Bóithre na Banban

Clocha Duirlinge agus gairbhéal !

Agus córas bóithre na tíre seo idir chamáin agam, ní féidir liom, i dtosach báire, gan súil a chaitheamh siar ar an gcineál bóithre a bhí againne thiar, agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas fadó. Mór idir na bóithre sin agus na bóithre atá againn, ar fud na tire, sa lá atá inniu ann. Nár bhaist an file ‘na bóithre fada bána’ orthu, agus b’in a bhí iontu an t-am sin, nó ní raibh deoir fhéin tarra spréite ar an mbóthar mór idir Bhéal an Mhuirthead agus an Fód Dubh, agus roinnt mhaith bóithre eile freisin, an tráth úd. Sea, bóthar bán, anacair, sclaigeach, a bhí ann, gan aon agó, agus ansin, nuair a bhí mise thart ar dhá bhliain déag d’aois, socraíodh ar an mbóthar sin a tharráil. Ba mhór an gar dár gcosa bochta nochta é an socrú céanna sin, nó bhí an tarra go deas, bog, compórdach, teolaí, fúinn, i gcomparáid leis na clocha duirlinge agus an gairbhéal, a bhíodh coitianta leata air, roimhe sin.

De réir a chéile ansin leanadh leis an bhfeabhsú. Deineadh taobh an bhóthair a thaoscadh, trí dhíogacha agus ceiseanna a dhéanamh, nó a fheabhsú, fan an bhóthair sin, agus mar chloch phréacháin ar an iomlán, dheineadar líne bán a phéinteáil suas síos lár an bhóthair, líne a deineadh a mhaisiú le súile chait a fheistiú inti, anseo is ansiúd. Ach ní bóithre Iorrais atá i gceist agam, i ndáiríre, an tseachtain seo, ach Bóithre na Banban, frí chéile, agus an bhail atá orthu, i láthair na huaire seo.

Faoi mar adúirt mé cheana !

Ba chóir dom labhairt i dtosach faoi na timpealláin bheaga, a d’fhás fan ár mbóithre, faoi mar ba fhás aon oíche iad. Is dócha gur féidir a rá fúthu, go ndéanann siad cúis, agus ar an mórgóir, éiríonn leo smacht eicínt a choinneáil ar thrácht buile ár mbóithre. Ach nár mhór an chabhair é don ghluaisteánaí, dá dtógfaí colún sofheicthe, i lár an timpealláinín, sa chaoi go bhféadfaí é a fheiceál go soiléir, píosa ó bhaile, mar adéarfá. Agus nár chóir an bóthar a leathnú roinnt, timpeall an timpealláinín, sa chaoi go mbeadh iachall ar an dtiománaí, tiomáint timpeall an cholúin chéanna sin.

Sea, agus céard faoi na constaicí úd, na rampaí, a chuireann ár n-Udaráis Áitiúla trasna ár mbóithre, agus é mar aidhm acu, srian a chur ar luas na dtiománaithe a thiomáineann timpeall, faoi mar ba chúrsaí rásaíochta iad. Arís, ní gá a rá, nach dtaitníonn na rampaí céanna sin liom, nó mura mbeadh duine san airdeall, is beag nach gcuirfeadh na rampaí céanna sin an tiománaí bocht, ar mhullach a chinn, trí dhíon an chairr amach. Ach arís, éiríonn leo srian a chur le tiománaithe buile, trína gcoinneáil faoi smacht, agus seans a thabhairt don phobal áitiúil úsáid chuí a bhaint as na bóithre sin. Ach, mar aguisín ar sin, ba chóir deireadh a chur leis na rampaí miotail úd a leagtar ar bhóithre áirithe. Níor chóir go nglacfaí lena leithéid in aon tír shibhialta, nó tá mé cinnte, go ndéanann siad dochar do chabhail agus d’inneall na gcarranna a sheolann tharstu. Tá mé ag ceapadh, gur ghearr go mbainfidh gluaisteánaí éigin leas as an dochar sin, le cúis dlí in aghaidh Chomhairle Áitiúil eicínt a thosú. Scéal eile ar fad é, nuair a deintear na lánaí tráchta sin a mharcáil ar ár mbóithre. Thug mé faoi deara, i gContae airithe, ar na mallaibh, go raibh nós tosaithe acusan lána do Rothuithe a mharcáil ar bhóithre a bhí cúng go leor, cheana féin.

Lánaí Glasa ?

Ach, nach ar na taobhchasáin a dhéantar na lánaí sin a mharcáil, i gcónaí?

Ní hea, muis! ach déantar iad a mharcáil freisin amuigh ar thaobh an bhóthair fhéin, agus nuair a bhreathnaíonn tú ar ghluaisteán ag tiomáint leis, os do chomhair amach, feictear duit, nach bhfuil sách slí sa lána atá fágtha don tiománaí lena fheithicil a thiomáint agus a choinneáil faoi smacht ann. Sea, agus nar chuala mé, áit eicínt, go bhfuil ár gComhairle fhéin ag smaoineamh ar a leithéid a dhéanamh, anseo sa Chathair Álainn. Tá súil agam go ndéanfaidh siad athsmaoineamh ar an ábhar seo, sára dtabharfaidís faoi scéim dá leithéid, nó chuirfeadh lána dá leithéid go mór le líon na dtimpistí ar bhóithre bána na Banban.

Céard ba chóir a dhéanamh, mar sin?

Tada! Ba chóir an scéal a fhágail mar atá, agus dualgas a chur ar chuile dhuine a úsáideann ár mbóithre, bheith san airdeall i gcónaí, agus bheith ag faire amach don duine eile, ar eagla go ndéanfadh sé dochar ar bith dó. Mar dhealródh sé, go bhfuil sé níos contúirtí iad a mharcáil ná gan a leithéid a dhéanamh in aon chor! Is é tuairim mo sheanchara, Mhártan a’ Tairbh, gurb iad na Glasaigh is cúis le polasaí dá leithéid, agus dár leis-sean, ba chóir ‘an Lána Glas’ a bhaisteadh ar Lána úd na Rothuithe.

Modh Fógraíochta !

Is dócha gur thug tú faoi deara, freisin nach mbíonn glaine ár mbóithre thar mholadh beirte, corruair, agus cé go ndéanann an Chomhairle Áitiúil, agus an Bardas, chuile iarracht an áit a choinneáil glan, néata, ach gan chabhair an phobail, is snámh in aghaidh easa dóibh é. B’fhéidir dá ndéanfadh siad mar a dheintear thall sna Stáit, agus deis a thabhairt do Lucht Gnó na dúiche, píosa áirithe sraide, nó bóthair, a ghlacadh faoina gcoimirce-sean, agus fógraí a chur in airde, fan na coda sin, ag cur ar a súile don phobal, gurb iadsan atá freagrach as an stráice sin a choinneáil glan. D’fhéadfaidís sin a úsáid mar mhodh fógraíochta dá ngnó, agus nárbh oiriúnach, ciallmhar, agus comharsanúil, an bealach é le fógraiocht a dhéanamh?

.

.

.

en_USEnglish