Comhairle don Aos Óg

Chuir sé roimhe freisin, aos óg na tíre seo a mhisniú, agus iarann sé orthu caradas a shnadhmadh le hÍosa, agus gan ligint do pheacaí na dtreoraithe eaglasta úd, iad a chur amú. D’fhéadfadh siad a bheith cinnte nach dtréigfeadh Íosa go brách na breithe iad. Mar sin, coinnigí súil airsean, agus déanaigí bladhaire an chreidimh a chaomhnú in bhur gcroí, adeir se leo. Beidh mé ag súil go gcabhróidh bhur ndíograis le hatógáil na hEaglaise Caitlicí in bhur dtír dhúchais, amach anseo.

Iompaíonn sé a aire freisin, ar shagairt agus ar dhaoine eaglasta na tíre seo, a d’fhan dílis dá ngairm, agus bíodh gur náirigh peacaí chuid dá gcomhshagairt iad, agus bíodh freisin, go leagann daoine áirithe an milleán orthusan i bpeacaí a mbráithre, níor chóir go gcaillfeadh siad a misneach, nó go gceapfadh siad, go bhfuil siad tréigthe, ach ba mhaith leis fhéin a chur in iúl dóibh, go bhfuil meas aigeasan ar a n-iarrachtaí, agus molann sé dóibh ród na cráifeachta, agus an chreidimh, a leanúint, agus a ndílseacht don Máistir, agus dá n-eaglais a léiriú do chách, rud a chruthóidh a ndóchas i ngeallúintí an tSoiscéil.

Comhairle do na hEaspaig

Díríonn an Pápa an tóirse ansin, ar a chomhEaspaig, a bhráithre sa Chreideamh, agus bíodh go bhfeictear dó, gur theip ar roinnt áirithe díobh i ndualgaisí a n-oifige, agus nár lean siad dlí na hEaglaise fhéin agus iad ag déileáil le líomhaintí i gcás na mí-úsáide a tugadh ar dhaoine óga, ag an am gcéanna, tuigeann sé chomh casta, crosta, is atá cúiseanna dá leithéid, ach sin ráite, tuigtear dó, gur deineadh dearmaid, ar chúis iad don ísliú céime a d’fhulaing an Eaglais i measc daoine, i dtír na hÉireann, agus dá bharr sin, tuigtear dó, go gcaithfear féachaint chuige go leagfar amach rialacha ciallmhara, córa, éifeachtacha, le déileáil le mí-úsáid dá leithéid sa todhchaí. Ba chóir do na heaspaig deashampla a thabhairt dá sagairt, éisteacht leo, agus iad a mhisniú agus a spreagadh, i ré dhorcha seo a n-éadóchais, agus ba chóir freisin, tine an chreidimh a adhaint athuair ina gcroí.

Ina chomhairle do Phobal Dé in Éirinn, molann sé dóibh aird faoi leith a thabhairt do mhúineadh an aosa óig, trí deis a thabhairt dóibh tarraingt as tobar an chreidimh. agus as foinsí eile a n-oidhreachta. Cinnte, caithfear déileáil le coireanna a lae inné, agus ceart agus cóir a chur i réim arís sna cúrsaí sin, ach ní leor sin, dár leis, nó caithfear fís nua, bunaithe ar cheachtanna agus ar phrionsabail an tSoiscéil, a fhionnadh, agus a leagaint os comhair phobal Dé, fís a fheidhmeoidh mar thóirse, le sinn, agus leis na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh, a mhealladh fan ród na fírinne, ród a threoroidh sinn go Dún daingean an Tiarna, ag deireadh ár n-oilithreachta.

