New Year's Resolutions

Peadar Bairéad

.

Tá an tráth sin bliana an doras isteach chugainn arís! Gearróga Dubha an Gheimhridh curtha dínn againn, agus muid ag druidim linn go réidh, cúramach, i dtreo na Féile Bríde. Agus tugann chuile dhuine againn faoi deara an fad choiscéim choiligh sin tagtha sna laethanta, cheana féin; lusa an chromcinn, lena gcorn ardaithe, ag adhaint dóchais i gcroí an dúlra, anam ag tíocht i gceol na spideoige is an loin. Sea, seo an t-am le rúin athbhliana a dhéanamh.

Seo an t-am le seolta a ardú arís, le dúshlán na mara móire moingscaoilte a thabhairt. Seo an tráth den bhliain le soithigh ár mbeatha a thabhairt i dtír, len iad a ghlanadh, is a sciúradh, agus díon a chur orthu in aghaidh doineann na dúluachra. Gan dabht ar domhan, seo an t-am le claíocha bearnaiathe na beatha a dheisiú, agus le gortghlanadh éifeachtach a dhéanamah ar fhiailí santacha, barrphlúchtacha ár laethe. Seo an tráth den bhliain, nuair a dhírím fhéin ar alt a scríobh faoin ábhar thuasluaite.

Agus le filleadh ar an ábhar ar ar tharraing mé an scéal an tseachtain seo, sé sin, ceist na Rúin Athbhliana. Tuigfidh tú fhéin, go bhfuil sé beagnach thar am agam éirí as an nós seo anois, nó mura bhfuil mo leas déanta agam faoin am seo, tá sé ag éirí ró-dhéanach bheith ag súil go ndéanfadh na rúin athbhliana an beart dom, ach, mar sin fhéin, faoi mar adeir lucht an Bhéarla, “Hope springs eternal in the human breast.” Sea, is deacair tine an dóchais a mhúchadh i gcroí an daonnaí, agus mar sin, seo chugaibh mé arís le mo chupla rún….

Geallaim dhaoibh!

Ar an gcéad dul síos, geallaim dhaoibh, go bhfuil fúm colún suimiúil, spreagúil, tairbheach, a chur ar fáil dom léitheoirí, anois is arís!

Ar an dara dul síos, tá mé meáite ar mhisneach a mhúscailt sa chroí istigh ionnam, i rith na bliana úire seo, agus glacadh leis, go dtiocfaidh an tír s’againne i dtír, agus go mbéarfaidh muid bua ar na deacrachtaí iomadúla, atá ag bagairt go géar orainn, na laethe seo. Agus go mba láidre, agus go mba dhílse an pobal seo, tar éis dó an Cúlú Eacnamaíochta s’againne a shárú.

Mar bhuille scoir, tá socraithe agam freisin, súil an tseabhaic a choinneáil ar an saol thart orm, sea, agus ar dhaoine freisin, go háirithe orthu siúd a bhfuil greim acu ar roth stiúrtha na cumhachta, le bheith cinnte de, go bhfuil siad ag saothrú na cumhachta céanna sin ar mhaithe le leas an phobail, nó tá súil agam, go mbeidh chuile dhuine againn san airdeall feasta, le féachaint chuige go ndéanfar amhlaidh. Agus nach n-úsáidfear í faoi mar a úsáideann an cat a chrónán! Agus chomh maith le sin, tá fúm tabhairt faoi ábhar ar bith a bheidh i mbéal an phobail ag an am, cuma faoi cheart na polaitíochta, ba coisricthe, nó cúis ar bith eile, ach oiread! An bhfuil rúin athbhliana déanta agat fhéin? B’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é cupla ceann acu a dhéanamh!

Athbhliain faoi mhaise dhaoibh uilig!

en_USEnglish