Clann Mhuireadhaigh ag ceiliúradh

A Century of Service

by

Martin Halloran

(St. Muredach’s College 1906 – 2006)

Cupla lá ó shin, fuair mé cóip den leabhar seo tríd an bpost. Iardhalta dem chuid fhéin, Pádraig Ó hEadhra, a sheol chugam é. Is maith a thuig Pádraig go gcuirfinnse suim, agus dhá shuim, sa leabhar céanna sin, toisc gur sa Choláiste sin a chleacht mé mo scileanna múinteoireachta, a chéaduair, agus chomh maith le sin, bhí an t-údar, Máirtín séimh, cneasta, Ó hAllmhuráin, mar chomhleacaí agam i rith na mblianta spreagúla a chaith mé i mbun mo cheirde ar bhruacha maorga, méithe, na Muaidhe. Áit ag bord an Tiarna go raibh ag an Máirtín céanna, anois, agus i dtolámh.

Nach spéisiúil anois breathnú ar ghrianghraf na hoscailte a tógadh ar an 10ú lá de Mheán Fómhair, sa bhliain úd, 1906, beirt shagart agus cúigear tuata a bhí mar fhoireann teagaisc acu, agus a mbunús sin suite ar bhinsí. Taobh thiar díobh sin feiceann muid, ina seasamh, na daltaí, breis is trí scór díobh, agus iad gléasta ina gcultacha Domhnaigh, bóna agus carabhat ar chuile mhac a’ pheata acu. Cuireann an t-údar síos dúinn ansin ar chomh deacair is a bhí sé na pingneacha a bhailiú, leis an gColáiste sin Mhuireadhaigh a thógáil, i dtús an chéid seo caite, nuair a luigh an bhochtaineacht go trom ar phobail na deoise sin Chill Ala. Sea, agus nuair a bhí an talamh ceannaithe, agus chuile shórt, idir thógáil, fheistiú, troscánú, agus maisiú, críochnaithe, agus íoctha as, fuarthas amach ansin gur chosain an t-iomlán gar go maith don £20,000. Suim ollmhór airgid, ag an am gortach sin, nuair a chuireann tú pá an ama sin i gcomórtas le teacht isteach daoine sa lá atá inniu ann.

Pátrúin agus Uachtaráin

Faigheann muid ansin liosta, maille le grianghrafanna, Éarlamh agus Uachtarán an Choláiste, i rith an chéid seo caite. Ní call dom a rá, go raibh aithne agam ar a mbunús. Ní call dom a rá, ach oiread, go gcuireann sin brón orm anois, nuair a thuigtear dom go bhfuil a mbunús mór ag iompar na bhfód, faoin am seo.

Faigheann muid liosta na ndaltaí ar deineadh sagairt díobh ar ball, daltaí a fuair a gcuid léinn agus oideachais ansin ar bhruacha na Muaidhe. D’fhan an chuid ba mhó de na sagairt sin le freastal ar a muintir fhéin, i nDeoise Chill Ala, ach d’imigh roinnt mhaith freisin, lena ndúthracht a chaitheamh ar an gcoigríoch, agus iad ag leanacht an casán a bhuail misinéirí na tíre seo dóibh ó bhronn Pádraic Mac Calprainn bua an chreidimh orainn, sa chúigiú haois. Tá sa leabhar freisin, liosta iomlán na ndaltaí ar cuireadh léann orthu sa Choláiste sin.

Cuireann an t-údar síos freisin dúinn ar chleachtadh an chreidimh, agus ar mhúineadh agus ar theagasc na ndaltaí i rith an chéid, sea, agus tugtar spléachadh maith dúinn ar an gcineál saoil a chaitheadh Clann Mhuireadhaigh, agus iad ag freastal ar a nAlma Mater álainn le linn blianta glórmhara a n-óige. Féach mar a chuir Pat Lindsay é, ina dhírbheathaisnéis, “Memories”:-

“The five years I spent in Muredach’s were happy…. Had I a choice I wouldn’t change…”

Sea, agus déarfainn nár chlaoigh an Pat céanna sin ró-dhlúth le rialacha an Choláiste, corruair! Ní gá a rá, go raibh pionós corportha i réim, tráth, agus bhaintí leas as, anois is arís, le smacht a choinneáil ar dhaltaí ceanndána. Agus bíodh go ndeachthas thar fóir leis an bpionós sin, corruair, bhí cúrsaí níos measa in áiteacha eile :-

“However, overall, Muredach’s would have been moderate enough in comparison with other colleges of its kind.”