Dlúthpháirtíocht

Insíonn sé dúinn ansin, go dtuigtear dó, chomh dian is atá na cúrsaí seo uilig ar Phobal Dé na tíre seo, agus dá bharr sin, teastaíonn uaidh, a dhlúthpháirtíocht linn a chur in iúl dúinn, agus is dá bharr sin a sheol sé an Tréadlitir seo chugainn, le sinn a mhisniú, agus a spreagadh, agus le moladh dúinn inspioraid a tharraingt as tobar ár n-oidhreachta, sa chaoi go leanfaimis bóthar na dílseachta, agus na cráifeachta, sna laethe atá romhainn amach. Agus le sin a chinntiú, ba mhaith leis roinnt áirithe cleachtaí a mholadh dúinn, leis an gcreideamh a neartú feasta inár gcroí.

Iarann sé ar fhíréin na tíre seo, cibé aithrí a dhéanann siad chuile Aoine, ó Cháisc na bliana seo, go Cáisc na bliana seo chugainn, a thiomnú do Dhia, ag súil go mbronnfadh sé a thrócaire agus grásta an Spioraid Naoimh anuas go fial ar an Eaglais Chaitliceach sa tír seo. Iarann sé orainn freisin, paidreacha, trosadh, léamh na Scrioptúir, agus dea-oibreacha na trócaire, a dhéanamh, agus a ofráil do Dhia, le grásta an tslánaithe agus athnuachan na hEaglaise Caitlicí abhus, a iarraidh air. Molann sé do na fíréin freisin, aird faoi leith a dhíriú feasta ar Shacraimint na hAithrí agus d’adhradh na Naomhshacraiminte, agus go ndéanfaí a leithéid i ngach Deoise, i ngach Mainistir, agus i ngach Cliarscoil, ó cheann ceann na tíre seo.

Cuairteanna Aspalda

Lena chois sin uilig, tá socruithe déanta aige, Cuairt Aspaldha a thabhairt ar dheoisí áirithe, ar mhainistreacha, ar Chomhthionóil Eaglasta, agus ar Chliarscoileanna. Déanfar na socruithe chuige sin, ar ball, agus agus fógrófar na socruithe sin, amach anseo. Molann sé freisin, go n-eagrófaí Misean, d’easpaig, do shagairt, agus d’oird rialta, agus go roghnófaí seanmóruithe oilte agus lucht stiúrtha chúrsai spioradálta, le dul i mbun na hoibre sin, agus go ndéanfaidís dualgaisí a ngairme agus a n-oifige a scrúdu, sa tslí go dtiocfaidís arís ar fréamhacha a gcreidimh in Íosa Críost, agus go n-ólfaidís a sáith as fíorthobar an uisce spioradálta a chuireann a nEaglais ar fáil dóibh

Díoltas nó Maithiúnas?

Cuireann sé críoch lena Thréadlitir le paidir speisialta, a chum sé fhéin don Eaglais in Éirinn, agus chuir sé an tír, agus an Eaglais, faoi choimirce na Maighdine Muire, agus mar chomhartha dá chúram athartha, dá chomhchríostaithe abhus, bronnann sé a Bheannacht Aspaldha orainn uilig, mar chomhartha nirt agus síochána sa Tiarna.

Leis an bpíosa seo a thabhairt chun críche, ba chóir a lua arís, go bhfuil dualgas orainn uilig, mar eaglais, féachaint chuige, go ndéanfar leorghníomh leo siúd a gortaíodh i ré úd na mí-úsáide, agus go bhféachfar chuige, nach dtarlóidh a leithéid arís inár measc, ach caithfear a thuiscint, nach mbeidh deireadh go deo leis an ré uafásach, céasta, achrannadch seo, go dtí go gceanglófar síocháin idir bhaill éagsúla na hEaglaise Caitlicí in Éirinn, eatarthu siúd a gortaíodh agus an chuid eile de Phobal Dé, sa chaoi go dtuigfí, i ndeireadh na dála, nach díoltas atá ag teastáil ach maithiúnas, agus ní chneasóidh ár gcréachta go dtí go dtarlóidh sin. Nára fada uainn an lá sin.

  

en_USEnglish