I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(I mBéal an Phobail this week looks at the two nation theory)

An dá Chine!

Thíos i gcúlChailleach an Smugairle Róin a bhí mé fhéin agus Séimí cóir an Droichid, an lá cheana, agus muid ag cur chúl ar thart agus ar thuirse, ar ár sáimhín só. Ghlaoigh mé fhéin ar Ghiolla an Leanna agus d’fhiafraigh de Shéimí, an mbeadh pionta aige.

“Gloine beorach a bheidh agam an turas seo.”

“Dhá ghloine beorach, mar sin” a dúirt má fhéin le Giolla an Leanna. “Aon scéal nua agat, a Shéimí” arsa mé fhéin, agus mé ag iarraidh scéal eicínt a mhealladh ó Shéimí na buile.

“Tá sin agam, ní scéal ach scéalta, nó tá ualach asail de scéalta móra anuas ar mo ghuaille liom, ach sul má scaoilim scéal ar bith chugat, ba mhaith liom ceistín beag a chur ort fhéin, a Pheadair.”

“Agus cén ceistín é fhéin”, arsa mise á fhreagairt.

“Chuala mé ó Mhártan a’ Tairbh, go raibh tú imithe ar saoire eile, amach chuig na hOileáin Chanáireacha, nó chuig áit eicínt ghalánta eile dá leithéid. An fíor, nó bréagach, é scéal úd Mhártain?”

“Ar an drochuair, ní fíor, a Shéimí, nó níor fhág mé spág liom ar áit ar bith taobh amuigh de Bhán Chnoic Éireann Ó, le breis mhaith is tri bliana anois. Ní mé cá bhfuair Mártan an scéal i mbarr bata sin?”

“Bhail! Dúirt Mártan fhéin liom, gur chuala sé an scéal sin ó Tom a’ Phosta, agus ba é adúirt seisean, nó nach raibh “I mBéal an Phobail” le léamh ar an “People”, le trí sheachtain, thart ar aimsir na Nollag seo chuaigh thart, agus go mba chomhartha cinnte é sin go raibh an Bairéadach imithe go Tír na bhFáinleog arís.”

“Bhail! Féach ar sin anois! Bhí an ceart aige, nach raibh fáil ar “I mBéal an Phobail” i rith na tréimhse sin, ach níor chomhartha é sin go raibh mé fhéin glanta liom as an tír, nó ba é cúis nach raibh fáil ar “I mBéal an Phobail”, i rith na tréimhse sin, nó gur fágadh ar lár é, ceal spáis, mar is féidir leis a bheith cinnte, go raibh alt uaim istigh in oifig an “Pheople” i rith na tréimhse céanna sin. Ach sin rud a tharlaíonn, corruair. Mar is eol do chách, ní féidir chuile scéal a fhoilsiú chuile sheachtain, agus anois is arís, is ar “I mBéal an Phobail” a thiteann an crann!”

Scéal atá i mbéal gach éinne

“Ó tuigim do chás anois” arsa Séimí, “ ach ó tharla gur luaigh tú scéalta, anois beag, b’fhéidir gur chóir dom tús a chur le mo liosta.”

“Agus cén scéal atá ag barr an liosta sin agat inniu, a Shéimí?”

“Scéal atá i mbéal gach éinne, na laethe seo, agus scéal a chuireann déistean agus múisiam ar chuile dhuine a chloiseann é.”

“Agus cén scéal é fhéin, a Shéimí?”

“Scéal faoi theacht isteach, faoi liúntais, faoi airgead scoir, faoi phinsin na mboc mór, agus faoi na síntiúis láimhe a bhronntar ar chuid den dream úd a mhill, agus a chreach, saibhreas, neamhspleáchas, agus onóir na tíre s’againne, agus in áit iad a chur ó dhoras, agus bata agus bóthar a thabhairt dóibh, is amhlaidh a bhronnann muid carn airgid, agus chuile theastas níos fearr ná a chéile orthu. Sea, níl dabht ar domhan ann, ach go bhfuil dhá náisiún ag cur fúthu i dtír seo na hÉireann, an dream atá thuas, agus an dream atá thíos! Tá an chuma air, go dtugtar chuile dheis don té a bhfuil an sparán teann aige, agus go mbuailtear cos ar an té atá ar an ngannchuid. Ach fágfaidh muid an chuid eile den scéal sin go dtí lá eicínt, amach anseo, nuair a bheidh deis againn an scéal a phlé ar ár suaimhneas.

en_USEnglish