I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

The GPO Renewal Plans

Is dócha go bhfacamar uilig na cuntais sna nuachtáin, ar na mallaibh, faoi na pleananna uilig, i dtaobh thodhchaí an GPO, atá á n-ullmhú i láthair na huaire seo,

ag an Rialtas s’againne. Deirtear linn, go bhfuil ar intinn acu, an foirgneamh stairiúil sin a dhúnadh mar ArdOifig an Phoist, agus ar chostas dhá chéad go leith milliún Euro, é a athnuachan, agus a athfhorbairt, mar ionad ollmhór pobail. Tá socraithe acu díon gloine a chur os cionn an fhoirgnimh ar fad, sa chaoi go mbeadh ar chumas daoine, cruinniú istigh ansin, beag beann ar an aimsir. Agus ó tharla go bhfuil ArdOifig an Phoist tógtha ar shuíomh breá, fairsing, mar a bhfuil foirgnimh agus clóis leata amach ó Shráid Uí Chonaill siar go dtí an Stuara. Anois, ó tharla gur leagadh roinnt mhaith den bhfoirgneamh sin le pléascáin, agus le tine, le linn Éirí Amach na Cásca, táthar den tuairim, nár mhór an chailliúint é, a mbunús sin a leagan, le spás a chruthú don dtionscadal nua seo.

Commemoration Plans

Tuige, adéarfadh duine, b’fhéidir, a bhfuil an Rialtas s’againne meáite ar an oiread sin airgid a chaitheamh ar thionscnamh ollmhór athnuachana mar seo?

Cúis amháin, adeirtear linn, agus sé sin go bhfuiltear ag ullmhú do cheiliúradh céad an Éirí Amach, a tharla um Cháisc, sa bhliain 1916. Sea, agus tugtar le tuiscint dúinn, go bhfuil na pleananna athnuachana á n-ullmhú cheana féin, ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus ag Comhlacht Sasanach Ailtirí, sa chaoi go gcreidtear, go bhfuiltear ar aon fhocal, ar bhundhréacht don athnuachan. N’fheadar céard adéarfadh Francis Johnston, an té a dhear an GPO céanna a chéaduair, sa bhliain 1818, dá bhfeicfeadh sé na pleananna athnuachana atá á n-ullmhú i láthair na huaire seo, lena fhís álainn ailtireachta a mhilleadh? B’fhéidir go mbeadh ceiliúradh eile eagraithe don bhliain 1818, leis an dara céad den bhfoirgneamh a cheiliúradh? Ach b’fhéidir arís nach mbeadh!

Drop-in Shop

Ach céard a bheadh ar fáil sa bhfoirgneamh athnuaithe?

Deirtear linn, go mbeadh cead ag an bpobal siúl isteach ann ó chuile shráid sa timpeall, agus go mbeadh ar fáil istigh ansin, iarsmalanna. tithe bia, siopaí, áiléir, agus a leithéid. Is dócha gurb é atá uathu nó tuilleadh daoine a mhealladh go dtí an taobh ó thuaidh den Ardchathair, agus ní hé amháin i lár an lae ghil, ach go déanach san oíche freisin. Tá mé cinnte, go bhfuil daoine amuigh ansin adéarfadh, go bhfuil sé deacair go leor smacht de chineál eicínt a choinneáil ar an méid daoine a bhíonn le fáil istigh sa limistéar sin, i láthair na huaire seo, gan na céadta, agus na ceadta eile, a mhealladh isteach ann.

Sea, agus rud eile, cé dúirt gurb é sin a theastaíonn ó mhuintir na hÉireann? Caithfidh mé a rá, nárbh é sin a theastaigh ó bhunús na ndaoine a casadh ormsa, le seachtain anuas. A mhalairt ar fad a bhí uathu. Dár leosan, foirgneamh speisialta isea an GPO, foirgneamh a fheidhmíonn mar Shanctóir Náisiúnta. Foirgneamh ar chóir dúinn é a choinneáil, agus a chosaint, trí ordú caomhnaithe, in ionad ollmhargadh a cheadú do shuíomh chomh choisricthe, chomh tábhachtach, chomh gar sin do chroí agus do bhreith an Náisiúin s’againne. Is é mo thuairim freisin, gur chóir an GPO a choinneáil mar ArdOifig Poist na tíre seo, in ionad oifigín poist a dhéanamh aisti.

An Interpretative Centre ?

Ach, an bhfuil fiúntas ar bith sna pleananna freacnairce seo, atá a dhréachtadh ag Oifig na nOibreacha Poibli, i láthair na huaire seo?

Cinnte, tá, agus an-fhiúntas, ach is é mo thuairim, gur féidir linn an dá thrá a fhreastal ar an ócáid seo.

Céard tá i gceist agam, an ea?

Tá, seo. An GPO a choinneáil mar atá faoi láthair, ar an ionad stairiúil ceanna, mar a raibh sé, nuair a mháirseáil na hÓglaigh isteach inti, um Cháisc, 1916. Cinnte, d’fhéadfaí é a athchóiriú, a athnuachan, agus a thabhairt suas chun dáta. Agus nuair a bheadh sin déanta, ansin d’fhéadfaí an chuid eile den suíomh a fhorbairt trí “Ionad Mínithe” taibhseach, álainn, spreagúil, a thógáil ar an suíomh, maraon le Proinntithe, agus siopaí díolta chuimhneachán. Ná bac leis an díon gloine, nó ba chóir go mbeadh gnó an phoist scartha ón “Ionad Mínithe” agus na gnóthaí eile.

Cherish all citizens equally

Más uainn an Éirí Amach a cheiliúradh, faoi mar ba chóir, cuirimis Stát ar bun anseo ina ndéanfar chuile shaoránach a chumhdach, a chaomhnú, agus a chosaint, faoi mar a ghealltar i bhForógra na Poblachta, a léadh os comhair an GPO, um Cháisc, 1916. Sílim nár chóir dom a thuilleadh a rá faoin ábhar seo, ach céard fútsa? An gcoraíonn na pleananna seo thú?

en_USEnglish