I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Caighdeán agus Teilifís

Nach minic a chloiseann muid daoine óga, ach go háirithe, ag maíomh gur chuala siad seo, nó go bhfaca siad siúd, ar an teilifís, agus sin á dhearbhú acu, faoi mar ba chruthú údarásach é sin go raibh an ceart acusan, toisc go bhféadfaidís an teilifís a lua mar fhoinse dá ndearcadh.

Ach an bhféadfá a bheith ag brath ar an bhfoinse chéanna sin mar bhuntobar gach eolais agus léinn?

Ní dóigh liom go bhféadfá.

Breathnaímis nóiméad ar fhuaimniú focal, agus ar bhlas na teanga. Nach minic, agus nach rí-mhinic a chloistear meancóg á dhéanamh ag an láithreoir, nó ag an léitheoir sna cúrsaí sin, sea, agus sin i gcás focail a úsáidtear go rí-mhinic freisin. Éist leis an gcaoi a fhuaimnítear focail Bhéarla, le, -ou-, iontu, mar shampla. In ionad an fhuaim –ou- a chlos, faoi mar a chloisfeá ó ghnáth-chainteoir Béarla, is é a chloistear ó dhaoine áirithe nó fuaim atá an-chóngarach don ghuta, -i-, agus in áit, -round-, a chlos, is amhlaidh a chloiseann tú fuaim atá an-chosúil le –rind-. D’fhéadfá roinnt mhaith fuaimeanna eile a phiocadh amach, fuaimeanna nach dtugtar Cothrom na Féinne dóibh, chhor ar bith. Éist le fuaimniú na bhfocal, –million-, Thomas, Fine Gael, Fianna Fáil, agus tuilleadh, i mBéarla, gan trácht in aon chor ar an bpraiseach a dhéanann corrdhuine den chorrfhocal Gaeilge a shleamhnaítear isteach i script láithreora, anois is arís. Nach minic a bhaintear siar as duine agus é ag éisteacht le láithreoir ag iarraidh – Bord Gáis – a rá, agus in ionad é a rá, faoi mar ba chóir, is é a thagann amach as a bhéal crampáilte nó..bird gash.. Sea, agus céard faoi na láithreoirí a labhraíonn leat trí fhiacla dúnta, agus iad ag iarraidh miongháire a dhéanamh leat ag an am gcéanna, lena gcuid fiacal snasta, bán, dírithe, a nochtadh os comhair an tsaoil mhóir? Á! Ná bí ag caint!

Ceisteanna Amaideacha!

Rud eile a chuireann déistean ormsa isea na ceisteanna amaideacha a chuireann láithreoirí áirithe ar a lucht éisteachta.

Bheul! Nach minic a chuirtear ceist amaideach ar an lucht féachana ar chlár teilifíse, agus duais míle Euro ag dul don té a bhuann an crannchur seo, nó tá’s ag an saol, gur chrannchur i mbréagriocht atá sna comórtais chéanna sin.

Céard faoi’n gcineál seo ceiste..

Cén t-ainm a thugtar ar dhuine a rugadh, a tógadh, agus a mhaireann, sa tír seo ‘gainne? Roghnaigh ceann amháin de na freagraí seo a leanas……..(a) Gael. (b) Sasanach. nó (c) Albanach.

Níl i ndáiríre i gcomórtais dá leithéid ach dallamullóg, nó is é atá á dhéanamh iontu, nó bob á bhualadh acu ar na húdaráis, sa mhéid go ligeann siad orthu go bhfuil scil riachtanach le ceisteanna dá leithéid a fhreagairt. Ní comórtas ceart atá i gceist ina leithéid de chás, nó is é atá ann, nó chrannchur, mar bheinn ag ceapadh, go mbeadh an freagra ceart ag chuile iarrthóir. Conas a phioctar an buaiteoir, má sea? Trí chrannchur, ’deile?

Ach, is dócha nach bhfuil sé ceadmhach crannchur a rith gan cheadúnas! Ó! Bhuel! Cuir síoda ar ghabhar……….

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Nósanna labhartha

Ní gá a rá, go bhfuil tuilleadh geaitsí a chuireann le báiní mé, agus mé ag breathnú ar an dteilifís, gan trácht in aonchor orthu siúd, a labhraíonn chomh tapaidh sin, nach bhféadfadh duine ar bith, nó fiú an púca fhéin, aon scil a bhaint as a bhfuil idir chamáin acu. Tuigtear dóibh siúd go bhfuil dualgas orthu na focail a scaoileadh i dtreo a lucht éisteachta, faoi mar ba philéir as ineall-ghunna iad.

Agus mar bhuille scoir, céard faoi na láithreoirí a dhéanann chuile iarracht ar a lucht éisteachta a spreagadh i dtreo éirí amach, nó léirsithe, nó gníomhartha clampair? agus tá a leithéidí ann! Ní chuige sin a fhostaítear iad. Ní le mí-shásamh, nó le mí-ordú, nó le rí-rá, a leathadh i measc an phobail a roghnaíodh iad lena bpostanna dea-ioncaim a líonadh; ach le caitheamh aimsire, le siamsa, agus le heolas ar chúrsaí an tsaoil, a leathadh i measc an phobail. Sea, mh’anam, agus ní gá dul le gáirsiúlacht, le drúisiúlacht, nó le húsáid an F Mór fhéin, leis na haidhmeanna sin a thabhairt chun críche.

Sonas oraibh!

en_USEnglish