Déanann an t-údar cur síos freisin ar an gcaoi ar deineadh ealaíon, drámaíocht, ceol, agus a leithéid, a fhorbairt, agus a chothú, thar na blianta, i gColáiste Mhuireadhaigh. Tá cur síos aige freisin ar chluichí, agus a n-áit i saol na Scoile sin.

An Grianghraf úd!

Chuir mé fhéin suim faoi leith i ngrianghraf ar leathanach 129. Foireann teagaisc an Choláiste sa bhliain 1956, nuair a ceiliúradh an caogadú bliain i saol an Choláiste, atá i gceist agam anseo, nó sa ghrianghraf sin, tá pictiúr díom fhéin agus mé im mhúinteoir óg, ag an am. Ní raibh ach beirt tuata ar an bhfoireann ag an am! murab ionann agus caoga bliain roimhe sin, nó caoga bliain ina dhiaidh sin, dá ndéarfainn é. Ba chóir a lua freisin, gur beag duine den bhfoireann sin a mhair le ceiliúradh an chéid a chomóradh. Ba mhaith liom, mar sin, thar a gceann, “Ad Multos Annos” a ghuí ar Choláiste Mhuireadhaigh, bíodh nár tugadh an deis dom fhéin bheith ar an bhfód d’ócáid chomórtha an chéid.

Más iarscoláire, nó iarmhúinteoir fiú, thú, ba chóir duit, anois teacht na Nollag, áit a choinneáil id leabhragán don leabhar spéisiúil, spreagúil seo, agus arís, má bhreathnaíonn tú ar dhromlach an leabhair, feicfidh tú mo phictiúr fhéin, thíos ag a bhun! Nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac! Ach ná cáin an leabhar ar a chlúdach!

Rinne mé tagairt thuas, do ghrianghraf den bhfoireann teagaisc, a tógadh do chomóradh chaogadú bliain Choláiste Mhuireadhaigh sa bhliain 1956, agus ní gá dhom a rá, gur eisigh Clann Mhuireadhaigh, mar a thugtar ar iarscoláirí na scoile céanna sin, gur eisigh siad Irisleabhar, an bhliain sin, le Iubhaile Órga an Choláiste a chomóradh. Ní gá a rá, ach oiread, go ndeachaigh mé ar thóir an Irisleabhair chéanna sin, féachaint an raibh an grianghraf úd ann, agus ceart go leor, tháinig mé ar an ngriangraf sin ar leathanach 45 d’Irisleabhar Choláiste Mhuireadhaigh 1956, agus ní call a rá, gur bhain an grianghraf céanna sin deoir asam nuair a bhreathnaigh mé air, mar nach beag duine den dream breá, óg, scafánta sin, atá fanta i dtír na mbeo anois? Ach nach ’in an saol agat?

Saol eile a bhí ann, an tráth úd

Tugaim faoi deara freisin, go raibh saol eile ar fad i réim anseo, caoga bliain ó shoin, nó tá sé soiléir ó chuid de na hAilt san Irisleabhar sin, go raibh béim nár bheag, ag an am, ar an nGaeilge agus ar an nGaelachas. Ar an gcéad dul síos, bhí alt ansin uaim fhéin, i nGaeilge, faoin teideal “Ní bheidh ár Leithéidí ann arís” faoi athbheochan na teanga sna blianta a bhí romhainn amach. Is soiléir gur chreid mé, ag an am, go ndéanfaí an teanga a athbheochan roimh dheireadh na haoise seo caite. Deacair a chreidiúint anois, gur mise a scríobh, ach is dócha go bhfuil an mise sin beo fós, áit eicínt sa chroí istigh ionnam.

Gaeilge agus Gaelachas i dtreis

Tá ann freisin, alt brea le Seán Ó Dubhthaigh, O.S. faoi shaol agus faoi shaothar Riocard Bairéad, file. Alt scolártha, dea-scríofa, ina ndéantar saothar an fhile a scrúdú agus a mheas. Tá alt eile faoi Chumann Lúthchleas Gael i gColáiste Mhuireadhaigh, faoin teideal, “Fifty Years of Gaeilic Games in Saint Muredachs”, ina gcuirtear síos ar chúrsaí Peile sa Choláiste, agus faoin chaoi ar éirigh le hiardhaltaí an Choláiste mar imreoirí dá gContae, ar ball.

