I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Where Praise is Due !

Nach minic a chualamar uilig an seanfhocal úd “Mol an t-áth mar a gheobhair”, agus sin rud nach ndéanann muid go ró-mhinic. Caithfidh mé a admháil anseo, go gcaithim fhéin roinnt mhaith ama ag clamhsán agus ag déanamh beag is fiú de chúrsaí áirithe, agus gurb annamh a dhéanam rudaí a mholadh, go háirithe, nuair a bhíonn an moladh sin tuillte.

Céard tá i gceist agam, an ea?

Tá seo. Gur minic mé ag clamhsán agus ag cáineadh obair an Rialtais, na Dála, an Bhardais, agus na Comhairle Contae, agus nuair a chuaigh mé siar ar na píosaí sin uaim, a cuireadh i gcló sa cholún seo, le roinnt blianta anuas, ba ghearrr gur tuigeadh dom, go raibh mé sprionlaithe go maith leis an moladh céanna sin, bíodh sé tuillte, nó ná bíodh. Anois, nílim ag ra, nach raibh sciolladh teanga, agus cáineadh, tuillte acu go minic, ach ag an am gcéanna, tá mé cinnte gur mhinic freisin an focal molta tuillte acu.

Bhuel! bíodh sin mar atá, ach tá rún athbhliana nua déanta agam don bhliain áirithe seo atá romhainn amach, go ndéanfaidh mé na hÚdaráis chéanna sin a mholadh, am ar bith a bheidh a leithéid tuillte acu!

And, to begin with…..

Agus inis dúinn, cad é an chéad éacht dá gcuid, atá le moladh agat?

Sílim go bhfuil sé thar am agam aird a dhíriú ar shráideanna agus ar bhóithre ár dtíre, agus ar an gcaoi a ndéanann na hÚdaráis chuile iarracht iad a choinneáil glan, néata. Ní rud éasca é sin, in aon chor, go háirithe nuair nach mbíonn an pobal s’againne sásta a gcion fhéin den ghnó sin a dhéanamh, leis an dúiche a choimeád glan, agus gan dramhaíl, agus chuile shórt bruscair, a scaipeadh go fial, flaithiúil, timpeall orthu.

Nach bhfuil moladh freisin tuillte acusan a dhéanann chuile iarracht ar chathracha agus bailte móra na tíre seo a choinneáil glan, néata, trí Chomórtas na mBailte Slachtmhara a eagrú, bliain i ndiaidh bliana. Marach iad, tá mé cinnte, go mbeadh muid ag treabhadh linn, agus muid sáite go dtí na glúna, i ngach uile shaghas bruscair agus dramhaíle, trínár mbailte agus trínár gcathracha.

Roadmaking

l dabht ach oiread, ach go bhfuil moladh tuillte, agus tuillte go maith, acu siúd a dhéanann bóithre a thógail, a dheisiú, agus choimeád in ord agus in eagar, ó cheann ceann na tíre seo. Ní beag nó éasca a ngnó, nó sa chéad áit, bíonn ar na daoine seo chuile shórt a chur san áireamh, agus iad ag iarraidh freastal ar phobal na tíre seo, trí dhóthain bóithre a choinneáil fúthu, mar chuige sin, bíonn orthu fás, nó a mhalairt, i ndaonra, i mbailte agus i gcathracha, agus fiú amuigh faoin dtuaith fhéin, ionas go mbeidh ar a gcumas, a dhéanamh amach, cá bhfuil bóithre nua ag teastáil, agus cén áit a bhfuil gá le seanbhóithre a leathnú agus a dheisiú, sa chaoi go mbeidh áit, agus spás, ag chuile shórt tráchta, a bhealach a dhéanamh go héasca, ó ionad amháin go hionad eile, de réir mar a thograíonn siad. Chuile bhabhta, nuair a théann duine ar thruas ar bhóithre na Banban, feicfidh sé go bhfuil na hÚdarais seo, se sin, Údarás na mBóithre Náisiúnta, ag obair leo go dícheallach, agus iad ag iarraidh freastal ar thrácht uilig na tíre, bíodh nach éasca a leithéid a dhéanamh, nó is cosúil le fás aon oíche é, fás uimhir na ngluaisteán, agus na bhfeithiceal eile, a théann amach ar ár mbóithre fada, bána, chuile lá, Domhnach agus Dálach, ó Luan go Satharn, sea, agus ó cheann ceann na bliana.

Bypasses and Roundabouts

Cuir san áireamh freisin, an méid Timpeall, agus timpeallán, atá tógtha acu, cheana féin, agus na cinn atá á dtógáil, nó á bpleanáil acu, i láthair na huiare seo, timpeall agus thart ar ár mbailte, agus iad ag iarraidh plódú tráchta ar sráideanna a sheachaint, nó ar a laghad, a mhaolú, sna laethe atá romhainn amach.

Mar sin, déarfainn, gur féidir linn uilig a bheith lán-bhródúil as na hÚdaráis chéanna sin, a dhéanann cúram dár mbóithre. Is dócha gur féidir liom sin a léiriú, i bhfoirm seanfhocail freisin.

Cén seanfhocal atá i gceist agam, an ea?

An ceann seo. “Molann an obair an duine”, sea, bíodh sin mar chríoch agam leis an gcéad alt molta uaim, i mbliain seo a 2008, agus tá súil agam, nach é seo an ceann deiridh, ach oiread. Ach, Is maith an scéalaí an aimsir, mar adeireadh an seandream fadó. Sea, feicfimid, amach anseo.

en_USEnglish