sisters and friends who were just as upset as you are now, but they realised, as you will in time that nothing can be done about it. They suffer the loss in silence and then find a way to move on, as you will.”

Ní gá dhom a rá, nach raibh Norma sásta le socrú dá leithéid, agus ba é deireadh an scéil é, nó go ndeachaigh sí thar lear, nó tuigeadh di, go raibh sí fhéin i mbaol a báis freisin, toisc gur chuidigh sí lena cara, smál a chur ar oineach a clainne siúd.

Fútsa Atá

Ach, fágfaidh mé fút fhéin é fios fátha an scéil a fháil amach duit fhéin, nó bíodh gur léigh mé fhéin an scéal neamhghnách seo, ó thús deireadh, ag an am gcéanna, nach bhfuil sé deacair a chreidiúint, go bhféadfadh a leithéid a thitim amach, san aonú haois fichead seo? Tuigtear ón scéal freisin, nach toisc gur Mhuslamach ab ea Dalia a cuireadh chun báis í, ach toisc go mba Arabach í.

Bíodh an focal deiridh agatsa!

.

Peadar Bairéad

en_USEnglish