Téann Rev.John P. Gilroy, siar go dtí an séú haois, le hoidhe an Easpaig, Ceallach, a ríomh dúinn. déanann sé tagairt don “Lebor Breac”, áit a gcuirtear síos ar Chathréim Cellaig, “The Career of Cellach Bishop of Killala”. Déanann sé cur síos ar an gcaoi a sníomhtar dánta agus rannta isteach tríd an scéal, faoi mar ba ghnáth a dhéanamh go minic, sa tsean-am. Cuireann alt breá eile síos ar scéal na bhfothracha a shíneann fan bhruacha na Muaidhe, idir Bhéal an Átha, agus Cill Ala, faoin teideal, “The Mute Memorials of Moyne agus Rosserk”, Mainistreacha Proinsiascánacha ba ea iad, a tógadh sa chúigiú haois déag. leanann sé scéal na Mainistreacha sin, anuas go dtí an lá atá inniu ann, nuair nach bhfuil fágtha anois, i gceann ar bith acu, ach faoi mar a chuireann an file é,

“fothrach folamh gan aird”.

Baineann an t-údar leas as línte Uí Choileáin ina alt, le scéal na Mainistreacha sin a chur ina sheasamh ina steille bheatha, os ár gcomhair amach…

“Mar a nglaodhadh an fhuiseog mhoch

do chléir ag canadh a dtráth

Níl teanga ag corruighe anois

Acht teanga gliogair na gcág.”

Ach nach mar sin a tharlaíonn i scéal cinniúnach an chine dhaonna.

Agus le críoch a chur leis an bpíosa seo faoi Choláiste Mhuireadhaigh, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh d’alt breá eile san Irisleabhar úd, agus do bharúil, cén teideal atá air? Sea, “Not Gaelic Merely” leis an Rev Thomas Finan, agus is dóigh go raibh sé ag tochrais ar an gceirtlín céanna, a raibh mé fhéin ag tochrais air, agus muid beirt ag smaoineamh ar dhán na Gaeilge agus an Ghaelachais. Breathnaigh ar thús a ailt..

“The Irish speaking districts……are shrinking from year to year…..and unless some plan can be devised, and devised quickly, to preserve what is left of them, the language is undoubtedly doomed.”

Sin aiste bhreá eile ar an dtéad chéanna sin, agus aiste den scoth, dá ndéarfainn é. Ach ní féidir liom imeacht uaibh gan tagairt a dhéanamh don alt breá fada le Peter J. McGuire, faoin teideal, “When Ireland Made a Bid for Empire…….Canada in 1866. Sea, nach mór a bhí cúrsaí teanga agus tírghrá i dtreis in ár measc, sna laethe úd, sa bhliain 1956.

“Irisleabhar eile”…..1956 – 2006 ?

Nach trua, ar bhealach, nach bhféadfaí na píosaí breátha sin a chur ar fáil arís, don ghlún atá ag éirí aníos faoin am seo, agus dá gcuirfí, faoin gclúdach céanna leo, sraith altanna le múinteoirí an lae inniu, nár oiriúnach an chríoch a chuirfeadh Irisleabhar dá leithéid le ceiliúradh an chéid. D’fhéadfaí a leithéid a chur ar fáil roimh dheireadh na scoilbhliana seo, mar chuid den cheiliúradh. Ní fúmsa atá sé áfach, moltaí dá leithéid a chur i gcrích. Sea, agus nár bhreá an compánach a dhéanfaidh an tIrisleabhar sin do Stair úd an Choláiste, “A Century of Service,” leis an Athair Máirtín Ó hAllmhuráin,

Nach mór idir inné agus inniu, nó ní raibh sa Choláiste céanna sin ach Coláiste aonsruthach, i lár na gcaogaidí, nuair a tógadh an pictiúr úd a ritheann mar snáithe trí scéal seo chomóradh an chéid. Ní bréag ar bith a rá, gur fhás agus gur fhorbair an Coláiste céanna, ón am sin i leith, agus gura céad fearr a bheas sé ag deireadh an chéad cheid seo.

.

.

.

.

.

en_USEnglish