Ar Dhroim an Tíogair !

.

Nach beag duine sa tír seo nár bhain úsáid as an leagan cainte sin, “Eacnamaíocht an Tíogair Cheiltigh”, agus iad ag iaraidh cur síos a dhéanamh ar an dul chun cinn éachtach eacnamaíoch a deineadh anseo in Éirinn, le scór de bhlianta draíochta anuas. Ní gá a rá, nárbh í eacnamaíocht na hÉireann an chéad eacnamaíocht ar baisteadh ainm dá leithéid uirthi. Mar is eol do chách anois, ba thíortha sa ChianOirthir a thuill an gradam sin a chéaduair. Ní gá a rá, ach oiread, go bhfuil roinnt mhaith dár ndaonra, a fheictear dóibh, gur mar sin a bhí cúrsaí le sinsearacht, ach, tá inár measc, roinnt mhaith daoine a d’fhéadfadh iad siúd a chur ar an eolas, gan mórán moille, nó níl sé chomh fada sin ó shoin, nuair a bhí eacnamaíocht na tíre seo ina chiseach cheart chríochnaithe. Agus sin scéal nár chóir dúinn dearmad a dhéanamh de, nó is miath is cuimhin le cuid againn na laethe úd, nuair nach raibh mórán thar an anró, le fáil sa tír s’againne, agus go mb’éigean dár ndaoine óga dul thar lear ar thóir oibre. Sea, agus nár tuigeadh do roinnt dár bpolaiteoirí, ag an am, go raibh an iomarca daoine ag iarraidh cur fúthu i gCríoch seo Fodla, agus don té a raibh sá d’ádh air post a fháil sa tír seo an tráth úd, bhí air ualach trom cánach a iompar, nó dá mbeadh pingneacha measartha á shaothrú aige, ghearrfadh an Stát cáin de tharraingt ar 60% dá thuarastal air.

Bonn Leathair!

Sea, agus nach bhfuil bonn leathair tuillte ag na saoránaigh úd a choinnigh pingneacha i gciste an Stait, i rith bhlianta gortacha úd an ghanntain. Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, bhí roinnt mhaith daoine, a raibh pingin mhaith á shaothrú acu, agus fuair siadsan bealaí éagsúla cama, le díol na cánach troime sin a sheachaint, go hiondúil trí airgead a infheistiú i dtíortha thar lear, tíortha nach ngearrfadh cáin ar bith orthu siúd a d’infheistigh a gcuid airgid leo.

Tuigeadh dúinn uilig go raibh deireadh go deo leis na laethe sin, agus leis na nósanna sin, ach, dár mh’anam! go raibh breall orainn, nó nach bhfuil Comhlachtaí Stáit againn i láthair na huaire seo, a bhfuil na milliúin infheistithe acu sa Tír Fó Thoinn, faoi mar a thugtai uirthi fadó!

Agus tuige a bhfuil sin déanta acu, an ea?

Ag seachaint cánach

Le cánacha an Stáit s’againne a sheachaint, bíodh gur Comhlachtaí Stáit iad fhéin!

Agus cén cineál Comhlachtaí atá iontu, adeir tú?

Comhlachtaí cosúil le Bord Soláthar an Leictreachais, agus An Post, más inchreidte na cuntais a léamar sna nuachtáin, ar na mallaibh!!

Sea, mh’anam! agus beidh na Comhlachtaí céanna sin ag iarraidh an phingin ghortach a fháisceadh as a gcustaiméirí Éireannacha!

amar freisin, gur bhain an Bhuíon Cheoil U2 leas as an gcleas céanna sin, le meáchan a gcánacha siúd a laghdú, nó a éatromú! Sea, a mhaisce! bíodh go bhfuil tuairim ag roinnt mhaith daoine, go n-éiríonn, nó go n-éiríodh, leis an mBuíon chéanna sin deontas dlithiúil flaithiúil a fháil ó cháiníocóirí an Stáit seo, cheana féin! Nílim ag maíomh anois go bhfuil dlí ar bith á briseadh ag na daoine seo uilig, ach táid ann adéarfadh, gur chóir an bhó bhainne a bheathú, má tá fút í á crú.

Inné agus Inniu

Nach mór idir inné agus inniu? Is cuimhin liom na laethe, nuair a bhíodh an chosmhuintir s’againne ag baint na sál dá chéile ag iarraidh earraí Éireannacha a cheannach, sa tslí go ndéanfaí forbairt ar thionsclaíocht na tíre seo, agus sa tslí sin, go gcuirfí obair agus saothrú ar fáil dár muintir fhéin anseo sa bhaile. Sea, mh’anam, agus cén toradh a bhí ar an gcéapar sin uilig? Bhuel, d’éirigh le cuid de na comhlachtaí Éireannacha sin, agus nuair a bhí ubh dheas sheide fúthu, ansin céard a dhéanfaidís ach na comhlachtaí céanna sin a dhíol, scun scan, le comhlachtaí eachtrannacha! Tá faitíos orm, go bhfuil rud cosúil le sin ag titim amach sa lá atá inniu ann freisin. Nár chuala muid uilig faoi na Comhlachaí Stáit s’againne, a chaitheann roinnt dá gcuid airgead ag ceannach earraí eachtrannacha. Sea, mh’anam, in ionad cibé a bheadh ag teastáil uathu a cheannach ó chomhlachtaí Éireannacha, agus an t-airgead a choinneáil anseo sa tírín seo, téann siadsan i bhfad ó bhaile, ag iarraidh na pingneacha a spáráil, agus ceannaíonn siad thar lear iad. Ní hé mo thuairim fhéin, gur den chiall é a leithéid de pholasaí a leanúint, nó cheapfadh duine, go mba chiallmhaire an beart é, earraí Éireannacha a cheannach, agus na pingneacha breise sin a chur ar fáil dóibh siúd a íocann na cáineacha, le teaspach a chothú agus a fhorbairt sa Tíogair Cheilteach s’againne.

Déarfainn nach ndéanfadh sé lá dochair dúinne mar chine smaoineamh feasta ar leas an phobail s’againne, i dtosach, agus ansin, bheadh ar ár gcumas tuilleadh a dhéanamh le cabhair agus cúnamh a chur ar fáil dóibh siúd a bheadh ina ngátar.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish