I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

White Flag Down

by

Joel Ross

.

An Interesting Read

Tháinig mé ar an leabhar seo, ar na mallaibh, agus caithfidh mé a admháil, gur bhain mé lán-taitneamh as, agus le fírinne, de réir mar a chuaigh mé chun tosaigh sa leabhar, is ea ba dheacra a bhí sé an leabhar a leagan uaim, nó bhí de bhua ag an údar seo, go raibh ar a chumas, dul i gcionn ar an léitheoir, lena scileanna mar scéalaí agus mar scríbhneoir. Scríbhneoir eolgaiseach, Meiriceánach, isea an fear seo, a bhfuil bean agus mac mar chúram air, agus cónaí air i Maine, sna Stáit Aontaithe. Seo an dara húrscéal uaidh, agus an péire acu bunaithe ar an Dara Cogadh Domhanda. ‘Double Cross Blind’ a bhaist sé ar a chéad leabhar.

Second World War

Suíonn sé an dara scéal seo i bhFómhar na bliana 1942, nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda ag réabadh leis ina loscadh sléibhe, thoir agus thiar. Ag an am cinniúnach sin, bhí Arm Hitler sáite go dtí na cluasa, thart ar chathair Stalingrad, agus iad ar a mine géire ag iarraidh bua a fháil ar na saighdiúirí Rúiseacha, a bhí faoi léigear acu sa chathair sin. Bhí ag teacht cruaidh ar na Rúisigh, agus na mílte agus na mílte dá lucht cosanta á ndíthiú, chuile lá. Ansin, de réir an údair seo, stop an gleáradh, thart ar an seachtú lá de Dheireadh Fómhair, agus i nóta ina dhialann, faoin ndáta sin, scríobh an Ginearál von Richthoren, Ceannasaí an Luftwaffe. “Absolute quiet at Stalingrad.”

Tuige? a d’fhiarfródh an duine fiosrach. Thart ar an dtarlúint sin a chumann an t-úrscéalaí sciliúil seo a scéal. Ach, fágaimis é siúd mar atá sé, agus dírímis ár n-aire ar an dtaobh eile den chogaíocht in Iarthar na hEorpa.

Intelligence gathering

Tamall gearr roimh an dáta thuas, tharla go raibh orduithe faighte ag an Leifteanant Grant, agus a phiólota, an Sáirsint “Racket” McNeil, eitilt os cionn an chuid sin den bhFrainc, a bhí i seilbh na nGearmánach. Éasca go leor, a cheap siad, ar dhul ar eite dóibh. Ní mar a shíltear a bhítear go minic, áfach, nó ar an misean sin dóibh, fuair siad spléachadh ar shoitheach eitilte de chineál nach bhfaca siad a leithéid riamh roimhe sin, ach tuigeadh do na Gearmánaigh, go raibh a rún feicthe acu, agus ba é toradh a bhí ar sin nó gur ionsaíodh iad, agus gur leagadh a n-árthach go talamh, ach ó tharla gur ionsaíodh iad cóngarach do theorainn na hEilbhéise, d’éirigh leo éaló isteach san Eilbhéis. Gabhadh an leifteanant áfach, agus cuireadh isteach i dteach ósta i dtosach é, ach ar ball, sacadh isteach i bpríosún é, nó bhí cuid de na hEilbhéisigh ar thaobh na nGearmánach. Anois, d’éirigh leis an Leifteanant éaló as an bpríosún sin, agus é ag iarraidh an t-eolas a bhí cruinnithe aige a chur ar ais chuig a muintir, trí theangmháil a dhéanamh le hAmbasáid Mheiriceá san Eilbhéis. Arís, bhí fuar aige, ach ansin, chuaigh sé ar a theicheadh, agus é ag iarraidh dul i dteangmháil le daoine a bheadh sásta cabhrú leis.

Uisce-faoi-thalamh

Faoi’n am seo, dár leis an údar, theastaigh ó na Rúisigh agus ó na Gearmánaigh, connradh a dhearbhódh nach n-ionsódh siad a chéile, a shíniú. Thabharfadh sin deis do na Gearmánaigh díriú go hiomlán ar an gcogadh in Iarthar na hEorpa, agus thabharfadh sé deis do na Rúisigh athghrúpáil, agus atharmú, a dhéanamh.

Ach ag an am gcéanna seo, bhí bean Rúiseach san Eilbheis, a raibh fianaise bailithe aice faoin uisce-faoi-thalamh seo, a bhí ar siúl ag Eilbhéisigh áirithe, agus bhí sise ag iarraidh an t-eolas sin a chur i láthair na Rúiseach, a bhí tagtha chuig an Eilbhéis, leis an gconradh sin a dhéanamh agus a shíniú. Tháinig chun na hEilbhéise freisin, Akimov, Ceannaire Rúiseach ó chathair Stalingrad, nó ba í a bhean tráth í, an bhean sin a raibh an fhianaise faoin uisce-faoi-thalamh úd bailithe aice, agus é mar aidhm aige, an t-eolas sin a mhealladh uaithi, ar mhaithe le coinníollacha níos fearr a fháisceadh as na Gearmánaigh.

Every man for himself

Sea, chuile dhuine agus a phort feadíola fhéin á sheinm aige, agus chuile dhuine acu ag crónán ar mhaithe leis fhéin, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, ach tá faitíos orm, go gcaithfidh tú an leabhar a fháil, agus a léamh, más uait fios fátha gach scéil a fháil. Cad é an toradh a bhí ar an uisce-faoi-thalamh go léir? Ar éirigh leis na Rúisigh an fhianaise thábhachtach úd a fháil in am, le brú a chur ar na Naitsithe? Nó ar éirigh leis an Leifteanant an t-eolas faoin árthach rúnda úd a chur ar ais chuig Fórsaí Slándála na gComhghuallaithe? Sea, arís, caithfidh tú an leabhar a fháil agus a léamh, leis an eolas sin a thiomsú. Ach, bainfidh tú taitneamh as an leabhar dea-scríofa, dea-chumtha seo, cuirfidh mé geall.

.

en_USEnglish