Daonlathas ?

Peadar Bairéad

Séimí s’againne arís

Nuair a shiúl mo sheanchara, Séimi an Droichid, isteach sa ‘Smugairle Róin’ an oíche cheana, bhí fhios agam láithreach, go raibh rud eicínt ag dó na geribe ag an bhfear bocht, nó ar an gcéad dul síos, ní raibh ann ach gur bheannaigh sé dhom, agus ansin, facthas dom go raibh muc ar gach mala aige, agus nach raibh fonn ar bith cainte air. Níorbh é a leithéid a bhí uaimse, in aon chor, agus dá bhrí sin, rinne mé chuile iarracht ar scéal nó duan a mhealladh uaidh. Ba é an chéad rud a rinne mé nó bleid a bhualadh ar bhuachaill an leanna, agus d’iarr air ár ngnáthdheochanna a chur ar fáil dúinn. Ba ghearr go raibh mo Shéimí bocht ag blaiseadh braoinín den stuif chrua a bhí le fáil aige ina ghloine. Lig sé siar ar bhlais sé, agus ba ghearr gur lig siar gáilleog eile sa tóir ar an gceann sin. Go gairid ina dhiaidh sin leath a ghean gháire air. Thuig mé láithreach go raibh a dhrochghiúmar glanta chun siúil agus gur ghearr go mbeadh fonn cainte fillte air arís, agus bheartaigh mé fhéin leas a bhaint as an athrú ghiúmair sin le scéal nó duan a mealladh uaidh.

Aon Scéal Nua agat ?

“Aon scéal nua agat, a Shéimí? nó is fada ó casadh ar a chéile cheana sinn” arsa mé fhéin, go deas, réidh, neamhurchóideach.

“Dheamhan mórán scéalta sa timpeall na laethe seo, taobh amuigh de scéalta faoin toghchán úd a ritheadh ar na mallaibh.”

“Sea” arsa me fhéin á fhreagairt “nach beag eile atá i mbéal an phobail, na laethe seo, taobh amuigh den toghchán céanna sin, ach ó tharla go bhfuil an toghchán sin thart anois, agus Dáil nua tofa againn, nach bhfuil sé sin ina scéal thairis, faoin am seo.”

“Tá, agus Níl, mar bíodh go bhfuil na vótaí caite, comhairithe, faoi seo, agus bíodh go bhfuil na Teachtaí tofa, ag an am gcéanna, nach bhfuil sé thar am againn an córas a úsáideann muidinne i roghnú Rialtais a scrúdú, agus a chur faoin miocrascóp, féachaint an bhfuil laige, nó locht, le fáil air.”

“Agus an é do thuairim go bhfuil, A Shéimí?” adúirt mé fhéin.

“Dár liomsa, níl sé gan locht.”

“Agus cén locht atá le fáil agat air, a Shéimí?”

Ar an gcéad ásc….

“Bhuel, ar an gcéad dul síos, an bhfuil éinne amuigh ansin, a thuigeann go beacht, conas a dhéantar na vótaí a roinnt? Níl mé ag caint anois faoin ‘stróc’, nó faoi uimhir a hAon, ach is é atá i gceist agam nó conas a roinntear a sciar de na vótaí ar na hiarrthóirí a fhaigeann uimhreacha níos sia amach. Tá daoine ann, a thugann roinnt na caillí ar an roinnt chéanna sin, nó dár leis na saineolaithe sin, tá cuid eicínt den bhuille faoi thuairim, sa roinnt chéanna sin, agus sin argóint amháin ar son na ngléasanna meicniúla a dhéanann an comhaireamh dóibh, i dtíortha áirithe eile, nó bheadh ar chumas an ríomhaire a leithéid sin de roinnt a dhéanamh, gan stró, agus b’fhéidir gur cheart dúinn an bóithrín sin a thabhairt orainn fhéin, am eicínt sa todhchaí.”

Roinnt na Caillí!

“Ach, i ndáiríre, deacracht teoiriciúil go maith atá i gceist agat ansin, a Shéimí, agus glacadh leis an modh roinnte sin siar thar na blianta, tá mé ag ceapadh go bhfuil laigí eile faighte agat sa chóras toghchánaíochta atá againne anseo.”

“Bí cinnte go bhfuil, agus roinnt mhaith, nó ag caint ar dhaonlathas, ceapaim fhéin nach bhfuil sárú an chóras a úsáideann na Sasanaigh le fáil, nó tógtar chuile phobal sa tír, agus toghann chuile thoghlach acu sin Teachta amháin, le feidhmiú thar a gceann, i dTeach na Parlaiminte. I gcóras dá leithéid, ní call dom a rá, nach mbíonn i gceist, de ghnáth, ach dhá Pháirtí, nó trí corruair, ach, nuair a thoghtar Teachta, ansin bíonn de dhualgas airsean cúramaí an toghlaigh uilig a ghlacadh air fhéin. Nuair a bhíonn an comhaireamh críochnaithe, ansin de ghnáth, bíonn móramh glan ag Páirtí amháin, agus orthusan a thiteann sé Rialtas a roghnú, agus a oibriú, go dtí an chéad toghchán eile. is soiléir go bhfuil an córas sin níos fearr ná an ceann a oibrítear sa tír s’againne faoi láthair, áit a thagann fás as cuimse ar uimhir na bPáirtithe beaga, agus ar neamhspleáigh freisin. Is í an laige a bhaineann le córas dá leithéid nó nach mbíonn móramh glan ag Páirtí ar bith, tráth a mbíonn na vótai comhairithe.”

Buann an móramh

“Ach, nach maith an rud é sin, nó cuireann sé srian agus adhastar ar na páirtithe móra, agus bíonn orthu dul i gcomhrialtas le Páirtí, nó le Páirtithe eile, le móramh a fháil dá Rialtas sa Dáil.”

“Admhaím gur maith an socrú é sin, go teoiriciúil, ach céard a tharlaíonn, i ndáiríre, nuair a bhíonn na vótaí comhairithe, agus ceannairí na bPáirtithe móra ag iarraidh greim a fháil ar chnaipí na cumhachta? Ag an bpointe sin, níl cumhacht bainte amach ag éinne acu fós, ach tosaíonn siad ag margántaíocht, faoi mar ba ghabhar, nó bó, a bhí ar an aonach acu, agus geallann siad a leithéid seo a dhéanamh do dhream beag, nó do dhuine amháin fiú, ar choinníoll go dtacódh siad leo sa Dáil, lá thoghadh an Taoisigh. Anois, cé thabharfadh daonlathas ar cur chuige dá leithéid? Nach ionann é agus bheith ag iarraidh cumhacht a cheannacht, agus sa cheannacht sin, nach bhfuil sé soiléir, go ndéantar éagóir ar thoghlaigh eile. Sea, tugtar cumhacht do ghrúpaí beaga, nó do Theachta aonair, fiú, cumhacht a ritheann díreach i gcoinne phrionsabail an daonlathais. Nach é “leas an phobail náisiúnta” prionsabal bunaidh an daonlathais, in ionad roinnt na caillí a dhéanamh ar an gcumhacht, agus jabanna a chur ar fáil do na ‘leaideanna’. Ach, féach an clog, maróidh Naipí s’againne mé, nó gheall mé di, go raghainn abhaile breá luath anocht. Slán……”

Agus amach an doras le mo Shéimí breá, le luas lasrach, ach, caithfidh mé a admháil gur thug sé ábhar smaointe dom fhéin.

Céard fútsa? An gceapann tusa go raibh adhmad ar bith in argóintí Shéimí na buile?

en_USEnglish