Buaiteoir an Booker

.

The Gathering

by

Anne Enright

.

Leabhar mór-ráchairte

Is dócha gur bheag duine sa tír seo nár chuala teacht eicínt thar an leabhar seo, The Gathering, faoi’n am seo, nó bhí an leabhar céanna sin i mbéal gach éinne, tamall ó shoin, tráth rabhthas ag iarraidh teacht ar bhuaiteoir Booker Prize na bliana seo, mar tharla go raibh an leabhar seo luaite ar cheann de na leabhair ar an ngearrliosta don duais ghradamach chéanna sin. Anois, caithfear a admháil, nárbh é rogha na coitiantachta é sa choimhlint sin. Bíodh sin mar atá, áfach, ba é The Gathering, le Anne Enright, a bhí chun tosaigh, i mbreith na mbreithiúna eolgaiseacha, nuair a cuireadh ainm ar an mbuaiteoir, i ndeireadh na dála.

Fuair mé é

Go gairid i ndiaidh roghnú an leabhair sin do dhuais mhórluachach Booker, fuair mé, agus léigh mé, an leabhar sin, nó ba bhreá liom a fháil amach, ar chathair mar a tuairisc é. I dtosach báire, caithfidh mé a rá, nach gnáthleabhar é, The Gathering, sa mhéid go suítear an scéal ar fad, ag torramh, i gcathair Bhaile Átha Cliath. In aigne, agus i gcuimhne, an scéalaí, a sheolann bád an ama, ó thús deireadh an scéil.

Eachtraíonn Veronica

Tharla trí ghlún de mhuintir Uí Éigeartaigh ar an bhfód don ócáid. ‘Sí Veronica an scéalaí, agus is trína súile-se a thugtar léargus dúinn ar shaol agus ar shaothar; ar ghrá agus ar fhuath; na clainne aite seo. Bás a dearthár, Liam, an tairne ar a gcrochann Veronica an scéal neamhghnách seo. Duine ann fhéin ba ea an deartháir céanna sin, ó thús, agus is in olcas a chuaigh cúrsaí dó, le himeacht aimsire. Ba thrioblóideach, achrannach, an mac é, agus ar ócáid amháin, chaith sé scian lena Mham fhéin. B’urchar iomrallach é, ach bhain an scian mant as an bhfalla taobh thiar di! Tá an cuma ar an scéal, i ndeireadh na dála, gur chuir sé lámh ina bhás fhéin, thall i Sasana. Tógadh an corp abhaile go Baile Átha Cliath, agus ba ansin a deineadh é a thórramh. Samhlaítear don scéalaí, áfach, gurbh é ba chúis le trioblóidí Liaim nó eachtra a tharla i bhfad roimhe sin, nuair nach raibh inti fhéin, nó i Liam, ach páistí.

Ionad Lambert sa Scéal

Anois, le tosú ag an tús, tógann an scéalaí siar sinn, go dtí eachtra a tharla, i bhfad roimh am an scéil seo. Féach mar a scríobhann an t-údar ag tús Chaibidil a Trí…….

“The seeds of my brother’s death were sown many years ago. The person who planted them is long dead – at least that’s what I think. So if I want to tell Liam’s story, then I have to start long before he was born…”

Eachtraíonn sí ansin scéal a seanmháthar, ag tosú sa bhliain 1925, nuair a leag Lambert Nugent súil ar Ada Merriman a chéaduair. Ba í Ada an tseanmháthair sin. Is cosúil gur thit Lambert i ngrá lei, ach má sea fhéin, ní cosúil gur thit Ada i ngrá leis-sean, nó ar aon nós, níorbh eisean a phós sí ar ball, ach oiread, nó ba é Charlie Spillane a phós, agus a chuaigh in éintíos lei. Ach d’fhan Charlie dílis di feadh a shaoil, agus tá chuile chosúlacht ar an scéal, go mb’fhéidir gurbh é Lambert a ghoid a croí, bíodh nár thréig sí Charlie feadh a shaoil.

Geimhreadh na Bliana ’68

Ach, le filleadh ar an ndrochthionchar a bhí ag an Lambert céanna sin ar Liam…Filleann cuimhní áirithe, aniar as gort a hóige, ar Veronica, cuimhní ar rud a tharla i nGeimhreadh na bliana 1968, cuimhní a dhéanann í a chrá, agus a chiapadh, go rialta. Féach mar a chuireann an t-údar é, ar leathanach 144, agus í ag insint faoin lá a tháinig sí ar Lambert, agus Liam óg á mhí-úsáid aige. Mí-úsáid ghnéasach atá i gceist anseo……

I am trying to remember what he looked like, but it is hard to reacall the face of your brother as a child. And even though I know it is true that this happened, I do not know if I have the true picture in my mind’s eye -…..”

Warts and all !

Anois, ní chuireann an t-údar fiacail ann, ach leagann sí a cuimhní ar an ócáid, go neamhbhalbh, os ár gcomhair.

Tá an scéalaí ag iarraidh ciall eicínt a bhaint as an tarlúint sin, agus í ag iarraidh freisin, meon na beirte úd, Liam agus Lambert, a thuiscint, nó cuimhnigh nach raibh inti ag an am ach páiste ocht mbliana d’aois, agus Liam beag ina sheachtú bliain.

Tuigtear don scéalaí gur thiar in….

Ada’s good front room in Broadstone…….

a tharla an mhí-úsáid chinniúnach, ghnéasach, sin. Thuigfeá uaithi, nach mó na cinnte a bhí sí gur tharla, nó gur tharla díreach mar ba chuimhin lei é. Ach, ar aon nós, tuigtear di, gurbh é an rud a tharla, sa good front room úd, a sheol Liam ar bhóthar a aimhleasa. Dhealródh sé, nach raibh an t-eolas sin ag an seachtar eile de chlann Uí Éigeartaigh, a tharla ar an bhfód, don tórramh sin.

Cuairt na gCuimhní

Caitheann Veronica an chuid is mó den am, ag rúscadh lei trí aibhleoga na cuimhne, agus í ag léimt lei go héasca, ó eachtra amháin go heachtra eile, gan cloí ró-dhlúth le croineolaiocht, nó le tada dá leithéid. Tugtar le fios don léitheoir freisin, go bhfuil amhras uirthi, anois is arís, faoi chruinneas a cuimhne, ach, ní chuireann sin stop ar bith lei agus í ag athchruthú stair a muintire. Ach bíodh sin mar atá, ag an am gcéanna, éiríonn lei dul i bhfeidhm ar an léitheoir, agus déanann sí pictiúr spéisiúil, corraitheach, inchreidte, a dhathú dó, ar thíos, agus ar thuas, a muintire, agus iad ag treabhadh leo trí shaol anróiteach a linne.

An-Scéal

B’fhéidir, ar bhealach eicínt, go gcuirfeadh an scéal seo Angela’s Ashes i gcuimhne do dhuine, nó deintear an pictiúr a líniú, – warts and all – faoi mar adúirt an té adúirt. Sea muis! Ní chuireann an t-údar fiacail ann agus saol a muintire á ríomh aici.

An-scéal, an-insint, an-chur-chuige, arbh fhiú go maith é a léamh.

.

Peadar Bairéad

Cill Chainnigh

  

en_USEnglish