I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Elections and Memories, past and present

Ba bheag a bhí i mbéal an phobail le ráithe anuas anois, ach caint faoin toghchán, an toghchán a bhí againn sa tír seo, tarraingt ar thrí sheachtain ó shoin anois. Ní dóigh liom go bhfaca mé an pobal s’againne riamh chomh corraithe, chomh tógtha, chomh dealaithe, is a bhí siad, le linn toghchánaíochta, is a bhí siad, ar na mallaibh. Ní raibh lá dá dtáinig nach raibh orainn cur suas le cláracha toghchánaíochta, ar theilifís agus ar raidió, agus chaithfeadh duine a rá, nach raibh cuid de na clárcacha céanna sin thar mholadh beirte. Bhí cláracha, a bhí in ainm a bheith ina ndíospóireachtaí, ach b’annamh a tugadh saoirse cainte don té nach raibh guth toirniúil trodach aige. Tríd is tríd, níor ghnáth dhíospóireachtaí a bhí ar siúl i rith an fheachtas toghchánaíochta céanna sin. Níorbh ea muis! ach cath fuilteach focal, sea, agus geallaimse dhuit é, nach í an bhó mhaol a bhuafadh cath dá leithéid, níorbh ea, ach bullán na n-adharc géar. Ach sin scéal eile ar fad, agus tá mé ag ceapadh go bhfillfidh mé ar an ábhar sin, amach anseo, ach ní chuige sin atá mé, an babhta seo, ach chuige seo. An bhfaca éinne riamh an oiread sin póstaeir agus pictiur, an oireadh sin bolscaireachta agus stocaireachta, is a bhí leata os comhair an phobail amach, i rith an fheachtais sin? Bhí sé deacair freisin, nuachtán nó iris a léamh, i rith an ama sin, gan teacht ar pholaiteoirí ag iarraidh a mbuanna mar Theachta a chur in iúl. Sea, agus nuair a shuífeá síos os comhair an teilifiseáin, le seal a chaitheamh ag éisteacht le clár taitneamhach teilifíse, ba ghearr i mbun na hoibre sin thú gur tuigeadh duit, go raibh a chlár oibre fhéin ag an láithreoir fiú, bíodh go mbeifeá ag súil nach luífeadh seisean, nó sise, ar thaobh amháin, nó ar an dtaobh eile. Ach, ní mar a shíltear a bhítear go minic, geallaimse dhuit é.

Balance ?

Is dócha gur chuimhin le chuile dhuine againn an Seó Déanach, nuair a cuireadh triúr saineolaí os ár gcomhair, le ceist an toghcháin a phlé go ciallmhar, meáite, sa chaoi go mbeadh a dtuairimí mar shlat tomhais ag na héisteoirí agus iad ag iarraidh teacht ar thoradh ár bhfadhbanna polaitíochta. Ach céard a tharla? Bhuel, in áit a raibh uainn a fháil, is amhlaidh a rinne cuid de na cainteoirí chuile iarracht ar a ndearcadh fhéin a chur ar a súile, scun scan, don lucht féachana. Caithfidh mé a rá, nach raibh mé ag súil le céapair dá leithéid, ar chlár chomh tromchúiseach, agus é faoi stiúir dhuine de na láithreoirí is cleachta amuigh. Ach, arís, sin scéal eile, do lá eicínt eile. Bhuel, is é críoch an scéil sin é, nó go raibh an toghchán seo chuaigh thart, ar cheann de na toghcháin ba mhó poiblíochta agus bolscaireachta ó bunaíodh an Stát daonlathach s’againne.

Ach céard faoi na toghcháin a bhíodh acu, blianta ó shoin?

’32 Memories

Bhuel, is dócha nach bhfuil mórán daoine sa timpeall, sa lá atá inniu ann, a bhfuil cuimhne acu fós ar thoghchán ’32! B’in bliain iontach, chorraitheach, spreagúil, anseo in Éirinn. Mar is eol do chách, tionóladh an Chomhdháil Eochairisteach in Éirinn, an bhliain chéanna sin. Tháinig maithe móra na hEaglaise, agus an Stáit, le chéile i mBaile Átha Cliath, an bhliain sin, agus rinneadar craobhscaoileadh an Chreidimh i measc na nGael, cúig chéad déag bliain roimhe sin, a cheiliúradh is a chomóradh. Is cuimhin liom fhéin na bratacha uilig a fheiceáil ar foluain os cionn na dtithe, thiar in Iorras fhéin, an tráth úd, bratacha an Phápa agus an Bhrathach Náisiúnta ar foluain taobh le taobh, ó cheann ceann na tíre sin. Is cuimhin liom freisin an Mháistreás ár dtabhairt ón scoil go dtí an Séipéal, le cupla paidir a rá leis an ócáid sin a cheiliúradh, agus is cuimhin liom fós í á rá linn, go raibh seainsín beag caol ann, go mbeadh duine nó beirt againne, páistí, ar an saol fós, nuair a tharlódh ceiliúradh an séú céad déag de theacht na Críostaíochta go hÉirinn, ach nach raibh dabht ar bith uirthi, ach go mbeadh sí fhéin ag tabhairt an fhéir, faoin am sin!

Those Orators

Ach, fillimis ar na toghcháin. Is cuimhin liom fós na hóráidí taobh amuigh den tSéipéal, maidin Domhnaigh, agus na hóráidí tromchúiseacha á dtabhairt i lár an Aonaigh, i mBéal an Mhuirthead, sea agus corrdhuine ag béiceadh rudaí cosúil le…. ‘Céard faoi Document Number Two?’ ‘Up Dev!’, ‘Cé scaoil Michael Collins?’ nó arís, rud cosúil le.. ‘Cé ghoid coirce Mrs Lyons?’ Rudaí nár thuig mé fhéin in aon chor, ach, dhealródh sé gur bhain na daoine fásta an-spraoi go deo as an dtrasnaíl chéanna sin.

I ndiaidh an Toghcháin áfach, nuair a briseadh ar Chumann na nGael, sin an t-am a raibh an ceiliúradh, is an cómhaíomh, sna bailte a thacaigh le Dev. agus an brón is an bhuairt ar na bailte a thacaigh leis an tSaorstát. Is cuimhin liom fós gur mháirseáil slua mór daoine ó na bailte poblachtacha, lena ndrumaí, lena bhfliúiteanna, agus lena mboscaí ceoil, agus isteach leo trí bhailte a thacaigh leis an tSaorstát. Ba bheag nár dódh an teach s’againne an oíche chéanna sin, ach sin scéal eile, do lá eicínt eile. Sea, mh’anam! bhí daoine tumtha go dtí an dá chluais as pholaitíocht, an tráth úd, ach is dóigh gur fhoghlaim daoine ciall, le himeacht aimsire, agus gur tuigeadh dóibh go mbeadh orthusan leanúint leo ag sclábhaíocht, cuma cé bhuafadh, nó cé chaillfeadh sa toghchán. Ba iad na Teachtaí tofa a bhain an sochar ba mhó as a mbua, agus a chonách sin orthu!

      

.

en_USEnglish