Fíorú Físe

.

Peadar Bairéad

The Alchemist…………… le……………… Paulo Coelho……………

.

Tóir ar a Shaothar

Seo leabhar beag ar tháinig mé trasna air, ar na mallaibh, agus bíodh nár aistríodh go Béarla go dtí an bhliain 1992, chuaigh sé i bhfeidhm chomh mór sin orm, gur cheap mé gur chóir dom píosa beag a scríobh faoi. Brasaíleach fir isea an t-údar, agus ní bréag ar bith a rá, go bhfuil sé ar scríbhneoirí móra an domhain, le roinnt mhaith blianta anois. Tá tóir ar a shaothar, ó cheann ceann na cruinne, agus tá na milliúin leabhar dá chuid díolta cheana féin. Tá Paulo molta agus mise i mo thost.

Bhuel! cuirtear an príomhcharactar in aithne dhúinn i dtús an scéil, agus aoire ba ea é. Seo mar a chuireann an t-údar é:-

“The boy’s name was Santiago. Dusk was falling as the boy arrived with his herd at the abandoned church. The roof had fallen long ago, and an enormous sycamore had grown on the spot where the sacristy had once stood.”

An tAoire

B’as Andalusia na Spáinne don aoire seo, agus chaith sé a laethe ag taisteal ó áit go háit, ar thóir féir agus uisce dá thréad. Bhí léann ar an ngasúr seo, nó chaith sé seal i gCliarscoil, go dtí go raibh sé sé bliana déag d’aois, nó theastaigh óna thuismitheoirí go ndéanfaí sagart de, ach má sea, níorbh é sin a theastaigh ón ngasúr seo, agus d’éirigh sé as an tsagartóireacht, agus chuaigh le haoireacht caorach. Ach má dhein fhéin, níor shásaigh an tslí bheatha sin é, ach oiread. Bhíodh brionglóidí aige go minic, faoi seo, agus faoi siúd, ach mar sin fhéin, ní raibh ar a chumas aon scil a bhaint as na brionglóidí céanna sin, ach bhí a fhios aige, go raibh giofógach mná ina cónaí i Tarifa, agus tuigeadh dó, go raibh ar a cumas siúd, brionglóidí a thuiscint agus a mhíniú. Mar sin, chuaigh sé chuici. Rinne an bhean seo iarracht ar a bhois a léamh, ach mhínigh an gasúr di, nárbh é sin a bhí uaidh, ach míniú a fháil ar a bhrionglóidí. D’inis sé di faoin mbrionglóid a bhí aige, dhá oíche as a chéile. Bhí sé i bpáirc lena thréad, tháinig páiste isteach, agus thosaigh ag súgradh leis na caoirigh. Ar ball, tháinig an páiste chuige, agus rug greim ar a dhá láimh, agus dúirt leis dul chuig Pirimidí na hÉigipte mar a bhfaigheadh sé ciste i dtalamh, agus ansin, sula raibh deis ag an bpáiste tuilleadh treoracha a thabhairt dó, dhúisigh sé fhéin, chuile bhabhta. Dúirt an bhean leis, go dtarlódh amhlaidh, dá leanadh sé treoracha an pháiste, agus nach mbainfeadh sí fhéin táille ar bith de, as sin a insint dó, ach go gcaithfeadh sé filleadh, agus deachú an chiste a thabhairt di, dá n-éireodh leis sin a fháil. Mhionnaigh an t-aoire go ndéanfadh sé amhlaidh, agus d’imigh leis. Ar ball, casadh fear feasa air, ar rí é, i ndáiríre, agus d’inis seisean an scéal céanna dó, ach ghearr seisean táille air, as an eolas sin a thabhairt dó.

Ar thóir a dháin

I ndeireadh na dála, dhíol an t-aoire a thréad, agus lena luach, thug sé an Aifric air fhéin, áit ar chaith sé seal i mbun an ghnó seo, agus seal i mbun an ghnó úd eile, ach feadh an achair go léir, bhí sé ag iarraidh a fháil amach, céard a bhí i ndán dó, agus céard a bhí a chroí fhéin istigh ag rá leis. D’éirigh go breá leis, mar dhíoltóir gloineacha, i siopa an chnoic, agus shaothraigh sé fortún beag dó fhéin, ach ar deireadh, d’imigh sé ón ionad sin, agus thug a bhóthar air fhéin arís. Ar ball, shroich sé tamhnach sa bhfásach, agus chaith seal ansin. Casadh Ailceimiceoir air, agus snadhmadh caradas eatarthu, agus sa tamhnach sin freisin, casadh cailín álainn muslamach air, dárb ainm di Fatima, agus thiteadar i ngrá le chéile, ach bhí a dhán fós le coimhlíonadh ag an aoire, agus d’imigh sé fhéin agus an tAilceimiceoir ar thóir na bPirimidí, bíodh go raibh sé ina chogadh dearg idir threibheanna an ghainimhligh, ag an am. D’fhág an tAilceimiceoir an t-aoire, nuair a bhíodar gar go maith do na Pirimidí, agus ón bpointe sin, bhí Santiago leis fhéin, agus tar éis roinnt eachtraí, shroich sé dumhach ard, agus óna barr, fuair sé radharc ar na Pirimidí. Bhain áilleacht na bPirimidí céanna sin an anáil de, agus tuigeadh dó go raibh sé tagtha go dtí an t-ionad ina raibh an ciste folaithe. Thosaigh air ag tochailt, ach sin a raibh aige dá bharr. Ar ball, tháinig saighdiúirí air, agus tharraing amach é, as an bpoll a bhí tochailte aige, agus tar éis é a cheistiú ar feadh tamaill, d’inis ár n-aoire dóibh, faoina raibh á lorg aige.

Fís le fíorú

Gháir ceannaire na saighdiúirí, agus dúirt go raibh brionglóid dá leithéid aige fhéin, bliain roimhe sin, ach gur foilsíodh dósan, go bhfaigheadh sé ciste faoi thalamh, dá raghadh sé go hAndalusia, agus dul chuig fothrach eaglaise ansin, a raibh seiceamar ag fás aníos tríd an áit a raibh éardamh na heaglaise sin, fadó. “Agus ar thug tú aird ar do bhrionglóid?” arsa an t-aoire. “Ag magadh fúm atá tú!” arsan saighdiúir.

Ní gá dhom críoch an scéil sin a insint duit, ach déarfaidh mé an méid seo leat, gur bhain mé fhéin an-taitneamh agus an-phléisiúr as an scéal, nó bhí soinneantacht, agus macántacht aoibhinn neamhghnách, ag baint leis an scéal, tríd síos. B’fhéidir gur mhaith leat fhéin é a léamh? Ní bheidh a chathú ort má dhéanann. Geallaimse dhuit é!

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish