“Anois teacht an Earraigh”

.

Peadar Bairéad

.

Nach beag duine sa tír seo nár chuala, am eicínt, líne nó dhó as an dán cáiliúil sin, “Cill Aodáin”, leis an bhfile dall úd, Antoine Raifteirí :-

“Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh

And after the feast of Bridget I will raise my sail,

Ó chuir mé im’ cheann é ní stopfaidh mé choíche

Go seasa mé thíos i lár Chontae Mhaigh Eo.

Níl dabht ar domhan ach gur tuigeadh don bhfile dall go dtosaíonn an tEarrach ar Lá ‘le Bríde, sé sin, ar an gcéad lá d’Fheabhra. Agus sin mar a tuigeadh dúinne é, fadó, agus nach mar sin a scríobhtaí sna leahbair scoile freisin é, ag an am.

Tús an Earraigh?

“Ach nach n-aontaíonn chuile dhuine le sin, go dtosaíonn an tEarrach ar an gcéad lá d’Fheabhra?”

“Mh’anam nach n-aontaíonn, nó táid ann, agus lucht meitéareolaíochta ina measc, a dhearbhaíonn, nach dtosaíonn an ráithe sin go dtí an chéad lá de Mhárta.”

Tá mé ag ceapadh, gur beag aird a thabharfaí orthu siúd thiar, sna seanlaethe. “Márta! an ea?” adéarfadh Mártan a’ Tairbh. “Cá raibh an dream sin aimsir na súl? Nach bhfeicfeadh an Dall fhéin go dtosaíonn an fás tar éis na Féile Bríde?”

“Go dtuga Dia ciall dóibh, adéarfadh Paidí a’ Chroic! Ar chuala an dream sin riamh gur gheall Bríd Naofa go mbeadh gach re lá, óna lá fhéin amach, go breá? Sea! a mhaisce! deirimse Márta leat! Agus nach bhfuil a fhios ag éanacha, agus ag ainmhithe fiú, go bhfuil séasúr an fháis chucu, i ndiaidh na Féile céanna sin.”

“Ach céard faoi phobail sna tíortha coimhthíocha, céard tá le rá acusan faoi theacht an Earraigh?”

Deirtear seo, is Deirtear siúd!

Bhuel, tuigtear do roinnt mhaith acu, faoi mar a thuigtear dúinne é, go dtosaionn an tEarrach ar thús na bhFaoilleach, ach tá roinnt eile nach bhfuil ró-chinnte faoin socrú sin.

“Agus an bhfuil aon chomhairle acusan dúinn faoi theacht an tséasúir chéanna sin?”

“Tá, agus níl!”

“Ní féidir liom brí nó tuiscint a bhaint as an bhfreagra sin.”

“Bhuel! Breathnaigh ar na Puncáin, nó ar chuid acu, ach go háirithe, nó tá nós acusan an sceal seo a fhágáil faoi bhreith an Groundhog”.

“Groundhog, an ea? agus cén cineál beithíoch é fhéin agus é sa bhaile, faoi mar adéarfadh Tomás Bán?”

“Beithíoch cineál beag is ea é, beithíoch a chaitheann an Geimhreadh ina chodladh faoi thalamh. Ansin ar Lá ‘le Muire na gCoinneall, an dara lá d’Fheabhra, dúisíonn sé, cuireann a cheann os cionn talaimh, agus má tá an lá scamallach, smúitiúil, imíonn a chodladh de, agus téann sé amach ar fud na bhfud. Bíonn na daoine ag faire air, agus má fhanann sé os cionn talaimh, tuigtear dóibh, go bhfuil an tEarrach tagtha, ach ar an dtaobh eile den scéal, má thugann an Groundhog faoi deara, go bhfuil an ghrian ag taitneamh, agus gur féidir leis a scáil a fheiceáil ar an talamh, tuigtear dó nach bhfuil an tEarrach tagtha fós, agus téann arais faoi thalamh, le néal eile codlata a fháil, agus sa chás sin, tuigtear do na daoine a bhíonn ag faire air, go mbeidh an Geimhreadh leo ar feadh scathaimh eile. Deirtear liom, go bhfuil an nós céanna ag pobail sa Ghearmáin, ach go mbraitheann siadsan ar an mbroc, codlatóir Geimhridh eile!”

“Céard é mo thuairimse faoin leagan amach sin, an ea?”

Groundhog! adeir tú?

“Níl ann ach deargaimidí, agus truiféis, dár liomsa, mar nach bocht an scéal é, má tá orainn bheith ag brath ar an nGroundhog sin, le teacht an Earraigh a fhógairt dúinn? Ní fhéadfá leagan amach dá leithéid a chur i gcomparáid leis an gcaoi atá againn anseo in Éirinn, le teacht an tSéasúir chéanna sin a chur i mbéal an phobail. Níl le déanamh againne, ach smaoineamh ar línte úd an fhile dhaill, Antoine Raifteirí.

“Nuair a thiocfas an tEarrach bheidh an lá ag dul ‘un síneadh

‘s tar éis na Féile Bríde ‘s ea thógfad mo sheol…..”

Is í an Fhéil’ Bríde, mar sin, a fhógraíonn dúinne go bhfuil an t-Earrach linn. Caithfidh mé a rá, go smaoiníonn mé fhéin ar Raifteirí bocht, teacht na Féile Bríde, chuile bhliain. Bhí an file dall Maigh Eoch sin ar deoraíocht i gContae na Gaillimhe, thart ar an Achréidh. Chaill sé radharc na súl agus é thart ar naoi mbliana d’aois, agus is dócha gur bheag léamh nó scríobh a bhí aige, ach chaith sé a laethe, ag cumadh amhrán, agus ag dul ó bhaile go baile ag seinm ar a bheidhlín, le pingneacha a bhailiú.

“Mise Raifteirí, an file, lán dóchais is grá,

le súile gan solas, le ciúineas gan chrá,

Fanann bunús a chuid amhrán beo ar bheola daoine, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, …….Anois teacht an Earraigh, beidh an lá dul ‘un síneadh……….”

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish