I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Triocha Bliain ag Scríobh

Mar a mhínigh mé, cupla seachtain ó shin anois, seo an triochadú bliain agam i mbun an Cholúin seo, Colún a thosaigh mé i mbliain an Phápa fhéin, i 1979. Ní gá dhom a rá, go mba mhór an onóir domsa é, go raibh Eagarthóirí an Nuachtáin cháiliúil seo, ar a seal, sásta spás a chur ar fáil dom, chuile sheachtain, geall leis, le mo smaointe, mo dhearcadh, agus mo dhóchas sa todhchaí, a bhreacadh ar phár agus a leagan os comhair an phobail. Ba é a chuir mé romham, ó thús, nó colún Gaeilge a chur ar fáil, sa tslí go mbeadh deis ag daoine píosa Gaeilge a léamh ar bhonn rialta, agus chomh maith le sin, theastaigh uaim cur síos a dhéanamh ar Imeachtaí Gaelacha na dúiche seo.

An ‘Cupla Focal’ sin!

Ar éirigh liom na haidhmeanna sin a chur i gcrích? Bhuel, d’érigh liom píosa Gaeilge a chur ar fáil go rialta dár létheoirí agus chuir mé síos freisin, ar imeachtaí Gaelacha na dúiche seo, tráth ar bith a raibh an t-eolas cuí agam chuige. Ar éirigh leis an gcolún seo dul i gcionn ar an bpobal le Gaeilge? Fágfaidh mé freagra na ceiste sin fúibhse, ach ar a laghad, d’éirigh leis, an “Cupla Focal”, a choinneáil os comhair an phobail, agus i mBéal an Phobail corruair, freisin. Nach orm a bhíodh an bród nuair a chloisinn go raibh daoine áirithe ag baint taitnimh agus tairbhe as an gColún seo, agus nár bhreá liom freisin, scéala a fháil, anois is arís, ó thíortha i bhfad i gcéin, go raibh léitheoir ansin ag fáil greim go rialta ar “I mBéal an Phobail.”

Súil Siar

Thug an Colún deis dom nótaí dírbheathaisnéise a chur in bhur láthair go rialta freisin, sea, agus nótaí, chomh maith, ar an gcineál saoil a bhí sa treis, agus mise ag fás aníos in Iorras na nIonas, tarraingt ar cheithre scór bliain ó shoin. Tá mé thar a bheith buíoch, i dtosach do na hEagarthóirí úd, a thug ‘bheith istigh’ dom, thar na blianta fada sin, agus ar an dara dul síos, daoibhse, a léitheoirí dílse, as an gcolún a léamh, anois is arís, fiú! Mar tá’s agam fhéin chomh deacair is atá sé, díriú ar cholún dá leithéid a léamh, nuair atá an teanga beagnach caillte agat, ach tá mé cinnte, gur chabhraigh an colún le roinnt mhaith daoine greim dóide a choinneáil ar an dteanga chéanna sin, a d’fhoghlaim siad, le linn dóibh bheith ina ngasúir scoile fadó! Ach leor sin faoin ábhar sin, do thuras na huaire seo, mar anois, tá sé in am dom, léargas eicínt a thabhairt daoibh, ar na pleananna atá agam, le triochadú bliain an cholúin seo a cheiliúradh.

Mar a mhaireamar é

Bhí mé ag ceapadh, nárbh olc an tseift í, dul siar thar na píosaí uilig a scríobh mé anseo, thar na blianta fada sin, agus b’fhéidir, píosa anseo is ansiúd a roghnú, agus athchló a chur air anseo, le blas a thabhairt daoibh ar imeachtaí, agus ar eachtraí, na laethe úd, agus nuair a smaoiníonn tú go bhfuil thart ar mhíle, cúig chéad, de na hAistí céanna sin curtha ar fáil agam sa cholún seo, san idirlinn. Sea, agus go bhfuil thart ar Mhilliún go leith focal! sna haistí céanna sin, tuigfidh tú ansin nach mbeidh i gceist ach ceann a phiocadh, anseo is ansiúd, nó ní bheadh sé indéanta agam, chuile cheann acu a léamh, d’fhonn na cinn is fearr a athfhoilsiú. Ach, ag an am gcéanna, tá mé ag súil, go mbainfear taitneamh as na cinn a roghnóidh mé.

Ná ceaptar anois, nach mbeidh ar siúl agam i rith na bliana seo, ach sean-aistí a roghnú, agus a chur i gcló dhaoibh, nó ní bheadh sin ró-shuimiúil, ach chomh maith leis na sean-aistí, beidh aistí tráthúla á scríobh agam freisin, le blas comhaimseartha a choinneáil ar an gcolún. Mar sin, tá mé ag súil, go mbeidh colún suimiúil, comhaimseartha, tráthúil, corraitheach, le léamh agaibh anseo, chuile sheachtain, idir seo agus Oíche Chinn Bliana.

Guím chuile bheannacht oraibh uilig i rith na tréimhse sin, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine againn, teacht na hOíche chéanna sin, in eireaball na bliana seo.

John Collins ar lár

Fear breá eile sciobtha uainn ag an mbás, ar na mallaibh. Seán uasal Ó Coileáin, nó John Collins, mar ab fhearr aithne air, an té úd a chaith blianta fada mar mhúinteoir i gColáiste Chiaráin, anseo sa Chathair Álainn. Fear ba é, a raibh ardmheas air mar dhuine agus mar mhúinteoir, agus fear a thuill an meas céanna sin, nó ba dhuine séimh, uasal, macánta, dáiríreach, é.

Ba mhaith liom an deis seo a thógáil, le comhbhrón a dhéanamh lena bhean, lena chlann, agus lena mhuintir; agus ba mhaith liom freisin, Soilse na bhFlaitheas, agus áit ag Bord an Tiarna, a ghuí ar Sheán fhéin, anocht agus i dtólamh.

en_USEnglish